This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D3218
Council Decision (EU) 2024/3218 of 12 December 2024 on the position to be taken on behalf of the European Union within the Committee of the Parties of the Council of Europe Convention on preventing and combating violence against women and domestic violence with regard to matters related to judicial cooperation in criminal matters
Cinneadh (AE) 2024/3218 ón gComhairle an 12 Nollaig 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla
Cinneadh (AE) 2024/3218 ón gComhairle an 12 Nollaig 2024 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla
ST/16143/2024/INIT
IO L, 2024/3218, 23.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3218/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3218 |
23.12.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/3218 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Nollaig 2024
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(2) agus Airteagal 84, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas Eorpach Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle (1), maidir le hinstitiúidí agus le riarachán poiblí an Aontais, agus trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle (2), i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus non-refoulement, a mhéid a thagann siad faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm i leith an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2023. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 66(1) den Choinbhinsiún, tá an Grúpa Saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean baile (‘GREVIO’) le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin ag na Páirtithe. De bhun Airteagal 68(3) den Choinbhinsiún, tá na nósanna imeachta meastóireachta tar éis nós imeachta na chéad mheastóireachta bonnlíne, a bhaineann leis na tuarascálacha maidir le bearta reachtacha agus bearta eile lena dtugtar éifeacht d’fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, arna dtíolacadh ag na Páirtithe, le roinnt ina mbabhtaí (‘babhtaí meastóireachta téamaí’). De bhun Airteagal 68(11) den Choinbhinsiún, tá GREVIO lena thuarascáil agus a chonclúidí a ghlacadh maidir leis na bearta arna ndéanamh ag an bPáirtí lena mbaineann. De bhun Airteagal 68(12) den Choinbhinsiún, ar bhonn na tuarascála agus na gconclúidí ó GREVIO, tá Coiste na bPáirtithe, a bunaíodh le hAirteagal 67 den Choinbhinsiún, in ann moltaí atá dírithe chuig an bPáirtí lena mbaineann a ghlacadh. |
|
(3) |
Seoladh an chéad bhabhta meastóireachta téamaí, dar teideal Building trust by delivering support, protection and justice (‘Muinín a chothú trí thacaíocht, cosaint agus ceartas a sholáthar’] in 2022 agus beidh sé ar siúl ó 2023 go 2031. Tugtar aghaidh sa bhabhta sin ar 19 bhforáil shonracha den Choinbhinsiún, eadhon Airteagail 7, 8, 11, 12, 14, 15, 16, 18, 20, 22, 25, 31, 48, 49, 50, 51, 52, 53 agus 56, agus baineann sé le cur chun feidhme fhorálacha an Choinbhinsiúin ag na Páirtithe, ar forálacha iad a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, cuir i gcás ábhair a bhaineann le híospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh a chosaint agus le tacaíocht a thabhairt dóibh. |
|
(4) |
I mí Mheán Fómhair 2024, roinn Rúnaíocht Choiste na bPáirtithe dréachtchinneadh IC-CP(2024)10 leis na Páirtithe maidir le moltaí atá le glacadh i bhfianaise na dtuarascálacha ó GREVIO arna nglacadh mar chuid den chéad bhabhta meastóireachta téamaí (‘an dréachtchinneadh’). Foráiltear leis an dréachtchinneadh do nós imeachta chun moltaí a ghlacadh agus chun maoirseacht a dhéanamh ar a gcur chun feidhme ina dhiaidh sin ag Coiste na bPáirtithe agus tá moladh samplach ann. Tá an dréachtchinneadh le plé agus, más féidir, le glacadh ag an 17ú cruinniú de Choiste na bPáirtithe an 17 Nollaig 2024. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste na bPáirtithe a bhunú ós rud é go mbunaítear leis an dréachtchinneadh an nós imeachta maidir le glacadh agus le maoirseacht chur chun feidhme na moltaí atá dírithe chuig na Páirtithe i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, a mhéid a thagann siad faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Beidh na moltaí sin in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, toisc go bhféadfaidís difear a dhéanamh do léirmhíniú fhorálacha ábhartha an Choinbhinsiúin amach anseo. |
