This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D0560
Commission Decision (EU) 2024/560 of 8 December 2023 granting the Kingdom of Spain a derogation from certain provisions of Regulation (EU) 2019/943 of the European Parliament and of the Council and of Directive (EU) 2019/944 of the European Parliament and of the Council as regards the Canary Islands (notified under document C(2023) 8638)
Cinneadh (AE) 2024/560 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2023 lena ndeonaítear maolú do Ríocht na Spáinne ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na hOileáin Chanáracha (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 8638)
Cinneadh (AE) 2024/560 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2023 lena ndeonaítear maolú do Ríocht na Spáinne ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na hOileáin Chanáracha (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 8638)
C/2023/8638
IO L, 2024/560, 15.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/560/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Derogation | 32019L0944 | airteagal 40 mír 4 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019L0944 | airteagal 40 mír 5 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019L0944 | airteagal 40 mír 6 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019L0944 | airteagal 40 mír 7 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019L0944 | airteagal 54 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 10 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 11 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 20 mír 3 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 20 mír 4 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 20 mír 5 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 20 mír 6 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 20 mír 7 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 20 mír 8 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 21 mír 7 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 22 mír 2 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 22 mír 3 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 25 mír 2 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 25 mír 3 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 25 mír 4 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 3 mír neamhuimhrithe 1 pointe (a) | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 3 mír neamhuimhrithe 1 pointe (b) | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 3 mír neamhuimhrithe 1 pointe (e) | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 3 mír neamhuimhrithe 1 pointe (k) | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 3 mír neamhuimhrithe 1 pointe (o) | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 3 mír neamhuimhrithe 1 pointe (p) | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 6 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 7 mír 1 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 8 mír 1 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 8 mír 4 | 11/12/2023 | ||
| Derogation | 32019R0943 | airteagal 9 | 11/12/2023 |
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Corrected by | 32024D0560R(01) | (BG, ES, CS, DA, ET, EL, DE, EN, GA, HR, IT, LT, LV, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, FI, SL, SV) |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/560 |
15.2.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/560 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Nollaig 2023
lena ndeonaítear maolú do Ríocht na Spáinne ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na hOileáin Chanáracha
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 8638)
(Is é an téacs Spáinnise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (1), agus go háirithe Airteagal 64 de,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (2), agus go háirithe Airteagal 66 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA AGUS RAON FEIDHME AN CHINNIDH
|
(1) |
An 23 Samhain 2020, chuir Ríocht na Spáinne (‘an Spáinn’) iarraidh ar mhaolú faoi bhráid an Choimisiúin (an ‘tIarratas’) le haghaidh chríocha neamhleithniseacha na nOileán Canárach, na hOileáin Bhailéaracha, Ceuta agus Melilla (i gcomhpháirt, ‘NPT’) i gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (AE)) 2019/943 agus Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944. |
|
(2) |
Iarradh maoluithe ar dtús san Iarratas ar Airteagal 8 agus Airteagal 54 de Threoir (AE) 2019/944 agus ar Airteagail 3, 6, 7(1); 8(1) agus (4), 9, 10, 11, Airteagail 14 go 17, Airteagail 19 go 27 agus Airteagail 35 go 47 de Rialachán (AE) 2019/943. Níor sonraíodh san Iarratas sin fad ama an mhaolaithe arna iarraidh. |
|
(3) |
An 18 Márta 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún an tIarratas ar a shuíomh gréasáin agus d’iarr sé ar na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt faoin 30 Aibreán 2021. |
|
(4) |
D’iarr an Coimisiún faisnéis bhreise ar an Spáinn maidir leis an iarraidh ar mhaolú an 17 Lúnasa 2021 agus an 16 Nollaig 2021. D’fhreagair an Spáinn an 4 Deireadh Fómhair 2021 agus 17 Eanáir 2022. San aighneacht dheireanach, rinne an Spáinn mionathrú ar raon feidhme a hiarrata ar mhaolú mar a leanas:
|
|
(5) |
Níor cheart don Chinneadh ach na hOileáin Chanáracha a chumhdach, agus na hOileáin Chanáracha amháin; Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na hiarrataí ar mhaolú ón Spáinn a mhéid a bhaineann le NPT Ceuta, Melilla agus na nOileán Bailéarach i gCinntí ar leithligh ón gCoimisiún maidir le maoluithe. |
2. NA hOILEÁIN CHANÁRACHA
An córas leictreachais agus an margadh leictreachais ar na hOileáin Chanáracha
|
(6) |
Tá na hOileáin Chanáracha ar cheann de na réigiúin is forimeallaí a aithnítear faoi Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) agus tagann siad dá bhrí sin faoi réir na catagóire sin chun críocha Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944 a chur i bhfeidhm. |
|
(7) |
De réir na Spáinne, cumhdaítear sé chóras leictreachais leithlisithe le críoch neamhleithniseach na nOileán Canárach: Na córais ar Tenerife, Gran Canaria, La Palma, La Gomera, El Hierro agus an córas ar Lanzarote-Fuerteventura, trína gceanglaítear na hoileáin Lanzarote agus Fuerteventura trí mheán dhá chábla 132kV. |
|
(8) |
De réir na Spáinne, in 2019, bhí níos mó ná 75 % de thoilleadh suiteáilte leictreachais na nOileán Canárach faoi chumhdach na n-aonad traidisiúnta cumhachta teirmí (gual, gás, díosal). Tá sciar an fhuinnimh in-athnuaite tar éis méadú ó 2018 i leith, go háirithe ar na hoileáin níos mó (Gran Canaria agus Tenerife) ina bhfuil sé mar chuid sciar suntasach den toilleadh suiteáilte. Tugann an Spáinn dá haire áfach, go bhfuil glacadh an fhuinnimh in-athnuaite ar na críocha neamhleithniseacha níos ísle ná ar mhórthír na Spáinne i ngeall ar mhéid bheag na críche agus ar shrianta atá bainteach leis na ceadanna comhshaoil is gá a fháil le haghaidh toilleadh giniúna nua, leis an éileamh níos airde le giniúint inseolta chun slándáil an tsoláthair a ráthú (3) agus leis an toilleadh taiscthe teoranta. |
