Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024H2481

Moladh (AE) 2024/2481 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2024 lena leagtar síos treoirlínte maidir le léirmhíniú Airteagail 21, 22 agus 24 de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na forálacha maidir le tomhaltóirí

C/2024/6331

IO L, 2024/2481, 23.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/2481/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/2481/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2481

23.9.2024

MOLADH (AE) 2024/2481 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Meán Fómhair 2024

lena leagtar síos treoirlínte maidir le léirmhíniú Airteagail 21, 22 agus 24 de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na forálacha maidir le tomhaltóirí

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) tugadh isteach ceanglas an phríomhsprioc coigilteas fuinnimh 32,5 % ar a laghad ar leibhéal an Aontais a bhaint amach faoi 2030.

(2)

Glacadh Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) an 13 Meán Fómhair 2023. Rinneadh Treoir 2012/27/AE a athmhúnlú léi, agus coimeádadh cuid dá forálacha agus, an tráth céanna, tugadh isteach roinnt ceanglais nua. Ardaíodh go mór leis an Treoir sin an leibhéal uaillmhéine le haghaidh 2030 i dtéarmaí éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear i ndáil le cumasú agus cosaint tomhaltóirí, faisnéis agus múscailt faisnéise agus maolú na bochtaineachta fuinnimh trí fheabhsuithe ar an éifeachtúlacht fuinnimh.

(3)

Cuireann tosca iomadúla bac ar thomhaltóirí rochtain a fháil ar raon leathan faisnéise faoin margadh atá ar fáil dóibh, an fhaisnéis sin a thuiscint agus gníomhú ina fianaise. Trí bhunchearta conarthacha a thabhairt isteach, féadfar, i measc nithe eile, tuiscint cheart a éascú ar cháilíocht na seirbhísí a thairgeann an soláthróir sa chonradh, lena n-áirítear cáilíocht agus saintréithe an fhuinnimh a sholáthraítear. Tugtar isteach le Treoir (AE) 2023/1791 forálacha maidir le cearta conarthacha bunúsacha i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí. Ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ag custaiméirí deiridh téimh, fuaraithe agus uisce the tí an ceart chun conradh a bheith acu lena soláthróir ina bhforáiltear/leagtar amach an fhaisnéis íosta is gá, lena n-áirítear sonraí teagmhála an tsoláthróra, na seirbhísí a sholáthraítear, fad an chonartha agus na coinníollacha maidir le hathnuachan agus foirceannadh an chonartha agus na seirbhísí. Ba cheart an ceart a bheith ag custaiméirí deiridh agus ag úsáideoirí deiridh téimh, fuaraithe agus uisce the tí an caighdeán maith seirbhíse agus láimhseáil gearán a bheith acu arna chur ar fáil ag a soláthróirí.

(4)

Is féidir athruithe iompraíochta fadtéarmacha sa tomhaltas fuinnimh a bhaint amach ach na saoránaigh a chumhachtú, feasacht a mhúscailt ar bheartais éifeachtúlachta fuinnimh agus feabhas a chur ar a nglacadh i measc an phobail. Le Treoir (AE) 2023/1791, neartaítear na forálacha maidir le scaipeadh faisnéise, é san áireamh trí bhunú ionad ilfhreastail. Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar ionaid ilfhreastail nó sásraí comhchosúla chun comhairle agus cúnamh teicniúil, riaracháin agus airgeadais maidir le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a sholáthar do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh, agus béim shonrach á leagan ar úsáideoirí teaghlaigh agus ar úsáideoirí beaga neamhtheaghlaigh, lena n-áirítear FBManna agus micrifhiontair. D’fhéadfadh rannchuidiú na n-ionad ilfhreastail a bheith an-tábhachtach do chustaiméirí leochaileacha, toisc go bhféadfaidís faisnéis iontaofa inrochtana a fháil faoi fheabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh. Dá bhrí sin, cuirfidh na hionaid ilfhreastail seirbhísí tiomnaithe ar fáil do dhaoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus do chustaiméirí leochaileacha agus daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal.

(5)

Ní mór a áirithiú go ndéanfar daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta a chosaint agus, chuige sin, go gcumhachtaítear iad chun páirt a ghlacadh sna hidirghabhálacha chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh, sna bearta agus i mbearta gaolmhara cosanta tomhaltóirí nó faisnéise a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme. Na daoine sin is mó atá i ngátar (fuinnimh), ba cheart iad a chumhachtú chun ról gníomhach a ghlacadh i bhfeabhsú a ndálaí, chun go n-éireoidís as bheith ina bhfaighteoirí éighníomhacha idirghabhálacha, agus ina ionad sin chun go mbeidh ar a gcumas acu cinneadh a dhéanamh maidir le conas feabhas a chur ar a ndálaí. Ba cheart feachtais múscailte feasachta spriocdhírithe a fhorbairt chun na tairbhí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh a léiriú, chomh maith le faisnéis a sholáthar maidir leis an tacaíocht airgeadais atá ar fáil.

(6)

Is é sainmhíniú ar bhochtaineacht fuinnimh a chumhdach sa dlí náisiúnta an chéad chéim chun an fhadhb agus a comhthéacs níos leithne a aithint agus a shainaithint. Tacóidh sé leis na gníomhaithe ábhartha uile chun na freagairtí cearta a cheapadh chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus an meascán de na trí phríomhchúis atá leis á gcur san áireamh, is é sin le rá, ísealioncam, billí fuinnimh níos airde agus éifeachtúlacht íseal fuinnimh.

(7)

Chun na grúpaí is leochailí sa tsochaí a chumhachtú agus a chosaint, ba cheart do na Ballstáit bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus bearta gaolmhara cosanta tomhaltóirí nó faisnéise a chur chun feidhme, go háirithe iad siúd a leagtar amach in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 22 de Threoir (AE) 2023/1791, mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú.

(8)

Chun tacú le daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, ba cheart do na Ballstáit bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme chun éifeachtaí dáileacháin ó bheartais eile a mhaolú agus infheistíochtaí luatha réamhbhreathnaitheacha a dhéanamh i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh sula léireofar éifeacht ag tionchair dháilte ó bheartais agus ó bhearta eile.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Ba cheart do na Ballstáit na treoirlínte léirmhínitheacha atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo a leanúint agus na ceanglais a thugtar isteach le hAirteagail 21, 22 agus 24 de Threoir (AE) 2023/1791 á dtrasuí ina ndlí náisiúnta.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

Kadri SIMSON

Comhalta den Choimisiún


(1)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/27/oj).

(2)  Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/1791/oj).


IARSCRÍBHINN

1.   RÉAMHRÁ

Leis na treoirlínte sin, tugtar treoir do na Ballstáit maidir le conas Airteagail 21, 22 agus 24 de Threoir (AE) 2023/1791 a léirmhíniú agus í á trasuí ina reachtaíocht náisiúnta. Mar sin féin, baineann an léirmhíniú ceangailteach ar reachtaíocht an Aontais le hinniúlacht eisiach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Mura sonraítear a mhalairt, tuigtear gur tagairtí d’Airteagail Threoir (AE) 2023/1791 iad na tagairtí d’Airteagail.

2.   COMHTHÉACS DLÍTHIÚIL AGUS BEARTAIS

Is é is aidhm d’Airteagal 21 de Threoir (AE) 2023/1791 staid tomhaltóirí a neartú trí chearta conarthacha bunúsacha a thabhairt isteach maidir le soláthar téimh, fuaraithe agus uisce the tí, i gcomhréir leis na cearta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir leis an soláthar seirbhísí gáis agus Airteagal 10 de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir leis an soláthar leictreachais.

Is é is príomhchuspóir d’Airteagal 22 de Threoir (AE) 2023/1791 glacadh beart éifeachtúlachta fuinnimh a éascú trí fheasacht a mhúscailt, rochtain gníomhaithe margaidh ar fhaisnéis agus ar shásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a fheabhsú, agus bacainní rialála agus neamhrialála ar an éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint. Chun na críche sin, forchuirtear le Treoir (AE) 2023/1791 oibleagáidí ar na Ballstáit na nithe seo a leanas a dhéanamh:’

(a)

faisnéis maidir leis na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil, gníomhaíochtaí aonair agus creataí airgeadais agus dlíthiúla a scaipeadh (Airteagal 22(1));

(b)

úsáid éifeachtúil fuinnimh ag custaiméirí deiridh agus ag úsáideoirí deiridh a chur chun cinn agus a éascú trí athrú iompraíochta a chur chun cinn (mar shampla, dreasachtaí fioscacha spriocdhírithe, rochtain ar ionstraimí airgeadais, faisnéis agus samplaí a chur in iúl, seisiúin oiliúna, idirghabhálacha iompraíochta ar a dtugtar poiteanna agus treisithe, uirlisí digiteacha) agus trí chreat tacaíochta a chruthú do ghníomhaithe margaidh (Airteagal 22(2) agus (3));

(c)

ionaid ilfhreastail (OSSanna) tiomnaithe a bhunú (Airteagal 22(3) go (6));

(d)

coinníollacha iomchuí a bhunú do ghníomhaithe margaidh chun faisnéis agus comhairle leordhóthanach agus spriocdhírithe a sholáthar do chustaiméirí deiridh (Airteagal 22(7));

(e)

sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bhunú (Airteagal 22(8));

(f)

dreasachtaí scoilte idir tionóntaí agus úinéirí a mhaolú (Airteagal 22(9) agus (10)).

Is é is aidhm d’Airteagal 24 de Threoir (AE) 2023/1791 ‘daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta’ (‘na grúpaí leochaileacha a liostaítear’) a chumhachtú agus a chosaint. Beartaítear leis na bearta cumhachtaithe agus cosanta sin freisin dul chun tairbhe d’úsáideoirí deiridh, nach bhfuil aon conradh dhíreach ná aonair acu le soláthróirí fuinnimh, mar áirítear úsáideoirí deiridh freisin leis an gcoincheap tomhaltóirí leochaileacha (Airteagal 24(1)).

De bhun Airteagal 24, ceanglaítear ar na Ballstáit:

(a)

tús áite a thabhairt do bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus bearta gaolmhara cosanta tomhaltóirí nó faisnéise i measc na ngrúpaí leochaileacha a liostaítear (Airteagal 24(2));

(b)

líonra saineolaithe a bhunú nó a chur ar iontaoibh líonra atá ann cheana chun tacú le cinnteoirí áitiúla agus náisiúnta chun straitéisí a fhorbairt leis an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú (Airteagal 24(4)). Féadfar a chur ar iontaoibh an líonra sin comhairle a thabhairt maidir le raon beart ábhartha measúnaithe agus maolaithe bochtaineachta fuinnimh (Airteagal 24(4), an dara fomhír, pointí (a) go (d)).

I gcás inarb infheidhme, ceanglaítear ar na Ballstáit tacú leis na grúpaí leochaileacha sin mar a leanas:

(a)

bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme chun éifeachtaí dáileacháin a mhaolú ó bheartais agus ó bhearta eile;

(b)

an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an gcistiú poiblí ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais;

(c)

infheistíochtaí luatha réamhbhreathnaitheacha a dhéanamh;

(d)

cúnamh teicniúil agus leathadh amach cistithe cumasúcháin agus uirlisí airgeadais a chothú;

(e)

cúnamh teicniúil a chothú do ghníomhaithe sóisialta;

(f)

rochtain a áirithiú ar airgeadas, ar dheontais nó ar fhóirdheontais atá faoi cheangal ag gnóthachain íosta fuinnimh (Airteagal 24(3)).

Tríd an mbéim ar dhaoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, baineann Airteagal 22 leis na nithe seo a leanas:

(a)

Airteagail 8 agus 9 de Threoir (AE) 2023/1791: Coigilteas fuinnimh agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh atá le baint amach i measc custaiméirí leochaileacha, daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;

(b)

Airteagail 21, 24 agus 30 de Threoir (AE) 2023/1791: Cosaint le haghaidh na ngrúpaí sin.

Tríd an mbéim ar chustaiméirí agus ar úsáideoirí deiridh beaga, baineann Airteagal 22 leis na nithe seo a leanas:

(a)

Airteagail 8, 9 agus 10 de Threoir (AE) 2023/1791: Spriocanna le haghaidh coigilteas fuinnimh ó chustaiméirí deiridh;

(b)

Airteagail 13, 14, 16, 17, 21, 24 agus 29 de Threoir (AE) 2023/1791: Cearta custaiméirí nó úsáideoirí deiridh nó ceanglais iad a chur ar an eolas i dtaobh nithe áirithe.

Chun na críche sin, d’fhéadfaí a chur de chúram ar OSSanna na codanna sin, ar a laghad, de na ceanglais a bhaineann leis an grúpaí a luaitear a chur chun feidhme. Is é buntáiste an chur chuige sin gur féidir na comhlachtaí ar ghá do na grúpaí ábhartha teagmháil a dhéanamh leo a laghdú go pointe teagmhála aonair.

3.   TÉARMAÍ AGUS COINCHEAPA A ÚSÁIDTEAR SNA TREOIRLÍNTE SEO AGUS I dTREOIR (AE) 2023/1791

Sa roinn seo, mínítear na téarmaí agus na coincheapa a úsáidtear sna treoirlínte seo agus in Airteagail 21, 22 agus 24 de Threoir (AE) 2023/1791.

3.1.   Tairbhithe

Image 1

Baineann forálacha Airteagal 21 le custaiméirí deiridh agus le húsáideoirí deiridh den chuid is mó, mar aon le soláthróirí mar a gcomhpháirtithe conarthacha. I gcodarsnacht le soláthróirí, áfach, níl aon oibleagáid ar chustaiméirí deiridh agus ar úsáideoirí deiridh faoi Airteagal 21 ach, ina ionad sin, ba cheart go dtairbheoidís de na ceanglais nua a fhorchuirtear ar sholáthróirí.

Trí dhíriú ar gach gníomhaí margaidh ábhartha (Airteagal 22(1)), déanann Airteagal 22 difear do raon i bhfad níos leithne tairbhithe. San fhíor thuas, rangaítear na gníomhaithe margaidh sin bunaithe ar a leochaileacht, a dtagann méadú uirthi ón tsraith lasmuigh go dtí an tsraith laistigh. Gach tairbhí féideartha d’Airteagal 22 a léirítear leis an gciorcal lasmuigh. Áirítear orthu sin custaiméirí deiridh, úsáideoirí deiridh, eagraíochtaí tomhaltóirí, ionadaithe na sochaí sibhialta, comhphobail fuinnimh in-athnuaite, pobail fuinnimh saoránach, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, gníomhaireachtaí fuinnimh, soláthraithe seirbhísí sóisialta, tógálaithe, ailtirí, innealtóirí, iniúchóirí comhshaoil agus fuinnimh, agus suiteálaithe eilimintí foirgnimh. Custaiméirí agus úsáideoirí deiridh beaga atá sa dara ciorcal, amhail teaghlaigh agus úsáideoirí neamhtheaghlaigh beaga amhail FBManna agus micrifhiontair. Sa chiorcal is faide isteach, tá daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta.

Is iad ‘daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta’ príomhthairbhithe Airteagal 24. Léirítear an grúpa sin sa chiorcal is faide isteach den fhíor.

3.2.   Príomhthéarmaí agus príomhchoincheapa eile a úsáidtear sna treoirlínte seo

3.2.1.   Téarmaí a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2023/1791

Sainmhínítear na téarmaí seo a leanas i dTreoir (AE) 2023/1791:

Ciallaíonn ‘custaiméir deiridh’ duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn fuinneamh dá úsáid deiridh féin (Airteagal 2, pointe (28)).

Ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn téamh, fuarú nó uisce te tí dá chríochúsáid féin, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a áitíonn foirgneamh aonair nó aonad i bhfoirgneamh ilárasán nó ilchuspóra a soláthraítear téamh, fuarú nó uisce te tí dó ó fhoinse lárnach, agus gan aon chonradh díreach nó aonair a bheith ag an duine sin leis an soláthróir fuinnimh (Airteagal 2, pointe (53)).

Difríocht amháin idir an dá shainmhíniú sin is fiú a chur i dtábhacht ná go gceannaíonn an custaiméir deiridh fuinneamh le haghaidh aon úsáid (leictreachas san áireamh), ach tá an t-úsáideoir deiridh srianta do cheannach téimh, fuaraithe agus uisce the tí. Níl aon chonradh díreach ná aonair ag úsáideoirí deiridh leis an soláthróir fuinnimh agus d’fhéadfadh sé gur tionóntaí foirgneamh iláititheoirí ina bhfuil córais chomhchoiteanna téimh, fuaraithe nó táirgthe uisce the tí (conarthaí comhchoiteanna), daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, áititheoirí áite cónaithe neamhspleáiche nó aonaid cúraim fhadtéarmaigh agus daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shealadach nó i ndídean iad úsáideoirí deiridh.

Ciallaíonn ‘bochtaineacht fuinnimh’ easpa rochtana teaghlaigh ar sheirbhísí fuinnimh bunriachtanacha, ar seirbhísí iad lena soláthraítear leibhéil bhunúsacha agus caighdeáin chuibhiúla mhaireachtála agus sláinte, lena n-áirítear téamh leordhóthanach, uisce te, fuarú, soilsiú, agus fuinneamh chun cumhacht a thabhairt d’fhearais, i bhfianaise an chomhthéacs náisiúnta ábhartha, an bheartais shóisialta atá ann cheana agus beartais náisiúnta ábhartha eile, arb iad teaglaim tosca is cúis léi, lena n-áirítear ar a laghad neamh-inacmhainneacht, ioncam indiúscartha neamhleor, caiteachas ard ar fhuinneamh agus droch-éifeachtúlacht fuinnimh tithe (Airteagal 2, pointe (52)).

Ciallaíonn ‘dreasachtaí scoilte’ easpa dáilte chóir agus réasúnaigh ar oibleagáidí airgeadais agus ar luaíochtaí a bhaineann le hinfheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh i measc na ngníomhaithe lena mbaineann, mar shampla úinéirí agus tionóntaí nó úinéirí éagsúla na n-aonad foirgnimh, nó úinéirí agus tionóntaí nó úinéirí éagsúla foirgneamh ilárasán nó ilchuspóra (Airteagal 2, pointe (54)).

Ciallaíonn ‘straitéis rannpháirtíochta’ straitéis lena leagtar síos cuspóirí, lena bhforbraítear teicnící, agus lena mbunaítear an próiseas trína mbeidh na páirtithe leasmhara ábhartha uile rannpháirteach ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear ionadaithe na sochaí sibhialta amhail eagraíochtaí tomhaltóirí, sa phróiseas ceaptha beartas, agus é d’aidhm leis feasacht a mhéadú, aiseolas a fháil maidir leis na beartais sin agus feabhas a chur ar a nglacadh ag an bpobal (Airteagal 2, pointe (55)).

3.2.2.   Téarmaí agus coincheapa nach sainmhínítear i dTreoir (AE) 2023/1791

Na mínithe seo a leanas ar théarmaí agus ar choincheapa a úsáidtear sna treoirlínte seo ach nach sainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2023/1791, is mar léiriú, agus mar léiriú amháin, maidir le léirmhíniú an Choimisiúin ar na téarmaí agus ar na coincheapa sin a thugtar iad:

 

Tagraíonn ‘soláthróir’ d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn, ina cháil nó ina cáil tráchtála nó ghairmiúil, táirgí, seirbhísí nó córais a bhaineann le gach cineál téimh, fuaraithe agus uisce the tí.

 

Tagraíonn ‘ionad ilfhreastail (OSS)’ d’áit fhíorúil nó fhisiciúil ina dtacaítear le páirtithe leasmhara i ngach ceist agus i gcéimeanna cur chun feidhme de thionscadal athchóirithe a bhaineann leis an éifeachtúlacht fuinnimh, lena gcumhdaítear comhairle maidir leis an topaic agus an fhaisnéis agus na seirbhísí uile a theastaíonn uathu chun tionscadal uaillmhianach domhanda éifeachtúlachta fuinnimh/athchóirithe a chur chun feidhme (3).

 

Ní shainmhínítear ‘pointí teagmhála aonair (SPCanna)’ ach sonraítear go soiléir in Airteagal 22(3) gurb é is aidhm do phointe teagmhála aonair an fhaisnéis uile is gá a thabhairt do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh maidir lena gcearta, an dlí is infheidhme agus na sásraí um réiteach díospóidí a bheidh ar fáil dóibh i gcás díospóide. Is féidir a thuiscint gur comhairleoir atá ann (is é sin go bhféadfadh foirmeacha éagsúla a bheith i gceist leis, mar shampla OSS, eintiteas aonair) a sholáthraíonn faisnéis do pháirtithe leasmhara maidir le saincheisteanna dlí a bhaineann le bearta éifeachtúlachta fuinnimh.

Cén t-idirdhealú atá ann idir OSS agus SPC?

Go bunúsach, is cineál SPC é OSS (féach roinn thiomnaithe 5.3 de na treoirlínte seo) le haghaidh custaiméirí atá toilteanach gabháil don éifeachtúlacht fuinnimh. Chun mearbhall a sheachaint, is gá áfach an t-idirdhealú a shoiléiriú idir OSS agus SPC de bhun Airteagal 22(3). Cé gurb é is aidhm don dá ionstraim seirbhísí faisnéise, comhairle agus cúnaimh do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh a lárú, ní hionann na cineálacha seirbhísí a sholáthraítear le gach ionstraim:

Soláthraítear le OSS comhairle agus cúnamh teicniúil, riaracháin agus airgeadais maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh.

Soláthraítear le SPC comhairle agus cúnamh maidir le gnéithe dlíthiúla a bhaineann leis an éifeachtúlacht fuinnimh, mar shampla, maidir le cearta custaiméirí/úsáideoirí, an dlí is infheidhme, agus sásraí um réiteach díospóidí.

