This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D2918
Commission Implementing Decision (EU) 2024/2918 of 19 November 2024 concerning certain emergency measures relating to sheep pox and goat pox in Bulgaria and repealing Implementing Decision (EU) 2024/2778 (notified under document C(2024) 8165)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2918 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2024 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2778 (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 8165)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2918 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2024 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2778 (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 8165)
C/2024/8165
IO L, 2024/2918, 22.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2918/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/05/2025: This act has been changed. Current consolidated version:
24/02/2025
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Repeal | 32024D2778 | 19/11/2024 |
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Validity extended by | 32024D3111 | 06/12/2024 | 28/02/2025 | ||
| Modified by | 32024D3111 | Athchur | airteagal 4 Téacs | 06/12/2024 | |
| Validity extended by | 32024D3232 | 19/12/2024 | 01/03/2025 | ||
| Modified by | 32024D3232 | Athchur | iarscríbhinn | 19/12/2024 | |
| Modified by | 32024D3232 | Athchur | airteagal 4 Téacs | 19/12/2024 | |
| Modified by | 32025D0091 | Athchur | iarscríbhinn | 13/01/2025 | |
| Modified by | 32025D0091 | Athchur | airteagal 4 Téacs | 13/01/2025 | |
| Modified by | 32025D0091 | Bailíocht shínte | 13/01/2025 | 31/03/2025 | |
| Modified by | 32025D0213 | Athchur | iarscríbhinn | 30/01/2025 | |
| Validity extended by | 32025D0372 | 19/02/2025 | 31/05/2025 | ||
| Modified by | 32025D0372 | Athchur | iarscríbhinn | 19/02/2025 | |
| Modified by | 32025D0372 | Athchur | airteagal 4 Téacs | 19/02/2025 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2918 |
22.11.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2918 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Samhain 2024
maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2778
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 8165)
(Is é an téacs Bulgáirise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é an bholgach caorach agus an bholgach gabhar a bhíonn ar ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar aistriú coinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
|
(2) |
I gcás ráig den bholgach caorach agus den bholgach gabhar in ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach. |
|
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, foráiltear le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear an bholgach caorach agus an bholgach gabhar, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseofar leis an gcrios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(4) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2778 ón gCoimisiún (4) faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le hionfhabhtú leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Bhulgáir. |
|
(5) |
Go sonrach, maidir leis na criosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise atá le bunú ag an mBallstát, tar éis ráig d’ionfhabhtú leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2778 go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. |
|
(6) |
Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2778 ann, thug an Bhulgáir fógra don Choimisiún faoi ráig eile den bholgach caorach agus den bholgach gabhar i mbunaíocht ina gcoimeádtar ainmhithe den chineál caorach agus/nó den chineál gabhair, bunaíocht atá lonnaithe in aonad réigiúnach Haskovo. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise sa Bhulgáir san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2778, ba cheart iad a choigeartú a thuilleadh, ó thaobh spáis agus/nó ama de, chun leathadh breise an ghalair sa Bhulgáir agus sa chuid eile den Aontas a chosc. |
|
(8) |
Ba cheart méid na gcriosanna cosanta agus faireachais, méid na gcriosanna srianta breise agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin a bheith bunaithe ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar sa Bhallstát lena mbaineann an galar sin, mar aon leis an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair. Ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta an Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe a chur san áireamh freisin agus fad na mbeart á chinneadh. |
|
(9) |
I ngeall ar dhéine agus phráinn na staide agus chun teorainn a chur le leathadh an ghalair láithreach tar éis don ghalar teacht chun cinn arís sa Bhulgáir, is gá a áirithiú nach n-aistreofar ainmhithe ó na criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise go cinn scríbe atá lasmuigh d’imlíne sheachtrach na gcriosanna srianta breise uile, agus go ndéanfar deonú maoluithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar an toirmeasc ar aistriú ainmhithe a eisiamh mar a fhoráiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ar feadh tréimhse áirithe ama, chun leathadh fad-achair an ghalair a chosc. Chun leathadh an ghalair chuig limistéir na mBallstát a chosc, tá sé tábhachtach nach n-aistreofar aon ainmhí ó na criosanna srianta. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a chur in ionad Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2778. |
|
(11) |
Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair san Aontas a mhéid a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar á cur san áireamh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Eanáir 2025. |
|
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déanfaidh an Bhulgáir an méid seo a leanas a áirithiú:
|
(a) |
go mbunóidh údarás inniúil an Bhallstáit sin láithreach criosanna srianta, lena gcuimseofar criosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin; |
|
(b) |
go gcuimseofar leis na criosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise dá dtagraítear i bpointe (a) ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
|
(c) |
maidir leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, sna criosanna faireachais agus sna criosanna srianta breise, go gcuirfear i bhfeidhm iad ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tá toirmeasc ar aistrithe caorach agus gabhar ó na criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise go ceann scríbe atá suite lasmuigh d’imlíne sheachtrach na gcriosanna srianta breise uile sin dá bhforáiltear i bPointe B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, go dtí na dátaí a liostaítear le haghaidh gach creasa san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 3
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2778.