|
(9) |
Tugann an Spáinn dá haire go bhfuil méid bheag an mhargaidh mar shaintréith ar na hOileáin Chanáracha, rud a choisceann orthu lántairbhe a bhaint as barainneachtaí scála atá le fáil ar chóras leictreachais na mórthíre, agus go bhfuil costais bhreosla níos airde acu. Is é éileamh níos mó ar thoilleadh suiteáilte cúltaca atá de thoradh na hiargúltachta a bhain leo ar bhonn stairiúil. |
|
(10) |
Tugann an Spáinn dá haire thairis sin gur le Endesa S.A. é beagnach gach giniúint theirmeach ar na hOileáin Chanáracha ar bhonn díreach nó indíreach. Dá thoradh sin, fiú má tá rolladh amach méadaitheach na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh ag éascú do theacht isteach gnóthais iomaíocha ar an margadh, is é Endesa S.A. a tháirgeann an chuid is mó den leictreachas go fóill ar an gcríoch neamhleithniseach sin. |
|
(11) |
De réir na Spáinne, baineann costais táirgthe leictreachais níos airdeleis na sainiúlachtaí margaidh sin i gcomparáid leis an mórthír, agus ní mheallann siad gnóthais nua chun teacht isteach sa mhargadh, agus dá thoradh sin níl aon iomaíocht éifeachtach tar éis forbairt ar na hOileáin Chanáracha. |
|
(12) |
I bhfianaise na bhfadhbanna atá bainteach leis an easpa iomaíochta agus na costais arda, agus d’ainneoin na mbeart a glacadh chun an iomaíocht a chur chun cinn agus dreasachtaí eacnamaíocha a thabhairt isteach chun spreagadh a thabhairt d’éifeachtúlacht oibríochtúil na suiteálacha agus chun costais ghiniúna a laghdú, maíonn an Spáinn nárbh fhéidir sásra margaidh a bhunú atá comhionann leis an gceann atá i bhfeidhm ar an mórthír. |
|
(13) |
Míníonn an Spáinn leis sin go ndéantar an leictreachas a ghintear sna NPTanna uile, lena n-áirítear na hOileáin Chanáracha, a eisiamh ón gcóras tairisceana ar mhargadh na mórthíre. Úsáidtear sásra tosaíochta eacnamaíche leis na córais leictreachais NPT don seoladh (4):
|
|
(14) |
De réir na Spáinne, tugtar san áireamh sa sásra sin na costais arda giniúna leictreachais agus na sainiúlachtaí atá ag an NPT, agus bíonn sé d’aidhm aige a áirithiú nach nochtar tomhaltóirí agus soláthróirí ar na críocha sin don chostas níos airde a bhaineann le leictreachas a ghiniúint sa NPT i gcomparáid le mórthír na Spáinne, agus an méid sin bunaithe ar phrionsabail na dlúthpháirtíochta idir-réigiúnaí. |
|
(15) |
Míníonn an Spáinn leis sin go bhfuil giniúint an leictreachais sa NPT ina córas íocaíochta rialáilte seachas a bheith ina córas íocaíochta margaidh, agus go gcuirtear i bhfeidhm é i ndálaí nach bhféadfadh margadh mórdhíola feidhmiú iontu, agus inarb airde iad na costais ar chúiseanna geografacha agus críochacha, ná costais ginte an leictreachais ar mhórthír na Spáinne. |
|
(16) |
Tugann an Spáinn dá haire gur leis an sásra a áirithítear go gcumhdaíonn an córas leictreachais agus an buiséad poiblí an costas breise atá de thoradh na difríochta idir na costais ginte níos airde sa NPT, agus praghas coibhéiseach an leictreachais leis an gceann atá le fáil ar an mórthír, ionas go n-íocann na tomhaltóirí uile an méid céanna ar leictreachas, beag beann ar an gcóras ina n-ídíonn siad é. |
|
(17) |
De réir na Spáinne, tá an rialáil ar ghníomhaíochtaí tarchurtha agus dáilte an leictreachais sa NPT comhchosúil leis an rialáil atá le fáil ar mhórthír na Spáinne. |
|
(18) |
A mhéid a bhaineann leis an margadh miondíola, míníonn an Spáinn go bhfuil ceart ag custaiméirí deiridh sa NPT chun a soláthróir a roghnú ar na téarmaí céanna leis na custaiméirí deiridh ar mhórthír na Spáinne. Ar an gcaoi chéanna, sainítear coincheap na dtomhaltóirí leochaileacha don Spáinn trína chéile agus, déantar an soláthar a eagrú mar riail ghinearálta ar bhonn aonfhoirmeach ar fud na tíre. A mhéid a bhaineann leis sin, tugann an Spáinn dá haire nach bhfuil aon difríocht ann idir margaí miondíola na mórthíre agus margaí miondíola lasmuigh den mhórthír. |
Forléargas ar an gcreat dlíthiúil don NPT
|
(19) |
Míníonn an Spáinn go leagtar amach i nDlí 24/2013 go bhfuil soláthar an leictreachais sa NPT faoi réir rialachán sonrach. Leagann sí amach freisin gur féidir leis an ngníomhaíocht sin íocaíocht bhreise a fháil leis an difríocht idir na costais chun leictreachas a ghiniúint sa NPT agus na fáltais ó dhíolacháin an leictreachais sna críocha sin a chumhdach. |
|
(20) |
Tugann an Spáinn dá haire go leagtar amach i nDlí 17/2013 na forálacha ginearálta chun an soláthar a ráthú agus an iomaíocht a mhéadú sna córais leictreachais sa NPT (5). Go sonrach, déantar foráil in Airteagal 5 de Dhlí 17/2013 gur leis an oibreoir córais iad na saoráidí taiscthe hidreachumhachta caidéalaithe sa NPT arb iad na príomhchuspóirí atá acu chun soláthar a ráthú, slándáil an chórais a áirithiú, agus foinsí in-athnuaite fuinnimh neamh-inseolta a chomhtháthú. |
|
(21) |
Tugann an Spáinn le fios gur le Foraithne Ríoga 738/2015 a rialáiltear go mionsonraithe gníomhaíocht an táirgthe leictreachais agus an nós imeachta um sheoladh sna córais leictreachais sa NPT chomh maith leis an scéim íocaíochta den ghníomhaíocht sin. Tá an scéim íocaíochta bunaithe ar dhá chomhpháirt íocaíochta: ceann amháin don infheistíocht a dhéantar agus do chostais sheasta eile, agus ceann eile do na costais athraitheacha a thabhaítear le linn oibriú. Is é is cuspóir don íocaíocht sin na costais bhreise a bhaineann le giniúint an leictreachais sa NPT a chumhdach. San Fhoraithne Ríoga 738/2015 sainítear an costas breise mar an difríocht idir costais uile na giniúna agus an praghas a íoctar sa seoladh leictreachais arna reáchtáil agus oibreoir an chórais. |
|
(22) |
Ina theannta sin, le Foraithne Ríoga 738/2015 tugtar nós imeachta iomaíoch isteach chun toilleadh nua a roghnú agus chun toilleadh a athchóiriú. |
|
(23) |
Tugann an Coimisiún dá aire, a mhéid a bhaineann leis sin, go bhfuair an sásra íocaíochta a leagtar amach i bhForaithne Ríoga 738/2015 imréiteach Státchabhrach ón gCoimisiún ina Chinneadh ‘SA.42270 ‘Táirgeadh an leictreachais sa Spáinn i gcríocha neamhleithniseacha na Spáinne’ (6). |
3. NA MAOLUITHE A IARRADH MAIDIR LEIS NA hOILEÁIN CHANÁRACHA
|
(24) |
Tá an iarraidh ar mhaolú a cuireadh isteach le haghaidh na nOileán Canárach bunaithe ar a stádas mar cheann de na réigiúin is forimeallaí i gcomhréir le hAirteagal 349 CFAE. |
3.1. Maolú de bhun Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944
|
(25) |
Tá an Spáinn ag iarraidh maolú ar Airteagal 40(4) go (7) agus ar Airteagal 54 de Threoir (AE) 2019/944 a mhéid a bhaineann le soláthar seirbhísí coimhdeacha ag an oibreoir córais tarchurtha (‘OCT’) agus an cosc ar oibreoirí córais tarchurtha saoráidí stórála fuinnimh a bheith ar úinéireact acu nó saoráidí stórála fuinnimh a fhorbairt, a bhainistiú ná a oibriú. |
3.2. Maolú de bhun Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943
|
(26) |
Tá an Spáinn ag iarraidh maolú do na hOileáin Chanáracha ar na forálacha seo a leanas de Rialachán (AE) 2019/943:
|
3.3. Fad an mhaolaithe arna iarraidh
|
(27) |