Sonraítear in Airteagal 22(3) go bhféadfadh SPCanna a bheith ina gcuid de phointí faisnéise tomhaltóra ginearálta. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh OSS agus SPC obair i ndlúthchomhar lena áirithiú go gcuirtear an réimse iomlán seirbhísí (is é sin, seirbhísí teicniúla, riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla) ar fáil do pháirtithe leasmhara.

‘Custaiméirí leochaileacha’

Mar a leagtar amach in Airteagal 24(1) de Threoir (AE) 2023/1791, bunóidh na Ballstáit an coincheap custaiméirí leochaileacha de bhun Airteagal 3(3) de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 28(1) de Threoir (EU) 2019/944. Leagtar amach in Airteagal 24(1) freisin go ndéanfaidh na Ballstáit coincheap úsáideoirí deiridh a chur san áireamh agus an coincheap custaiméirí leochaileacha á shainmhíniú:

Sonraítear in Airteagal 28 de Threoir (AE) 2019/944 go ndéanfaidh ‘gach Ballstát coincheap an chustaiméara leochailigh a shainiú agus d’fhéadfadh an coincheap sin tagairt a dhéanamh don bhochtaineacht fuinnimh agus, inter alia, do dhíscor an leictreachais a fhaigheann custaiméirí den sórt sin a thoirmeasc ag amanna criticiúla. Maidir le coincheap na gcustaiméirí leochaileacha, féadfar a áireamh leis leibhéil ioncaim, an sciar den chaiteachas fuinnimh as ioncam indiúscartha, éifeachtúlacht fuinnimh na dtithe, dianspleáchas ar threalamh leictreach ar chúiseanna sláinte, mar gheall ar aois nó bunaithe ar chritéir eile’;

Sonraítear in Airteagal 3 de Threoir 2009/73/CE go ndéanfaidh ‘na Ballstáit coincheap an chustaiméara leochailigh a shainiú agus d’fhéadfadh an coincheap sin tagairt a dhéanamh don bhochtaineacht fuinnimh agus, inter alia, do dhíscor an gháis a fhaigheann custaiméirí den sórt sin a thoirmeasc ag amanna criticiúla’.

Sainmhíníodh custaiméirí (teaghlaigh) leochaileacha i bhformhór na mBallstát de bhun Threoir (AE) 2019/944 agus Threoir 2009/73/CE, agus is minice a thagraítear sna sainmhínithe do leibhéil ioncaim agus do spleáchas criticiúil ar an leictreachas ar chúiseanna sláinte (4).

Ar ioncam íseal

Agus teaghlach ar ioncam íseal á shainmhíniú, baintear úsáid fhorleathan as tairseach a shocraítear ag 60 % den ioncam coibhéisithe airmheánach náisiúnta (5). Bunaítear an táscaire sin ar ‘thairseach riosca na bochtaineachta’ mar a shainmhínítear i Staidreamh AE ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (EU-SILC).

Sainmhínítear ‘sásra um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt’ , ar a dtugtar réiteach malartach díospóidí (RMD) freisin, le hAirteagal 2 de Threoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) mar ‘réiteach lasmuigh den chúirt ar dhíospóidí intíre agus trasteorann a bhaineann le hoibleagáidí conarthacha a eascraíonn as conarthaí díolacháin nó conarthaí seirbhíse idir trádálaí a bhunaítear san Aontas agus tomhaltóir a bhfuil cónaí air san Aontas trí idirghabháil eintiteas RMD a mholann nó a fhorchuireann réiteach nó a thugann na páirtithe le chéile d’fhonn réiteach cairdiúil a éascú’.

Ní shainmhínítear ‘ombudsman fuinnimh’ go soiléir i reachtaíocht an Aontais. Mar sin féin, tagraíonn an Coimisiún dó mar ‘chomhlacht neamhspleách le haghaidh réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt’  (7). Tagraítear don Ombudsman Eorpach sna Conarthaí agus is pointe teagmhála é le haghaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha chun gearáin a fháil maidir le drochriarachán agus chun an chuntasacht a neartú (8). Dá bhrí sin, is comhlacht é Ombudsman Fuinnimh a dhéanann iniúchadh agus a thuairiscíonn ar ghearáin a bhaineann le fuinneamh, lena n-áirítear leictreachas, gás, téamh, fuarú agus uisce te, agus a chabhraíonn chun gearáin den sórt sin a réiteach.

Sainmhínítear ‘tithíocht shóisialta’ in Achoimre Bheartais 2020 ó ECFE (9) mar ‘chóiríocht chónaithe ar cíos a sholáthraítear ar phraghsanna fo-mhargaidh atá spriocdhírithe agus leithdháilte de réir rialacha sonracha, amhail riachtanas sainaitheanta nó liostaí feithimh’. Ní hionann na samhlacha úinéireachta, bainistíochta, cistiúcháin agus rialála idir na Ballstáit ná ní hionann pobail thairbheacha agus téarmaíocht (mar shampla, Tithíocht ar Chíos Measartha, Tithíocht Chomhchoiteann, Tithíocht neamhbhrabúis, Cur chun cinn tithíochta). Tagraítear do thithíocht shóisialta i gCinneadh 2012/21/AE ón gCoimisiún (10) freisin agus ciallaíonn sí tithíocht le haghaidh saoránaigh faoi mhíbhuntáiste nó grúpaí nach bhfuil na buntáistí céanna acu ar bhonn sóisialta nach féidir leo, i ngeall ar shrianta sócmhainneachta, tithíocht a fháil faoi dhálaí an mhargaidh.

4.   OIBLEAGÁIDÍ A LEAGTAR SÍOS IN AIRTEAGAL 21

Sa roinn seo, soláthraítear eilimintí do na Ballstáit maidir leis an gcaoi a bhféadfaí forálacha éagsúla Airteagal 21 a thrasuí agus a chur chun feidhme.

4.1.   Faisnéis íosta le cur san áireamh i gconarthaí – Airteagal 21(2)

4.1.1.   Creat dlíthiúil

In Airteagal 21(2), an chéad fhomhír, liostaítear an fhaisnéis íosta is gá a chur san áireamh sa chonradh idir an custaiméir deiridh agus an soláthróir.

De bhun na forála sin, ‘[b]eidh ag custaiméirí deiridh an ceart chun conradh a bheith acu lena soláthróir ina sonraítear an méid seo a leanas:

(a)

céannacht, seoladh agus sonraí teagmhála an tsoláthraí;

(b)

na seirbhísí a sholáthraítear, leibhéil cháilíochta na seirbhísí atá san áireamh;

(c)

na cineálacha seirbhíse cothabhála atá san áireamh sa chonradh gan aon mhuirir bhreise;

(d)

na bealaí inar féidir faisnéis cothrom le dáta a fháil faoi na taraifí, na muirir chothabhála uile is infheidhme agus faoi na táirgí nó seirbhísí cuachta;

(e)

ré an chonartha, na coinníollacha chun an conradh agus na seirbhísí a athnuachan agus a scor, lena n-áirítear táirgí nó seirbhísí atá cuachta leis na seirbhísí sin, agus cibé an gceadaítear foirceannadh an chonartha gan aon mhuirear a íoc;

(f)

aon chúiteamh agus na socruithe aisíocaíochta is infheidhme mura gcomhlíonfar na leibhéil cáilíochta seirbhíse arna gconrú, lena n-áirítear billeáil mhíchruinn nó dhéanach;

(g)

an modh chun tús a chur le nós imeachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt i gcomhréir le hAirteagal 22;

(h)

faisnéis maidir le cearta tomhaltóirí, lena n-áirítear faisnéis faoi ghearáin a láimhseáil agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa mhír seo, a chuirtear in iúl go soiléir ar an mbille nó ar shuíomh gréasáin an fhiontair agus a bhfuil ar áireamh ann sonraí teagmhála nó nasc chuig suíomh gréasáin na bpointí aonair teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 22(3), pointe (e);

(i)

na sonraí teagmhála lena gcuirfear ar chumas an chustaiméara na hionaid ilfhreastail ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 22(3), pointe (a), a shainaithint.

4.1.2.   Moltaí / Treoraíocht

Tá gá le reachtaíocht shoiléir fhollasach chun Airteagal 21(2), an chéad fhomhír, a thrasuí sa dlí náisiúnta lena áirithiú go gcosnaítear na cearta chun na faisnéise sin. D’fhéadfadh na Ballstáit anailís a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin náisiúnta atá ann cheana a bhaineann le conarthaí soláthair leictreachais agus cosaint tomhaltóirí chun réimsí a shainaithint ar gá iad a choigeartú nó gnéithe breise a chur leo. Moltar do na Ballstáit páirtithe leasmhara amhail soláthróirí fuinnimh, grúpaí abhcóideachta tomhaltóirí agus comhlachtaí rialála a chur san áireamh ag céim luath de phróiseas an trasuí. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí chomhairliúcháin phoiblí nó trí mheithleacha. Is féidir leis na páirtithe leasmhara sin léargais luachmhara a sholáthar ar chúrsaí praiticiúla, dúshláin a d’fhéadfadh a bheith ann, agus réitigh, go háirithe maidir leis na saintréithe náisiúnta, agus ar an gcaoi sin is féidir leo díospóidí nó moilleanna i dtionscadail chomhordúcháin amach anseo a sheachaint. Chun débhrí agus díospóidí féideartha a laghdú, ba cheart a áirithiú freisin go bhfuil sainmhínithe soiléire sa reachtaíocht ar théarmaí a úsáidtear sa trasuí náisiúnta ar an bhforáil.

Ba cheart na sainmhínithe sin a bheith cuimsitheach, agus ba cheart a chumhdach leo cásanna éagsúla agus fadhbanna féideartha a d’fhéadfadh a bheith roimh chustaiméirí.

Ba cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh maidir le gach eilimint dá dtagraítear sa liosta in Airteagal 21(2), an chéad fhomhír:

(a)

céannacht, seoladh agus sonraí teagmhála an tsoláthraí

Cé nach bhfuil débhrí ag baint leis an gceanglas céannacht agus seoladh an tsoláthróra a sholáthar, ní shainmhínítear go beacht an téarma ‘sonraí teagmhála’ agus an fhaisnéis a chumhdaítear leis. Tá solúbthacht ag na Ballstáit anseo, ach is é is aidhm don fhoráil gur cheart do chustaiméirí deiridh a bheith in ann déanamh amach go soiléir agus gan amhras cé hé a bpáirtí conarthach agus conas dul i dteagmháil leis.

Chun easpa fhéideartha soiléireachta a sheachaint, d’fhéadfadh na Ballstáit ceanglas íosta a fhorchur maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar, amhail uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist (11). Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil chun bacainní ar chustaiméirí deiridh a íoslaghdú, agus ba cheart a chur san áireamh go bhféadfadh sé nach mbeadh litearthacht dhigiteach ag custaiméirí deiridh áirithe nó nach mbeadh rochtain acu ar chineálacha cumarsáide áirithe.

(b)

na seirbhísí a sholáthraítear, leibhéil cáilíochta na seirbhísí atá san áireamh

Cumhdaítear gnéithe éagsúla le leibhéil cháilíochta sa soláthar seirbhísí le haghaidh córais téimh agus fuaraithe agus uisce te tí, amhail éifeachtúlacht, iontaofacht, agus sábháilteacht na gcóras, chomh maith le cáilíocht na seirbhísí a sholáthraítear chun cothabháil a dhéanamh orthu agus chun iad a dheisiú. Ba cheart do na Ballstáit caighdeánú a dhéanamh ar na paraiméadair chun leibhéil cháilíochta a chinneadh.

(c)

na cineálacha seirbhíse cothabhála atá san áireamh sa chonradh gan aon mhuirir bhreise

(d)

na bealaí inar féidir faisnéis cothrom le dáta a fháil faoi na taraifí, na muirir chothabhála uile is infheidhme agus faoi na táirgí nó seirbhísí cuachta

Ba cheart do na Ballstáit samplaí a sholáthar de na bealaí a úsáidtear go coitianta ina dtír chun faisnéis den sórt sin a fháil d’fhonn an chomhlíontacht a éascú do sholáthróirí agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú. Go hiondúil, ba cheart faisnéis a sholáthar tríd an idirlíon, ach más rud é go dtugtar cion mór conarthaí i gcrích as líne, b’iomchuí an cur chuige é faisnéis a sholáthar ar bhealach malartach (mar shampla, go bhféadfaí faisnéis a iarraidh ar an teileafón).

(e)

ré an chonartha, na coinníollacha chun an conradh agus na seirbhísí a athnuachan agus a scor, lena n-áirítear táirgí nó seirbhísí atá cuachta leis na seirbhísí sin, agus cibé an gceadaítear foirceannadh an chonartha gan aon mhuirear a íoc

(f)

Tús an chonartha; Tús an tsoláthair; Dáta na billeála; Fad íosta an chonartha (más infheidhme); Dáta foirceanta agus tréimhse fógra;

(g)

aon chúiteamh agus na socruithe aisíocaíochta is infheidhme mura gcomhlíonfar na leibhéil cáilíochta seirbhíse arna gconrú, lena n-áirítear billeáil mhíchruinn nó dhéanach

D’fhéadfadh na Ballstáit na téarmaí ‘cúiteamh agus socruithe aisíocaíochta’ agus ‘leibhéil cáilíochta seirbhíse’ a shainmhíniú. Ba cheart na sainmhínithe sin a bheith cuimsitheach, agus ba cheart a chumhdach leo cásanna éagsúla agus fadhbanna féideartha a d’fhéadfadh a bheith ag custaiméirí. Cuir i gcás, d’fhéadfaí a shonrú sa trasuí náisiúnta gur cheart don chustaiméir a bheith i dteideal cúitimh i gcás earráid bhilleála os cionn céatadán áirithe. D’fhéadfadh na Ballstáit tagarmharcanna cáilíochta seirbhíse a leagan síos freisin mar déantar é sin go coitianta i gComhaontuithe ar Leibhéal Seirbhíse. Cuir i gcás, d’fhéadfaí a áireamh leis sin amlínte sonracha chun gearáin custaiméirí a réiteach nó leibhéal cruinnis áirithe ar cheart é a bhaint amach ó thaobh na billeála de.

Agus na tagarmharcanna sin á leagan amach, d’fhéadfadh na Ballstáit na rátaí nó na modhanna a shonrú freisin chun cúiteamh a ríomh le haghaidh cineálacha éagsúla clistí cáilíochta seirbhíse. Cuir i gcás, dá gcuirfí isteach ar an tseirbhís ar feadh tréimhse ama áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh an custaiméir i dteideal aisíoc ar chuid den táille mhíosúil ar an tseirbhís.

Ba cheart do na Ballstáit ionchur a lorg ó pháirtithe leasmhara amhail soláthróirí fuinnimh, grúpaí abhcóideachta tomhaltóirí, agus údaráis rialála chun léargais a fháil ar dhúshláin fhéideartha, praiticiúlachtaí, agus réitigh nuálacha.

(h)

an modh chun tús a chur le nós imeachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt i gcomhréir le hAirteagal 22;

(i)

faisnéis maidir le cearta tomhaltóirí, lena n-áirítear faisnéis faoi láimhseáil gearán agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 21(2), an chéad fhomhír, a chuirtear in iúl go soiléir ar an mbille nó ar shuíomh gréasáin an ghnóthais agus a bhfuil ar áireamh ann sonraí teagmhála nó nasc chuig suíomh gréasáin an SPC dá dtagraítear in Airteagal 22(3), pointe (e)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith ar an eolas nach liosta uileghabhálach é an liosta in Airteagal 21(2), an chéad fhomhír, agus go bhféadfaí raon leathan faisnéise a chumhdach leis an téarma ‘faisnéis maidir le cearta tomhaltóirí’. D’fhéadfaí a áireamh leis an bhfaisnéis sin, mar shampla, na cearta a thugtar do thomhaltóirí le Treoir 2011/83/AE nó na cearta a eascraíonn as aon sainiúlacht sna trasuite náisiúnta faoi seach sna Ballstáit.

(j)

na sonraí teagmhála lena gcuirfear ar chumas an chustaiméara na hionaid ilfhreastail ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 22(3), pointe (a), a shainaithint

(k)

D’fhéadfaí a áireamh orthu sin seoladh, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin agus cuntais meán sóisialta.

4.2.   Ceanglais bhreise maidir le faisnéis chonarthach

De bhreis ar na ceanglais a bhaineann le hábhar an chonartha, leagtar síos ceanglais bhreise in Airteagal 21(2), an dara, an tríú agus an ceathrú fomhír.

4.2.1.   Beidh na coinníollacha cothrom agus cuirfear ar fáil iad roimh ré.

Coinníollacha atá cothrom agus a chuirfear ar fáil roimh ré, tá sé tábhachtach do na Ballstáit an bhrí atá leo i reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit a shainmhíniú go soiléir. D’fhéadfaí a thuiscint leis sin a áirithiú gur téarmaí réasúnta iad agus go gcuirtear in iúl iad ar bhealach is éasca a thuiscint, gan aon chlásal ná coinníoll faoi cheilt iontu, agus go soláthraítear iad do chustaiméirí deiridh sula mbeidh siad faoi cheangal ag conradh nó dearbhú conarthach. Ba cheart do na Ballstáit anailís a dhéanamh ar na dlíthe agus ar na rialacháin náisiúnta atá ann cheana a bhaineann le trédhearcacht conarthaí agus cearta tomhaltóirí san earnáil fuinnimh mar d’fhéadfadh sé gur ghá rialacháin shonracha a chruthú le haghaidh idirghabhálaithe. Ba cheart a áirithiú leis na rialacha sin go gceanglaítear ar idirghabhálaithe freisin faisnéis a nochtadh ar bhealach is féidir a rochtain go héasca agus de réir tréimhse ama a fhágann gur féidir le saoránaigh an fhaisnéis a phróiseáil. De bhreis air sin, tá sé ríthábhachtach tomhaltóirí a chumhachtú leis an eolas faoina gcearta fuinnimh agus céard leis ar cheart dóibh a bheith ag súil ó sholáthróirí fuinnimh agus ó idirghabhálaithe le linn phróiseas an chonartha. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí fheachtais phoiblí nó trí fhaisnéis a scaiptear trí ghrúpaí abhcóideachta tomhaltóirí nó i spásanna neamhfhoirmiúla amhail caiféanna fuinnimh. Ar deireadh, ba cheart athbhreithnithe tráthrialta a dhéanamh ar an reachtaíocht náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar a n-éifeachtacht. Ar bhonn aiseolais ó thomhaltóirí agus ó sholáthróirí, chomh maith le hathruithe teicneolaíochta agus dálaí margaidh, ba cheart na dlíthe agus na rialacháin sin a oiriúnú de réir mar ba ghá.

4.2.2.   Achoimre ar na príomhchoinníollacha conarthacha

Ní hamháin go gceanglaítear ar sholáthróirí an fhaisnéis a sholáthar ar bhealach soiléir intuigthe, ach ina theannta sin ceanglaítear orthu achoimre ar na príomhchoinníollacha conarthacha a sholáthar i dteanga ghonta shimplí.

Ina theannta sin, d’fhéadfadh na Ballstáit treoraíocht phraiticiúil a fhorbairt le haghaidh soláthróirí. Chun an inchomparáideacht le hiomaitheoirí eile sa mhargadh a éascú, d’fhéadfaí féachaint ar an achoimre den chonradh mar choinníoll roimh thabhairt i gcrích an chonartha agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaí é a sholáthar ag tús thionscnamh an chonartha.

4.2.3.   Cóip den chonradh, faisnéis maidir le praghsanna agus taraifí agus téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha a sholáthar

Ba cheart do na Ballstáit a shonrú sna forálacha náisiúnta cé atá freagrach as an bhfaisnéis a sholáthar d’úsáideoirí deiridh.

Chun na freagrachtaí sin a chomhlíonadh, d’fhéadfadh na Ballstáit rialacháin nó treoirlínte a bhunú ina dtugtar achoimre ar an gcaoi ar cheart faisnéis a sholáthar do chustaiméirí. Mar shampla, d’fhéadfadh na Ballstáit a cheangal go soláthródh tiarnaí talún nó comhlachais úinéirí tí faisnéis thar ceann soláthróirí fuinnimh nó d’fhéadfaidís a cheangal ar sholáthróirí faisnéis a sholáthar go díreach do chustaiméirí ar bhealaí eile, amhail tairseacha ar líne nó aipeanna móibíleacha.

4.3.   Ceanglas custaiméirí deiridh a chur ar an eolas faoi aon intinn athrú a dhéanamh ar choinníollacha conarthacha – Airteagal 21(3)

Ba cheart do na Ballstáit sainmhínithe soiléire a sholáthar ar théarmaí ama sa trasuí, a oiriúnaítear do chleachtais náisiúnta, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach ceart an dlí a áirithiú i ngach cás.

Na teorainneacha ama le haghaidh an fhógra – 2 sheachtain go ginearálta agus 1 mhí le haghaidh custaiméirí teaghlaigh roimh theacht i bhfeidhm an choigeartaithe – a leagtar amach in Airteagal 21(3) ar a laghad, ba cheart anailís a dhéanamh orthu i bhfianaise na reachtaíochta atá ann cheana agus an chásdlí náisiúnta chun prionsabail náisiúnta maidir leis an trédhearcacht a chomhlíonadh.

D’fhéadfaí tuilleadh sonraí a thabhairt faoi théarmaí ama amhail ‘fógra réasúnta’, ‘am réasúnta’ agus ‘gan moill mhíchuí’ de réir cur chuige fianaise-bhunaithe, mar shampla ‘fógra réasúnta, 3 mhí ar a laghad roimh ré’ nó idirdhealaithe soiléire cosúla. D’fhéadfadh na Ballstáit caighdeán íosta a shainmhíniú freisin le haghaidh téarmaí amhail ‘ar bhealach trédhearcach intuigthe’, agus d’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí shamplaí a thabhairt. Ba cheart dul i gcomhairle le soláthróirí fuinnimh, eagraíochtaí tomhaltóirí, saineolaithe ar an mbochtaineacht fuinnimh, gníomhaithe sóisialta agus rialtóirí.