Airteagal 4
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Eanáir 2025.
Airteagal 5
Is chuig na Poblacht na Bulgáire a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Samhain 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i dtaca le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca nach beag ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2778 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2024 maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le bolgach caorach agus bolgach gabhar sa Bhulgáir (IO L, 2024/2778, 29.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2778/oj).
IARSCRÍBHINN
A. Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar ráigeanna deimhnithe
|
An réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid de na criosanna srianta sa Bhulgáir dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
|
Réigiún Zagora BG-CAPRIPOX-2024-00002 |
An crios faireachais: Na codanna sin de réigiún Stara Zagora, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 chiliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead. 42.2579, domhanfhad 25.8028 (2024/2), diomaite de na limistéir atá san áireamh sa chrios cosanta |
15.11.2024 |
|
An crios faireachais: Na codanna sin de réigiún Stara Zagora, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 3 chiliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead. 42.2579, domhanfhad 25.8028 (2024/2) |
7.11.2024 go dtí an 15.11.2024 |
|
|
Réigiún Haskovo BG-CAPRIPOX-2024-00003 BG-CAPRIPOX-2024-00004 BG-CAPRIPOX-2024-00005 |
An crios cosanta: Na codanna sin de réigiún Haskovo, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 3 chiliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 41.71774, domhanfhad 26.31818 (2024/5) |
30.11.2024 |
|
An crios faireachais: Na codanna sin de réigiún Haskovo, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 chiliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 41.9698, domhanfhad 25.6564 (2024/3), domhanleithead 41.96, domhanfhad 25.65 (2024/4), domhanleithead 41.71774, domhanfhad 26.31818 (2024/5) diomaite de na limistéir atá san áireamh sa chrios cosanta |
9.12.2024 |
|
|
An crios faireachais: Na codanna sin de réigiún Haskovo, laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 3 chiliméadar, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí UTM 30, ETRS89 seo a leanas: domhanleithead 41.71774, domhanfhad 26.31818 (2024/5) |
1.12.2024 go dtí an 9.12.2024 |
B. Criosanna srianta breise
|
An t-aonad réigiúnach |
Limistéir atá sna criosanna srianta breise a bhunaítear sa Bhulgáir dá dtagraítear in Airteagal 2 |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
|
Réigiún Zagora |
Bardasachtaí Radnevo, Galabovo, Opan, Stara Zagora, diomaite de na limistéir atá san áireamh in aon chrios cosanta nó faireachais. |
15.11.2024 |
|
Bardasachtaí Radnevo, Galabovo, Opan, Stara Zagora |
16.11.2024 – 20.12.2024 |
|
|
Réigiún Haskovo |
Críocha iomlána réigiún Haskovo, diomaite de na limistéir atá san áireamh in aon chrios cosanta nó faireachais. |
9.12.2024 |
|
Críocha iomlána réigiún Haskovo |
10.12.2024 – 8.1.2025 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2918/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)