Measann an Spáinn go mbraithfidh comhtháthú an NPT i margadh leictreachais na hIbéire ar idirnascaire a bheith ann le mórthír na Spáinne. Tugann an Spáinn dá haire i ngeall ar fhad geografach na nOileán Canáracha ón mórthír, go mbeadh tógáil idirnascairí leis an mórthír dodhéanta nó róchostasach. Dá bharr sin, measann an Spáinn nár cheart na maoluithe do na hOileáin Chanáracha bheith faoi réir aon teorann ama. |
4. BARÚLACHA A FUARTHAS LE LINN NA TRÉIMHSE COMHAIRLIÚCHÁIN
|
(28) |
Mar a thugtar tuairisc air in aithris (3), síos trí mhíonna an Mhárta agus Aibreáin 2021, rinne an Coimisiún comhairliúchán poiblí. |
|
(29) |
Bhain na barúlacha uile a cuireadh isteach mar fhreagra ar an gcomhairliúchán poiblí leis an maolú a d’iarr an Spáinn ar Airteagal 54 de Threoir (AE) 2019/944 maidir le húinéireacht, bainistiú agus oibriú saoráidí taiscthe ag an OCT. |
|
(30) |
Bhí na freagróirí don chomhairliúchán poiblí in aghaidh maolú den sórt sin a dheonú, óir thabharfaí dlisteanú leis do thionscadal ar ceadaíodh do Red Eléctrica de España S.A.U. dá réir (‘REE’), OCT na Spáinne, an Tionscadal Chira-Soria a fhorbairt (‘Tionscadal Chira-Soria‘) sna hOileáin Chanáracha gan nós imeachta tairisceana a reáchtáil (7), de réir mar ba ghá le hAirteagal 54 de Threoir (AE) 2019/944. Thug freagróirí dá n-aire freisin nach mbaineann an chaoi a gcumhdaítear an NPT eile leis an maolú freisin le hábhar de bharr oragrafaíocht na nOileán Bailéarach agus mhéid bheag Ceuta agus Melilla nach mbeadh taisceadh na hidreachumhachta caidéalaithe indéanta ar na críocha úd (8). |
|
(31) |
Thug na freagróirí le fios nach leor í an oileándacht inti féin mar bhonn cirt chun maolú a fháil ar an gceanglas tairisceana a leagtar amach in Airteagal 54 de Threoir (AE) 2019/944, i bhfianaise go dtuairiscítear gur léirigh páirtithe príobháideacha suim i dTionscadal Chira-Soria. Mhaígh siad nach ndearnadh machnamh ar an tsuim sin i bhfianaise Dhlí 17/2013. |
|
(32) |
Chuir na freagróirí i dtábhacht sa bhreis air sin gur léirigh údarás rialála na Spáinne, an Comisión Nacional de Mercados y Competencia (CNMC) agus Comhairle Stáit na Spáinne ábhair imní faoin bhForaithne Ríoga 738/2015 agus faoi ról REE saoráidí taiscthe hidreachumhachta caidéalaithe bheith faoina úinéireacht agus, an tráth céanna, bheith mar an t-eintiteas ar a mbraitheann an próiseas riarthach sa chéad dul síos chun saoráidí taiscthe hidreachumhachta caidéalaithe a údarú. |
|
(33) |
Thug na freagróirí argóintí de chineál eacnamaíoch anuas freisin. Chuir siad i dtábhacht go ndéantar difear don chineál taiscthe sin ar na hOileáin Chanáracha le leibhéal íseal na hinfhaighteachta d’uisce stóráilte, agus gur ghá an sáile a dhíshalannú dá réir sin. Baineann costais arda fuinnimh leis sin, agus laghdaítear go substaintiúil éifeachtúlacht Thionscadal Chira-Soria leis. A mhéid a bhaineann leis sin, rinne na freagróirí tagairt don stáisiún hidreachumhachta arna ghaoth-chaidéalú Gorona del Viento El Hierro ina raibh éifeachtúlacht ag 43 %, i bhfad ó na leibhéil éifeachtúlachta idir 70 % agus 80 % a fheictear i ngléasraí cumhachta comhchosúla ar an mórthír. |
|
(34) |
Mhaígh na freagróirí go bhfuil dúbailt tar éis teacht ar na meastacháin buiséid le haghaidh Thionscadal Chira-Soria fiú sular cuireadh tús lena thógáil, agus rinne siad tagairt do staidéir ina moltar go mbeadh réitigh eile (e.g., idirnascairí, stóráil dáilte, stóráil leictriceimiceach, hidrigin) níos éifeachtúla ar bhonn eacnamaíoch. Rinne siad tagairt freisin don ualach airgeadais ar thomhaltóirí a bhainfeadh le costas ard na hinfheistíochta. Chuir siad i dtábhacht freisin na costais táirgthe an-ard a bhaineann leis an aon saoráid dá leithéid ar na hOileáin Chanáracha, mar atá Gorona del Viento. I bhfianaise shuíomh Thionscadal Chira-Soria atá níos mífhabhraí, de réir na bhfreagróirí d’fhéadfaí leibhéal costais in aghaidh an MWh nach bhfacthas cheana a bhaint amach, rud a atreoródh airgead ón infheistíocht i gcineálacha eile solúbthachta, lena n-áirítear an tsolúbthacht a thugtar le teaghlaigh agus leis an OCT. |
|
(35) |
Thug na freagróirí dá n-aire freisin i dteannta gan aon réasúnú eacnamaíoch a bheith leis, ní rannchuireann Tionscadal Chira-Soria le comhtháthú an fhuinnimh in-athnuaite. Rinne siad tagairt do ‘shaineolaithe lena ndeachthas i gcomhairle’, a deir gur ó fhuinneamh ó bhreoslaí iontaisí a thiocfaidh an chuid is mó den fhuinneamh arna stóráil, ar fuinneamh é atá á tháirgeadh sna seansaoráidí teirmeacha atá ann cheana nach féidir a mhúchadh istoíche. Thug siad dá n-aire nach mbeadh gá le Tionscadal Chira-Soria leis na teicneolaíochtaí taiscthe nua (ceallraí agus hidrigin) agus le teacht chun cinn na bhfeithiclí leictreacha, agus go mbeidís ina mbealach níos éifeachtúla, níos trédhearcaí agus níos tapúla chun an córas fuinnimh a chur ina chóras glas. |
|
(36) |
Ar deireadh, thug na freagróirí dá n-aire go dtagann ábhair imní don chomhshaol agus don tsochaí anuas le Tionscadal Chira-Soria. Mhaígh siad go ndéanann an tógáil difear do chúig láithreán Natura 2000, agus nach ndearnadh measúnú tionchair comhshaoil air. |
5. MEASÚNÚ AR AN IARRAIDH AR MHAOLÚ MAIDIR LEIS NA hOILEÁIN CHANÁRACHA
5.1. Réigiún is forimeallaí nach féidir a idirnascadh le margadh leictreachais an Aontais
|
(37) |
I gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943, féadfar maolú ar na forálacha ábhartha d’Airteagail 3 agus 6, Airteagal 7(1), Airteagal 8(1) agus (4), Airteagail 9 go 11, Airteagail 14 go 17, Airteagail 19 go 27, Airteagail 35 go 47 agus Airteagal 51 den Rialachán sin sa dá chás a leanas:
|
|
(38) |
I gcomhréir le hAirteagal 66(1), an chéad fhomhír, de Threoir (AE) 2019/944, féadfar maolú ar na forálacha ábhartha d’Airteagail 7 agus 8 agus de Chaibidlí IV, V agus VI a dheonú le haghaidh córais leithlisithe bheaga agus córais nasctha bheaga, más féidir leis an mBallstát (na Ballstáit) a léiriú go mbaineann fadhbanna substaintiúla d’oibriú na gcóras sin. In Airteagal 66(2), an dara fomhír, de Threoir (AE) 2019/944 leagtar amach i gcás na réigiún is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE nach féidir a idirnascadh le margaí fuinnimh an Aontais, beidh an maolú faoi réir coinníollacha a bhfuil sé d’aidhm acu a áirithiú nach gcuireann an maolú isteach ar an aistriú i dtreo fuinneamh in-athnuaite. |
|
(39) |
Faoi Rialachán (AE) 2019/943 agus Treoir (AE) 2019/944 araon, i gcás na réigiún is forimeallaí, ní bheidh aon teorainn ama leis an maolú. |
|
(40) |
Tá na hOileáin Chanáracha ar cheann de na réigiúin is forimeallaí a aithnítear faoi Airteagal 349 CFAE, agus is amhlaidh dá réir a thagann siad faoi réir na catagóire seo chun críocha Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944. |
|
(41) |
I láthair na huaire níl aon phlean ann chun córais leictreachais mhórthír na Spáinne a cheangal le córais leictreachais na nOileán Canárach. Míníonn an Spáinn, i bhfianaise an fhaid atá i gceist, nach ann d’aon fhéidearthacht na hOileáin Chanáracha a chomhtháthú ar chostas réasúnach, agus freisin go mbaineann teorainneacha tromchúiseacha le comhtháthú na n-oileán de bharr a dtopagrafaíochta, óir is oileáin bholcánacha iad ag a bhfuil grinneall farraige fíor-gharbh. |
|
(42) |
Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go gcomhlíonann na hOileáin Chanáracha an critéar a leagtar amach in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 66(2) de Threoir (AE) 2019/944 nach féidir iad a idirnascadh le margadh fuinnimh an Aontais ar chúiseanna follasacha fisiciúla. |
|
(43) |
Dá réir sin, de bhun Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2019/943 agus de bhun Airteagal 66(1) de Threoir (AE) 2019/944, níl an Spáinn faoi oibleagáid chun a léiriú go mbaineann fadhbanna substaintiúla d’oibriú na gcóras leictreachais ar na hOileáin Chanáracha. Ba cheart an maolú a dheonú go ceann fad ama neamhtheoranta. |
5.2. Raon feidhme an mhaolaithe
5.2.1. Airteagail 54 agus 66 de Threoir (AE) 2019/944
|
(44) |
Le hAirteagal 54(1) de Threoir (AE) 2019/944 toirmeasctar oibreoirí córais tarchurtha saoráidí taiscthe fuinnimh a bheith faoina n-úinéireacht, a bhforbairt, a mbainistiú ná a n-oibriú. |
|
(45) |
Le hAirteagal 54(2) den Treoir sin déantar foráil maidir le féidearthacht do na Ballstáit chun maolú ar an riail sin i gcás inar comhpháirteanna líonra lán-chomhtháthaithe iad na saoráidí agus gur dheonaigh an t-údarás rialála a fhormheas nó i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach i bpointí (a) go (c) den mhír sin. |
|
(46) |
Mar a luaitear in aithris 38 thuas, de bhun Airteagal 66(2), an dara fomhír, de Threoir (AE) 2019/944 féadfaidh na Ballstáit maolú a iarraidh ar na rialacha i gCaibidil VI (lena n-áirítear Airteagal 54) le haghaidh na réigiún is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE nach féidir iad a idirnascadh le margaí fuinnimh an Aontais, faoi réir coinníollacha a bhfuil sé d’aidhm acu a áirithiú nach gcuireann an maolú isteach ar an aistriú i dtreo fuinneamh in-athnuaite. |
|
(47) |
Dá réir sin, i dteannta féidearthacht na forála a chur i bhfeidhm in Airteagal 54(2) Treoir (AE) 2019/944, féadfaidh an Spáinn maolú a iarraidh ar an gCoimisiún ar Airteagal 54 den Treoir, a mhéid a bhaineann leis na hOileáin Chanáracha, faoi threoir Airteagal 66. |
5.2.1.1
|
(48) |
Mar a thugtar tuairisc air in aithris 20, déantar foráil in Airteagal 5 de Dhlí 17/2013 gur faoi úinéireacht an oibreora córais a bheidh na saoráidí taiscthe hidreachumhachta caidéalaithe sa NPT arb iad na príomhchuspóirí leo an soláthar a ráthú, slándáil an chórais a áirithiú agus foinsí in-athnuaite fuinnimh neamh-inseolta a chomhtháthú. |
|
(49) |
San iarratas féin, tugann an Spáinn le fios na dúshláin atá bainteach le fuinneamh in-athnuaite a chur in úsáid ar na hOileáin Chanáracha. Míníonn an Spáinn go dtáirgeann na gléasraí cumhachta inathnuaite uile ar oileán amháin an leictreachas faoi na dálaí meitéareolaíochta céanna, rud nach ionann agus an cás ar mhórthír na Spáinne. Dá thoradh sin, de réir mar a chuirfear níos mó fuinneamh in-athnuaite in úsáid sna córais leictreachais sna hOileáin Chanáracha, éireoidh sé níos deacra na caighdeáin um shlándáil an tsoláthair a chomhlíonadh. D’fhéadfadh sé sin teorainn a chur le glacadh na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite san fhadtéarma. |
|
(50) |
De réir na Spáinne, ní chuireann úinéireacht na saoráidí taiscthe hidreachumhachta caidéalaithe ag an OCT sna cásanna sonracha a áirítear i nDlí 17/2013 cosc ar infheisteoirí príobháideacha a bheith ina n-úinéirí ar shaoráidí den sórt sin, cás a rannchuideodh freisin le slándáil an tsoláthair a ráthú. Ní mór do gach saoráidí taiscthe hidreachumhachta caidéalaithe, gan beann ar chúrsaí úinéireachta, a bheith rannpháirteach i seoladh an leictreachais, cé go bhfuil saoráidí taiscthe hidreachumhachta caidéalaithe ar leis an OCT iad le comhtháthú mar sheirbhís choimhdeach chun slándáil an tsoláthair a áirithiú le haghaidh gach córais. |
|
(51) |
Iarrann an Spáinn dá réir sin an maolú ar Airteagal 54 de Threoir (AE) 2019/944 do na hOileáin Chanáracha i gcomhréir le hAirteagal 66 den Treoir. |
|
(52) |
Go sonrach, bheadh feidhm ag an iarraidh ar mhaolú a chuir an Spáinn isteach maidir leis an Tionscadal Chira-Soria atá fós ar siúl, agus maidir le haon saoráid taiscthe hidreachumhachta caidéalaithe amach anseo ar leis an oibreoir córais iad, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis sin mar an mhalairt rogha is fearr i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm. |
5.2.1.2
|
(53) |
Mar a luaitear in aithris 45, tugann an Coimisiún dá aire go n-áirítear le hAirteagal 54 de Threoir (AE) 2019/944 cheana féin, ina mhír 2, an fhéidearthacht do na Ballstáit chun maolú a fháil ar an riail i mír 1 den Airteagal sin, is é sin an cosc ar oibreoir córais tarchurtha gan saoráidí taiscthe fuinnimh a bheith faoina n-úinéireacht, ná gan iad a fhorbairt, a bhainistiú ná a oibriú. |
|
(54) |
I bhfianaise na féidearthachta a leagtar amach in Airteagal 54(2) de Threoir (AE) 2019/944, measann an Coimisiún nach bhfuil bonn cirt le maolú ar Airteagal 54(1) de bhun Airteagal 66 den Treoir, le haghaidh na gcineálacha uile teicneolaíochtaí taiscthe fuinnimh. |
|
(55) |
Agus a stádas mar réigiún is forimeallaí agus oragrafaíocht na nOileán Canárach á gcur san áireamh áfach, agus teirce na roghanna do cheangail idir na hoileáin dhifriúla, measann an Coimisiún go bhfuil bonn cirt le maolú ar Airteagal 54(1) de Threoir (AE) 2019/944 de bhun Airteagal 66 den Treoir a bheidh teoranta do shaoráidí taiscthe hidreachumhachta caidéalaithe. |
|
(56) |
Leis na saoráidí taiscthe hidreachumhachta taiscthe ceadaítear slándáil an tsoláthair agus comhtháthú na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéadú trí bhíthin foinse solúbthachta inathnuaite a chur ar fáil don chóras leictreachais, rud a chuideoidh leo an rósholáthar a chothromú agus an ciorrú a chosc. Meastar í a bheith mar an phríomhtheicneolaíocht le haghaidh comhtháthú optamach na bhfoinsí fuinnimh inathnuaite uaineacha (e.g., gaoth agus grian) (9). Léirítear i dtáirgiúlacht na hidreachumhachta, áfach, an chlíomeolaíocht, an topagrafaíocht agus na hacmhainní uisce de gach réigiún agus tá na saoráidí sonrach dá suíomh. |
|
(57) |
Measann an Coimisiún go bhféadfadh bonn cirt a bheith le húinéireacht ar shaoráidí stórála hidreachumhachta caidéalaithe ag an OCT i gcásanna fíor-shonracha, amhail an ceann ar na hOileáin Chanáracha, aíta bhfuil gá leis na saoráidí sin chun slándáil an tsoláthair agus comhtháthú na bhfoinsí fuinneamh in-athnuaite a ráthú, agus inar tearc iad na roghanna do na córais leictreachais ar na hOileáin Chanáracha don tsolúbthacht ísealcharbóin. |
|
(58) |
Thairis sin, de bharr na ndálaí atá ann faoi láthair i margadh leictreachais ar na hOileáin Chanáracha (féach roinn 2), dealraítear nach féidir infheistíochtaí tráchtála sna saoráidí taiscthe hidreachumhachta caidéalaithe a éascú go pras, ainneoin an ghá phráinnigh le saoráidí lena gcuirtear solúbthacht ísealcharbóin ar fáil. Is amhlaidh sin óir baineann amlínte réamhfhorbartha, tógála agus oibríochtúla le tionscadail hidreachumhachta ná teicneolaíochtaí eile agus na rioscaí infheistíochta a bheith níos airde leo, rud a d’éileodh ionstraimí beartais agus dreasachtaí sonracha chomh maith le peirspictíocht agus fís níos fadtéarmaí ó thaobh cúrsaí beartais de. Baineann an oiread tábhachta sin le práinne na dtionscadal sin, i bhfianaise ghlacadh na giniúna fuinnimh in-athnuaite atá beartaithe go luath amach anseo (10) agus na ndúshlán a dhealraítear a bheith os comhair oibriú an chórais ar na hOileáin Chanáracha (11) go measann an Coimisiún i gcás an réigiúin seo is forimeallaí, níor cheart ceanglas a chur ar an Spáinn na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 54(2) de Threoir (AE) 2019/944 a chomhlíonadh. |
