This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D03685
Commission Implementing Decision of 3 June 2024 laying down rules for the application of Regulation (EU) No 1308/2013 of the European Parliament and of the Council as regards the publication of an application for protection of a geographical indication in the wine sector Lorraine (PGI)
Commission Implementing Decision an 3 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratas ar chosaint táisc gheografaigh in earnáil an fhíona a fhoilsiú Lorraine (TGFC)
Commission Implementing Decision an 3 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratas ar chosaint táisc gheografaigh in earnáil an fhíona a fhoilsiú Lorraine (TGFC)
C/2024/3836
IO C, C/2024/3685, 10.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3685/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Repeal | 52024XC02239 | 30/06/2024 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/3685 |
10.6.2024 |
COMMISSION IMPLEMENTING DECISION
an 3 Meitheamh 2024
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratas ar chosaint táisc gheografaigh in earnáil an fhíona a fhoilsiú ‘Lorraine’ (TGFC)
(C/2024/3685)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 97(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Roimh dháta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), chuir an Fhrainc iarratas ar chosaint an ainm ‘Lorraine’ ar aghaidh (Uimh. AE: PGI-FR-02815 — 15.11.2021) i gcomhréir le hAirteagal 96(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 97(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas sin agus chinn sé go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 93 go 111 den Rialachán sin. |
|
(3) |
Chun go bhféadfar ráitis agóide a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 2024/1143, an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 90(2) den Rialacháin sin agus an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge dá dtagraítear in Airteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le haghaidh an ainm ‘Lorraine’, ba cheart iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(4) |
Ní raibh an tagairt cheart d’fhoilsiú na sonraíochta san iarratas a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C, C/2024/2239 an 19.3.2024. |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
Foilseofar an doiciméad aonair dá dtagraítear in Airteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus an tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge le haghaidh an ainm ‘Lorraine’ (TGFC) (Uimh. AE: PGI-FR-02815 — 15.11.2021) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143, feidhmeofar an ceart chun cur i gcoinne na cosanta atá beartaithe laistigh de 3 mhí ón dáta foilsithe dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo.
Aisghairtear an foilsiú a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C, C/2024/2239 an 19 Márta 2024.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2024
Thar ceann an Choimisiúin
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.
(2) Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11.4.2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).
IARSCRÍBHINN
Doiciméad Aonair
‘Lorraine’
PGI-FR-02815
Dáta an iarratais: 15.11.2021
1. Ainm
Lorraine
2. Cineál an táisc gheografaigh:
TGFC – Tásc geografach faoi chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
|
5. |
Fíon súilíneach ar ardchaighdeán |
4. Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)
Cumhdaítear faoin tásc geografach faoi chosaint ‘Lorraine’ fíonta súilíneacha geala, rosé agus dearga ar ardchaighdeán.
Bíonn dath idir buí éadrom agus órbhuí dorcha ar na fíonta geala. Ar bhlas dea-bholaithe na bhfíonta geala bíonn blasanna bláthanna bána (féithleann, seasmain, etc.), blasanna citris (líomóid, cleimintín, etc.) nó blasanna clochthorthaí (péitseog, aibreog, etc.).
Bíonn dath idir dath an bhradáin agus dath piaine dorcha ar na fíonta rosé, a bhíonn crónbhuí uaireanta, agus bíonn blasanna caor dearg (sútha talún, cuiríní dearga, etc) nó blasanna seadóige fiú orthu.
Bíonn idir dath caordhearg agus dath an ghairnéid agus dea-bholaithe de thorthaí dearga ar na fíonta dearga, iad bruite nó criostalaithe uaireanta, orthu.
Bíonn roinnt mhaith boilgeoga míne sna fíonta agus is iad próifíl úr spleodrach agus iarbhlas fada, ó na cineálacha fíonchaor a úsáidtear sna cumaisc, saintréithe na bhfíonta.
Comhlíonann na fíonta na critéir anailíseacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte) |
13 |
|
Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte) |
10 |
|
Aigéadacht iomlán íosta |
|
|
Aigéadachta luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fhíoneolaíocha
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
Táirgeadh
Srian maidir le fíonóireacht
Tá cosc ar fháisceáin leanúnacha a úsáid.