|
(6) |
Foráiltear leis an dréachtchinneadh go bhfuil na moltaí le teorannú do na hábhair imní is práinní a shainaithin GREVIO ina thuarascálacha. Áirítear ar na hábhair imní sin easnaimh a mheasann GREVIO a éilíonn gníomhú láithreach, a léirítear leis an mbriathar ‘gríosaigh’, chomh maith leis na saincheisteanna sin a chreideann GREVIO gur cheart iad a leigheas go luath amach anseo, a léirítear leis an mbriathar ‘mol go láidir’, lena gcumhdaítear gach caibidil den Choinbhinsiún. |
|
(7) |
Foráiltear leis an dréachtchinneadh go bhfuil Coiste na bPáirtithe le maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí trína iarraidh ar an bPáirtí lena mbaineann tuarascáil i scríbhinn a chur isteach maidir leis na bearta a rinneadh laistigh de 3 bliana tar éis ó glacadh na moltaí. De bhun an dréachtchinnidh, tá Coiste na bPáirtithe in ann a roghnú ina dhiaidh sin gan aon chéim mhaoirseachta eile a thabhairt chun forluí le haon bhabhta meastóireachta téamaí amach anseo a sheachaint. |
|
(8) |
Foráiltear leis an dréachtchinneadh go bhfuil na moltaí le moladh don Pháirtí na tograí eile ó GREVIO nach bhfuil chomh práinneach céanna a chur chun feidhme, mar bhealach chun conclúidí GREVIO a fhormhuiniú ina n-iomláine, agus chun cuireadh a thabhairt don Pháirtí sin dul i mbun idirphlé leanúnach le GREVIO. |
|
(9) |
Ba cheart don Aontas aontú leis an dréachtchinneadh, ós rud é go bhfuil an nós imeachta a leagtar amach ann ag teacht leis an nós imeachta meastóireachta bonnlíne faoi Airteagal 68 den Choinbhinsiún, a bhí éifeachtach, agus go n-áirithítear leis cur chun feidhme éifeachtach na bhforálacha uile a roghnaíodh don mheastóireacht théamach, agus próisis faireacháin fhorluiteacha á seachaint an tráth céanna. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart gurb é seasamh an Aontais i gCoiste na bPáirtithe tacú le glacadh an dréachtchinnidh, lena n-áirítear an moladh samplach atá beartaithe agus a leagtar amach i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis. |
|
(11) |
Chun go mbeidh an tsolúbthacht is gá ann le linn chruinniú Choiste na bPáirtithe, ba cheart a fhoráil gur féidir athruithe sonracha ar an dréachtchinneadh a chomhaontú thar ceann an Aontais gan cinneadh eile ón gComhairle. |
|
(12) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(13) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 17ú cruinniú de Choiste na bPáirtithe, a bunaíodh le hAirteagal 67 de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coinbhinsiún’), tacú le glacadh dhréachtchinneadh IC-CP(2024)10 maidir le moltaí atá le glacadh ag Coiste na bPáirtithe(‘an dréachtchinneadh’), lena n-áirítear an moladh samplach atá beartaithe a leagtar amach i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis (‘Foscríbhinn I’).
Airteagal 2
I gcás nach féidir na pointí seo a leanas d’Fhoscríbhinn I a chomhaontú mar a leagtar amach sa dréacht-téacs iad, féadfaidh ionadaithe an Aontais laistigh de Choiste na bPáirtithe, gan cinneadh eile ón gComhairle, teacht ar chomhaontú maidir leis na hathruithe seo a leanas:
|
— |
pointe B: síneadh a chur leis an sprioc-am 3 bliana don Pháirtí lena mbaineann chun tuarascáil i scríbhinn a chur faoi bhráid Choiste na bPáirtithe maidir leis na bearta a rinneadh chun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme; |
|
— |
pointe C: an moladh a scriosadh go ndéanfadh an Páirtí lena mbaineann bearta chun na conclúidí breise ó na chéad tuarascálacha meastóireachta téamacha de chuid GREVIO a chur chun feidhme; |
|
— |
pointe D: an cuireadh chuig an bPáirtí lena mbaineann leanúint den idirphlé le GREVIO maidir leis an dul chun cinn a scriosadh. |
Freisin, féadfaidh ionadaithe an Aontais i gCoiste na bPáirtithe, gan cinneadh eile ón gComhairle, mionathruithe a dhéanamh ar an dréachtchinneadh, lena n-áirítear Foscríbhinn I, nach n-athraíonn go substaintiúil an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
PINTÉR S.
(1) Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1075/oj).
(2) Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, agus le tearmann agus non-refoulement (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 4, http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1076/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3218/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)