|
(59) |
Aon mhaolú ar Airteagal 54(1) de Threoir (AE) 2019/944 de bhun Airteagal 66 den Treoir atá teoranta do shaoráidí taiscthe hidreachumhachta caidéalaithe, níor cheart dó cosc a chur ar thionscadail taiscthe a fhorbairt ar bhonn margadh-bhunaithe ar na hOileáin Chanáracha a bheadh bunaithe ar an gcineál seo nó ár chineál eile teicneolaíochtaí. I bhfianaise ghealltanais na Spáinne a mhéid a bhaineann le dícharbónú na NPTanna cosúil leis na hOileáin Chanáracha, de réir mar a mhéadóidh an ghiniúint ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite, i dteannta saoráidí taiscthe hidreachumhachta caidéalaithe, is dócha go mbeidh gá le saoráidí taiscthe fuinnimh bunaithe ar theicneolaíochtaí chun slándáil an tsoláthair a áirithiú. |
|
(60) |
Cuireann an Coimisiún i dtábhacht sa bhreis air sin go ndealraítear go bhfuil an oibleagáid ar OCTanna saoráidí taiscthe fuinnimh sna críocha neamhleithniseacha a leagtar amach i nDlí 17/2013 a bheith faoina n-úinéireacht agus á bhfeidhmiú acu bunaithe ar chritéir atá difriúil ó na cinn a leagtar amach in Airteagal 54 de Threoir (AE) 2019/944. Ní dhéantar ach measúnú sa Chinneadh seo ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na ceanglais le haghaidh maolú de bhun Airteagal 66(2) de Threoir (AE) 2019/944, agus ní thagann sé roimh mheasúnú an Choimisiúin ar chomhoiriúnacht Dhlí 17/2013 leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/944. |
5.2.2. Airteagal 40(4) go (7) de Threoir (AE) 2019/944
|
(61) |
De réir na Spáinne, is í an easpa iomaíochta éifeachtaí sa deighleán giniúna a choisceann bunú margaí leictreachais neamhshaofa sa NPT. Go sonrach, cuireann sí cosc ar an oibreoir córais tarchurtha margadh cothromúcháin a bhunú agus a oibriú ar na hOileáin Chanáracha, lena n-áirítear seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta margadhbhunaithe a sholáthar. |
|
(62) |
I bhfianaise margadh cothromúcháin leictreachais gan a bheith ann agus an soláthar margadhbhunaithe a bheith in easnamh ar na hOileáin Chanáracha, measann an Coimisiún go bhfuil bonn cirt leis na maoluithe ar na hoibleagáidí in Airteagal 40(4) go (7) de Threoir (AE) 2019/944 i gcomhréir le hAirteagal 66 den Treoir. |
5.2.3. Caibidil II de Rialachán (AE) 2019/943: Rialacha ginearálta do mhargadh an leictreachais - Airteagail 3 agus 6, Airteagail 7(1), 8(1) agus (4), Airteagail 9, 10 agus 11
5.2.3.1.
|
(63) |
De réir na Spáinne, is í an easpa iomaíochta dáiríre idir na gineadóirí a chuireann cosc ar bhunú na margaí leictreachais neamhrialáilte. Bunaítear na cinntí seolta sa NPT lena n-áirítear na hOileáin Chanáracha ar chritéir theicniúla agus eacnamaíocha nach féidir rialacha an mhargaidh a chur i bhfeidhm orthu i gcónaí. Ina theannta sin, míníonn an Spáinn nach bhfuil an praghasmhúnlú sa NPT bunaithe ar an tairiscint agus ar an soláthar sna críocha úd, ach orthu siúd ar mhórthír na Spáinne, chun cosc a chur ar thomhaltóirí sna NPTanna costais bhreise an táirgthe leictreachais sna críocha úd a íoc. |
|
(64) |
Bunaithe ar na fíorais sin san aithris roimhe seo, tá an Spáinn ag iarraidh maolú ar na forálacha seo a leanas d’Airteagal 3, an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/943:
|
|
(65) |
A mhéid a bhaineann le hAirteagal 6, Airteagail 7(1), 8(1) agus (4), Airteagail 9, 10 agus 11, cuireann an Spáinn i dtábhacht cé go rialaítear an córas leictreachais sa NPT le córas seolta a oibrítear ar bhealach atá comhchosúil le margaí leictreachais an Aontais, mar shampla le seoltaí laethúla agus ionlae, gur córas rialáilte atá ann. Tá an praghas ceannaigh bunaithe ar phraghas na mórthíre, seachas a bheith bunaithe ar na costais aitheanta a thabhaíonn gineadóirí agus iad i mbun a gcuid gníomhaíochtaí ginte leictreachais, lena n-áirítear na seirbhísí cothromúcháin. Is ar an mbonn sin atá an Spáinn ag iarraidh maolú ar Airteagal 6, Airteagail 7(1), 8(1) agus (4), agus Airteagail 9, 10 agus 11 de Rialachán (AE) 2019/943, óir nach bhfuil aon mhargadh cothromúcháin sna críocha neamhleithniseacha lena n-áirítear na hOileáin Chanáracha, agus nach bhfuil an fhéidearthacht ann dá chomhtháthú le margaí lá roimh ré agus ionlae an Aontais de bharr a leithlisithe. |
|
(66) |
A mhéid a bhaineann le hAirteagal 7(1) agus Airteagal 8(1) agus (4) de Rialachán (AE) 2019/943, tugann an Spáinn dá haire gurb i ngeall ar chineál leithlisithe an NPT, go n-oibrítear seoltaí go neamhspleách ar mhargaí na mórthíre agus an Aontais – seachas an praghas tagartha do cheannach an fhuinnimh a bheith bunaithe ar phraghas na mórthíre – agus na seoltaí a bheith bunaithe ar sceidil a ritear de réir uair an chloig. |
|
(67) |
Ar an gcaoi chéanna, i gcomhréir leis an méid thuas, measann an Spáinn nach bhfuil feidhm ag comhtháthú na réamh-mhargaí, teorainneacha teicniúla ar thairiscintí, agus an luach ar chailliúint lóid dá dtagraítear in Airteagail 9 go 11 de Rialachán (AE) 2019/943 maidir le seoltaí sa NPT. |
5.2.3.2.
|
(68) |
A mhéid a bhaineann leis an iarraidh ar mhaolú ar Airteagal 3, an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/943, measann an Coimisiún an méid seo a leanas:
|
|
(69) |
A mhéid a bhaineann leis an maolú iarrtha ar Airteagal 6, Airteagal 7(1) agus 8(1) agus (4), Airteagail 9, 10, 11 de Rialachán (AE) 2019/943, tagraítear leis na forálacha sin do cheanglais maidir leis na réamh-mhargaí, margaí lá roimh ré, ionlae agus cothromúcháin. Ar bhonn na faisnéise a chuir an Spáinn isteach, is cosúil nach féidir na margaí sin a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach ar na hOileáin Chanáracha (aithris 12), i bhfianaise sainiúlachtaí na gcóras leictreachais sa chríoch sin. Dá bharr sin, measann an Coimisiún go bhfuil bonn cirt le maolú ar na forálacha sin. |
5.2.4. Caibidil III de Rialachán (AE) 2019/943: Rochtain ar mhargadh agus plódú/bainistiú - Airteagail 14 go 17 agus Airteagal 19
5.2.4.1
|
(70) |
Míníonn an Spáinn nach féidir na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 14 go 16 agus Airteagal 19 a chur chun feidhme sna NPTanna, óir is é an OCT a dhéanann seoladh na giniúna le haghaidh gach ceann de na córais leictreachais leithlisithe agus nach criosanna tairisceana idirnasctha ar leithligh atá sna córais sin. Tugtar san áireamh sna seoltaí sin an fuinneamh a aistrítear trí mheán na nasc idir na hoileáin ar chóras na nOileán Canárach (i.e., idir Lanzarote agus Fuertaventura). I gcás an phlódaithe sna naisc sin, is é an OCT a atheagraíonn seoladh an toillte ghiniúnaigh infhaighte, agus critéir theicniúla den chuid is mó á dtabhairt san áireamh, chun soláthar a áirithiú. Ó tharla nach criosanna tairisceana ar leithligh é an NPT, míníonn an Spáinn freisin nach ann do mhargadh comhlachaithe um thoilleadh traschriosach agus nach ngintear aon ioncam ón bplódú dá réir. |
5.2.4.2.
