This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D04883
Council Decision of 22 July 2024 replacing a member of the Management Board of the European Centre for the Development of Vocational Training (Cedefop) for Latvia
Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2024 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) thar ceann na Laitvia
Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2024 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) thar ceann na Laitvia
ST/11931/2024/INIT
IO C, C/2024/4883, 31.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4883/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version:
31/07/2024
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Corrected by | 32024D04883R(01) |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4883 |
31.7.2024 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Iúil 2024
lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) thar ceann na Laitvia
(C/2024/4883)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh an 28 Márta 2023 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna don tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2027. |
|
(2) |
Tá suíochán comhalta i gcatagóir ionadaithe na rialtas tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Rūta GINTAUTE-MARIHINA a bheith éirithe as oifig. |
|
(3) |
Tá iarrthóir ainmnithe ag rialtas na Laitvia don suíochán folamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Baiba BAŠĶERE ina comhalta de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna in ionad Rūta GINTAUTE-MARIHINA ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 31 Márta 2027.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Iúil 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) IO L 30, 31.1.2019, lch. 90.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 28 Márta 2023 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) (IO C 116, 31.3.2023, lch. 15).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4883/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)