Ar deireadh, ba cheart idir sholáthraithe agus tomhaltóirí a chur ar an eolas maidir lena gcearta agus a n-oibleagáidí faoin reachtaíocht le go mbeidh an reachtaíocht sin éifeachtach. Is féidir sin a dhéanamh trí idirghabhálaithe iontaofa, amhail gníomhaithe sóisialta agus comhairleoirí fuinnimh a chumhachtú trí dheasca tacaíochta fuinnimh (amhail OSS, caiféanna fuinnimh nó ombudsman). Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, feachtais faisnéise poiblí a dhéanamh chun na páirtithe lena mbaineann a chumhachtú leis an eolas maidir lena gcearta (agus a ndualgais). D’fhéadfaí a áireamh leis sin treoraíocht chuimsitheach ar conas fógraí a thabhairt agus a fháil agus na cúiseanna leis na rialacha nua agus a dtairbhithe do thomhaltóirí a mhíniú.

4.4.   Modhanna íocaíochta – Airteagal 21(4)

Leis an reachtaíocht trasuite ba cheart a cheangal go follasach ar sholáthróirí rogha modhanna íocaíochta a thairiscint, agus aon chineál idirdhealaithe mhíchuí idir custaiméirí a thoirmeasc. De bhreis air sin, ba cheart a cheangal leis an reachtaíocht trasuite gur difríochtaí oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha agus comhréireacha iad aon difríocht i muirir a bhaineann le modhanna íocaíochta nó córais réamhíocaíochta. Ba cheart prionsabal na comhréireachta a léiriú go cúramach sa reachtaíocht trasuite ionas gur léir nár cheart na muirir a bheith níos mó ná na costais dhíreacha a thabhaíonn an t-íocaí agus modh íocaíochta nó córas réamhíocaíochta ar leith á úsáid.

Chun é sin a éascú, d’fhéadfadh na Ballstáit smaoineamh ar shainmhíniú a thabhairt ar a bhfuil i gceist le ‘oibiachtúil’, ‘neamh-idirdhealaitheach’ agus ‘comhréireach’ i ndáil le modhanna íocaíochta, i gcomhréir leis an gcomhthéacs náisiúnta agus leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana.

Thairis sin, is gá a áirithiú go bhfuil cur chun feidhme Airteagal 21(4) i gcomhréir le hAirteagal 62 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Chuige sin, ní mór do na Ballstáit anailís a dhéanamh ar an reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana maidir le seirbhísí íocaíochta chun comhsheasmhacht a áirithiú idir an reachtaíocht sin agus an fhoráil nua. D’fhéadfadh na Ballstáit feachtais faisnéise poiblí a dhéanamh freisin chun soláthróirí agus tomhaltóirí a chur ar an eolas maidir lena gcearta agus a n-oibleagáidí faoin reachtaíocht nua. D’fhéadfaí a áireamh leis sin soláthar treoraíochta mionsonraithe.

4.5.   Córais réamhíocaíochta – Airteagal 21(5)

Agus Airteagal 21(5) á thrasuí sa dlí náisiúnta, moltar do na Ballstáit prionsabal an neamh-idirdhealaithe in aghaidh custaiméirí a úsáideann córais réamhíocaíochta a chumhdach go soiléir. Is mó seans go bhfanfaidh saoránaigh leochaileacha leis an status quo (is é sin le rá, taraifí réamhshocraithe, taraifí fo-optamacha), dá bhrí sin ba cheart cosaint agus treoraíocht níos mó a thabhairt dóibh roimh dhul isteach i gcórais réamhíocaíochta. Leis an reachtaíocht náisiúnta, dá bhrí sin, ba cheart foráil fhollasach a dhéanamh nach bhféadfaidh soláthróirí leatrom a dhéanamh ar chustaiméirí a úsáideann córais réamhíocaíochta i gcomparáid le custaiméirí eile. Chuige sin, d’fhéadfaí samplaí de nithe a d’fhéadfadh a bheith i gceist le ‘leatrom’ i gcomhthéacs córais réamhíocaíochta a sholáthar i ndoiciméid treorach. D’fhéadfadh Ballstát cuimhneamh ar thosca amhail muirir bhreise, rochtain shrianta ar sheirbhísí, téarmaí conarthacha nach bhfuil chomh fabhrach céanna, nó cóir éagórach d’aon chineál eile. Dá soiléireofaí an coincheap ‘míbhuntáiste’, d’áiritheofaí go léireofaí go cruinn leis an reachtaíocht cuspóir na forála agus go mbeadh an reachtaíocht ábhartha sa chomhthéacs náisiúnta.

Moltar do na Ballstáit féachaint ar dhlíthe náisiúnta agus ar rialacháin atá ann cheana maidir le córais réamhíocaíochta in earnálacha eile, amhail an teileachumarsáid nó fóntais, chun cosúlachtaí úsáideacha a aimsiú.

4.6.   Téarmaí agus coinníollacha atá cóir agus trédhearcach – Airteagal 21(6)

De bhun Airteagal 21(6), déanfar ‘téarmaí agus coinníollacha ginearálta atá cóir agus trédhearcach a thairiscint do chustaiméirí deiridh agus, i gcás inarb infheidhme, d’úsáideoirí deiridh, i dteanga shoiléir agus shothuigthe agus ní bheidh bacainní neamhchonarthacha ar fheidhmiú chearta na gcustaiméirí iontu, amhail doiciméadú conarthach iomarcach. Tabharfar rochtain do na húsáideoirí deiridh ar na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta sin arna iarraidh sin dóibh. Déanfar custaiméirí deiridh agus úsáideoirí deiridh a chosaint ar mhodhanna díolacháin atá éagórach nó míthreorach. Déanfar an fhaisnéis ábhartha uile maidir lena gconradh a sholáthar do chustaiméirí deiridh atá faoi mhíchumas i bhformáidí inrochtana.’

Chun an treoraíocht is soiléire is féidir a sholáthar, d’fhéadfadh na Ballstáit na téarmaí a úsáidtear san Airteagal 21(6) sin a shainmhíniú nó samplaí a sholáthar díobh (mar shampla, a bhfuil i gceist le modhanna díolacháin atá ‘éagórach’ nó ‘míthreorach’ sa chomhthéacs náisiúnta). D’fhéadfadh na Ballstáit cur chuige fianaise-bhunaithe a ghlacadh agus úsáid a bhaint as samplaí ón bhfíorshaol ó shaoránaigh, ag cur lena n-eispéireas agus leis an mbrí atá le cleachtais éagóracha dar leo. Maidir le téarmaí amhail ‘i dteanga shoiléir agus shothuigthe’ nó ‘ní bheidh bacainní neamhchonarthacha ar fheidhmiú chearta na gcustaiméirí iontu’, moltar soiléireacht a sholáthar freisin le haghaidh soláthróirí trí chlásail chonarthacha shamplacha agus caighdeán íosta coiteann a leagan síos. Ba cheart é sin a dhéanamh i gcomhairle le páirtithe leasmhara (amhail soláthróirí fuinnimh, eagraíochtaí tomhaltóirí agus rialtóirí) ionas nach rachfar níos faide ná mar is féidir a dhéanamh iarbhír.

Chun inrochtaineacht a áirithiú le haghaidh custaiméirí faoi mhíchumas, ba cheart a cheangal leis an reachtaíocht trasuite, mar shampla, go soláthrófaí an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis an gconradh i bhformáidí inrochtana. Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil i gceist le ‘formáidí inrochtana’ a shainmhíniú, agus cineálacha éagsúla míchumais á gcur san áireamh.

Tá sásraí faireacháin agus forfheidhmiúcháin ríthábhachtach le haghaidh chur chun feidhme éifeachtach Airteagal 21(6). Ba cheart don reachtóir córais a chur i bhfeidhm chun a fhíorú go gcomhlíonann soláthróirí na ceanglais sin. D’fhéadfaí a áireamh leis sin athbhreithniú a dhéanamh ar theimpléid chonartha agus ar mhodhanna díolacháin agus sásra gearán a bhunú le haghaidh custaiméirí a bhraitheann gur caitheadh go míchothrom leo.

4.7.   Caighdeán maith seirbhíse agus láimhseáil gearán atá le déanamh ag na soláthróirí – Airteagal 21(7)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha agus rialacháin shoiléire a thabhairt isteach lena áirithiú go soláthraíonn soláthróirí caighdeán maith seirbhíse agus go láimhseálann siad gearáin go héifeachtach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart dóibh an tagarmharc a leagan síos agus a chinneadh a bhfuil i gceist le ‘caighdeán maith seirbhíse’ ina gcomhthéacs náisiúnta agus go sonrach le haghaidh a n-earnála fuinnimh. D’fhéadfaí a áireamh leis sin paraiméadair amhail tráthúlacht na seirbhíse, cáilíocht na seirbhíse, freagrúlacht, aithint riachtanas fuinnimh speisialta, etc.

Maidir le láimhseáil gearán, ba cheart a cheangal leis an reachtaíocht náisiúnta go mbeadh nós imeachta gearán atá soiléir agus inrochtana ag soláthróirí fuinnimh. Ba cheart é a bheith éasca do chustaiméirí an nós imeachta sin a úsáid, agus ba cheart a shonrú sa reachtaíocht náisiúnta gur cheart déileáil le gach gearán go cothrom agus go pras. D’fhéadfadh na Ballstáit doiciméid treoraíochta a eisiúint chun samplaí a sholáthar dá bhfuil i gceist le ‘simplí’, ‘cothrom’ agus ‘pras’ sa chomhthéacs náisiúnta lena áirithiú nach ann d’aon mhíthuiscint idir soláthróirí agus custaiméirí. D’fhéadfadh na Ballstáit cuimhneamh freisin ar ‘iniúchtaílodair’, caighdeánaithe a úsáid, mar shampla chun a sheiceáil an ndéanann oibreoirí an nós imeachta róchasta le láimhseáil ag tomhaltóirí d’aon turas.

Ina theannta sin, d’fhéadfadh na Ballstáit bearta a thabhairt isteach lena gceanglaítear ar sholáthróirí tuairisciú go tráthrialta ar chaighdeáin a seirbhíse agus ar láimhseáil gearán. D’fhéadfadh an t-údarás rialála ábhartha na tuairiscí sin a fhíorú chun comhlíontacht a áirithiú.

4.8.   Forfheidhmiúchán beart cosanta tomhaltóirí agus faireachán ar na bearta sin – Airteagal 21(8)

Moltar do na Ballstáit údarás nó údaráis a ainmniú a bheidh freagrach as na bearta cosanta tomhaltóirí dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2023/1791 a fhorfheidhmiú. An t-údarás nó na húdaráis a roghnaítear, ba cheart dó nó dóibh a bheith saor ó leasanna margaidh iomaíocha chun forfheidhmiú neamhchlaonta a áirithiú. Féadfar comhlachtaí rialtais nó údaráis rialála a roghnú. D’fhéadfadh na Ballstáit, mar shampla, faireachán agus forfheidhmiú na n-oibleagáidí cosanta tomhaltóirí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2023/1791 a chur ar iontaoibh comhlachais náisiúnta cosanta tomhaltóirí.

4.9.   Díscor beartaithe – Airteagal 21(9)

Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil i gceist le ‘faisnéis leordhóthanach’ a shainmhíniú agus ba cheart a shonrú go soláthrófar faisnéis maidir le bearta malartacha sách luath roimh ré. Ba cheart dóibh freisin a bhfuil i gceist le ‘sách luath roimh ré’ a shainmhíniú, mar shampla trí thréimhse íosta a leagan síos ar cheart 1 mhí ar a laghad a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 21(9) de Threoir (AE) 2023/1791.

D’fhéadfaí a áireamh leis an trasuí náisiúnta liosta neamh-uileghabhálach ‘beart malartach’. D’fhéadfaí a áireamh le bearta den sórt sin iniúchtaí fuinnimh, comhairle maidir le fuinneamh, pleananna íocaíochta malartaí, comhairle maidir le bainistiú fiach nó moratóirí ar dhíscor, ach níl na bearta sin teoranta do na nithe sin amháin. Ba cheart a shonrú go soiléir freisin go bhféadfaí an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta ó am go chéile mar is iomchuí.

D’fhéadfaí a shoiléiriú sa reachtaíocht náisiúnta go gceanglaítear ar chustaiméirí deiridh úsáideoirí deiridh a chur ar an eolas gan mhoill maidir le díscor a bheartaítear.

Agus Airteagal 21(9) á thrasuí sa dlí náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit an bealach ina soláthrófar an fhaisnéis sin a shonrú lena áirithiú gur faisnéis í atá soiléir, inrochtana, agus sothuigthe d’úsáideoirí. D’fhéadfaí a áireamh leis sin úsáid teanga simplí, an fhaisnéis a bheith ar fáil i bhformáidí éagsúla (mar shampla formáid dhigiteach nó chlóite) nó an ceanglas sonraí teagmhála a sholáthar le haghaidh ceisteanna nó cúnaimh.

5.   OIBLEAGÁIDÍ A LEAGTAR SÍOS IN AIRTEAGAL 22

Sa roinn seo, soláthraítear eilimintí do na Ballstáit maidir leis an gcaoi a bhféadfaí forálacha éagsúla Airteagal 22 a thrasuí agus a chur chun feidhme.

5.1.   Trédhearcacht agus scaipeadh faisnéise maidir leis na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil, gníomhaíochtaí aonair agus creataí airgeadais agus dlíthiúla – Airteagal 22(1)

5.1.1.   Raon feidhme an cheanglais

De bhun Airteagal 22(1) de Threoir (AE) 2023/1791, áiritheoidh na Ballstáit gur faisnéis thrédhearcach inrochtana í faisnéis maidir leis na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil, gníomhaíochtaí aonair agus creataí airgeadais agus dlíthiúla agus go scaiptear an fhaisnéis sin go forleathan. Tá liosta neamh-uileghabhálach seolaithe féideartha (is é sin ‘gníomhaithe margaidh’) in Airteagal 22(1).

5.1.2.   Rogha beart beartais chun an ceanglas a chomhlíonadh

An fhaisnéis uile atá ann cheana maidir leis na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil, gníomhaíochtaí aonair agus creataí airgeadais agus dlíthiúla ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, d’fhéadfadh na Ballstáit an fhaisnéis sin a bhailiú ach d’fhéadfaidís féachaint ar na dea-chleachtais i mBallstáit eile freisin. Ar an gcaoi sin, chuirfí ar a gcumas dóibh faisnéis a lárú lena áirithiú go mbeidh rochtain éasca ag gach gníomhaí uirthi.

5.1.2.1.   Conas is féidir faisnéis thrédhearcach inrochtana a scaiptear go forleathan a áirithiú le haghaidh cineálacha éagsúla gníomhaithe margaidh?

Chun faisnéis thrédhearcach inrochtana a scaiptear go forleathan a áirithiú le haghaidh cineálacha éagsúla gníomhaithe margaidh, d’fhéadfadh na Ballstáit a cheangal go dtabharfadh gníomhaithe éagsúla (comhlachtaí poiblí, soláthróirí fuinnimh, cuideachtaí tógála, etc.) faoi fhor-rochtain thréimhsiúil trí roinnt bealaí digiteacha agus analógacha (féach Table 1).

Tábla 1

Straitéisí for-rochtana féideartha in aghaidh na catagóire gníomhaithe margaidh

Bealach cumarsáide

Gníomhaithe margaidh

OSSanna (féach an roinn thiomnaithe) agus sásraí comhchosúla, SPC

Gach gníomhaí, go háirithe grúpaí leochaileacha

Formáid náisiúnta/réigiúnach lena nasctar gníomhaithe le chéile agus le comhlachtaí poiblí le haghaidh malartú tráthrialta

Ionadaíochtaí ar leasanna (eagraíochtaí tomhaltóirí agus ionadaithe na sochaí sibhialta)

Custaiméirí gníomhacha (pobail fuinnimh in-athnuaite agus pobail fuinnimh saoránach)

Bealaí cumarsáide inmheánaí feabhsaithe de chuid rialtais náisiúnta/réigiúnacha

Comhlachtaí poiblí (údaráis áitiúla agus réigiúnacha, gníomhaireachtaí fuinnimh agus soláthraithe seirbhíse sóisialta)

Eagraíochtaí, imeachtaí agus foilseacháin ar fud an tionscail

Gníomhaithe eacnamaíocha príobháideacha (tógálaithe, ailtirí, innealtóirí, iniúchóirí comhshaoil agus fuinnimh agus suiteálaithe gnéithe tógála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9) de Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13))

Gníomhaithe margaidh éagsúla atá sna gníomhaithe margaidh dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus d’fhéadfadh sé gur gníomhaithe ‘beaga’ iad in go leor cásanna. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach teagmháil a dhéanamh leis na grúpaí sonracha sin. Tá samplaí agus straitéisí breise sa chéad roinn eile maidir le conas teagmháil agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach leis na tomhaltóirí sin.

5.1.2.2.   Conas cur le tionchar an scaipthe faisnéise maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh?

Grúpa tábhachtach le haghaidh mhéadú na héifeachtúlachta fuinnimh is ea iad gníomhaithe a bhfuil cumhacht chinnteoireachta acu maidir le bearta den sórt sin. Is gá creat lena soláthraítear dreasachtaí agus gníomhaíocht cumasúcháin, chomh maith le cumarsáid éifeachtach. D’fhéadfadh creat den sórt sin a bheith i bhfoirm treoirlínte praiticiúla a eiseoidh na Ballstáit le haghaidh gníomhaithe ag a bhfuil cumhacht chinnteoireachta. D’fhéadfadh na Ballstáit reachtaíocht a thabhairt isteach freisin ina dtugtar breac-chuntas ar spriocanna sonracha le haghaidh scaipeadh faisnéise maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh. Mar shampla, d’fhéadfadh na Ballstáit a cheangal go mbeadh soláthar faisnéise maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh ina choinníoll le bheith incháilithe do chistiú poiblí.

Ar an iomlán, d’fhéadfadh an scaipeadh faisnéise brath ar na prionsabail seo a leanas (14):

(a)

spriocanna trédhearcacha gearrthéarmacha agus fadtéarmacha;

(b)

comhlacht freagrach sainithe ag a bhfuil acmhainní leordhóthanacha chun tacú le cuideachtaí, chomh maith le teachtaire a bhfuil muinín ag an spriocghrúpa nó ag na spriocghrúpaí ann;

(c)

spriocphobal atá sainithe go cúng (mar shampla, bainistíocht ardleibhéil) agus a gcumhdaítear ann gach páirtí leasmhar, cé go mbíonn feachtais shaincheaptha acu ar fad, a dhíríonn ar a gcomhthéacs shonrach;

(d)

teachtaireachtaí soiléire ar féidir iad a aistriú go díreach ina ngníomhaíochtaí, agus cumarsáid a dtacaíonn teoiric um athrú léi;

(e)

is féidir beartais faisnéise a úsáid taobh le bearta eile, chun leas a bhaint as éifeachtaí sineirgeacha (15). D’fhéadfadh beartais phraghsála a bheith ina sampla de sin mar tuairiscíonn cuideachtaí coigilteas costas trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh mar phríomhchúis lena gcur chun feidhme (16). Dá bhrí sin, beartas lena méadaítear an fheasacht ar choigilteas costas trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh, taobh le bearta breise lena dtéitear i ngleic le bacainní eile, d’fhéadfadh sé gur bheartas faisnéiseach é a mbeadh tionchar mór aige.

D’fhéadfadh sé a bheith ina luamháin sa chumarsáid tairbhí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha agus tairbhí neamhfhuinnimh d’éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe amhail compord agus folláine mhéadaithe a chur i dtábhacht, agus éifeachtacht fuinnimh mhéadaithe a léiriú mar a bheith rathúil. Tá sé sin tábhachtach, mar is minic a bhraitear nach bhfuil méaduithe ar an éifeachtúlacht fuinnimh chomh tarraingteach céanna, go háirithe i gcomparáid le bearta níos feiceálaí amhail córas giniúna fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil (grianphainéal dín, cuir i gcás) (17). Thairis sin, d’fhéadfadh frámú den sórt sin cúiteamh a dhéanamh ar chlaonadh an duine gnóthachain fhadtéarmacha a chur as an áireamh, rud a chuireann bac ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh go minic (18).

5.2.   Bearta iomchuí chun úsáid éifeachtúil fuinnimh ag custaiméirí deiridh agus ag úsáideoirí deiridh a chur chun cinn agus a éascú – Airteagal 22(2) agus (3)

5.2.1.   Raon feidhme an cheanglais

Athbhreithniú ar Airteagal 12 de Threoir 2012/27/AE atá in Airteagal 22(2) agus (3). Ní dhearnadh athrú mór ar bhunábhar na forála (is é sin, bearta iomchuí a ghlacadh chun úsáid éifeachtúil fuinnimh a chur chun cinn agus a éascú) i gcomparáid le Treoir 2012/27/AE. Mar sin féin, leathnaítear raon feidhme na forála chun úsáideoirí deiridh a chumhdach freisin agus moltar samplaí breise éagsúla le cur chun feidhme i dTreoir (AE) 2023/1791.

5.2.2.   Rogha beart beartais chun an ceanglas a chomhlíonadh

Is ann do dhá chineál beart a d’fhéadfadh úsáid éifeachtúil fuinnimh ag custaiméirí deiridh agus ag úsáideoirí deiridh a chur chun cinn agus a éascú:

(a)

ionstraimí agus beartais chun athrú iompraíochta a chur chun cinn;

(b)

cruthú creata tacaíochta do ghníomhaithe margaidh amhail na cinn dá dtagraítear in Airteagal 22(1).