|
(71) |
Is í an iarmhairt a bhíonn ag na maoluithe ar Airteagail 7(1) agus 8(1) de Rialachán (AE) 2019/943 nach n-áirítear na córais leictreachais ar na hOileáin Chanáracha sna margaí comhtháite lá roimh ré agus ionlae. Dá bhrí sin, ní gá go mbeidh feidhm ag roinnt forálacha atá bainteach le feidhmiú na margaí sin maidir leis na hOileáin Chanáracha. |
|
(72) |
Thairis sin, ní mheastar gur crios tairisceana ar leithligh atá sna hOileáin Chanáracha. Baineann Airteagail 14 go 17 agus Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2019/943 le criosanna tairisceana agus le bainistiú ar an toilleadh agus an plódú idir na criosanna tairisceana. Óir nach criosanna tairisceana ar leithligh iad gach ceann de na córais leictreachais sna hOileáin Chanáracha, ní bheidh na forálacha lena dtagraítear do chriosanna tairisceana infheidhme maidir leis na hOileáin Chanáracha. Dá bhrí sin, fágann se sin nach bhfuil bonn cirt le maolú ar na ceanglais in Airteagail 14 agus 15, Airteagal 16(3) go (13), Airteagail 17 agus 19 de Rialachán (AE) 2019/943. |
|
(73) |
Thairis sin, tá feidhm ag Airteagal 16(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/943, ina bhfuil prionsabail ghinearálta maidir le bainistiú an phlódaithe, maidir leis na hOileáin Chanáracha toisc go dtugtar ráthaíochtaí do rannpháirtithe sa mhargadh leis na prionsabail sin go dtabharfaidh an OCT aghaidh ar fhadhbanna plódaithe le réitigh mhargadhbhunaithe neamh-idirdhealaitheacha agus nach n-úsáidfidh sé nósanna imeachta um chiorrú idirbheart ach in imthosca éigeandála amháin. Dá bharr sin, measann an Coimisiún nach bhfuil bonn cirt le maolú ar Airteagal 16(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/943. |
5.2.5. Caibidil IV de Rialachán (AE) 2019/943: Leormhaitheas acmhainní - Airteagail 20(3) go (8), Airteagal 21(7) agus (8), Airteagal 22(1), pointí (f) agus (h), Airteagal 22(2), (3) agus (5), agus Airteagal 25(2) go (4)
5.2.5.1.
|
(74) |
Míníonn an Spáinn, i ngeall ar leithlisiú an NPT, bíonn na measúnuithe ar leormhaitheas acmhainní a dhéanann an t-oibreoir córais le haghaidh gach ceann de na NPTanna neamhspleách ar a chéile, agus ní dhéantar iad a chomhtháthú leis an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní ná leis an measúnú de chuid mórthír na Spáinne ar leormhaitheas acmhainní. Dá bhrí sin, measann an Spáinn nach bhfuil roinnt de na forálacha i gCaibidil IV infheidhme maidir leis an NPT. Cuireann an Spáinn i dtábhacht gurb é is aidhm do na rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm faoi láthair, a mhéid is féidir, go ndéantar foráil maidir le cóir chomhionann idir críocha neamhleithniseacha agus margadh na mórthíre, a mhéid a bhaineann leis na leibhéil slándála soláthair nó na modheolaíochta chun tabhairt faoi mheasúnuithe ar leormhaitheas acmhainní. |
|
(75) |
Áitíonn an Spáinn go n-áirithítear an leormhaitheas sa NPT leis an sásra sonrach chun toilleadh nua a leithdháileadh mar a leagtar amach i bhForaithne Ríoga 738/2015 mar a thugtar tuairisc air in aithrisí 21 go 23. Measann an Spáinn gur cheart an sásra sin a choinneáil ar bun i bhfianaise chineál uathúil an NPT, agus iarrann sí dá réir sin maolú ar Airteagail 20(3) go (8), Airteagal 21(7) agus (8), Airteagal 22(1), pointí (f) agus (h), Airteagal 22(2), (3) agus (5), agus Airteagal 25(2) go (4). |
|
(76) |
Áitíonn an Spáinn go gcomhlíonann na measúnuithe um leormhaitheas acmhainní sa NPT na prionsabail a áirítear in Airteagal 20(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/943. Míníonn an Spáinn anuas air sin i gcás ina sainaithnítear ábhair imní faoi leormhaitheas, go dtéitear i ngleic leo le nós imeachta tairisceana iomaíoch (mar a leagtar amach i bhForaithne Ríoga 738/2015) i dteannta an mheasúnaithe ar cheantanna um thoilleadh de bhunadh inathnuaite. Is nósanna imeachta iad sin, nach féidir, de réir na Spáinne, na ceanglais in Airteagal 20(3) go (8) de Rialachán (AE) 2019/943 a chur i bhfeidhm. |
|
(77) |
Míníonn an Spáinn nach bhfuil na forálacha a áirítear in Airteagal 21(7) agus (8) de Rialachán (AE) 2019/943, lena dtagraítear do chineál sealadach na sásraí toillte, comhoiriúnach leis an sásra a leagtar amach i bhForaithne Ríoga 738/2015. Maíonn sí, áfach, go mbeidh feidhm maidir le haon sásra toillte nua amach anseo leis na ceanglais in Airteagal 21(7) agus (8) den Rialachán. |
|
(78) |
Tugann an Spáinn dá haire go bhfuil an sásra a leagtar amach i bhForaithne Ríoga 738/2015 neamhréireach freisin leis na forálacha seo a leanas de Rialachán (AE) 2019/943:
|
|
(79) |
Míníonn an Spáinn nach bhfuil na caighdeáin iontaofachta do na críocha neamhleithniseacha ailínithe leis na ceanglais in Airteagal 25(3) de Rialachán (AE) 2019/943, óir nach dtugtar costas teacht isteach nua san áireamh leo. Cuireann an Spáinn leis fiú dá mba chomhionann iad na caighdeáin, go bhféadfaidís éirí ina luachana níos doichte ar luas difriúil, agus is ar an mbonn sin a iarrann siad maolú ar Airteagal 25(2) go (4) de Rialachán (AE) 2019/943. |
5.2.5.2.