Ní mó ná 30 % i gcumasc na mbunfhíonta é cion Riesling B.
Déantar na fíonta trí choipeadh alcólach tánaisteach sa bhuidéal amháin.
Níor cheart iad a choimeád ar an moirt i mbuidéil ar feadh tréimhse is lú ná 9 mí.
5.2. Uastáirgeacht
90 heictilítear in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
Buaintear na fíonchaora agus déantar agus forbraítear na fíonta, lena n-áirítear aibiú agus pacáistiú, sna bardais seo a leanas i ranna Meurthe-et-Moselle, Meuse agus Moselle, ar bhonn an Chóid Gheografaigh Oifigiúil, 2020:
Meurthe-et-Moselle (54):
Agincourt, Allamps, Amance, Arnaville, Atton, Autreville-sur-Moselle, Bainville-sur-Madon, Barisey-la-Côte, Belleville, Bezaumont, Blénod-lès-Pont-à-Mousson, Blénod-lès-Toul, Boucq, Bouxières-aux-Chênes, Bouxières-aux-Dames, Bruley, Bulligny, Chaligny, Champey-sur-Moselle, Champigneulles, Charmes-la-Côte, Chavigny, Choloy-Ménillot, Custines, Dieulouard, Domgermain, Dommartemont, Dommartin-sous-Amance, Écrouves, Essey-lès-Nancy, Eulmont, Faulx, Foug, Houdemont, Jezainville, Lagney, Laître-sous-Amance, Landremont, Laneuveville-derrière-Foug, Laxou, Lay-Saint-Christophe, Leyr, Loisy, Lucey, Ludres, Maidières, Maizières, Malleloy, Malzéville, Marbache, Maron, Maxéville, Messein, Millery, Montauville, Montenoy, Mont-le-Vignoble, Mousson, Neuves-Maisons, Norroy-lès-Pont-à-Mousson, Pagney-derrière-Barine, Pagny-sur-Moselle, Pompey, Pont-à-Mousson, Pont-Saint-Vincent, Prény, Saint-Max, Seichamps, Sexey-aux-Forges, Toul, Trondes, Vandières, Vandœuvre-lès-Nancy, Ville-au-Val, Villers-lès-Nancy, Villers-sous-Prény, Viterne, Vittonville.
Meuse (55):
Apremont-la-Forêt, Bar-le-Duc, Boncourt-sur-Meuse, Buxières-sous-les-Côtes, Combres-sous-les-Côtes, Culey, Euville, Frémeréville-sous-les-Côtes, Girauvoisin, Givrauval, Guerpont, Hannonville-sous-les-Côtes, Han-sur-Meuse, Herbeuville, Heudicourt-sous-les-Côtes, Geville, Ligny-en-Barrois, Loisey, Longeaux, Longeville-en-Barrois, Loupmont, Mécrin, Menaucourt, Montsec, Nançois-sur-Ornain, Pont-sur-Meuse, Resson, Saint-Julien-sous-les-Côtes, Saint-Maurice-sous-les-Côtes, Saint-Mihiel, Sampigny, Savonnières-devant-Bar, Silmont, Sorcy-Saint-Martin, Tannois, Thillot, Trésauvaux, Tronville-en-Barrois, Varnéville, Velaines, Vigneulles-lès-Hattonchâtel, Vignot, Void-Vacon.
Moselle (57):
Ancy-Dornot, Apach, Arry, Ars-sur-Moselle, Augny, Ay-sur-Moselle, Ban-Saint-Martin, Berg-sur-Moselle, Bertrange, Bronvaux, Château-Salins, Châtel-Saint-Germain, Contz-les-Bains, Corny-sur-Moselle, Fèves, Féy, Guénange, Hagondange, Basse-Ham, Hauconcourt, Illange, Jouy-aux-Arches, Jussy, Kœnigsmacker, Haute-Kontz, Lessy, Lorry-lès-Metz, Lorry-Mardigny, Maizières-lès-Metz, Malling, Manom, Marange-Silvange, Marieulles, Marsal, Mondelange, Morville-lès-Vic, Moyenvic, Norroy-le-Veneur, Novéant-sur-Moselle, Pierrevillers, Plappeville, Plesnois, Rettel, Richemont, Rozérieulles, Salonnes, Saulny, Scy-Chazelles, Semécourt, Sierck-les-Bains, Talange, Terville, Thionville, Uckange, Vaux, Vic-sur-Seille, Yutz.