I gcás ina bhfuil státchabhair i gceist leo, bearta lena ndéantar úsáid éifeachtúil fuinnimh a chur chun cinn agus a éascú, ní mór fógra maidir leo a thabhairt don Choimisiún roimh a gcur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 108(3) CFAE, murach cabhair de minimis iad (19) nó mura gcumhdaítear iad le blocdhíolúine (20)

Tábla 2

Ionstraimí agus beartais chun athrú iompraíochta a chur chun cinn

Cineál ionstraime/beartais

Tuairisc

Dreasachtaí fioscacha

Is é atá i gceist le dreasachtaí fioscacha úsáid a bhaint as buntáistí cánach (amhail laghduithe cánach, asbhaintí, creidmheasanna, etc.) chun iompraíocht atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a spreagadh agus chun tacú leis an iompraíocht sin.

Rochtain ar mhaoiniú, dearbháin, deontais, agus fóirdheontais

Cumasaítear le scéimeanna tacaíochta airgeadais dlús a chur le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh trí dhul i ngleic leis an easpa acmhainní airgeadais. D’fhéadfadh na Ballstáit an rochtain ar scéimeanna an Aontais agus na mBallstát atá ann cheana a éascú trí pháirtithe leasmhara a chur ar an eolas maidir le hinfhaighteacht scéimeanna tacaíochta, tacú leo chun na cinn ábhartha a shainaithint agus comhairle a chur orthu maidir le conas iad a rochtain agus a chur i bhfeidhm i gcás gach ionstraime.

Measúnuithe ar thomhaltas fuinnimh a fhaigheann tacaíocht phoiblí agus seirbhísí saincheaptha comhairleacha agus tacaíocht do thomhaltóirí teaghlaigh, go háirithe daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta

Is féidir le measúnuithe ar thomhaltas fuinnimh le haghaidh teaghlach cuidiú le custaiméirí deiridh feabhas a chur ar a dtomhaltas fuinnimh, feasacht a mhúscailt agus athruithe a mholadh chun coigilteas fuinneamh a chur chun cinn (21). Mar sin féin, mar gheall ar a gcostas mór (22), d’fhéadfadh sé a bheith ábhartha tacaíocht phoiblí a sholáthar (mar shampla i bhfoirm deontais nó fóirdheontais) go háirithe le haghaidh custaiméirí leochaileacha, daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta.

Seirbhísí spriocdhírithe comhairleacha do FBManna agus do mhicrifhiontair

Is féidir measúnuithe ar thomhaltas fuinnimh agus seirbhísí comhairleacha a sholáthar freisin do chustaiméirí neamhtheaghlaigh beaga amhail FBManna agus micrifhiontair.

Soláthar faisnéise ar bhealach atá inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas

Ba cheart do na Ballstáit faisnéis maidir le bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur ar fáil do chách, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas. Is ann d’uirlisí amhail an tsraith straitéisí ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) (23) agus na treoirlínte ón tionscadal ‘Bridging the Gap’ (24) arna chistiú ag an Aontas a bhféadfadh na Ballstáit iad a úsáid agus cumarsáid maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh á forbairt acu lena déanamh cuimsitheach agus inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

Tionscadail eiseamláireacha

Tá comhroinnt dea-chleachtas agus samplaí de thionscadail rathúla éifeachtúlachta fuinnimh ríthábhachtach chun custaiméirí deiridh agus úsáideoirí deiridh a spreagadh le gabháil d’fheabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh. Ag brath ar an gcineál sampla a chuirtear i láthair, is féidir an beart sin a chur i bhfeidhm maidir le gach grúpa ábhartha. Cur chuige a bhfuil gealladh faoi is ea príomhtheachtaireacht na samplaí sin a dhíriú ar choigiltis costas trí fheabhsuithe ar an éifeachtúlacht fuinnimh.

Gníomhaíochtaí san ionad oibre

Gníomhaíochtaí atá dírithe ar eolas a thabhairt do chustaiméirí deiridh agus d’úsáideoirí deiridh, is féidir le fostóirí iad a eagrú in ionaid oibre. Tá sé níos éasca, dá bhrí sin, dul i gcion ar raon éagsúil daoine aonair. Ar an gcaoi chéanna, amhail i gcás tionscadail shamplacha, ag brath ar ábhar na ngníomhaíochtaí sin, is féidir iad a chur i bhfeidhm maidir le gach grúpa ábhartha. Thairis sin, d’fhéadfaí tionscadail shamplacha a chur i láthair i suíomh ionaid oibre. Seachas sin, d’fhéadfaí a chuimsiú le gníomhaíochtaí ábhartha oiliúint maidir le conas fuinneamh a choigilt san ionad oibre, oiliúint a bheadh thar a bheith ábhartha in earnálacha atá dian ar fhuinneamh.

Gníomhaíochtaí oiliúna

Oiliúint a chur ar ghairmithe agus ar ghníomhaithe margaidh eile (amhail teaghlaigh, FBManna, micrifhiontair, bainisteoirí foirgnimh, foireann cothabhála, státseirbhísigh áitiúla) maidir le conas measúnuithe ar thomhaltas fuinnimh a dhéanamh agus conas bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme i gceart, tá an oiliúint sin ríthábhachtach chun glacadh na héifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú. Bíonn d’acmhainneacht ag gníomhaíochtaí oiliúna den sórt sin scrogaill ríthábhachtacha le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh a réiteach, amhail an easpa comhairleoirí cáilithe agus oibrithe láimhe.

Uirlisí digiteacha

Tá acmhainn mhór sa digitiú chun feabhas a chur ar chur chun feidhme na héifeachtúlachta fuinnimh agus ar an bhfaireachán uirthi trí uirlisí amhail aipeanna fóin chliste agus ábhair ar líne (25). D’fhéadfadh uirlisí digiteacha a bheith an-luachmhar chun rannpháirtíocht a chothú atá níos saincheaptha do riachtanais an phobail, agus coigilteas fuinnimh níos costéifeachtaí á soláthair leo, agus iad ag cuidiú le teaghlaigh leochaileacha a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Is amhlaidh an scéal go háirithe i gcás méadair chliste, lenar féidir ‘daoine i mbochtaineacht fuinnimh fholaithe’, mar a thugtar orthu, a shainaithint. D’fhéadfaí a áireamh ar na huirlisí sin iniúchtaí fíorúla, méadair chliste chun faireachán a dhéanamh ar an tomhaltas fuinnimh, uirlisí cumarsáide chun faisnéis cothrom le dáta a sholáthar ar an éifeachtúlacht fuinnimh, etc. Tá bailiúchán beart féideartha le fáil trí NUDGE (26).

Straitéisí rannpháirtíochta

D’fhéadfadh straitéisí rannpháirtíochta a bheith an-éifeachtach chun feabhas a chur ar an athrú iompraíochta mar bíonn páirtithe leasmhara éagsúla páirteach iontu agus is féidir leo gealltanais a spreagadh, muinín a chothú, agus dea-chleachtais a roinnt (27). D’fhéadfadh na Ballstáit a mheas gur mó an rath a bhíonn ar straitéisí rannpháirtíochta sna cásanna seo a leanas (28):

is cuid iad de chreat níos forleithne, lena leagtar amach cuspóirí soiléire ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil chun cur leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus a bhfuil bearta aiseolais agus/nó straitéisí infheistíochta breise acu;

is ann do chaidreamh roimhe sin idir na rannpháirtithe (mar shampla laistigh de phobal);

is ann d’eiseamláir a chuaigh i bhfeidhm ar an ngrúpa roghnaithe.

5.2.3.   Tomhas, faireachán, rialú, cáilíocht, agus fíorú

Ceanglaítear le hAirteagal 22(2) ar na Ballstáit a chur san áireamh ina straitéisí náisiúnta na bearta a ghlactar chun úsáid éifeachtúil fuinnimh ag custaiméirí deiridh agus ag úsáideoirí deiridh a chur chun cinn agus a éascú. Áirítear leis na straitéisí sin an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFA) i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), nó an straitéis athchóirithe fhadtéarmach a bhunaítear de bhun Threoir 2010/31/AE. D’fhéadfadh na Ballstáit na bearta sin a chomhtháthú freisin i straitéisí a ghlac siad chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh go sonrach.

5.3.   OSS chun comhairle theicniúil, riaracháin agus airgeadais a sholáthar maidir le héifeachtúlacht fuinnimh – Airteagal 22(4), (5) agus (6)

5.3.1.   Raon feidhme an cheanglais

Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar le húdaráis ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, le páirtithe leasmhara príobháideacha, OSS nó sásraí comhchosúla a bhunú.

5.3.2.   Rogha birt beartais chun an ceanglas a chomhlíonadh

I bhfianaise chineál fadtéarmach OSS, moltar cruthú OSS a fhréamhú i gcreataí rialála fadtéarmacha (amhail PNFA agus an straitéis athchóirithe fhadtéarmach), le gealltanas polaitiúil cobhsaí chun uaillmhianta aeráide agus fuinnimh a bhaint amach, lena n-áirítear tacaíocht le haghaidh feabhsú ar an éifeachtúlacht fuinnimh (30).

D’fhéadfadh na Ballstáit comhlacht poiblí nó príobháideach sonrach a shannadh mar an t-údarás a bheadh freagrach as OSS a bhunú, a bhainistiú agus a mhaoiniú. Is féidir OSSanna a chumrú ar bhealaí éagsúla (31). Is féidir leis na Ballstáit an chumraíocht is fearr a oireann don chomhthéacs a roghnú fad is a oireann a sheirbhís do na tairbhithe (32):

(a)

100 % poiblí – is le húdarás áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta OSS agus is é atá freagrach as a bhunú, a bhainistiú agus a mhaoiniú;

(b)

100 % príobháideach – is le páirtí príobháideach OSS agus tá sé á bhainistiú agus á mhaoiniú aige, agus is féidir leis a bheith faoi stiúir an tionscail (monaróir, suiteálaí ar mian leis a ghníomhaíochtaí a leathnú); faoi stiúir ESCO (ESCO atá ann cheana a sholáthraíonn cistiú cheana féin le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus a roghnaíonn a ghníomhaíochtaí a leathnú); nó faoi stiúir sainchomhairleora (sainchomhairleoirí príobháideacha ar mian leo a ngníomhaíochtaí a leathnú trí chustaiméirí a mheaitseáil le conraitheoirí agus le soláthróirí);

(c)

comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí – téann údaráis phoiblí agus páirtithe leasmhara príobháideacha i gcomhpháirt agus comhroinneann siad na freagrachtaí (mar shampla, OSS faoi úinéireacht phoiblí agus a mhaoinítear go poiblí a mbainistíonn cuideachta phríobháideach é);

(d)

comharchumann – forbraíonn grúpa páirtithe leasmhara OSS i bhfoirm comharchumainn.

I dteannta OSS a bhunú, is féidir leis na Ballstáit sásraí comhchosúla a chruthú lena soláthraítear seirbhísí coibhéiseacha. Áirítear ar shamplaí de roghanna malartacha den sórt sin comhairle a sholáthar ar bhealach cianda amhail suíomh gréasáin, aip nó beolíne. Thairis sin, tá roghanna duine le duine ar fáil freisin, mar shampla trí cheardlanna éifeachtúlachta fuinnimh a óstáil le daoine den phobal áitiúil nó trí úsáid a bhaint as modhanna atá cosúil leis an margaíocht ó dhoras go doras.

5.3.2.1.   Tairbhithe

D’fhéadfadh OSS líne ghinearálta seirbhísí a sholáthar do theaghlaigh (is é sin, teaghlaigh aonair nó comhlachais úinéirí) agus do neamhtheaghlaigh bheaga (amhail FBManna, micrifhiontair, agus comhlachtaí poiblí). Na seirbhísí iomlánaíocha a mholtar i roinn 5.3.2.2 de na treoirlínte seo, d’fhéadfaí iad a oiriúnú agus, dá mba ghá leis, a shaincheapadh do thíopeolaíochtaí tithíochta éagsúla (agus aird ar leith a thabhairt do na foirgnimh is neamhfheidhmiúla) agus an comhthéacs áitiúil a chur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart líne thiomnaithe seirbhísí a dhearadh agus a chur ar fáil do spriocdhaonraí sonracha amhail teaghlaigh leochaileacha nó cuideachtaí agus suiteálaithe creidiúnaithe a sholáthraíonn seirbhísí iarfheistithe. Is féidir le OSS seirbhísí tráchtála a sholáthar do chustaiméirí neamhtheaghlaigh níos mó freisin, amhail fiontair mhóra, fad nach mbaintear acmhainní ó na tairbhithe beartaithe. Is féidir le OSS cuidiú freisin chun dul i ngleic le fadhb na ndreasachtaí scoilte (trí idirghabháil) agus leis an mbearna airgeadais a bhíonn roimh go leor úinéirí.

5.3.2.2.   Seirbhísí agus gníomhaíochtaí

Na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí a sholáthraíonn OSS, is féidir iad a struchtúrú feadh slabhra luacha seirbhíse iomláine de bhearta éifeachtúlachta fuinnimh agus cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh. Tá samplaí de sheirbhísí OSS i dTábla 3. (33)

Tábla 3

Samplaí de sheirbhísí OSS

Slabhra luacha

Tuairisc

Samplaí de sheirbhísí

Measúnú

Seirbhísí a dhírítear ar mheasúnú a sholáthar ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus ar an bhfeidhmíocht reatha, chun na réimsí ar gá feabhas a chur orthu agus an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag idirghabhálacha a chur i dtábhacht.

Measúnú aon chéime amháin nó dhá chéim: (1) measúnú tosaigh ar líne bunaithe ar bhunpharaiméadair, (2) cruinniú le OSS (ar an láthair nó san oifig)

Anailís/iniúchadh ar an bhfeidhmíocht fuinnimh agus ar riachtanais agus ar iompraíocht an chustaiméara

Treoraíocht

Seirbhísí lena dtugtar comhairle agus cúnamh do chustaiméirí i bhforbairt a bpleananna éifeachtúlachta fuinnimh, lena sainaithnítear na feabhsuithe féideartha agus lena ndírítear ar na hathchóirithe is doimhne.

Forbairt plean feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus/nó pas athchóirithe foirgneamh (34), lena ngabhann pointí gníomhaíochta coincréiteacha agus ord tosaíochta

An fheidhmíocht fuinnimh atá ann faoi láthair vs. an fheidhmíocht fuinnimh a bheidh ann amach anseo a ríomh, lena n-áirítear costais, tairbhí, coigilteas

Spriocanna a leagan amach agus coigilteas ráthaithe a shainaithint

Rochtain ar mhaoiniú

Seirbhísí a dhírítear ar chomhairle airgeadais agus cúnamh a thabhairt do chustaiméirí. Is féidir le OSS réitigh airgeadais a sholáthar é féin nó bheith ag obair mar idirghabhálaí idir custaiméirí agus institiúidí airgeadais.

Forbairt plean airgeadais

Na hacmhainní atá ar fáil a shainaithint: acmhainní dílse, scéimeanna cistiúcháin phoiblí, ionstraimí airgeadais, nó meascán díobh sin.

Cur chun feidhme

Áirítear ar na seirbhísí sin roghnú conraitheoirí iomchuí, conarthaí a bhunú, nósanna imeachta/údaruithe ceadaithe a bhainistiú, faireachán a dhéanamh ar an bpróiseas tógála.

Conraitheoirí leormhaithe a shainaithint agus a roghnú agus teagmháil a dhéanamh leo

Nósanna imeachta/údaruithe ceadaithe a sheoladh agus a bhainistiú

Conarthaí a dhréachtú agus a bhunú

Dearbhú cáilíochta

Is féidir le OSS seirbhísí dearbhaithe cáilíochta a sholáthar a bhaineann le sainaithint conraitheoirí (is é sin a áirithiú go bhfuil conraitheoirí cáilithe agus deimhnithe) agus le cur chun feidhme beart (is é sin na hoibreacha a rialú agus an próiseas a fhormhaoirsiú).

Gairmithe agus conraitheoirí cáilithe éifeachtúlachta fuinnimh a shainaithint

Cigireacht agus rialú ar an gcur chun feidhme

A áirithiú go bhfuil árachas iomchuí ag an dá pháirtí (custaiméirí agus conraitheoirí)

Faireachán agus obair leantach

D’fhéadfaí a áireamh freisin le faireachán agus obair leantach seirbhísí cothabhála agus tuarascálacha sástachta conraitheoirí agus custaiméirí araon. Áirítear leis sin freisin an comhar le SPC maidir le saincheisteanna dlí.

Suiteáil méadar cliste

Iniúchtaí fuinnimh leantacha

Tuarascálacha ar bhillí fuinnimh

Suirbhé sástachta

Seirbhísí cothabhála a sholáthar

Gnéithe ráthaíochta a láimhseáil le conraitheoirí

Tuarascálacha ar choigilteas fuinnimh iarbhír

Comhar le SPC

Trasnaí

D’fhéadfaí a áireamh freisin gníomhaíochtaí trasnaí a dhírítear ar fheasacht a mhúscailt maidir le tairbhí na héifeachtúlachta fuinnimh, scaipeadh faisnéise, oiliúintí a sholáthar, etc.

Feasacht a mhúscailt: faisnéis a sholáthar ar iompraíocht tomhaltais fuinnimh, réitigh fuinnimh atá ar fáil (mar shampla córais téimh éifeachtúla, fuinneamh in-athnuaite, stóráil fuinnimh)

Scaipeadh faisnéise: sonraí comhiomlánaithe tíopeolaíochta ó thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a bhailiú, taithí a roinnt agus iad a chur ar fáil go poiblí

Oiliúint

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuireann OSS seirbhísí tiomnaithe ar fáil do dhaoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus do chustaiméirí leochaileacha agus daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal. Chun an rochtain a fheabhsú, d’fhéadfadh OSS seirbhísí tiomnaithe a chur ar fáil gan aon chostas ar an sealbhóir tí. Rud tábhachtach freisin is ea oiliúint agus íogrú le haghaidh comhairleoirí OSS agus b’fhéidir ceardaithe a fhostaítear chun obair a dhéanamh i dtithe teaghlach leochaileach (35).

5.3.2.2.1   For-rochtain, feasacht, agus faisnéis:

D’fhéadfaí a áireamh le seirbhísí breise a bhaineann go sonrach le teaghlaigh ar ioncam íseal nó teaghlaigh leochaileacha:

(a)

for-rochtain le haghaidh grúpaí nach furasta teagmháil a dhéanamh leo (36) le formáid meáin agus ionaid inrochtana chomh maith le comhpháirtithe áitiúla chun feasacht a mhúscailt ar mhodhanna chun billí fuinnimh arda a laghdú agus cur leis an gcompord agus teaghlaigh a mhealladh chuig seirbhísí OSS. D’fhéadfadh for-rochtain ó eagraíocht atá leabaithe sa phobal cuidiú leis na bacainní ó thaobh muiníne de a shárú agus cultúr glacachta a chruthú tríd an gcumarsáid idir piaraí;

(b)

feasacht a mhúscailt ar an mbochtaineacht fuinnimh le comhpháirtithe agus líonraí atreoraithe, mar shampla i seirbhísí sóisialta, seirbhísí sláinte agus eagraíochtaí tomhaltóirí. Oiliúint a fhorbairt atá le soláthair do chomhairleoirí agus pointí teagmhála áitiúla atá ann cheana chun go dtuigfidh na comhairleoirí agus pointí teagmhála áitiúla sin eispéiris bochtaineachta fuinnimh, na cúiseanna atá leis sin agus na réitigh atá air sin;

(c)

líonra atreoraithe a bhunú chun tacú le teaghlaigh bacainní a shárú lasmuigh de raon feidhme sheirbhís OSS í féin. D’fhéadfadh sé gur dhóchúla go mbeadh ar theaghlaigh ar ioncam íseal nó ar theaghlaigh leochaileacha aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna níos casta maidir le tionacht agus slándáil tithíochta, ioncam, fiachas agus saincheisteanna eile a d’fhéadfadh teorainn a chur lena n-acmhainneacht an éifeachtúlacht fuinnimh a rochtain. Socruithe cros-atreoraithe le seirbhísí tacaíochta eile amhail tithíocht, cúram sláinte agus sóisialta, ombudsman fuinnimh, grúpaí abhcóideachta tomhaltóirí agus comhairle dlí, is féidir leo cuidiú leis na saincheisteanna sin a shárú;

(d)

faisnéis maidir le cearta laistigh de na margaí fuinnimh agus tithíochta lena n-áirítear billeáil chruinn, dínascadh, aisghabháil fiach agus caighdeáin tithíochta, go háirithe i dtithíocht ar cíos;

(e)

tacaíocht chun aidhmeanna sonracha teaghlach aonair a chinneadh agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh á nglacadh acu – mar shampla chun billí a laghdú, teochtaí inmheánacha a mhéadú nó rannchuidiú le torthaí sláinte sonracha;

(f)

tacaíocht iarshuiteála/athchóirithe chun a áirithiú go n-oibríonn teicneolaíochtaí nua agus go ríomhchláraítear iad mar is iomchuí, go mbaintear amach torthaí a bhfuil coinne leo nó a bhfuil súil leo (coigilteas fuinnimh nó compord níos mó) agus go dtacaítear le teaghlaigh chun aon oiriúnú is gá a dhéanamh. D’fhéadfaí a áireamh leis sin tacaíocht chun aon díospóid chonarthach a d’fhéadfadh teacht chun cinn a réiteach.