|
(80) |
Tugtar aghaidh in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/943 ar leormhaitheas acmhainní sa mhargadh inmheánach don leictreachas, agus leagtar amach oibleagáidí do na Ballstáit ann faoin gcaoi chun faireachán a dhéanamh ar leormhaitheas acmhainní agus ar an gcaoi chun gníomhú nuair a shainaithnítear ábhair imní faoi leormhaitheas acmhainní, is é sin trí phlean cur chun feidhme a fhorbairt a mbeidh sé d’aidhm dó saobhadh rialála a bhaint, soláthar cothromúcháin margadhbhunaithe a áirithiú, nó praghsanna rialáilte a bhaint, i measc nithe eile. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil na hOileáin Chanáracha faoi réir mheasúnú um leormhaitheas acmhainní nach bhfuil comhtháite sa mheasúnú Eorpach ná náisiúnta um leormhaitheas. Thairis sin, óir nach féidir an chuid is mó de na rialacha margaidh a chur i bhfeidhm ar na hOileáin Chanáracha (féach na ranna thuas), ní bheidh an chuid is mó de na heilimintí sna pleananna cur chun feidhme de bhun Airteagal 20(3) de Rialachán (AE) 2019/943 infheidhme maidir leis an margadh mórdhíola rialáilte ar na hOileáin Chanáracha. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go bhfuil bonn cirt le maolú ar Airteagal 20(3) go (8) de Rialachán (AE) 2019/943. |
|
(81) |
Leagtar amach in Airteagal 21(7) de Rialachán (AE) 2019/943 an ceanglas le haghaidh deireadh riarthach éifeachtúil de réir a chéile a chur leis an sásra toillte nach dtugtar aon chonradh nua i gcrích le linn 3 bliana as a chéile, agus in Airteagal 21(8) de Rialachán (AE) 2019/943 leagtar amach na ceanglais atá bainteach le cineál sealadach na sásraí toillte. Bunaithe ar mhíniúcháin na Spáinne, d’fhéadfaí an sásra íocaíochta rialáilte atá i bhfeidhm faoi láthair i bhForaithne Ríoga 738/2015 don ghiniúint sa NPT (nach mbaineann cineál sealadach leis) a mheas de bheith coibhéiseach le sásra toillte. D’fhonn indéantacht an tsásra sin a áirithiú, a formheasadh faoi chinneadh ón gCoimisiún maidir le Státchabhair i gcás SA.42270, agus baint amach na gcuspóirí a saothraíodh (inter alia, chun spreagadh a thabhairt do chothabháil gléasraí cumhachta agus athsholáthar gléasraí cumhachta neamhéifeachtúla agus foinsí fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn sa Spáinn), measann an Coimisiún go bhfuil bonn cirt le maolú ar Airteagal 21(7) do na hOileáin Chanáracha. |
|
(82) |
A mhéid a bhaineann leis an iarraidh chun maolú ar Airteagal 21(8) de Rialachán (AE) 2019/943, measann an Coimisiún áfach nach bhfuil bonn cirt leis an maolú seo i bhfianaise nach féidir éabhlóidiú na gcóras leictreachais ar na hOileáin Chanáracha le himeacht ama a thuar. Dá réir sin, ba cheart d’fhad ama an tsásra íocaíochta rialáilte a leagtar amach i bhForaithne Ríoga 738/2015 a bheith teoranta don tréimhse suas go dtí 31 Nollaig 2029 mar a formheasadh faoin gcinneadh maidir le Státchabhair i gcás SA. 42270. |
|
(83) |
Leagtar amach in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/943 na prionsabail dearthóireachta is infheidhme maidir le sásraí toillte. Measann an Coimisiún, le maolú ar Airteagal 22(1), pointí (f) agus (h), de Rialachán (AE) 2019/943 ab infheidhme tar éis dháta éaga an tsásra íocaíochta rialáilte a leagtar amach faoin gcinneadh maidir le Státchabhair i gcás SA. 42270, go gcuirfí bac leis ar an aistriú i dtreo an fhuinnimh in-athnuaite, na solúbthachta méadaithe, na stórála fuinnimh, na leictrea-shoghluaisteachta agus na freagartha don éileamh óir is éard is aidhm do na forálacha sin ceadú do rannpháirtíocht ag gach teicneolaíocht ar bhonn iomaíoch. Dá bharr sin, measann an Coimisiún nach bhfuil bonn cirt le maolú ar Airteagal 22(1), pointí (f) agus (h). Ba cheart dó sin a bheith gan dochar do na tiomantais agus conarthaí a tugadh i gcrích a mhéid a bhaineann leis na hOileáin Chanáracha faoin sásra íocaíochta i bhForaithne Ríoga 738/2015 mar a formheasadh faoin gcinneadh maidir le Státchabhair i gcás SA. 42270. |
|
(84) |
Bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil ag an Spáinn (aithris 77), measann an Coimisiún go bhfuil bonn cirt le maolú ar na ceanglais in Airteagal 22(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/943. |
|
(85) |
A mhéid a bhaineann leis an iarraidh ar mhaolú ar Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2019/943, measann an Coimisiún nach bhfuil bonn cirt le maolú i bhfianaise nach bhfuil Airteagal 22(5) den Rialachán sin infheidhme maidir le sásraí toillte arna bhformheas tar éis 4 Iúil 2019. |
|
(86) |
A mhéid a bhaineann le hAirteagal 22(4) de Rialachán (AE) 2019/943 ina leagtar amach na ceanglais maidir le teorainn astaíochtaí CO2 ar shásraí toillte, measann an Coimisiún nach bhfuil na ceanglais maidir le teorainn astaíochtaí CO2 infheidhme maidir leis an sásra íocaíochta rialáilte atá i bhfeidhm faoi láthair agus a formheasadh faoin gcinneadh maidir le Státchabhair i gcás SA. 42270, i bhfianaise mhéid bheag na gcóras leictreachais ar na hOileáin Chanáracha, na sriantaí atá bainteach leis na ceadanna comhshaoil riachtanacha a fháil le haghaidh toilleadh giniúna nua agus an éilimh níos airde ar ghiniúint inseolta chun comhtháthú na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite sna córais leictreachais ar na hOileáin Chanáracha a áirithiú agus chun slándáil an tsoláthair a ráthú. Measann an Coimisiún, le maolú ar Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) 2019/943 a bheadh infheidhme tar éis dháta éaga an tsásra íocaíochta rialáilte a leagtar amach faoin gcinneadh maidir le Státchabhair i gcás SA. 42270, go gcuirfí bac leis ar an aistriú i dtreo an fhuinnimh inathnuaite, na solúbthachta méadaithe, na stórála fuinnimh, na leictrea-shoghluaisteachta agus na freagartha don éileamh óir is éard is aidhm do na forálacha sin ceadú do rannpháirtíocht ag gach teicneolaíocht ar bhonn iomaíoch. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach bhfuil bonn cirt le maolú ar Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) 2019/943. Ba cheart dó sin a bheith gan dochar do na tiomantais agus conarthaí a tugadh i gcrích a mhéid a bhaineann leis na hOileáin Chanáracha faoin sásra íocaíochta i bhForaithne Ríoga 738/2015 mar a formheasadh faoin gcinneadh maidir le Státchabhair i gcás SA. 42270. |
|
(87) |
I dtuairim an Choimisiúin, ar bhonn na míniúchán arna gcur ar fáil ag an Spáinn (féach aithris 78), tá bonn cirt le maolú ar Airteagal 25(2) go 25(4) de Rialachán (AE) 2019/943 le haghaidh oibriú na gcóras leictreachais ar na hOileáin Chanáracha. |
5.2.6. Maolú ar Airteagail 14 go 17, 19 go 27, 35 go 47 de Rialachán (AE) 2019/943 le haghaidh an tsásra i bhForaithne Ríoga 738/2015
|
(88) |
Ina hiarratas, mar a leasaíodh leis an dara sraith soiléirithe arna seoladh ag an Spáinn an 17 Eanáir 2022, mhaígh an Spáinn le haghaidh an tsásra i bhForaithne Ríoga 738/2015, go bhfuil gá le maolú ar Airteagail 14 go 17, 19 go 27, 35 go 47 de Rialachán (AE) 2019/943. Measann an Coimisiún nach bhfuil gá le maolú chomh fairsing sin chun a cur i bhfeidhm a áirithiú. Tá an Coimisiún den tuairim nach bhfuil bonn cirt ach leis na maoluithe a luaitear sna ranna thuas. |
5.3. Ní bheidh aon bhac ar an aistriú chuig fuinneamh inathnuaite, solúbthacht mhéadaithe, stóráil fuinnimh, leictrea-shoghluaisteacht agus freagairt don éileamh
|
(89) |
De bhun Airteagal 64(1), an cúigiú fomhír, de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 66(2) de Threoir (AE) 2019/944, déantar cinneadh um maolú chun a áirithiú nach gcuirtear bac leis ar an aistriú i dtreo an fhuinnimh in-athnuaite, na solúbthachta méadaithe, na stórála fuinnimh, na leictrea-shoghluaisteachta agus na freagartha don éileamh. |
