This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D1175
Council Decision (CFSP) 2024/1175 of 19 April 2024 amending Decision (CFSP) 2020/1999 concerning restrictive measures against serious human rights violations and abuses
Cinneadh (CBES) 2024/1175 ón gComhairle an 19 Aibreán 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
Cinneadh (CBES) 2024/1175 ón gComhairle an 19 Aibreán 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
ST/7943/2024/INIT
IO L, 2024/1175, 19.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1175/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32020D1999 | Cur le | iarscríbhinn roinn A pointe 106 | 19/04/2024 | |
Modifies | 32020D1999 | Cur le | iarscríbhinn roinn A pointe 107 | 19/04/2024 | |
Modifies | 32020D1999 | Cur le | iarscríbhinn roinn A pointe 108 | 19/04/2024 | |
Modifies | 32020D1999 | Cur le | iarscríbhinn roinn A pointe 109 | 19/04/2024 | |
Modifies | 32020D1999 | Cur le | iarscríbhinn roinn B pointe 27 | 19/04/2024 | |
Modifies | 32020D1999 | Cur le | iarscríbhinn roinn B pointe 28 | 19/04/2024 |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1175 |
19.4.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/1175 ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Aibreán 2024
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1999. |
(2) |
An 8 Nollaig 2020, i nDearbhú ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le Cearta an Duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine cuirtear i bhfios go láidir a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach den Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluach den Aontas agus dá chomhbheartas eachtrach agus slándála é meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine. |
(3) |
Sa ráiteas uaidh an 16 Nollaig 2023, leag an tArdionadaí béim ar an imní atá ar an Aontas faoin méadú atá tagtha ar an bhforéigean in aghaidh na bPalaistíneach atá á dhéanamh ag lonnaitheoirí antoisceacha ar an mBruach Thiar atá faoi fhorghabháil, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Leanann an tAontas dá ghéarcháineadh ar fhoréigin lonnaitheoirí agus tá cuntasacht á iarraidh aige. D’iarr an tAontas freisin ar Iosrael cosc a chur ar fhoréigean Ionnaitheoirí agus a áirithiú go dtabharfar déantóirí na gcoireanna chun cuntais. Ón 7 Deireadh Fómhair 2023, nuair a rinne Hamas ionsaithe sceimhlitheoireachta ar Iosrael tá méadú as cuimse tagtha ar fhoréigean lonnaitheoirí. |
(4) |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart ceathrar agus dhá eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2020/1999 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Aibreán 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 mar a leanas:
(1) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí faoin gceannteideal A. ‘Daoine nádúrtha’:
|
(2) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí faoin gceannteideal B ‘Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1175/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)