Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2936

Cinneadh (CBES) 2024/2936 ón gComhairle an 25 Samhain 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir

ST/14952/2024/INIT

IO L, 2024/2936, 26.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2936/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2936/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2936

26.11.2024

CINNEADH (CBES) 2024/2936 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2024

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 11 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1894 (1).

(2)

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na bearta sriantacha a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2019/1894. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sin go dtí an 30 Samhain 2025.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2019/1894 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8 de Chinneadh (CBES) 2019/1894:

‘Airteagal 8

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Samhain 2025 agus déanfar athbhreithniú leanúnach air. Déanfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

HANKÓ B.


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/1894 ón gComhairle an 11 Samhain 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir (IO L 291, 12.11.2019, lch. 47).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2936/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top