|
(90) |
A mhéid a bhaineann leis an aistriú i dtreo an fhuinnimh in-athnuaite agus na solúbthachta méadaithe (na freagartha don éileamh san áireamh) agus na stórála fuinnimh, tá sé tábhachtach go dtabharfaí d’aire gur cheart do réamh-mhargaí, margaí lá roimh ré, ionlae agus cothromúcháin atá ag feidhmiú go maith, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/943 agus Treoir (AE) 2019/944, na comharthaí riachtanacha seolta agus infheistíochta a sholáthar chun forbairt fhéideartha na dteicneolaíochtaí sin a uasmhéadú. Mar shampla, bhainfí amach forbairt na freagartha don éileamh is féidir a ghníomhachtú i dtréimhsí a bhíonn na córais leictreachais ar na hOileáin Chanáracha faoi strus i bprionsabal ar bhealach ní b’éasca ina léirítear leis na praghsanna éilimh cás na giniúna ar na hOileáin Chanáracha in aghaidh uair an chloig, seachas cás na giniúna ar an mórthír. Ní choisctear go huathoibríoch leis sin forbairtí ar an bhfreagairt don éileamh ná cineálacha solúbthachta eile sa suíomh rialála atá i bhfeidhm faoi láthair. Ní féidir é a chur as an áireamh áfach go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag an gcinneadh maidir le maolú ar fhorbairtí féideartha den chineál sin. |
|
(91) |
Ar an taobh eile, ní éilítear le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943 go n-uasmhéadaítear le cinntí maidir le maolú an fhéidearthacht don tsolúbthacht ná don stóráil fuinnimh. Ní bhíonn sé d’aidhm ag maolú faoi Airteagal 64 den Rialachán sin ach chun a áirithiú nach ‘gcuirtear bac leis’ ar aistriú den sórt sin. Is é sin le rá, ní mór nach ndéantar leis an maolú forbairtí a chosc, a tharlódh go nádúrtha, leis an maolú nó gan é. Ní dócha, in éagmais an mhaolaithe, go bhforbrófaí réamh-mhargaí, margaí lá roimh ré, ionlae agus cothromúcháin atá ag feidhmiú go maith i ngach ceann de na córais leictreachais ar na hOileáin Chanáracha. Is amhlaidh sin de bharr na dúshláin atá bainteach le córais leictreachais bheaga agus leithlisithe a oibriú, ina bhfuil leibhéil an-íseal iomaíochta sa deighleog giniúna, agus leis an easpa ceangail le margadh na mórthíre mar a thugtar tuairisc air i roinn 2. |
|
(92) |
A mhéid a bhaineann go sonrach leis an stóráil fuinnimh, aithníonn an Coimisiún an tábhacht a bhaineann leis an teicneolaíocht sin do chomhtháthú na bhfoinsí fuinnimh athraithigh, amhail foinsí in-athnuaite fuinnimh, go háirithe sna córais bheaga agus leithlisithe cosúil leis na cinn ar na hOileáin Chanáracha. Measann an Coimisiún áfach gur cheart infheistíochtaí margadhbhunaithe sna teicneolaíochtaí sin a chur chun cinn aon uair is féidir (12). Ar an gcúis sin, measann an Coimisiún nach bhfuil bonn cirt le maolú ar Airteagal 54 de Threoir (AE) 2019/944 de bhun Airteagal 66 den Treoir sin ach amháin a mhéid a bhaineann le saoráidí taiscthe hidreachumhachta caidéalaithe. |
|
(93) |
Is cosúil nach bhfeidhmíonn an maolú tionchar suntasach ar an leictrea-shoghluaisteacht. |
5.4. Fad an mhaolaithe
|
(94) |
Leagtar amach go sainráite in Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2019/943 agus Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944 go mbaineann an t-aon chás ina bhféadfadh an Coimisiún foráil a dhéanamh maidir le maolú neamhtheoranta leis na réigiúin is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE nach féidir a idirnascadh le margadh fuinnimh an Aontais ar chúiseanna follasacha fisiciúla. Tá an méid sin intuigthe óir nach bhfeidhmíonn na réigiúin sin aon tionchar ar an margadh inmheánach don leictreachas. |
|
(95) |
Mar a luadh in aithris 42, tá na hOileáin Chanáracha ar cheann de na réigiúin is forimeallaí a aithnítear faoi Airteagal 349 CFAE agus ní féidir iad a idirnascadh le margadh fuinnimh an Aontais ar chúiseanna follasacha fisiciúla. Dá bharr sin, ba cheart an maolú a dheonú go ceann fad ama neamhtheoranta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Deonaítear maolú do Ríocht na Spáinne ar fhorálacha Airteagal 3, an chéad fhomhír, pointí (a), (b), (e), (k), (o) agus (p), Airteagal 6, Airteagail 7(1) agus 8(1) agus (4), Airteagail 9, 10, 11, Airteagail 20(3) go (8), 21(7), 22(2) agus (3) agus 25(2) go (4) de Rialachán (AE) 2019/943 agus d’Airteagal 40(4) go (7) agus ar fhorálacha, a mhéid a bhaineann le saoráidí taiscthe hidreachumhachta caidéalaithe, ar Airteagal 54 den Treoir (AE) 2019/944 a mhéid a bhaineann leis na hOileáin Chanáracha.
Airteagal 2
Beidh feidhm ag an maolú arna dheonú faoi Airteagal 1 go ceann fad ama neamhtheoranta.
Airteagal 3
Is ar Ríocht na Spáinne atá an Cinneadh seo dírithe.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Kadri SIMSON
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 158, 14.6.2019, lch. 54.
(2) IO L 158, 14.6.2019, lch. 125.
(3) Míníonn an Spáinn go bhfuil an ráta cumhdaigh, i ngeall ar chúltacaí le haghaidh na gcóras neamhleithniseach, sa raon idir 40 agus 70 % i gcomparáid leis an 10 % atá de dhíth ar chóras na mórthíre.
(4) Leagtar an creat amach i bhForaithne Ríoga 738/2015 an 31 Iúil 2015 (Real Decreto 738/2015, de 31 de julio, por el que se regula la actividad de producción de energía eléctrica y el procedimiento de despacho en los sistemas eléctricos de los territorios no peninsulares) (‘Foraithne Ríoga 738/2015’).
(5) Ley 17/2013, de 29 de octubre, para la garantía del suministro e incremento de la competencia en los sistemas eléctricos insulares y extrapeninsulares.
(6) Cinneadh an 28 Bealtaine 2020, SA.42270 (2016/NN) — Táirgeadh an leictreachais sa Spáinn i gcríocha neamhleithniseacha na Spáinne, C(2020) 3401 final.
(7) Baineann Tionscadal Chira-Soria le saoráid stórála fuinnimh a thógáil (gléasra taiscthe cumhachta hidrileictrí caidéalaithe) de thoilleadh suiteáilte 200MW agus de thoilleadh stórála fuinnimh 3,5 GWh ar oileán Gran Canaria. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an tionscadal féach: Central hidroeléctrica de bombeo reversible Salto de Chira | Red Eléctrica (ree.es)
(8) Cháileodh an taisceadh hidreachumhachta caidéalaithe mar shaoráid taiscthe de bhun Threoir (AE) 2019/944.
(9) Hydropower and pumped hydropower storage in the European Union:[An hidreachumhacht agus taisceadh na hidreachumhachta caidéalaithe san Aontas Eorpach:] Status report on technology development, trends, value chains and markets, JRC 2022:[Tuarascáil stádais maidir le forbairt, treochtaí, slabhraí luacha agus margaí teicneolaíochta, JRC 2022:] https://setis.ec.europa.eu/document/download/82e6a3ad-74f1-4f6d-b2be-006df2de2007_en
(10) Féach mar shampla na bearta ar a dtugtar tuairisc sa Dréachtphlean chun Dáta ar an bPlean Comhtháite Náisiúnta um Fhuinneamh agus Aeráid (2023-2030) a chuir an Spáinn faoi bhráid maidir leis na hOileáin Chanáracha, ina bhfuil an aidhm an dícharbónú a bhaint amach faoi 2040 (leathanach 144): https://commission.europa.eu/publications/spain-draft-updated-necp-2021-2030_en. Féach freisin Ley 6/2022, de 27 de diciembre, de cambio climático y transición energética de Canarias.
(11) Antonio Morales exige al Ministerio acciones urgentes para acabar con la inseguridad y el riesgo de apagón general en Gran Canaria - Cabildo de Gran Canaria - Portales Web Cabildo GC.
(12) Féach aithris 62 de Threoir (AE) 2019/944.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/560/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)