5.3.2.2.2   Comhairle agus tacaíocht shochtheicniúil, agus rochtain ar airgeadas athchóiriúcháin

D’fhéadfaí a áireamh le seirbhísí breise a bhaineann go sonrach le teaghlaigh ar ioncam íseal nó teaghlaigh leochaileacha na seirbhísí seo a leanas:

(a)

iniúchtaí fuinnimh agus cuairteanna dochtúra glasa a chistítear go hiomlán chun tuiscint a fháil ar bhail theicniúil an tí agus ar chás agus ar riachtanais bhaill an teaghlaigh araon;

(b)

cúnamh do dhaoine aonair leochaileacha chun a chaibidliú lena dtiarna talún gealltanas a thabhairt chun an foirgneamh a athchóiriú ar bhealach a mbeidh gach duine sásta leis, a gcearta agus na rialacháin maidir leis an earnáil ar cíos a thuiscint, agus rochtain a fháil ar chomhairle dlí agus ar ionadaíocht i gcás inar gá;

(c)

tacaíocht ó cheann go ceann le haghaidh an phróisis athchóirithe iomláin le leibhéal seirbhíse níos airde ná mar atá ann le haghaidh teaghlaigh eile. D’fhéadfaí a áireamh leis sin bainisteoir athchóirithe tiomnaithe ag a bhfuil an oiliúint agus na prótacail ábhartha;

(d)

rochtain a chumasú ar chistiú deontais oiriúnach (incháilitheacht a sheiceáil agus iarratais a chomhlíonadh, etc.) agus míniú ar shásraí airgeadais oiriúnacha chun dul i ngleic leis an mbearna chistiúcháin mura gcumhdaítear costais iomlána na mbeart le cistiú deontais. Tá faisnéis maidir le huirlisí airgeadais atá oiriúnach do theaghlaigh ar ioncam íseal le fáil sa Treoraíocht maidir le hAirteagal 24 de Threoir (AE) 2023/1791.

5.3.2.2.3   Comhairle agus tacaíocht maidir le billí fuinnimh

D’fhéadfaí a áireamh le seirbhísí breise a bhaineann go sonrach le teaghlaigh ar ioncam íseal nó teaghlaigh leochaileacha:

(a)

tacaíocht chun billeáil fuinnimh a thuiscint, cruinneas billí a sheiceáil agus oiriúnacht na taraife fuinnimh a sheiceáil, agus tacaíocht chun aon tacaíocht airgeadais dá bhfuil siad incháilithe a rochtain;

(b)

a sheiceáil go bhfuil rochtain á déanamh ag teaghlaigh ar raon iomlán na dtairbhí tacaíochta ioncaim a bhfuil siad ina dteideal (á dtairiscint ag OSS nó trí líonra atreoraithe).

5.3.2.3.   Samhail eacnamaíoch agus airgeadais

Áirítear go hiondúil le costais oibriúcháin OSS acmhainní daonna, spásanna oifige, agus uirlisí agus tacaíocht TF. Bíonn costais éagsúla i gceist ag brath ar na seirbhísí a sholáthraítear, ar an suíomh, agus ar an leibhéal tacaíochta. Is ann do shamhlacha éagsúla eacnamaíocha agus airgeadais chun OSS a mhaoiniú. Cur chuige amháin is ea seirbhísí saor in aisce a sholáthar do chustaiméirí agus an OSS a chistiú trí bhuiséid phoiblí nó trí chistiú príobháideach. De rogha air sin, d’fhéadfadh OSS táillí a ghearradh ar sheirbhísí, mar phraghas seasta in aghaidh na seirbhíse/an phacáiste nó mar chéatadán de chostais iomlána an tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh. Rogha eile is ea seirbhísí OSS aonair a chur le chéile le seirbhísí trasnaí, agus féachaint ar sheirbhísí OSS mar a bheith saor in aisce agus íoc as na seirbhísí trasnaí. Tá saoirse ag na Ballstáit an tsamhail eacnamaíoch agus airgeadais a roghnú a oireann do raon na seirbhísí a sholáthraítear agus do chostais mheasta na hoibríochta (37).

D’fhéadfadh na Ballstáit tairbhiú de thacaíocht ón Aontas chun OSS a bhunú freisin. Is ann d’fhoinsí maoinithe éagsúla de chuid an Aontais lena soláthraítear réitigh chun OSS a bhunú (38):

(a)

Leithdháil Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) EUR 18 mbilliún don éifeachtúlacht fuinnimh idir 2014 agus 2020. Soláthraítear tacaíocht bhreise sa tréimhse reatha (2021–2027). Is féidir na cistí sin a úsáid chun ionstraimí airgeadais nua a fhorbairt chun tacú leis an éifeachtúlacht fuinnimh, OSS san áireamh;

(b)

An Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) – Ionstraim airgeadais is ea Maoiniú Cliste d’Fhoirgnimh Chliste a sholáthraíonn BEI lena soláthraítear deontais ar féidir iad a úsáid mar ráthaíocht le haghaidh tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh. Is é is aidhm dó tacú le OSS tiomnaithe áitiúil nó réigiúnach a fhorbairt;

(c)

Interreg na hEorpa – Is féidir le hArdán Foghlama Beartais Interreg na hEorpa tacú le réigiúin ar mian leo OSS a fhorbairt lena uirlisí agus lena sheirbhísí, lena n-áirítear a bhunachar sonraí ar an dea-chleachtas agus tacaíocht ó shaineolaí ar éileamh, lena gcumhdaítear seirbhís athbhreithnithe piaraí agus deasc chabhrach.

5.3.2.4.   Eagrúchán praiticiúil

D’fhéadfaí OSS a líonrú go náisiúnta chun dea-chleachtais a mhalartú agus tairbhiú de bharainneacht scála, agus tuiscint mhaith ann freisin ar an gcomhthéacs áitiúil, ar an margadh agus ar pháirtithe leasmhara chun bearnaí agus tairiscintí atá ann cheana a shainaithint, chun dul in oiriúint don raon seirbhísí le haghaidh an tsuímh áitiúil, agus chun a aithint cén áit is mó a bhfuil gá le tacaíocht. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag gach saoránach ar OSS trí chumhdach fisiciúil leordhóthanach den chríoch agus trí rochtain ar líne agus ar an teileafón a sholáthar (mar shampla, cumarsáid trí shuíomh gréasáin/ardán). Tá tábhacht ar leith leis sin más rud é gurb é an grúpa leochaileach an sprioc. Ba cheart OSS a leabú sa chomhthéacs áitiúil agus ba cheart do bhaill áitiúla é a reáchtáil. D’fhéadfaí na sonraí seo a leanas a chur san áireamh agus OSS á bhunú (39):

(a)

Struchtúr an OSS a shainiú – Comhlíonann OSS raon éagsúil feidhmeanna, agus dá bhrí sin is rud luachmhar é chun seirbhísí digiteacha agus seirbhísí duine le duine a chomhtháthú. Mar shampla, is féidir le cliant féideartha measúnú tosaigh a dhéanamh trí raon ceisteanna tá/níl a fhreagairt ar an suíomh gréasáin. Is féidir le OSS tairbhiú freisin den raon ollmhór deiseanna a sholáthraítear leis an intleacht shaorga amhail, mar shampla, feidhmeanna sofaisticiúla comhrá ar an suíomh gréasáin. Bíonn seirbhísí duine le duine cuidiúil chun muinín a chothú, go háirithe le haghaidh na ndaoine is leochailí, arb éifeachtaí cainéal duine le duine dóibh mar thoradh ar cheisteanna muiníne agus tosca teorannaithe eile, amhail an bhearna dhigiteach. Cumasaítear freisin le seirbhísí duine le duine soláthar na seirbhísí casta a dtugtar tuairisc orthu thuas. Mar shampla, trí bheith i láthair go fisiciúil, éascaítear cinneadh cuspóirí athchóirithe le cliant agus measúnú cuimsitheach ar an bhfoirgneamh. D’fhéadfaí cur leis an líon cliant, go háirithe i measc grúpaí ar deacair iad a bhaint amach, le meascán d’oifig ar féidir le páirtithe leasmhara féideartha cuairt a thabhairt uirthi agus seirbhísí ar líne.

(b)

Deighleoga custaiméara agus a riachtanais a shainaithint – D’fhéadfaí tosú le próiseas bunaithe OSS le mapáil iomlán ar pháirtithe leasmhara náisiúnta agus áitiúla (is é sin, údaráis phoiblí, cuideachtaí, cuideachtaí fuinnimh, saoránaigh, gairmithe éifeachtúlachta fuinnimh, cinnteoirí). D’fhéadfaí na grúpaí páirtithe leasmhara éagsúla a thabhairt le chéile chun coincheap OSS a fhorbairt agus a spriocanna a bhunú. D’fhéadfaí tairbhithe féideartha agus a riachtanais a chur san áireamh leis an mapáil sin freisin.

(c)

Líne seirbhísí a dhearadh – Ar bhonn na gcineálacha tairbhithe agus ar a riachtanais, is féidir líne iomchuí seirbhísí a dhearadh. Le haghaidh gach deighleoige custaiméara, d’fhéadfadh OSS luach a sholáthar, is é sin trí thairbhí na seirbhísí a bheartaítear agus an chaoi ar féidir bearnaí sa mhargadh a líonadh leis na tairbhí sin a shainaithint.

(d)

An struchtúr costais agus na sruthanna ioncaim a shainaithint – Ag brath ar na deighleoga custaiméara roghnaithe agus ar sheirbhísí gaolmhara a sholáthraítear, beidh OSS faoi réir costais éagsúla sheasta agus athraitheacha, a bhféadfaí iad a shainaithint. An comhlacht atá freagrach as OSS a bhunú, d’fhéadfadh sé freisin na sruthanna ioncaim a shainaithint agus samhail eacnamaíoch agus airgeadais OSS a shainiú freisin. Ba cheart na grúpaí is leochailí a chosaint i gcónaí. Ba cheart a chur in iúl go ríshoiléir nach deiseanna éagóracha chun brabús a dhéanamh a bheidh in iarrataí ó na grúpaí is leochailí. Is mó a bhíonn saoránaigh leochaileacha i mbaol tionchar ó chlaontachtaí cognaíocha a chuireann isteach ar a gcinnteoireacht i ngeall ar na dálaí fo-optamacha ina maireann siad. An leochaileacht sin i leith claontachtaí cognaíocha, is féidir le drochghníomhaithe príobháideacha mí-úsáid a bhaint aisti mar is féidir leo saoránaigh leochaileacha a ‘lodairt’, is é sin bacainní a chruthú chun go nglacfaidh siad le taraifí agus roghanna nach bhfuil leormhaith dóibh i ndáiríre. Ba cheart taraifí speisialta agus an trédhearcacht a áirithiú le haghaidh na ndaoine is leochailí thar aon rud eile. Is féidir eolaíochtaí iompraíochta a úsáid chun cásanna ‘lodair’ a shainaithint agus ní mór pionós a ghearradh maidir leis iompraíocht sin (40).

(e)

Na príomh-chomhpháirtithe agus na príomhacmhainní a shainaithint – D’fhéadfadh an comhlacht freagrach na comhpháirtithe is tábhachtaí (amhail údaráis áitiúla agus réigiúnacha, eagraíocht ghairmiúil, gníomhaireachtaí réadmhaoine, bainc, institiúidí airgeadais, cuideachtaí árachais, eile) a shainaithint agus a ról agus an chaoi a rannchuidíonn siad le gníomhaireachtaí OSS a shainiú go soiléir. Na príomhacmhainní fisiciúla, daonna, airgeadais agus intleachtúla is gá chun gníomhaíochtaí OSS a dhéanamh, d’fhéadfaí iad sin a shainaithint go soiléir freisin.

(f)

Caidrimh le custaiméirí agus bealaí cumarsáide a shainiú – Le haghaidh gach deighleoige custaiméara, d’fhéadfaí na cineálacha iomchuí caidreamh (OSS fíorúil vs fisiciúil) agus na bealaí cumarsáide (mar shampla, cruinnithe duine le duine, seisiúin faisnéise, uirlisí cumarsáide digití (suíomh gréasáin, nuachtlitir, meáin shóisialta, etc.), bealaí na bpríomh-chomhpháirtithe) a chinneadh/shonrú/shainaithint.

5.3.3.   Cén chaoi ar féidir le OSSanna sonraí comhiomlánaithe tíopeolaíochta a bhailiú?

Sonraítear in Airteagal 22(5), pointe (b), go ndéanfaidh OSS i gcás inarb iomchuí, sonraí comhiomlánaithe tíopeolaíochta ó thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a bhailiú, taithí a roinnt agus iad a chur ar fáil go poiblí. D’fhéadfadh bailiú sonraí arna dhéanamh ag OSS rannchuidiú le cruthú staitisticí agus faisnéis chomhiomlánaithe atá cuimsitheach, stóinsithe, ionadaíoch agus iontaofa maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh. Thairis sin, fágann sé gur féidir feabhas a chur ar fheidhmiú OSS, dea-chleachtais a roinnt le Ballstáit eile nó le páirtithe leasmhara náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus gníomhaithe margaidh a chur ar an eolas nó a bhfeasacht a mhúscailt maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh. Tá deis mhaith ag OSS freisin sonraí míne a bhailiú maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh. Na sonraí a bhíonn ar fáil do OSS, agus á mbailiú aige, baineann siad leis na príomhréimsí seo a leanas:

(a)

sonraí oibriúcháin, lena n-áirítear, mar shampla costais oibriúcháin agus seirbhíse, fiosruithe a fuarthas, líon agus cineál na seirbhísí a sholáthraítear, líon agus cineál na dtairbhithe;

(b)

sástacht custaiméirí, lena n-áirítear sástacht leis an inrochtaineacht seirbhísí;

(c)

sonraí teaghlaigh, go háirithe maidir le hincháilitheacht teaghlaigh do dheontais atá tiomnaithe do theaghlaigh ar ioncam íseal nó do theaghlaigh fhuinneamhbhochta. Ba cheart, ar ndóigh, é sin a bheith faoi réir rúndachta agus cheanglais Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41);

(d)

sonraí iniúchta fuinnimh foirgnimh/baile lena n-áirítear tríd an mbunachar sonraí le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh de bhun Airteagal 22 de Threoir (AE) 2024/1275 (AE) 2024/1275;

(e)

tionchar, ar féidir é a shainmhíniú mar an ráta ratha ón bhfiosrú go dtí an toradh inmhianaithe, mar shampla, bearta éifeachtúlachta fuinnimh a shuiteáiltear nó iompraíochtaí a athraítear, éifeachtacht gach gníomhaíochta for-rochtana chun fiosruithe a ghiniúint.

5.4.   Sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt – Airteagal 22(8)

5.4.1.   Raon feidhme an cheanglais

Leathnaítear le hAirteagal 22(8) an tsraith ceart chun rochtana ar réiteach lasmuigh den chúirt atá ‘simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil’, agus na critéir cháilíochta le haghaidh comhlachtaí um réiteach díospóidí, a leagtar amach in Airteagal 26 de Threoir (AE) 2019/944 chun iad seo a leanas a chumhdach:

(a)

úsáideoirí deiridh. Tá nasc in Airteagal 22(8) le hAirteagal 21 mar tá foráil ann maidir le réiteach lasmuigh den chúirt le haghaidh díospóidí a bhaineann leis na cearta conarthacha nua a sholáthraítear d’úsáideoirí deiridh in Airteagal 21 (féach roinn 4 de na treoirlínte seo);

(b)

custaiméirí leochaileacha, daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta.

Cumhdaítear leis na cearta chun réitigh lasmuigh den chúirt díospóidí a eascraíonn as na cearta agus na hoibleagáidí a bhunaítear i dTreoir (AE) 2023/1791. Ní hamháin go bhféadfaí a áireamh leis sin soláthróirí téimh, fuaraithe agus uisce the tí (a luaitear go sainráite in Airteagal 21) ach d’fhéadfaí a áireamh freisin, mar shampla, soláthraithe airgeadais, iniúchóirí fuinnimh, soláthraithe seirbhíse fuinnimh, seirbhísí gairmiúla amhail ailtirí agus innealtóirí, faoi raon feidhme Threoir (AE) 2023/1791. Na cearta sonracha a thugtar i dTreoir (AE) 2023/1791, baineann siad leis na nithe seo a leanas:

(c)

méadrú le haghaidh gás nádúrtha (Airteagal 13) agus téimh, fuaraithe agus uisce te tí (Airteagal 14) agus fomhéadrú (Airteagal 15);

(d)

billeáil chruinn iontaofa bunaithe ar thomhaltas iarbhír le haghaidh gás nádúrtha (Airteagal 17) agus téimh, fuaraithe agus uisce te tí (Airteagal 18);

(e)

rochtain ar bhilleáil, faisnéis bhilleála agus sonraí tomhaltais saor in aisce le haghaidh gás nádúrtha (Airteagal 19) agus téimh, fuaraithe agus uisce te tí (Airteagal 20);

(f)

cearta conarthacha bunúsacha le haghaidh an tsoláthair téimh agus fuaraithe ceantair agus uisce the tí (Airteagal 21) a thugtar isteach i dTreoir (AE) 2023/1791.

5.4.2.   Rogha beart beartais chun an ceanglas a chomhlíonadh

Ceadaítear in Airteagal 22(8) do chomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá ann cheana (rialtóirí, ombudsman neamhspleách nó comhlachtaí tomhaltóirí) a scileanna agus a seirbhísí a leathnú chun na ceanglais nua a chumhdach, ar an gcoinníoll go bhfuil siad chomh héifeachtach céanna. Ba cheart do na Ballstáit a mhíniú sa reachtaíocht an chaoi a bhfuil rochtain ar shásraí lasmuigh den chúirt simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil.

D’fhéadfadh na Ballstáit roghnú an deis a thapú athbhreithniú a dhéanamh ar na seirbhísí lasmuigh den chúirt agus iad a leathnú chun na ceanglais in Airteagal 22 a chumhdach chun feabhas a chur ar éascaíocht rochtana agus ar sheachadadh na seirbhísí.

Chun na seirbhísí sin a choigeartú chun na ceanglais in Airteagal 22 a chomhlíonadh, ba cheart do sheirbhísí atá ann cheana seirbhísí comhairle agus réitigh a leathnú chun custaiméirí deiridh agus a gcontrapháirtithe conarthacha a chumhdach, go háirithe iad siúd a sholáthraíonn téamh agus fuarú ceantair agus uisce te. Ba cheart don idirghabháil díospóidí a bhaineann leis na cearta nua dá bhforáiltear in Airteagal 21 a chumhdach.

Ba cheart seirbhísí a oiriúnú chun freastal go sonrach ar riachtanais daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta:

(a)

tabhairt faoi fhor-rochtain chun cur leis an mbunfheasacht ar chearta tomhaltóirí, atá dírithe go sonrach ar dhéimeagrafaic shonrach agus ar ghrúpaí sonracha atá faoi ghannionadaíocht i mboinn cliant um réiteach díospóidí (42). Seirbhísí a bhíonn á rochtain ag teaghlaigh leochaileacha agus teaghlaigh fhuinneamhbhochta (mar shampla, seirbhísí sóisialta, eagraíochtaí tithíochta, grúpaí tomhaltóirí, caifé fuinnimh, ombudsman fuinnimh, seirbhísí sláinte poiblí agus dochtúirí), bíonn ról acu chun cur leis an bhfeasacht. Gníomhartha réamhghníomhacha chun díriú ar ghníomhaíochtaí múscailte feasachta mar fhreagairt ar imeachtaí a d’fhéadfadh rioscaí sonracha a chothú le haghaidh tomhaltóirí (mar shampla, an ghéarchéim praghsanna fuinnimh) agus mar fhreagairt ar ghearáin agus ar chionta coitianta (mar shampla mídhíol), d’fhéadfaidís a bheith ina n-uirlis thábhachtach freisin;

(b)

feabhas a chur ar bhealaí chun seirbhísí a rochtain. Is féidir leis na Ballstáit cur le cumas tomhaltóirí rochtain a fháil ar réiteach díospóidí trína áirithiú gur ann do SPC inar féidir teacht ar sheirbhísí a bhaineann le gach gnóthas ábhartha (mar a fhoráiltear in Airteagal 22(3), pointe (e)). Samhlacha cuíchóirithe agus níos comhsheasmhaí, ina gcumhdaítear gach earnáil ábhartha le líon comhlachtaí níos lú, is éasca do thomhaltóirí a mbealach a dhéanamh tríothu agus cuirtear teorainn leis an riosca nach dtabharfar suntas do thomhaltóirí áirithe. Na ceanglais atá ann cheana ar thrádálaithe tomhaltóirí a chur ar an eolas go soiléir maidir leis an eintiteas um réiteach díospóidí faoina gcumhdaítear iad, ba cheart do na Ballstáit na ceanglais sin a fhorfheidhmiú ina n-iomláine (43);

(c)

Is féidir leis na Ballstáit feabhas a chur ar thorthaí ó sheirbhísí le haghaidh teaghlaigh leochaileacha trí neamhspleáchas agus neamhchlaontacht soláthraithe seirbhíse a áirithiú chun cur leis an muinín. Cuirtear feabhas ar thorthaí freisin le hualaí nós imeachta laghdaithe agus am níos giorra le haghaidh próiseáil gearán agus cinneadh a dhéanamh fúthu (44). Rochtain saor in aisce ar réiteach díospóidí, bealaí neamhdhigiteacha chun rochtain a fháil agus tacaíocht chun gearán a dhéanamh, tá siad an-tábhachtach le haghaidh custaiméirí leochaileacha. Dea-chleachtas a ghlactar i sásraí áirithe um réiteach is ea ceanglais cháilíochta shonracha a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le riachtanais custaiméirí leochaileacha, a bhféadfaí a áireamh leis riachtanais oiliúna le haghaidh baill foirne agus cruthú agus foilsiú nósanna imeachta agus leibhéil seirbhíse arda le haghaidh custaiméirí leochaileacha (45). Is féidir le sásraí comhshásaimh an t-ualach agus an riosca a ghlacann custaiméirí aonair a laghdú freisin.

Is féidir le gníomhaithe áitiúla gníomhú mar idirghabhálaithe idir páirtithe leasmhara agus comhpháirtithe chun fadhbanna a réiteach. Is féidir leo muinín a chruthú agus tacú le rochtain le haghaidh teaghlaigh leochaileacha. Dá bhrí sin, tairbhíonn sásraí um réiteach lasmuigh den chúirt de bheith an-infheicthe agus ba cheart do dhearadh na gcóras a bheith inrochtana d’úsáideoirí deiridh agus d’eagraíochtaí idirmheánacha araon.