7. Cineál/cineálacha fíonchaoire
|
|
Aubin B |
|
|
Auxerrois B |
|
|
Cabernet Cortis N |
|
|
Chardonnay B |
|
|
Gamaret |
|
|
Gamay N |
|
|
Johanniter B |
|
|
Meunier N |
|
|
Muscaris B |
|
|
Müller-Thurgau B |
|
|
Pinot Blanc B |
|
|
Pinot Gris G |
|
|
Pinot Noir N |
|
|
Pinotin N |
|
|
Riesling B |
|
|
Solaris B |
|
|
Souvignier Gris Rs |
8. Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc):
8.1. Sainiúlacht an limistéir gheografaigh
Is fíon súilíneach ar ardchaighdeán é TGFC ‘Lorraine’ a tháirgtear i limistéar atá suite in Oirthuaisceart na Fraince, sna ranna Meurthe-et-Moselle, Meuse agus Moselle. Tá an limistéar sin múnlaithe ag tionchair stairiúla Rómhánacha agus Ghearmánacha, mar is léir ón ainm ‘Lorraine’, a thagann as Lothair II, an chéad rí ar Lotharingia.
Tá an limistéar geografach ina chuid de thírdhreach de cheithre chuaiste in oirthear Imchuach Pháras: côte de Meuse, côte de Moselle, côte infraliasique et côte de Lorraine, ina bhfuil cuid d’ardchlár na Lorráine agus masaíf ársa Vosges agus slabhra gleannta cóngaracha, gleannta Meuse, Ornain agus Moselle. Rinneadh na dromanna de thoradh an chreimthe a rinne aibhneacha agus sruthchúrsaí ar shraitheanna crua (aolchloch, gaineamhchloch) agus boga (marla, cré) ón ré Mhéiseasóch.
Imrítear dhá thionchar aeráide ar an limistéar:
|
— |
aeráid ilchríochach, ina mbíonn sioc – uaireanta sioc an-trom – agus ansin grian thairbheach i rith an tsamhraidh. Leis an tírdhreach oscailte nocht ní ligtear don aer fuar stálú, rud a laghdaíonn an baol seaca agus a chuireann le solas na gréine ar na fíonghoirt; |
|
— |
aeráid aigéanach a sholáthraíonn báisteach rialta, agus bíonn difríochtaí teoranta idir an teocht ó shéasúr go séasúr. |
Tá na fíonghoirt suite ar na fánaí tosaigh agus asluitigh nó ar na fánaí cúil de na ceithre chuaiste. Cosnaíonn na dromanna sin na fíonghoirt ar thionchar tais an aigéin, agus tugann siad foscadh dóibh ó na gnáthghaotha agus na leibhéil sách ard gréine, lena n-áirithítear dálaí aibíochta maithe do na fíonchaora.
8.2. Sainiúlacht an táirge
Is táirge é TGFC ‘Lorraine’ atá ann de bharr stair fhíonghoirt réigiún na Lorráine, a théann siar chuig ré na Rómhánach.
Bhí fíonta súilíneacha á dtáirgeadh sa réigiún sa 19ú céad. Tá déantóirí fíona bunaithe in Moselle ó bhí 1870 ann chun fíonta súilíneacha a tháirgeadh do mhargadh na Gearmáine. Thosaigh comharchumann Bruley ag déanamh margaíochta dá ‘grand mousseux lorrain’ ag tús an 20ú céad. Chuir roinnt táirgeoirí a gcuid fíonta súilíneacha i láthair ag Mórthaispeántas Domhanda 1900 i bPáras. Tugadh suntas sna nuachtáin an uair sin ‘go ndearnadh dhá fhíon [gan súilíní] agus fíon súilíneach amháin sa Lorráin’.
