Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D2780

Cinneadh ón gComhairle an 29 Eanáir 2024 maidir leis na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an tríú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Phrótacal ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a dhíothú

ST/17027/2023/ADD/1

IO L, 2024/2780, 29.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2780/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2780/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2780

29.10.2024

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Eanáir 2024

maidir leis na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an tríú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Phrótacal ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a dhíothú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 33, 113, 114 agus Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Prótacal ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a dhíothú (1) (‘an Prótacal’), thug an t-Aontas i gcrích é le Cinneadh 2016/1749 (2) ón gComhairle, agus tháinig sé i bhfeidhm an 25 Meán Fómhair 2018.

(2)

De bhun Airteagal 33(5) den Phrótacal, tá Cruinniú na bPáirtithe (‘MOP’) leis na cinntí is gá a dhéanamh chun cur chun feidhme éifeachtach an Phrótacail a chur chun cinn.

(3)

Ag an tríú seisiún de MOP ón 12 Samhain go dtí an 15 Feabhra 2024, meastar go nglacfaidh MOP gníomhartha áirithe a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Dá bhrí sin, is iomchuí na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an tríú seisiún de MOP a bhunú de bhun Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(4)

Chun gur féidir ullmhúcháin agus ionadaíocht iomchuí a dhéanamh maidir le seasaimh an Aontais, ba cheart don Aontas leasú ar Rialacha Nós Imeachta MOP a mholadh chun a cheangal ar an Rúnaíocht doiciméid oifigiúla an chruinnithe a dháileadh 120 lá ar a laghad roimh gach MOP.

(5)

Chun an obair MOP a shimpliú agus seisiúin fhíorúla MOP a eagrú, agus chun foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht Ceann Rúnaíocht an Choinbhinsiúin gníomhach a ainmniú, ba cheart don Aontas tacú freisin leis na leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta MOP, a mholtar leis na haidhmeanna sin.

(6)

Ba cheart don Aontas tacú le feabhas a chur ar an bpróiseas chun Ceann Rúnaíocht an Choinbhinsiúin a roghnú agus a cheapadh, go háirithe chun nós imeachta athnuachain aonair ar an téarma oifige an duine sin a shimpliú, agus na critéir feidhmíochta oibiachtúla á n-urramú ag an am céanna,

(7)

I bhfianaise an deichiú seisiún roimhe sin de Chomhdháil na bPáirtithe (COP) i gCreat Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac, agus chun comhleanúnachas a áirithiú idir na Rialacha Nós Imeachta is infheidhme maidir le COP agus MOP, ba cheart go léireofar coigeartuithe ar Rialacha Nós Imeachta COP mutatis mutandis i Rialacha Nós Imeachta Chruinniú na bPáirtithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an tríú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Phrótacal ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a dhíothú (‘an Prótacal’), leagtar amach é san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Féadfaidh ionadaithe an Aontais teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe teicniúla agus mionchoigeartuithe a dhéanamh ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, i bhfianaise na bhforbairtí ag an tríú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Phrótacal, agus ag an deichiú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac, i gcomhairle leis na Ballstáit le linn cruinnithe maidir le comhordú ar an láthair, gan cinneadh breise ón gComhairle.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO L 268, 1.10.2016, lch. 10.

(2)  Cinneadh (AE) 2016/1749 ón gComhairle an 17 Meitheamh 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a dhíothú ag Creat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac, cé is moite dá fhorálacha a thagann faoi raon feidhme Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, (IO L 268, 1.10.2016, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Seasamh an Aontais maidir le pointe 7.6 ‘leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na rialacha nós imeachta’ agus pointe 7.7 ‘ceapadh Cheann Rúnaíocht an Choinbhinsiúin’ ar an gclár oibre, a phléifear ag an tríú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe (MOP) sa Phrótacal ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a dhíothú (‘an Prótacal’), i bPanama ón 12 go dtí an 15 Feabhra 2024.

I.   Leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar rialacha nós imeachta Chruinniú na bPáirtithe (FCTC/MOP/3/13)

Déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

1.

Tacóidh sé leis na leasuithe atá beartaithe chun an obair a dhéantar ag Cruinniú na bPáirtithe a shimpliú agus a réasúnú, mar shampla formheas na dtaifead focal ar fhocal a ghlacadh tar éis dheireadh an tseisiúin (Riail 60) nó an fhéidearthacht ghinearálta a thabhairt isteach maidir le míreanna de chláir oibre sheisiúin Chruinniú na bPáirtithe a chraoladh beo ar an ngréasán, faoi réir fhormheas Chruinniú na bPáirtithe ag tús gach seisiúin (Riail 15, mír b nua).

2.

Comhaontóidh sé soiléiriú a dhéanamh, gan Rialacha Nós Imeachta Chruinniú na bPáirtithe a leasú, ionas go dtuigtear go n-áirítear comhaid fuaime i dtaifid focal ar fhocal de chruinnithe iomlánacha (Riail 60).

3.

Tacóidh sé leis an leasú a bhaineann le seisiúin fhíorúla Chruinniú na bPáirtithe a eagrú (Riail 15, mír c nua); mar sin féin, níor cheart seisiúin fhíorúla a bheith teoranta go docht d’imthosca eisceachtúla agus, ar an gcaoi sin, nuair is féidir, cuirfear san áireamh an gá cothromaíocht a bhaint amach maidir leis na costais chomhshaoil a bhaineann le seisiúin ar an láthair.

4.