5.5.   Bearta chun bacainní rialála agus neamhrialála ar an éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint, a mhéid a bhaineann le saincheist na ndreasachtaí scoilte – Airteagal 22(9)

5.5.1.   Raon feidhme an cheanglais

Le hAirteagal 22(9), neartaítear an oibleagáid ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun deireadh a chur le bacainní ar an éifeachtúlacht fuinnimh mar thoradh ar ‘dhreasachtaí scoilte’ mar a thugtar orthu.

5.5.2.   Rogha beart beartais chun an ceanglas a chomhlíonadh

Liostaítear in Airteagal 22(9) roinnt tionscnamh is féidir a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar dhreasachtaí scoilte agus áirítear orthu bearta ar féidir iad a roinnt i dtrí chineál réitigh:

5.5.2.1.   Roghanna rialála

(a)

Caighdeáin íosta feidhmíochta: Is féidir leis na Ballstáit rialacháin a thabhairt isteach lena gceanglaítear ar na foirgnimh ar cíos caighdeán íosta a chomhlíonadh. Úsáidtear rialacháin den sórt sin chun ceangal ar thiarnaí talún oibreacha sonracha a dhéanamh nó caighdeáin a chomhlíonadh ina maoin.

(b)

Athbhreithniú ar dhlíthe cíosa agus ar dhlíthe comhthiarnais: Féadfaidh na Ballstáit dlíthe a thabhairt isteach lena ndéantar foráil maidir le solúbthacht níos mó i socruithe idir tionóntaí agus úinéirí nó i measc úinéirí agus lena mbunaítear rialacha agus coinníollacha maidir le roinnt na gcostas. D’fhéadfaí sonraí a thabhairt sna dlíthe sin maidir le cé acu a bhféadfadh nó nach bhféadfadh an tiarna talúncuid den infheistíocht i nuashonrú éifeachtúlachta fuinnimh a aisghabháil, agus ar an gcaoi a bhféadfadh an tiarna talún sin a dhéanamh, mar shampla trí bhíthin codán de na costais fuinnimh arna gcoigilt ag an tionónta nó trí mhéadú ar an gcíos. D’fhéadfaí a shoiléiriú ann freisin na coinníollacha faoina bhféadfadh an tionónta diúltú do mhéadú den sórt sin ar an gcíos (46). Maidir le saincheist na ndreasachtaí scoilte idir gníomhaithe iomadúla, d’fhéadfaí dul i ngleic sna dlíthe comhthiarnais le rialacha vótála agus dáileadh costas i gcás bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus tuairisc shoiléir ar róil idir na gníomhaithe iomadúla. (47)

(c)

Lipéadú fuinnimh agus sonraí a bhaineann le foirgneamh: Soláthar lipéad fuinnimh an fhoirgnimh tráth an díola nó an léasa, mar a cheanglaítear le hAirteagal 12 de Threoir 2010/31/AE (Eisiúint deimhnithe feidhmíochta fuinnimh), cuidíonn sé lena áirithiú go bhfuil an fhaisnéis is gá ar fáil ag na páirtithe lena mbaineann.

(d)

Méadrú/fomhéadrú aonair/aiseolas díreach: Le méadrú nó fomhéadrú aonair, mar a cheanglaítear in Airteagal 13 (Méadrú i gcomhair gás nádúrtha), Airteagal 14 (Méadrú i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí) agus Airteagal 15 (Fomhéadrú agus leithdháileadh na gcostas i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí) de Threoir (AE) 2023/1791, cuirtear ar a gcumas do thionóntaí a bheith níos feasaí ar a dtomhaltas fuinnimh.

5.5.2.2.   Ionstraimí airgeadais

(a)

Dreasachtaí díreacha airgeadais agus fioscacha i dtreo na spriocghrúpaí tionóntaí/tiarnaí talún: D’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí scéimeanna tacaíochta nó buntáistí cánach a dhearadh sa chaoi nach féidir ach le tiarnaí talún (cónaitheacha) leas a bhaint astu; trí bhacainní roimh fhoirgnimh ilaonad a laghdú le cur isteach ar fhóirdheontais áirithe; agus trí sprioc shonrach a leagan síos, nó modhanna sonracha a thiomnú, d’fhoirgnimh ilárasán i gcláir athchóirithe, mar shampla.

(b)

Maoiniú inbhille: Féadfaidh na Ballstáit conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a éascú lenar féidir bearta éifeachtúlachta fuinnimh a aisíoc trí bhillí fuinnimh míosúla. Sa sásra sin, thabhódh tríú páirtí infheistíochtaí tosaigh, mar shampla an fóntas, banc nó ESCO, atá freagrach freisin as an gclár maoinithe inbhille a riar agus as íocaíochtaí a bhailiú tríd an mbille fuinnimh nó tríd an gcíos. Ba cheart maoiniú inbhille a bhunú ar an bpróifíl fuinnimh shonrach. Má chuirtear próifíl ghinearálta tomhaltais fuinnimh san áireamh, d’fhéadfadh sé, maidir leis na daoine sin faoi bhochtaineacht fuinnimh, go mbeidís faoi mhíbhuntáiste mura mbainfí amach an coigilteas fuinnimh a bhfuil coinne leis (bunaithe ar an bpróifíl ghinearálta).

I gcás ina bhfuil státchabhair i gceist leo, bearta lena ndéantar úsáid éifeachtúil fuinnimh a chur chun cinn agus a éascú, ní mór fógra maidir leo a thabhairt don Choimisiún roimh a gcur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 108(3) CFAE, murach cabhair de minimis iad (48) nó mura gcumhdaítear iad le blocdhíolúine (49).

5.5.2.3.   Gníomhartha eile, amhail léasanna glasa nó uirlisí faisnéise

(a)

Léas glas: Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme comhaontaithe léasa ghlais idir tionóntaí agus tiarnaí talún a éascú, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh a leasanna a ailíniú le bearta éifeachtúlachta fuinnimh. Chun é sin a dhéanamh, d’fhéadfadh na Ballstáit treoraíocht phraiticiúil a chur ar fáil ar conas léas glas a bhunú chomh maith le teimpléid le haghaidh comhaontú caighdeánach ar féidir le tionóntaí agus tiarnaí talún iad a rochtain agus a úsáid go héasca.

6.   OIBLEAGÁIDÍ A LEAGTAR SÍOS IN AIRTEAGAL 24

Sa roinn seo, soláthraítear treoraíocht do na Ballstáit maidir leis an gcaoi a bhféadfaí forálacha éagsúla Airteagal 24 a thrasuí agus a chur chun feidhme.

6.1.   Coincheap na gcustaiméirí leochaileacha lena n-áirítear úsáideoirí deiridh a bhunú – Airteagal 24(1)

6.1.1.   Creat dlíthiúil

Chun a áirithiú go mbaintear amach gach teaghlach ábhartha leis na bearta chun grúpaí leochaileacha a chumhachtú agus a chosaint, ceanglaítear le Airteagal 24(1) ar na Ballstáit custaiméirí, mar aon le húsáideoirí deiridh, a chur san áireamh agus coincheap na gcustaiméirí leochaileacha á shainmhíniú. Tá an fhoráil sin ina comhlánú ar fhorálacha eile i dTreoir (AE) 2023/1791, go háirithe in Airteagal 22, arb é is aidhm dóibh na forálacha maidir le faisnéis i ndáil leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid éifeachtúil fuinnimh, ionaid ilfhreastail agus sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a leathnú chun úsáideoirí deiridh a chumhdach.

Sainmhínítear úsáideoir deiridh in Airteagal 2, pointe (53), de Threoir (AE) 2023/1791 mar ‘d[h]uine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn téamh, fuarú nó uisce te tí dá chríochúsáid féin, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a áitíonn foirgneamh aonair nó aonad i bhfoirgneamh ilárasán nó ilchuspóra a soláthraítear téamh, fuarú nó uisce te tí dó ó fhoinse lárnach, agus gan aon chonradh díreach nó aonair a bheith ag an duine sin leis an soláthróir fuinnimh’. Cumhdaítear le samplaí d’úsáideoirí nach bhfuil aon chonradh díreach ná aonair acu leis an soláthróir fuinnimh tionóntaí foirgneamh iláititheoirí ina bhfuil córais chomhchoiteanna téimh, fuaraithe nó táirgthe uisce the tí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, áititheoirí áite cónaithe neamhspleáiche nó aonaid cúraim fhadtéarmaigh agus daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shealadach nó i ndídean.

6.1.2.   Rogha beart beartais chun an ceanglas a chomhlíonadh

Chun an riachtanas sin a chomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit na tacaíochtaí agus na cosaintí atá ann cheana a leathnú chun úsáideoirí deiridh a chumhdach, mar shampla trí tharaif shóisialta a leathnú ionas nach mbeadh sí ar fáil ach do chustaiméirí leochaileacha, a cheannaíonn fuinneamh dá n-úsáid féin, agus dóibh sin amháin, ach freisin chun tionóntaí árasán sóisialta ina bhfuil téamh comhchoiteann a chumhdach, nach bhfuil conradh díreach ná aonair acu leis an soláthróir fuinnimh.

6.2.   Feabhsuithe ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus cosaint tomhaltóirí ghaolmhar a chur chun feidhme mar thosaíocht i measc grúpaí leochaileacha – Airteagal 24(2)

6.2.1.   Raon feidhme an cheanglais

Ceanglaítear le hAirteagal 24(2) ar na Ballstáit bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus bearta gaolmhara cosanta tomhaltóirí nó faisnéise a chur chun feidhme mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú.

6.2.2.   Rogha beart beartais chun an ceanglas a chomhlíonadh

Áirítear meascán bealaí (neamh-uileghabhálacha) ar na cuir chuige chun teaghlaigh incháilithe a shainaithint agus chun tús áite a thabhairt dóibh: díriú ar theaghlaigh ar ioncam íseal teaghlaigh (féinaitheanta go hiondúil), úsáid a bhaint as tairbhí slándála sóisialta nó tithíochta atá ann cheana mar ‘thairbhí pas’ le haghaidh na tacaíochta éifeachtúlachta fuinnimh, díriú ar theaghlaigh a sainaithníodh cheana féin mar chustaiméirí leochaileacha atá incháilithe do thacaíocht i margaí fuinnimh, limistéir thíreolaíocha ar ioncam íseal nó dhíothacha ar bhealach eile a shainaithint, úsáid a bhaint as meascán d’athróga, lena n-áirítear thar aon rud eile leibhéal éifeachtúlachta fuinnimh an teaghlaigh, costais ioncaim agus fuinnimh, chun teaghlaigh a shainaithint atá i mbaol bochtaineacht fuinnimh (is é sin, atá i mbaol de bheith fuinneamhbhocht).

Chun an ceanglas a chur chun feidhme chun tús áite a thabhairt do bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, is féidir leis na Ballstáit, mar shampla, deontais agus fóirdheontais éifeachtúlachta fuinnimh nó athchóirithe tí (50), agus scéimeanna athsholáthair fearas bán, a thabhairt isteach atá dírithe go sonrach ar theaghlaigh sna grúpaí leochaileacha. Scéimeanna comhchosúla atá oscailte don phobal níos forleithne, is féidir leo bearta saor in aisce nó leibhéil fóirdheontais i bhfad níos airde a thairiscint do theaghlaigh incháilithe. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá freisin le tacaíocht shonrach le haghaidh tionóntaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos i bhfianaise na n-ardleibhéal bochtaineachta fuinnimh agus leochaileachta tionóntaí san earnáil sin in go leor Ballstát.

Chun bearta faisnéise agus cumhachtaithe a chur i ngníomh mar thosaíocht i measc na ngrúpaí leochaileacha liostaithe, féadfaidh na Ballstáit, mar shampla, pointí comhairle fuinnimh ar leibhéal réigiúnach nó bardasach a chur chun feidhme, lena soláthraítear faisnéis agus cúnamh do thomhaltóirí leochaileacha agus comhairliúcháin fuinnimh sa bhaile nó phearsanta le haghaidh teaghlaigh ar ioncam íseal. Le bheith éifeachtach, ba cheart na forálacha sin a dhearadh go sonrach chun tacú le grúpaí leochaileacha, ag cuimhneamh ar a riachtanais fuinnimh shonracha, ar a staid tithíochta agus tionachta, agus ar chomhdhéanamh agus ar thaithí an teaghlaigh. Is féidir an ceanglas sin a léamh i gcomhar leis an gceanglas comhlántach in Airteagal 22 ar ionaid ilfhreastail seirbhísí tiomnaithe a thairiscint do dhaoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus do theaghlaigh leochaileacha.

Is féidir bearta faisnéise a chur le chéile le tacaíocht le haghaidh grúpaí leochaileacha chun a mbealach a dhéanamh tríd an margadh soláthair fuinnimh, billí a thuiscint, fiachas a bhainistiú, seasamh lena gcearta sna margaí fuinnimh agus cosaint custaiméirí a áirithiú (lena n-áirítear na cearta conarthacha nua le haghaidh custaiméirí sa soláthar téimh agus fuaraithe ceantair agus uisce the tí dá bhforáiltear le hAirteagal 21 de Threoir (AE) 2023/1791). Mar shampla, pointí teagmhála aonair lena dtugtar do ghrúpaí leochaileacha an fhaisnéis uile is gá maidir lena gcearta, an dlí is infheidhme agus na sásraí um réiteach díospóidí, is féidir leo tacú leis an rochtain ar chosaint.

6.3.   Bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme chun éifeachtaí dáileacháin a mhaolú ó bheartais agus ó bhearta eile – Airteagal 24(3)(a)

6.3.1.   Raon feidhme an cheanglais

Ceanglaítear le hAirteagal 24(3), pointe (a), ar na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, dul i ngleic leis na héifeachtaí dáileacháin díobhálacha agus iad a mhaolú, go sonrach iad sin a bhaineann leis na bearta cánachais agus cur chun feidhme na trádála astaíochtaí laistigh den earnáil foirgneamh agus iompair, mar a leagtar amach i dTreoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (51). Bainfear é sin amach trí chur chun feidhme beart éifeachtúlachta fuinnimh.

Tagraíonn tionchair dháileacháin do na hiarmhairtí a bhíonn ag bearta beartais sonracha ar theaghlaigh a bhaineann le leibhéil ioncaim éagsúla laistigh den daonra. Is ann do thionchair dháileacháin dhiúltacha nó chúlchéimnitheacha i gcás ina ndéanann beartais den sórt sin difear neamhréireach do theaghlaigh ar ioncam íseal nó do ghrúpaí leochaileacha eile (52). Chun an measúnú ar thionchair dháileacháin a éascú, d’eisigh an Coimisiún Treoraíocht in 2022 lena soláthraítear modhanna feabhsaithe chun measúnú a dhéanamh ar thionchar dáileacháin beartas arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit (53).

6.3.2.   Rogha beart beartais chun an ceanglas a chomhlíonadh

D’fhéadfaí a áireamh ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh a úsáidtear chun tionchair dháileacháin a mhaolú infheistíochtaí i dteicneolaíocht nó i dtrealamh ar leibhéal an duine aonair/teaghlaigh, nó infheistíochtaí sa tseirbhís phoiblí/sa bhonneagar chun tairbhe a dhéanamh do na grúpaí nó na pobail is mó atá faoi ualach. Soláthraítear le hinfheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh réitigh níos inbhuanaithe agus cuidíonn siad le dul i ngleic leis na héagothromaíochtaí struchtúracha a mbíonn na tionchair dháileacháin dhiúltacha ina dtoradh orthu, amhail tithe neamhéifeachtúla agus rochtain ar fhoinsí fuinnimh costasacha, neamhéifeachtúla nó truaillitheacha agus orthu sin amháin. (54)

Féadfaidh na Ballstáit, mar shampla, úsáid a bhaint as ioncaim ó Chórais Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA) agus ó chánacha carbóin náisiúnta chun scéimeanna athchóirithe tí agus athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh saor in aisce le haghaidh teaghlaigh ar ioncam íseal a chistiú. Imfhálú cion den choigilteas fuinnimh ó scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh atá le baint amach chun tairbhe do theaghlaigh ar ioncam íseal nó do theaghlaigh leochaileacha, is féidir leo cuidiú freisin chun dul i ngleic leis an tionchar de na costais a bheith á gcur ar aghaidh chuig billí custaiméirí (féach na ceanglais shonracha in Airteagal 8 de Threoir (AE) 2023/1791). Féadfar bearta coigilte fuinnimh a chur chun cinn trí na scéimeanna sin le haghaidh teaghlaigh leochaileacha ar ioncam íseal agus teaghlaigh i bpobail nach ndéantar freastal ceart orthu nó i bpobail faoi mhíbhuntáiste, mar shampla teaghlaigh thuaithe.

6.4.   An úsáid is fearr a bhaint as gcistiú poiblí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus infheistíochtaí réamhbhreathnaitheacha a dhéanamh – Airteagal 24(3)(b) agus Airteagal 24(3)(c)

6.4.1.   Raon feidhme an cheanglais

In Airteagal 24(3), pointe (b), spreagtar na Ballstáit chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an gcistiú poiblí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an ranníocaíocht airgeadais arna fáil ag Ballstát ón gCiste Aeráide Sóisialta, agus ioncam ó cheantanna lamháltas ó CTA le haghaidh infheistíochtaí i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh mar ghníomhaíochtaí tosaíochta. De bhreis ar na hioncaim ón gCiste Aeráide Sóisialta agus ó CTA, is ann do chláir Eorpacha eile chun iarrachtaí na mBallstát le haghaidh feabhsú éifeachtúlachta fuinnimh a chistiú amhail an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cistí faoin mbeartas comhtháthaithe agus an Ciste don Nuachóiriú, InvestEU.

Thairis sin, cuirtear i dtábhacht in Airteagal 24(3), pointe (c), an gá do na Ballstáit infheistíochtaí réamhbhreathnaitheacha agus spriocdhírithe a dhéanamh i bhfeabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh. Tá sé d’aidhm ag na hinfheistíochtaí sin teaghlaigh a chosaint ar éifeachtaí diúltacha beartas eile sula mbeidh éifeacht acu, uas-scálú agus athdhearadh clár tacaíochta a éascú chun tionchair dháileacháin dhíobhálacha a mhaolú, agus an t-ualach airgeadais a laghdú ar an gcaiteachas poiblí le haghaidh cúnamh airgeadais.

6.4.2.   Rogha beart beartais chun an ceanglas a chomhlíonadh

Tugtar tuairisc sa nóta treorach a bhaineann le hAirteagal 30 (55) ar bhunú scéimeanna cistiúcháin iomchuí chun tacú le glacadh infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus dícharbónaithe. Is ann do shamplaí iomadúla d’úsáid a bheith á baint ag na Ballstáit as cistiú poiblí le haghaidh feabhsú éifeachtúlachta fuinnimh i réimsí lena mbaineann ardleibhéil bochtaineachta fuinnimh nó lena mbaineann leibhéil níos airde cistiúcháin le haghaidh teaghlaigh ar ioncam níos ísle. Chun leibhéal maith cistiúcháin a chruthú le haghaidh teaghlaigh ar ioncam íseal, féadfaidh na Ballstáit bearta cistiúcháin aonair a chur le chéile chun cistí poiblí, Deimhnithe Bána, iasachtaí atá saor ó ús, samhlacha maoinithe nuálacha, amhail ardáin sluachistithe, etc. a thabhairt le chéile. Féadfaidh na Ballstáit, mar shampla, cistí náisiúnta le haghaidh na héifeachtúlachta fuinnimh agus an téimh a thabhairt le chéile le cistiú breisithe le haghaidh bearta costasacha bunaithe ar an limistéar áitiúil, mar aon le hiasacht atá saor ó ús.

Chun infheistíochtaí réamhbhreathnaitheacha spriocdhírithe a bhaint amach, is féidir leis na Ballstáit clár éifeachtúlachta fuinnimh nua a thabhairt isteach nó clár éifeachtúlachta fuinnimh atá ann cheana a uas-scálú nó a athdhearadh chun díriú ar an daonra faoi ualach agus dul i ngleic lena riachtanais. Mar shampla, is féidir fóirdheontais le haghaidh insliú nó teicneolaíochtaí téimh ghlain amhail teaschaidéil a thabhairt isteach roimh cháin charbóin a ghearradh ar bhreoslaí iontaise a úsáidtear le haghaidh téimh. Dreasachtaí chun cineálacha ísealcharbóin taistil amhail rothair agus feithiclí leictreacha a cheannach, agus scéimeanna traipisithe feithiclí, is féidir iad a thabhairt isteach roimh athchóirithe cánach lena méadaítear an costas ar bhreoslaí iompair de bhóthar, cánachas bóithre nó tabhairt isteach teorainneacha ar astaíochtaí i limistéir uirbeacha. Ina dteannta sin, roimh thabhairt isteach an athchóirithe cánach, d’fhéadfadh na Ballstáit cuimhneamh ar idirghabhálacha arb é is aidhm dóibh cur leis an bhfeasacht ar thairbhí na dteicneolaíochtaí nua sin. Is minic nach nglacann daoine na teicneolaíochtaí nua mar gheall ar éiginnteacht, míthuiscint, nó claontacht i leith status quo. Dá bhrí sin, feachtais faisnéise ar thairbhí breise sin na dteicneolaíochtaí, agus mínithe ar an gcaoi a n-oibríonn siad, agus faisnéis maidir leis an líon daoine a ghlac iad agus a dtaithí dhearfach orthu, d’fhéadfaidís a bheith ríthábhachtach freisin.

Agus scéimeanna tacaíochta nua á dtabhairt isteach nó scéimeanna atá ann cheana á leasú nó síneadh á chur leo, ba cheart do na Ballstáit féachaint an bhfuil státchabhair i gceist leis na bearta sin, agus sa chás sin ba ghá réamhfhógra a thabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 108(3) CFAE.