Rinne coinbhleachtaí armtha móra sa réigiún ag tús an 20ú céad an-difear do na fíonghoirt. Níor mhair ach dornán fíonghort i ranna Meurthe-et-Moselle, Meuse agus Moselle. Lean an táirgeadh ar aghaidh a bhuí le déantóirí fíona díograiseacha. As sin lean aithint na dtásc geografach do thrí fhíon gan súilíní, lena n-áirítear ceann sna 1950í.
Tá na méideanna idir 1 000 hl agus 2 000 hl faoi láthair agus tá trí chineál fíona ar fáil: fíonta geal atá i 75 % den táirgeadh, fíonta rosé atá i 20 % den táirgeadh agus is fíonta dearga iad an chuid eile.
Léirítear an tásc geografach faoi chosaint ‘Lorraine’ le cineálacha fíonchaor ón réigiún sin go príomha, a gcuirtear leo le saineolas ar an gcoipeadh alcólach tánaisteach sa bhuidéal a gcoimeád ar an moirt sa bhuidéal ar feadh 9 mí ar a laghad.
Bíonn roinnt mhaith boilgeoga míne sna fíonta agus is iad próifíl úr spleodrach agus iarbhlas fada, ó na cineálacha fíonchaor a úsáidtear, saintréithe na bhfíonta.
Bíonn dath idir buí éadrom agus órbhuí dorcha ar na fíonta geala. Ar bhlas dea-bholaithe na bhfíonta geala bíonn blasanna bláthanna bána, blasanna citris agus blasanna clochthorthaí. Bíonn dath idir dath an bhradáin agus dath piaine dorcha ar na fíonta rosé, a bhíonn crónbhuí uaireanta, agus bíonn blasanna caor dearg orthu. Bíonn idir dath caordhearg agus dath an ghairnéid agus dea-bholaithe de thorthaí dearga ar na fíonta dearga, iad bruite nó criostalaithe uaireanta, orthu.
8.3. Nasc cúisíoch
Tá an nasc cúisíoch idir an bunús geografach agus na fíonta sin bunaithe ar na saintréithe orgánaileipteacha cháilíocht atá inchurtha i leith na saintréithe sonracha den limistéar (an timpeallacht nádúrtha agus saineolas táirgeora).
Léirítear leis an ainm ‘Lorraine’ saintréithe an limistéir, an aeráid réigiúnach, agus dálaí geografacha agus ithreach, a chabhraíonn leis na fíonchaora aibiú fad a choinnítear an úire a theastaíonn chun fíonta súilíneacha aramatacha agus úra ar ardchaighdeán a tháirgeadh.
Le tírdhreach oscailte nocht na má agus na ngleannta áirithítear go bhfaigheann na fíonghoirt an solas gréine is fearr d’aibiú na bhfíonchaor. Chomh maith leis sin, coisceann sé stálú an aeir fhuair, agus laghdaíonn sé an baol seaca dhéanaigh dá réir sin. Cabhraíonn na fánaí agus an treoshuíomh leis an méid solais gréine is mó a sholáthar freisin, toisc go bhfuil siad fabhrach do threá maith gréine agus téamh ithreach, rud a gcabhraíonn an ithir chré-aolchloiche leis.
Tá na cineálacha fíonchaor a úsáidtear sa Lorráin in oiriúint don limistéar geografach de bharr a n-aibithe luaith.
Maidir le saineolas na dtáirgeoirí maidir le déanamh fíona ó na cineálacha sin, ina n-aonar nó i gcumaisc, agus maidir le rialú coipthe thánaistigh sa bhuidéal, tá tionchar ag na tosca sin ar shainiúlacht orgánaileipteach na bhfíonta. Cabhraíonn sé sin leis na fíonta a gcuid úire a fhorbairt, chomh maith le blas dea-bholaithe ina bhfuil blasanna bláthacha agus torthaíocha.
Bhí táirgeoirí TGFC ‘Lorraine’ in ann a gcuid cleachtas táirgeachta a chur in úsáid chun fíonta súilíneacha a dhéanamh, i dteannta le táirgí saothraithe fíonchaor eile de chuid an réigiúin.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll bhreise
Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
I bhfianaise phróiseas táirgthe an choipthe thánaistigh sa bhuidéal, pacáiltear na fíonta sa limistéar geografach.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3685/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)