Tacóidh sé leis an leasú chun rannpháirtíocht chomhaltaí Bhiúró Chruinniú na bPáirtithe i gceapachán Cheann na Rúnaíochta a shainiú níos soiléire, chomh maith leis an leasú lena bhforáiltear don fhéidearthacht Ceann Rúnaíochta gníomhach a ainmniú, nuair is gá (Riail 24ter).

5.

Tacóidh sé leis an leasú a bhaineann le meáin chreidiúnaithe a bheith i láthair i seisiúin phoiblí (riail 2, mír 13), ós rud é go mbeidh comhsheasmhacht níos fearr ann idir Riail 2 agus Riail 32 mar thoradh ar an leasú sin.

6.

Tacóidh sé le ceartú neamhréireachtaí, lena n-áirítear scriosadh an fhocail ‘rún’ (Riail 60) agus ailíniú forálacha maidir le ‘eagraíochtaí réigiúnacha eacnamaíocha’ (Riail 2 agus Riail 29).

7.

Molfaidh sé go ndéanfar leasú ar Riail 8 lena gcuirtear oibleagáid faoi láthair ar an Rúnaíocht an clár oibre sealadach, mar aon le doiciméid chomhdhála eile, a dháileadh ar na Páirtithe 60 lá ar a laghad roimh lá tosaigh an tseisiúin. Ba cheart síneadh suas le 120 lá roimh oscailt an tseisiúin a chur leis an tréimhse sin ionas go mbeidh eagraíochtaí réigiúnacha um lánpháirtiú eacnamaíoch agus tíortha cónaidhme in ann a seasaimh a ullmhú agus a bhunú i gceart. Ba cheart tréimhse 90 lá ar a laghad a áirithiú le haghaidh doiciméid chomhdhála a bhaineann le cinntí a dhéantar ag Cruinniú na bPáirtithe atá ceangailteach ar na Páirtithe ó thaobh dlí de, nó a bhfuil impleachtaí tábhachtacha beartais nó dlíthiúla leo.

[seasamh cúltaca: is féidir leis an Aontas Eorpach glacadh le haon síneadh ar an tréimhse dáileacháin thar 60 lá roimh oscailt an tseisiúin mar atá ann faoi láthair, agus ar a laghad le haghaidh doiciméid chomhdhála a bhaineann le cinntí a dhéantar ag Cruinniú na bPáirtithe atá ceangailteach ar na Páirtithe ó thaobh dlí de, nó a bhfuil impleachtaí tábhachtacha beartais nó dlíthiúla leo.]

8.

I bhfianaise an deichiú seisiún roimhe sin de Chomhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac (‘FCTC EDS’) agus chun comhleanúnachas a áirithiú idir na rialacha nós imeachta is infheidhme maidir le Comhdháil na bPáirtithe agus Cruinniú na bPáirtithe, léireofar coigeartuithe ar Rialacha Nós Imeachta Chomhdháil na bPáirtithe (COP) mutatis mutandis i Rialacha Nós Imeachta Chruinniú na bPáirtithe.

II.   Ceapachán Cheann Rúnaíocht an Choinbhinsiúin: tuarascáil ón mBiúró (FCTC/MOP/3/14)

Déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

(1)

Gabhfaidh sé buíochas leis an mBiúró as an tuarascáil ina bhfuil moltaí comhpháirteacha ó Bhiúró COP agus Biúró MOP maidir le feabhas a chur ar an bpróiseas chun Ceann na Rúnaíochta a roghnú agus a cheapadh agus na critéir maidir le hiarrthóirí don phost mar Cheann na Rúnaíochta a roghnú.

(2)

Tacóidh sé le feabhsuithe beartaithe an phróisis chun Ceann na Rúnaíochta a roghnú agus a cheapadh, próiseas a bunaíodh le Cinneadh FCTC/COP8(8) agus Cinneadh FCTC/MOP1(12), lena n-áirítear modhnuithe chun athnuachan aonair ar théarma oifige Cheann na Rúnaíochta go ceann 4 bliana eile a shimpliú, ar choinníoll go ndéanfar meastóireacht ar a fheidhmíocht/ar a feidhmíocht roimh ré agus gur measúnú dearfach a bheidh ann.

(3)

Tacóidh sé leis na critéir fheabhsaithe maidir leis na hiarrthóirí don phost mar Cheann na Rúnaíochta a roghnú; mar sin féin, ba cheart don Aontas a iarraidh go ndéanfaí gnéithe a bhaineann leis an bPrótacal a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac a chur leis na critéir roghnúcháin. Go háirithe, ba cheart cúlra láidir, eolas agus taithí shubstainteach sa chomhrac in aghaidh na trádála aindleathaí a chur san áireamh i gcritéir dhoiciméadacha 1, agus ba cheart taithí sa chomhrac in aghaidh na trádála aindleathaí agus naisc láidre leis an bpobal frithchaolaoise idirnáisiúnta a chur san áireamh i gcritéir dhoiciméadacha 2.

(4)

I bhfianaise an deichiú seisiún roimhe sin de Chomhdháil na bPáirtithe (COP) i gCreat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac (‘FCTC EDS’) agus chun comhleanúnachas a áirithiú idir na rialacha nós imeachta is infheidhme maidir le Comhdháil na bPáirtithe agus Cruinniú na bPáirtithe, déanfar leasuithe ar na rialacha lena rialaítear ceapachán Cheann Rúnaíocht an Choinbhinsiúin mar a comhaontaíodh ag Comhdháil na bPáirtithe mutatis mutandis sna rialacha lena rialaítear ceapachán Cheann Rúnaíocht an Choinbhinsiúin a bheidh le comhaontú ag Cruinniú na bPáirtithe.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2780/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top