6.5.   Cúnamh teicniúil agus leathadh amach cistithe cumasúcháin agus uirlisí airgeadais a chothú – Airteagal 24(3)(d)

6.5.1.   Raon feidhme an cheanglais

Ceanglaítear le hAirteagal 24(3), pointe (d), ar na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, cúnamh teicniúil a chothú le haghaidh custaiméirí leochaileacha, daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, teaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, agus leathadh amach cistiúcháin agus uirlisí airgeadais a chothú lena gcuirtear ar a gcumas do na grúpaí leochaileacha sin tairbhiú d’infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh. Is féidir samplaí éagsúla d’uirlisí cistithe cumasúcháin agus airgeadais a chur san áireamh agus Airteagal 24 á chur chun feidhme, amhail scéimeanna inbhille, cúlchiste áitiúil lamháltais caillteanais, cistí ráthaíochta, cistí atá dírithe ar athchóiriú domhain.

6.5.2.   Rogha beart beartais chun an ceanglas a chomhlíonadh

Bíonn sé níos deacra ar chustaiméirí leochaileacha gníomhú go neamhspleách sa mhargadh fuinnimh léirscaoilte agus tairbhiú dá dheiseanna. Ar an gcaoi chéanna, is minic nach ndéantar freastal maith ar na teaghlaigh sin nó nach mbíonn rochtain chomh maith sin acu ar sheirbhísí tacaíochta amhail comhairle faoi fhuinneamh nó taraifí fuinnimh a athrú, mura ndéantar scéimeanna nó cláir a dhearadh agus a thiomnú go sonrach dá riachtanais. Dá bhrí sin, is féidir cúnamh teicniúil, ábhartha go sonrach do ghrúpaí leochaileacha, a sholáthar sna réimsí seo a leanas, i measc réimsí eile:

(a)

comhairle maidir le taraifí fuinnimh agus bearta iompraíochta chun an tomhaltas fuinnimh a laghdú i gcomhréir lena riachtanais;

(b)

comhairle maidir le fearais tí, amhail athsholáthar fearas leictreach, córas soilsithe, coirí uisce the etc. atá sean agus nach bhfuil leordhóthanach;

(c)

bearta athchóirithe dhomhain i gcomhthéacs tithe ilárasán, lena n-áirítear athsholáthar nó uasghrádú chóras an tsoláthair fuinnimh, agus béim á leagan ar an measúnú teicniúil eacnamaíoch ar an athchóiriú agus comhordú na bpáirtithe leasmhara éagsúla lena mbaineann;

(d)

bearta athchóirithe dhomhain i gcomhthéacs tithe teaghlaigh aonair, lena n-áirítear malartú an chórais soláthair fuinnimh, agus béim á leagan ar roghnú na mbeart teicniúil is éifeachtaí agus féidearthacht an chistiúcháin.

Is féidir an cúnamh teicniúil le haghaidh grúpaí leochaileacha a sholáthar, mar shampla, trí phointí comhairle fuinnimh agus caiféanna fuinnimh ar an leibhéal réigiúnach nó bardasach nó trí chomhairliúcháin fuinneamh sa bhaile. Le haghaidh chur chun feidhme Airteagal 24(3), pointe (d), tá sé tábhachtach a áirithiú go n-éiríonn leis an gcúnamh a sholáthraítear dul chomh fada leis na grúpaí leochaileacha a liostaítear. Is féidir é sin a bhaint amach, mar shampla, le comhairleoirí ag a bhfuil inniúlacht i réimse an fhuinnimh chomh maith leis an réimse sóisialta nó gníomhaithe sóisialta a bheith rannpháirteach lena n-áirithítear rochtain ar theaghlaigh leochaileacha (féach roinn 6.6 de na treoirlínte seo).

Tugtar tuairisc sa nóta treorach a bhaineann le hAirteagal 30 (56) ar uirlisí cistiúcháin agus airgeadais, i dtéarmaí ginearálta. Tugtar liosta in Airteagal 24(3), pointe (d), de shamplaí d’uirlisí airgeadais agus cistiúcháin a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do ghrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear scéimeanna inbhille, cúlchiste áitiúil lamháltais caillteanais, cistí ráthaíochta, cistí atá dírithe ar athchóiriú (domhain). Gan beann ar na samhlacha sonracha a roghnaítear, moltar na nithe seo a leanas maidir leis na huirlisí cistiúcháin agus airgeadais: (57)

(a)

deartar iad go sonrach le haghaidh na ngrúpaí leochaileacha chun go mbeidh siad inrochtana agus oiriúnach, mar a chuirtear i dtábhacht a thuilleadh in Airteagal 24(3), pointe (f);

(b)

tá siad ar fáil le haghaidh na gcineálacha éagsúla infheistíochtaí, lena n-áirítear infheistíochtaí i bhfearais tí, amhail athsholáthar fearas leictreach, córas soilsithe, coirí uisce the etc. atá sean agus nach bhfuil leordhóthanach, chomh maith le foirgnimh, suas go dtí athchóiriú domhain;

(c)

téann siad i ngleic leis na comhthéacsanna éagsúla tithíochta ar bhealach iomchuí, mar shampla, mar ní hionann ar chor ar bith an cinneadh infheistíochta i dtithe ina bhfuil teaghlaigh iomadúla agus an cinneadh infheistíochta i dtithe teaghlaigh aonair. Ní mór rannchuidiú le cinntí infheistíochta dearfacha arna ndéanamh ag teaghlaigh leochaileacha sa dá chás leis na scéimeanna cistiúcháin, agus gach cineál éagsúil creataí dlíthiúla amhail dlí comhthiarnais, dlí tionóntachta, etc. a chur san áireamh.

Féadfaidh na Ballstáit, mar shampla, scéim cistiúcháin a thabhairt isteach faoina bhféadfadh teaghlaigh ar ioncam íseal fearais fhuinneamhéifeachtúla a fháil ar cíos. Cumasaítear leis an scéim cistiúcháin rochtain le haghaidh teaghlaigh ar ioncam íseal ar fhearais fhuinneamhéifeachtúla gan gá a bheith ann na costais tosaigh a iompar, agus cuidíonn sé sa deireadh thiar leis an gcaiteachas fuinnimh a laghdú agus feabhas a chur ar staid airgeadais teaghlach ar ioncam íseal.

6.6.   Cúnamh teicniúil a chothú do ghníomhaithe sóisialta – Airteagal 24(3)(e)

6.6.1.   Raon feidhme an cheanglais

Aithnítear in Airteagal 24(3), pointe (e), rannchuidiú luachmhar gníomhaithe sóisialta chun beartais agus bearta a chur chun feidhme chun an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac. Féadfaidh na Ballstáit cúnamh teicniúil a chothú do ghníomhaithe sóisialta chun cur lena saineolas gairmiúil agus lena n-eolas teicniúil. Tá an cúnamh sin fíor-riachtanach chun feabhas a chur ar a n-acmhainneacht chun rannpháirtíocht ghníomhach custaiméirí leochaileacha a chur chun cinn sa mhargadh fuinnimh agus athruithe dearfacha a chothú sa chaoi a n-idirghníomhaíonn siad le fuinneamh.

6.6.2.   Rogha beart beartais chun an ceanglas a chomhlíonadh

D’fhéadfaí iad seo a leanas a áireamh ar ghníomhaithe sóisialta i gcomhthéacs Airteagal 24(3), pointe (e): fiontair phoiblí, phríobháideacha, charthanacha, shóisialta, agus institiúidí reiligiúnacha a bhfuil cuspóir sóisialta leo. Féadfaidh an próiseas cur chun feidhme tairbhiú go sonrach de rannpháirtíocht ghníomhach gníomhaithe sóisialta ón tithíocht, sláinte, cosaint tomhaltóirí, comhtháthú agus forbairt pobail, agus seirbhísí sóisialta.

Léirítear leis an taithí ar an gcleachtas go bhféadfaí iad seo a leanas, i measc nithe eile, a áireamh ar an gcúnamh teicniúil a sholáthraítear do ghníomhaithe sóisialta:

(a)

forbairt suímh gréasáin chuimsithigh lena soláthraítear faisnéis mhionsonraithe do ghníomhaithe sóisialta maidir le coincheapa agus nósanna imeachta a bhaineann le fuinneamh (cuir i gcás, billí fuinnimh, nósanna imeachta dlíthiúla maidir le dínascadh, cearta tomhaltóirí);

(b)

forbairt uirlisí éagsúla agus foilseachán éagsúil arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar eolas agus ar chumas gníomhaithe sóisialta gníomhú go díreach maidir le hábhair a bhaineann le fuinneamh (cuir i gcás, bileoga eolais, treoirleabhair phraiticiúla, áireamháin mheán-tomhaltais);

(c)

soláthar tacaíochta pearsantaithe do ghníomhaithe sóisialta trí chomhairliúchán agus treoraíocht leanúnach, seisiúin oiliúna, nó cuairteanna ar an láthair;

(d)

eagrú seisiún oiliúna ginearálta agus sonraí le haghaidh gníomhaithe sóisialta, ó oiliúint bunscileanna ina gcumhdaítear modúil dhlíthiúla, riaracháin, shóisialta agus theicniúla, go hoiliúint dhomhain maidir le feidhmiú an mhargaidh fuinnimh, litearthacht airgeadais agus litearthacht dhigiteach, cuir i gcás;

(e)

bunú líonra chun cuir chuige agus cleachtais a mhalartú chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus chun naisc a chruthú idir páirtithe leasmhara éagsúla san earnáil phoiblí agus sa tsochaí shibhialta.

6.7.   Rochtain ar mhaoiniú, deontais nó fóirdheontais a áirithiú – Airteagal 24(3)(f)

6.7.1.   Raon feidhme an cheanglais

Le hAirteagal 24(3), pointe (f), leathnaítear an ceanglas in Airteagal 24(3), pointe (d), agus cuirtear i dtábhacht a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbíonn rochtain ag grúpaí leochaileacha ar airgeadas, ar dheontais nó ar fhóirdheontais iomchuí atá faoi cheangal ag gnóthachain íosta fuinnimh, agus rochtain ar iasachtaí bainc inacmhainne nó línte creidmheasa tiomnaithe a éascú.

6.7.2.   Rogha beart beartais chun an ceanglas a chomhlíonadh

Cumhdaítear tuairisc ghinearálta ar scéimeanna agus uirlisí airgeadais sa nóta treorach a bhaineann le hAirteagal 30, ach le bheith éifeachtach ba cheart na scéimeanna cistiúcháin sin a dhearadh le go mbeidh siad inrochtana ag na grúpaí leochaileacha a shainaithnítear agus go nglacann na grúpaí sin leo. Léirítear leis an taithí go mbíonn scéimeanna cistiúcháin lena mbaineann na saintréithe seo a leanas an-inrochtana do na grúpaí leochaileacha a liostaítear: (58)

(a)

coinnítear cuid den scéim cistiúcháin do na grúpaí leochaileacha a liostaítear, is é sin, iarratasóirí nach mbaineann leis an spriocghrúpa, ní féidir leo an cistiú a rochtain. Ina mhalairt de chás, is ródhócha go n-úsáidfeadh grúpaí ar ioncam níos airde an fóirdheontas ina iomláine;

(b)

cuirtear dálaí eacnamaíocha na ngrúpaí leochaileacha a liostaítear san áireamh i gcoinníollacha an fhóirdheontais. D’fhéadfadh sé go mbeadh éagsúlacht mhór ar na riachtanais chistiúcháin idir teaghlaigh ar ioncam íseal, meánach agus ard;

(c)

tugtar aghaidh ar acmhainneacht íseal creidmheasa teaghlach leochaileach. Is féidir é sin a bhaint amach ach ráthaíocht a áireamh sa scéim cistiúcháin nó scéim inbhille a chur i bhfeidhm. I scéim inbhille, cumhdaítear an t-athmhaoiniú infheistíochtaí leis an gcoigilteas fuinnimh, agus níl aon athrú ar an sonrasc soláthair fuinnimh nó ar íocaíocht an chostais tithíochta mhíosúil;

(d)

tugtar aghaidh go héifeachtach ar scrogaill airgeadais trí infhaighteacht cistí a áirithiú sula mbeidh an íocaíocht as an obair dlite. Cuidíonn an cur chuige sin le bacainní airgeadais féideartha a íoslaghdú. De rogha air sin, is féidir an íocaíocht fóirdheontais a eisíoc go díreach leis an suiteálaí, rud a dhéanann an próiseas íocaíochta a chuíchóiriú;

(e)

oiriúnaítear an scéim cistiúcháin do na comhthéacsanna éagsúla faoina bhféadfadh grúpaí leochaileacha cinneadh infheistíochta a ghlacadh nó faoina bhféadfaidís gan cinneadh infheistíochta a ghlacadh. Scéimeanna cistiúcháin arb é is aidhm dóibh fearais leictreacha a athsholáthar, deartar iad dá bhrí sin ar bhealach éagsúil leo siúd le haghaidh athchóiriú domhain;

(f)

tá sé ríthábhachtach fad saoil an chistiúcháin a áirithiú chun rochtain chomhsheasmhach ar thacaíocht airgeadais a choinneáil ar bun nuair is gá. Mura bhfuil an scéim fóirdheontais inrochtana go leanúnach – mar shampla, i gcás cur isteach nuair a ídítear na cistí buiséid le haghaidh tréimhse áirithe – is mó an tionchar diúltach ar theaghlaigh leochaileacha ná ar ghrúpaí tomhaltóirí eile.

6.8.   Líonra saineolaithe a bhunú – Airteagal 24(4)

6.8.1.   Raon feidhme an cheanglais

Ceanglaítear le hAirteagal 24(4) ar na Ballstáit líonra saineolaithe a bhunú nó a chur ar iontaoibh líonra atá ann cheana chun straitéisí a fhorbairt a thacóidh le cinnteoirí áitiúla agus náisiúnta i gcur chun feidhme feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh, cúnamh teicniúil agus uirlisí airgeadais arb é is aidhm dóibh an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú. Ceanglaítear le hAirteagal 24(4) go mbainfidh na saineolaithe sa líonra le hearnálacha éagsúla, amhail an earnáil sláinte, an earnáil foirgneamh agus an earnáil shóisialta, agus ceanglaítear ar na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh comhdhéanamh líonra a bhaint amach lena n-áirithítear an chothromaíocht inscne agus lena léirítear dearcthaí gach duine.

Liostaítear in Airteagal 24(4) freisin raon gníomhaíochtaí ar féidir iad a chur ar iontaoibh an líonra saineolaithe, a bhfuil achoimre orthu i roinn 6.9 de na treoirlínte seo Comhairle arna tabhairt ag an líonra saineolaithe.

6.8.2.   Rogha beart beartais chun an ceanglas a chomhlíonadh

Féadfaidh an líonra saineolaithe a bheith de chineálacha struchtúracha éagsúla, lena n-áirítear, mar shampla, faireachlann náisiúnta (a chistítear go poiblí go hiondúil), comhlacht neamhspleách comhairleach agus grinnscrúdaithe de chuid an rialtais, nó comhlacht faoi stiúir na sochaí sibhialta nó faoi stiúir an tsaoil acadúil a bhfuil caidreamh foirmiúil aige leis an lucht ceaptha beartas.

Chun ionadaíocht earnálach ábhartha na saineolaithe sa líonra a áirithiú, ba cheart saineolaithe a lorg ón earnáil sláinte, earnáil foirgneamh agus earnáil shóisialta. San earnáil sláinte, féadfar a chumhdach leis sin comhlachtaí sláinte poiblí rialtasacha agus neamhrialtasacha, seirbhísí sláinte náisiúnta, agus ionadaithe ón tsochaí shibhialta ó charthanais sláinte coirp agus mheabhairshláinte, fondúireachtaí, comhlachais, agus grúpaí a bhíonn ag saothrú ar son daoine faoi mhíchumas. San earnáil foirgneamh, féadfar a chumhdach leis an rannpháirtíocht ranna rialtais nó gníomhaireachtaí le haghaidh tithíochta agus pobal, comhlachtaí náisiúnta um chaighdeáin tithíochta, soláthraithe tithíochta sóisialta, comhlachtaí ionadaíocha tiarnaí talún, tionóntaí agus úinéirí tí, comhlachais eisiaimh tithíochta agus easpa dídine, chomh maith le lucht dearaidh agus cur chun feidhme cláir éifeachtúlachta fuinnimh agus athchóirithe. San earnáil shóisialta, féadfar a áireamh ar ionadaithe grúpaí tomhaltóirí, gníomhaireachtaí cuimsithe shóisialta agus oideachais, comhlachais rialtais áitiúil nó réigiúnaigh, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ionadaithe sochaí sibhialta ó líonraí frithbhochtaineachta, comhlachais reiligiúnacha, agus grúpaí carthanachta. Is féidir a áireamh leis an líonra saineolaithe freisin riaracháin phoiblí ó earnálacha ábhartha eile amhail an earnáil uisce nó an earnáil iompair, soláthróirí fuinnimh, dáileoirí agus rialtóirí, an lucht léinn, agus ombudsman fuinnimh nó idirghabhálaithe.

Tá sé tábhachtach freisin cuimhneamh ar an gcothromaíocht inscne ó thaobh rannpháirtithe de mar aithníodh go comhsheasmhach go mbíonn teaghlaigh faoi stiúir ban i mbaol níos mó na bochtaineachta fuinnimh. (59). Eagraíochtaí ionadacha a dhíríonn ar phríomhghrúpaí atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh (amhail aoisghrúpaí níos sine, grúpaí teaghlach agus leanaí, agus grúpaí mionlaigh, lena n-áirítear grúpaí imirceach agus dídeanaithe), taighdeoirí ar féidir leo scála, leitheadúlacht agus na héagothromaíochtaí struchtúracha as a n-eascraíonn riosca bochtaineachta fuinnimh a chur i láthair, agus b’fhéidir iad siúd a bhfuil taithí saoil acu, d’fhéadfaidís cuidiú le líonra saineolaithe an comhdhéanamh sin a bhaint amach. Le cur ar a gcumas do dhaoine a bhfuil taithí saoil acu rannchuidiú go rathúil leis an líonra, d’fhéadfaí cuimhneamh ar réitigh lena gcumasófaí rannpháirtíocht iomlán, lena n-áirítear íocaíocht as am agus taistil, cruthú timpeallachta rannpháirtíochta cuimsithí agus cuimhneamh ar an tiomantas ama agus ar am na ngníomhaíochtaí.

6.9.   Comhairle arna tabhairt ag an líonra saineolaithe – Airteagal 24(4)

Sonraítear in Airteagal 24(4) go bhféadfar a chur ar iontaoibh an líonra saineolaithe comhairle a thabhairt maidir le raon beart ábhartha measúnaithe agus maolaithe bochtaineachta fuinnimh.

Is féidir leis an líonra tacú le forbairt sainmhínithe, táscairí agus critéar náisiúnta maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh, fuinneamhbhocht, agus coincheapa de thomhaltóirí leochaileacha, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh (Airteagal 24(4), pointe (a)) agus táscairí agus tacair sonraí ábhartha a fhorbairt nó a fheabhsú i réimse na bochtaineachta fuinnimh (Airteagal 24(4), pointe (b)).

Tá foráil in Airteagal 24(4) freisin go bhféadfadh an líonra saineolaithe comhairle a thabhairt maidir le modhanna agus bearta chun inacmhainneacht na gcostas maireachtála a áirithiú, cur chun cinn na neodrachta ó thaobh costais tithíochta de a áirithiú, nó chun a áirithiú go rachaidh an cistiú poiblí a infheistítear i bhfeabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh chun tairbhe d’úinéirí agus do thionóntaí foirgneamh agus aonad foirgnimh, go háirithe maidir le custaiméirí leochaileacha, daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta (Airteagal 24(4), pointe (c)).

Cé go bhféadfaí billí fuinnimh a laghdú ach bearta éifeachtúlachta fuinnimh a shuiteáil, d’fhéadfadh na bearta sin cur leis an gcostas maireachtála i réimsí eile ag brath ar an gcaoi a maoinítear iad. Is amhlaidh an cás go háirithe i dtithíocht shóisialta nó i dtithíocht ar cíos, agus d’fhéadfadh sé gur ghá do sholáthraithe tithíochta den sórt sin cuid de na costais athchóirithe a chistiú ón gcíos. Chun méadú ar chíos nó ar chostais eile a chosc, moltar modhanna chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú agus chun costais fuinnimh a laghdú lena gcuirtear chun cinn neodracht ó thaobh costais tithíochta de (‘ina gcumhdaítear go hiomlán le coigiltis fuinnimh aon mhéadú ar an gcíos nó aon chostas aisíoca maoinithe’) (60). Beart lárnach lena áirithiú nach dtagann méadú ar chostais tithíochta is ea fóirdheontas mór a thabhairt do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh tríd an gcistiú poiblí, lena seachnófaí nó lena laghdófaí an gá le haisíocaíochtaí maoinithe. Tá achoimre i roinn 6.5 ar na treoirlínte seo maidir le bearta iomchuí chun leathadh amach uirlisí iomchuí cistiúcháin agus airgeadais a chumasú agus tá achoimre i roinn 5.5 ar na treoirlínte seo maidir le dul i ngleic le ceist na dreasachta scoilte.

Ar deireadh, is féidir leis an líonra saineolaithe comhairle a thabhairt maidir le bearta chun cásanna a chosc ina bhfuil grúpaí áirithe i mbaol níos mó nó ina bhfuil níos mó baol ann go ndéanfaidh an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh nó go bhfuil siad níos so-ghabhálaí dá drochthionchar, ar bhonn a n-ioncaim, inscne, déimeagrafaice, reachta sláinte nó toisc gur duine de ghrúpa mionlaigh iad (Airteagal 24(4), pointe (d)).

Measúnú ar tháscairí na bochtaineachta fuinnimh agus dí-chomhiomlánú na sonraí sin de réir ioncaim, inscne, tionacht tithíochta agus forleagain eile, arna dhéanamh ag faireachlanna náisiúnta bochtaineachta fuinnimh nó líonraí saineolaithe, is féidir leo tacú le tuiscint náisiúnta agus áitiúil níos caolchúisí orthu siúd is mó atá i mbaol bochtaineacht fuinnimh agus comhchoibhneas le fachtóirí struchtúracha agus sóisialta. Is féidir le líonraí náisiúnta saineolaithe tabhairt faoi thaighde freisin ar éifeachtacht agus ar thionchair dháileacháin beartas fuinnimh nó ioncaim nó beartas sóisialta eile lena shuí cé hiad na daoine a thairbhíonn agus aon ualach sóisialta breise a chruthaítear. Réamh-mheastacháin réamhbhreathnaitheacha maidir le rátaí bochtaineachta fuinnimh agus rioscaí mar thoradh ar athruithe ar phraghas an fhuinnimh, is féidir leo rioscaí do ghrúpaí sonracha a chur i dtábhacht freisin. Is féidir é sin a úsáid ina dhiaidh sin i ndearadh beartas agus clár tacaíochta chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh a bhaineann le grúpaí sonracha atá i mbaol nó an bhochtaineacht fuinnimh sin a chosc.

7.   CEANGLAIS TUAIRISCITHE

7.1.   Pleananna comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a nuashonrú

De réir Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, ceanglaítear ar na Ballstáit fógra a thabhairt faoin 30 Meitheamh 2024, agus faoin 1 Eanáir 2034 agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, maidir le nuashonrú ar a bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFA) is déanaí ar tugadh fógra faoi. Le hAirteagal 14(1) ceanglaítear ar na Ballstáit dréacht-nuashonrú ar a PNFA a sholáthar i gcónaí bliain roimh an sprioc-am in Airteagal 14(2).

De bhreis ar Rialachán (AE) 2018/1999, ceanglaítear le hAirteagal 22(2) de Threoir (AE) 2023/1791 ar na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh chun úsáid éifeachtúil fuinnimh ag custaiméirí deiridh agus ag úsáideoirí deiridh a chur chun cinn agus a éascú agus na bearta a chur ar áireamh i straitéis náisiúnta, amhail PNFA, nó an straitéis athchóirithe fhadtéarmach a bhunaítear de bhun Airteagal 2a de Threoir 2010/31/AE.

7.2.   Tuairisciú ar dhul chun cinn

Ceanglaítear le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999 ar na Ballstáit a dTuarascálacha Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide ar Dhul Chun Cinn ina gcumhdaítear na cúig ghné uile den Aontas Fuinnimh, ar gné amháin díobh í an éifeachtúlacht fuinnimh, a chur isteach.

Sonraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1999 an fhaisnéis atá le tuairisciú maidir le bearta atá le glacadh chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh.

I gcás ina gcinneann Ballstát, bunaithe ar mheasúnú ar an líon teaghlach i mbochtaineacht fuinnimh, go bhfuil líon mór teaghlach i mbochtaineacht fuinnimh ann, cuirfidh an Ballstát sin ar áireamh ina thuarascáil náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn faisnéis maidir le dul chun cinn i dtreo an chuspóra tháscaigh náisiúnta chun an líon teaghlach i mbochtaineacht fuinnimh a laghdú agus faisnéis chainníochtúil maidir leis an líon teaghlach i mbochtaineacht fuinnimh, agus, i gcás ina bhfuil fáil uirthi, faisnéis maidir le beartais agus bearta lena dtéitear i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh.

Ina theannta sin, ceanglaítear le hAirteagal 24 de Threoir (AE) 2023/1791 ar na Ballstáit na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus bearta gaolmhara cosanta tomhaltóirí nó faisnéise a thuairisciú, go háirithe iad siúd a leagtar amach in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 22 de Threoir (AE) 2023/1791, a chuirtear chun feidhme mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú faoi chuimsiú na gceanglas tuairiscithe atá ann cheana a leagtar amach in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1999.


(1)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach i ngás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/73/oj).

(2)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019 lch. 125, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/944/oj).

(3)  Energy Cities, 2020: How to set up a one-stop-shop for integrated home energy renovation? Le fáil ag: How to set up a one-stop-shop for integrated home energy renovation? - Energy Cities (energy-cities.eu) (Léite: an 3 Deireadh Fómhair 2023.

(4)  ACER, 2022. Annual Report on the Results of Monitoring the Internal Electricity and Natural Gas Markets in 2021-Energy Retail and Consumer Protection Volume. (Léite:7.3.2023) Tá measúnú níos mionsonraithe ar na critéir a úsáideann na Ballstáit éagsúla (agus an Iorua) chun coincheap custaiméirí leochaileacha i leictreachas agus/nó i ngás in 2018 a shainmhíniú le fáil in ACER (2019). Annual Report on the Results of Monitoring the Internal Electricity and Natural Gas Markets in 2018 - Consumer Empowerment Volume. (Léite: 7.3.2023)

(5)  Tomhas ar ioncam teaghlaigh is ea ioncam coibhéisithe ina gcuirtear san áireamh na difríochtaí i méid agus i gcomhdhéanamh teaghlaigh.

Eurostat, 2021. Gluais: Ioncam indiúscartha coibhéisithe. Le fáil ag: Gluais: Equivalised disposable income – Statistics Explained [Ioncam indiúscartha coibhéisithe. – Staidreamh arna Mhíniú] (europa.eu) (Léite 7.3.2023).

(6)  Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le RMD le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/11/oj).

(7)  An Eoraip Agatsa, 2022: Complaints and dispute resolution [Gearáin agus réiteach díospóidí]. Le fáil ag: Complaints and dispute resolution with energy suppliers [Gearáin agus réiteach díospóidí le soláthróirí fuinnimh] – An Eoraip Agatsa (europa.eu) (Léite: 3.11.2023)

(8)  Parlaimint na hEorpa, 2023: An tOmbudsman Eorpach. Le fáil ag: An tOmbudsman Eorpach. | Bileoga eolais ar an Aontas Eorpach | Parlaimint na hEorpa (europa.eu) (Léite: 3.10.2023)

(9)  ECFE, 2020: Tithíocht shóisialta: A key part of past and future housing policy. Le fáil ag: social-housing-policy-brief-2020.pdf (oecd.org) (Léite: An 03 Deireadh Fómhair 2023

San achoimre seo ar bheartas, tá forbhreathnú ar an earnáil an-ilchineálach, agus tugtar achoimre ann ar shaintréithe na tithíochta sóisialta in ECFE agus san Aontas (i roinn 1) agus tugtar rogha samplaí den tithíocht shóisialta i roinnt tíortha de ECFE (Bosca 1.1). (Léite: 7.3.2023)

(10)   IO L 7, 11.1.2012, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/21(1)/oj.

(11)  Cosúil leis an gceanglas a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (b) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64, cuir isteach tagairt ELI).

(12)  Treoir 2015/2366 (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2366/oj).

(13)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/31/oj).

(14)  Chritiano, A., & Neimand, A., 2017: Stop Raising Awareness Already. Le fáil ag: Stop Raising Awareness Already (ssir.org) (Léite an 3/10/2023).

(15)  Renders, N., & Meynaerts, E., 2019: Implementation status and effectiveness of Article 17 of the Energy Efficiency Directive. Le fáil ag: Implementation status and effectiveness of Article 17 of the Energy Efficiency Directive (eceee.org) (Léite an 3/10/2023);

Labandeira et al., 2020: The impacts of energy efficiency policies: Meta-analysis. Le fáil ag: The impacts of energy efficiency policies: Meta-analysis – ScienceDirect (Léite an 3/10/2023). Alt, M., Bruns, H., Della Valle, N. agus Murauskaite-Bull, I., Synergies of interventions to promote pro-environmental behaviors – A meta-analysis of experimental studies, GLOBAL ENVIRONMENTAL CHANGE-HUMAN AND POLICY DIMENSIONS, ISSN 0959-3780, 84, 2024, lch. 102776, JRC130163, https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC130163.

(16)  Preziosi, M., Federici, A., & Merli, R., 2022: Evaluating the Impact of Public Information and Training Campaigns to Improve Energy Efficiency: Findings from the Italian Industry. Le fáil ag: Energies | Free Full-Text | Evaluating the Impact of Public Information and Training Campaigns to Improve Energy Efficiency: Findings from the Italian Industry (mdpi.com) (Léite an 3/10/2023).

(17)  Evans, S., 2014: If energy efficiency is so great, why aren’t we doing more of it? Le fáil ag: If energy efficiency is so great, why aren’t we doing more of it? – Carbon Brief (Léite an 3/10/2023).

(18)  Saars, L., Meyer, J., & Madsen, M., 2023: Kurzstudie Energieeffizienzmaßnahmen in der Industrie – Marktnahe und wirtschaftliche Energieeinsparpotentiale in der Industrie. Le fáil ag: HSNR-Kurzstudie-EnEffPotentiale-Industrie-2023-03-31.pdf (deneff.org) (Léite an 3/10/2023).

(19)  I gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/2831 (IO L 2023/2831, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2831/oj).

(20)  Go háirithe, Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine, nó GBER, mar a thugtar air).

(21)  S3C, 2015: Energy audits for households. Le fáil ag: S3C (2015) Guideline: Energy audit for households (Léite: 3.10.2023).

(22)  San Aontas, meastar gur idir EUR 180 agus EUR 500 atá ann, ag brath ar chineál agus ar mhéid an áitribh (Foinse: S3C (2015). Energy audits for households. Le fáil ag: S3C (2015) Guideline: Energy audit for households (Léite: 3.10.2023).

(23)  UNHCR. Accessible Communication for Persons with Disabilities. Le fáil ag: AAP Operational Guidance | UNHCR https://www.unhcr.org/sites/default/files/2022-12/UNHCR_AAPTool_CT_Accessible_Communication_for_PwD.pdf (Léite: 3.10.2023)

(24)   Bridging the Gap, 2018: Inclusive and accessible communication guidelines. Le fáil ag: BtG_Inclusive-and-accessible-Communication-Guidelines.pdf (bridgingthegap-project.eu) (Léite an 3/10/2023).

(25)  IEA, 2021: Better energy efficiency policy with digital tools. Le fáil ar: Better energy efficiency policy with digital tools – Analysis - IEA (Léite an 3/10/2023).

(26)  Nudge, 2023: Leathanach baile. Le fáil ag: Nudge • Nudging consumers towards energy efficiency through behavioural science (nudgeproject.eu) (Léite an 3/10/2023).

(27)  Interreg, 2018: Behaviour change for energy efficiency [Athrú iompraíochta ar mhaithe leis an éifeachtúlacht fuinnimh]. Le fáil ag: https://euagenda.eu/upload/publications/untitled-192854-ea.pdf (Léite an 3/10/2023).

(28)  EEA, 2013: Achieving energy efficiency through behaviour change: what does it take? [An éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach trí athrú iompraíochta: céard atá i gceist?] Le fáil ag: Achieving energy efficiency through behaviour change: what does it take? [An éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach trí athrú iompraíochta: céard atá i gceist?] — An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (europa.eu) (Léite an 3/10/2023).

(29)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE, agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1999/oj).

(30)  Interreg na hEorpa, 2019: Supporting energy renovation of private households through One-Stop Shops [Tacú le hathchóiriú fuinnimh teaghlach príobháideach trí Ionaid Ilfhreastail]. Le fáil ag: Policy brief on One-Stop-Shops.pdf [Achoimre ar bheartas maidir le hIonaid Ilfhreastail] (interregeurope.eu) (Léite an 3/10/2023).

(31)  Interreg na hEorpa, 2019: Supporting energy renovation of private households through One-Stop Shops [Tacú le hathchóiriú fuinnimh teaghlach príobháideach trí Ionaid Ilfhreastail]. Le fáil ag: Policy brief on One-Stop-Shops.pdf [Achoimre ar bheartas maidir le hIonaid Ilfhreastail] (interregeurope.eu) (Léite an 3/10/2023). JRC, 2021: One-stop shops for residential building energy renovation in the EU [Ionaid ilfhreastail le haghaidh athchóiriú fuinnimh ar fhoirgnimh chónaitheacha san Aontas Eorpach]. Le fáil ag: JRC, 2021: One-stop shops for residential building energy renovation in the EU [Ionaid ilfhreastail le haghaidh athchóiriú fuinnimh ar fhoirgnimh chónaitheacha san Aontas Eorpach] (Léite: 3.10.2023).

(32)  Agus OSS á bhunú agus an rogha samhla á roghnú, ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar a n-oibleagáid faoi Airteagal 108(3) CFAE fógra a thabhairt maidir le haon bheart lena mbaineann státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE roimh a chur chun feidhme, mura gcumhdaítear na bearta+ sin le blocdhíolúine.

(33)  Interreg na hEorpa, 2019: Supporting energy renovation of private households through One-Stop Shops [Tacú le hathchóiriú fuinnimh teaghlach príobháideach trí Ionaid Ilfhreastail]. Le fáil ag: Policy brief on One-Stop-Shops.pdf [Achoimre ar bheartas maidir le hIonaid Ilfhreastail] (interregeurope.eu) (Léite an 3/10/2023). JRC, 2021: One-stop shops for residential building energy renovation in the EU [Ionaid ilfhreastail le haghaidh athchóiriú fuinnimh ar fhoirgnimh chónaitheacha san Aontas Eorpach]. Le fáil ag: JRC, 2021: One-stop shops for residential building energy renovation in the EU [Ionaid ilfhreastail le haghaidh athchóiriú fuinnimh ar fhoirgnimh chónaitheacha san Aontas Eorpach] (Léite an 3/10/2023).

(34)  Airteagal 12 de Threoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L, 2024/1275, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1275/oj).

(35)  Féach, mar shampla, tionscadal STEP H2020 maidir le dul i bpáirt le teaghlaigh fhuinneamhbhochta https://www.stepenergy.eu, ionad ilfhreastail Opelanga i réigiún na mBascach https://opengela.eus/en.

(36)  UsersTCP, 2020: Hard-to-Reach Energy Users: A Literature Review. Le fáil ag: HTR-Task-Literature-Review_EBook.pdf (userstcp.org) (Léite an 3/10/2023).

(37)  Agus OSS á bhunú agus an rogha samhla á roghnú, ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar a n-oibleagáid faoi Airteagal 108(3) CFAE fógra a thabhairt maidir le haon bheart lena mbaineann státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE roimh a chur chun feidhme, mura gcumhdaítear na bearta sin le blocdhíolúine.

(38)  Interreg na hEorpa, 2019: Supporting energy renovation of private households through One-Stop Shops [Tacú le hathchóiriú fuinnimh teaghlach príobháideach trí Ionaid Ilfhreastail]. Le fáil ag: Policy brief on One-Stop-Shops.pdf [Achoimre ar bheartas maidir le hIonaid Ilfhreastail] (interregeurope.eu) (Léite an 3/10/2023).

(39)  Energy Cities, 2020: How to set up a one-stop-shop for integrated home energy renovation? Le fáil ag: How to set up a one-stop-shop for integrated home energy renovation? - Energy Cities (energy-cities.eu) (Léite: An 03 Deireadh Fómhair 2023.

(40)  Della Valle, N. agus Sareen, S., Nudging and boosting for equity Towards a behavioural economics of energy justice [Tathant agus treisiú le haghaidh an chothromais, I dtreo eacnamaíocht iompraíochta den cheartas fuinnimh], ENERGY RESEARCH and SOCIAL SCIENCE, ISSN 2214-6296, 68, 2020, lch. 101589, JRC125190, https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC125190.

(41)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE, (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(42)  Creutzfeldt, N. Gill, C., Cornelis, M. & McPherson, R., 2021: Access to justice for vulnerable and energy poor consumer: Just energy? Hart Publishing, Caibidil 4 Access to Justice for Vulnerable and Energy-Poor Consumers: Just Energy?: Naomi Creutzfeldt: Hart Publishing (bloomsbury.com) (Léite: 3.10.2023).

(43)  [sonraigh] Féach Airteagal/Airteagail … de Threoir 2013/11/AE.

(44)  BEUC, 2022: Réiteach malartach díospóidí le haghaidh tomhaltóirí: Tá sé in am againn céim eile ar aghaidh a thabhairt. Le fáil ag: beuc-x-2022-062_adr_position_paper.pdf (Léite: 3.10.2023).

(45)  BEUC, 2022: Réiteach malartach díospóidí le haghaidh tomhaltóirí: Tá sé in am againn céim eile ar aghaidh a thabhairt. Le fáil ag: beuc-x-2022-062_adr_position_paper.pdf (Léite: 3.10.2023).

(46)  Economidou, M., & Bertoldi, P., 2015: Practices to overcome split incentives in the EU building stock. Le fáil ag: Practices to overcome split incentives in the EU building stock (eceee.org) (Léite: 3.10.2023).

(47)  Economidou, M., & Serrenho, T., 2019: Assessment of progress made by Member States in relation to Article 19(1) of Directive 2012/27/EU – Actions taken to remove barrier of split incentives and boost green procurement [Measúnú ar dhul chun cinn na mBallstát i ndáil le hAirteagal 19(1) de Threoir 2012/27/AE – Gníomhartha chun deireadh a chur le bacainn na ndreasachtaí scoilte agus chun borradh a chur faoin soláthar glas]. Le fáil ag: Assessment of progress made by Member States in relation to Article 19(1) of the Directive 2012/27/EU [Measúnú ar dhul chun cinn na mBallstát i ndáil le hAirteagal 19(1) de Threoir 2012/27/AE] – Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu) (Léite: 3.10.2023).

(48)  I gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/2831.

(49)  Go háirithe, Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine, nó GBER, mar a thugtar air), go háirithe Airteagal 38b.

(50)  Tá treoraíocht maidir le státchabhair le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh le fáil in Guiding Template: Energy efficiency in buildings [Teimpléad Treoraíochta: Éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh] (le fáil ag https://competition-policy.ec.europa.eu/document/download/f38dcd94-689e-4de9-9747-765126f49438_en?filename=template_RRF_energy_efficiency_in_buildings_04042023.pdf).

Tá faisnéis sa Teimpléad Treoraíochta maidir leis na cásanna nach bhféadfaí státchabhair a áireamh ar bhearta chun tacú leis an éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh agus ar bhunúis dlí oiriúnacha le haghaidh comhoiriúnacht státchabhrach araon.

(51)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).

(52)  Eurofound, 2021: Distributional impacts of climate policies in Europe [Tionchair dháileacháin beartas aeráide san Eoraip]. Le fáil ag: Distributional impacts of climate policies in Europe [Tionchair dháileacháin beartas aeráide san Eoraip] | An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (europa.eu) (Léite an 3/10/2023); Vandyck, T., Della Valle, N., Temursho, U. agus Weitzel, M., EU climate action through an energy poverty lens, SCIENTIFIC REPORTS, ISSN 2045-2322, 13 (1), 2023, lch. 6040, JRC130057, https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC130057.

(53)  An Coimisiún Eorpach (COM/2022/494): Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Measúnú níos fearr a dhéanamh ar thionchar dáileacháin bheartais na mBallstát.

(54)  ECFE, 2021: Managing the Distributional Effects of Environmental and Climate Policies: The Narrow Path for a Triple Dividend. Le fáil ag: https://one.oecd.org/document/ENV/WKP(2021)20/En/pdf (Léite an 3/10/2023).

(55)  Moladh ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 maidir le hAirteagal 30 maidir le cistí náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh, maoiniú agus tacaíocht theicniúil Threoir (AE) 2023/1791 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (‘athmhúnlú TEF’) a thrasuí (IO C, C/2023/1553, 19.12.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1553/oj).

(56)  Moladh C/2023/1553 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 maidir le hAirteagal 30 maidir le cistí náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh, maoiniú agus tacaíocht theicniúil Threoir (AE) 2023/1791 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (‘athmhúnlú na Treorach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh’) a thrasuí (IO C, C/2023/1553, 19.12.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1553/oj).

(57)  Tuilleadh faisnéise ar an ábhar: An Coimisiún Eorpach, 2022: The evolution of financing practices for energy efficiency in buildings, SME’s and in industry [Éabhlóid na gcleachtas maoinithe le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh, in FBManna agus sa tionscal]: an tuarascáil chríochnaitheach Le fáil ag: Report on the evolution of financing practices for energy efficiency in buildings, SME’s and in industry [Tuarascáil ar éabhlóid na gcleachtas maoinithe le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh, in FBManna agus sa tionscal] – Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu) (Léite: 3.10.2023).

(58)  Sunderland, L., & Gibb, D., 2022: Taking the burn out of heating for low-income households. Le fáil ar Taking the burn out of heating for low-income households – Regulatory Assistance Project (raponline.org) (Léite: 3.10.2023).

(59)  Oliveras, L. et al., 2021: Energy poverty and health: Trends in the European Union before and during the economic crisis, 2007–2016. Le fáil ag: Energy poverty and health: Trends in the European Union before and during the economic crisis, 2007–2016 - ScienceDirect (Léite an 3/10/2023); Murauskaite-Bull, I., Feenstra, M., Creusen, A., Koukoufikis, G., Della Valle, N., Shortall, R. agus Stojilovska, A., Gender and Energy: The effects of the energy transition on women [Inscne agus Fuinneamh: Éifeachtaí an aistrithe fuinnimh ar mhná], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2023, doi:10.2760/511412, JRC132744.

(60)  Bíonn an téarma ‘neodracht ó thaobh costais tithíochta de’ in úsáid ag an earnáil tithíochta sóisialta agus ag eagraíochtaí ionadacha tionóntaí agus an chiall atá leis ná a áirithiú nach dtagann méadú ar chostas iomlán na tithíochta (lena n-áirítear cíos/morgáiste, billí fuinnimh agus billí eile) tar éis an athchóirithe. Is féidir an coigilteas ar an mbille fuinnimh a úsáid chun cuid den infheistíocht tosaigh i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh a aisíoc, mar shampla trí mhéadú ar an gcíos, ach ní féidir é sin a dhéanamh ach go dtí an pointe gurb ionann an costas iomlán tithíochta agus mar a bhí roimh an athchóiriú. Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar an Aontas Idirnáisiúnta na dTionóntaí agus ar an tairseach Housing Europe [Tithíocht na hEorpa]. (Léite: 8.3.2023).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/2481/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top