Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2873

    Rialachán (AE) 2023/2873 ón gComhairle an 18 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    ST/15373/2023/INIT

    IO L, 2023/2873, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2873/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2873/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2873

    18.12.2023

    RIALACHÁN (AE) 2023/2873 ÓN gCOMHAIRLE

    an 18 Nollaig 2023

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

    Ag féachaint do Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1),

    Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do bhearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES.

    (2)

    An 18 Nollaig 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/2871 (3) lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES. Le Cinneadh (CBES) 2023/2871, leathnaítear na critéir liostaithe chun daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a thairbhíonn d’aistriú éigeantach úinéireachta, nó rialaithe ar eintitis, atá bunaithe sa Rúis a bhí faoi úinéireacht nó faoi rialú eintiteas de chuid an Aontais roimhe seo.

    (3)

    Leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2023/2871 freisin na coinníollacha faoinar féidir leis an gComhairle ainm duine éagtha a choinneáil ar liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir reo sócmhainní agus an toirmisc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, i gcás ina measann sé gur dócha go n-úsáidfí na sócmhainní lena mbaineann ar bhealach eile chun cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine a mhaoiniú nó gníomhaíochtaí eile lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin a mhaoiniú.

    (4)

    Le Cinneadh (CBES) 2023/2871 tugtar isteach maolú freisin chun go bhféadfar cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha reoite a scaoileadh i gcás inar chinn Ballstát, chun leasa an phobail, cistí nó acmhainní eacnamaíocha a bhaint de dhuine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó de chomhlacht atá liostaithe, ar leis an duine, leis an eintiteas nó leis an gcomhlacht iad nó atá faoina úinéireacht nó faoina rialú, agus tugtar isteach an maolú sin freisin chun cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil don duine, don eintiteas nó don chomhlacht sin chun cúiteamh a íoc, ar choinníoll go ndéanfar an cúiteamh sin a reo.

    (5)

    Tugtar isteach le Cinneadh (CBES) 2023/2871 freisin maolú ar an reo sócmhainní agus ar an toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil chun go bhféadfar scaireanna in eintiteas atá bunaithe sa Rúis, nó sócmhainní an eintitis sin, a dhíol nó a úsáid, i gcás ina ndearna Rialtas na Rúise úinéireacht nó rialú duine dlítheanach de chuid an Aontais ar an eintiteas sin a aistriú go héigeantach. Leis an maolú sin, d’fhéadfaí, inter alia, cúiteamh leordhóthanach a comhaontaíodh a íoc le daoine dlítheanacha de chuid an Aontais.

    (6)

    Le Cinneadh (CBES) 2023/2871 cuirtear síneadh freisin leis an spriocdháta is infheidhme maidir leis an maolú atá ann cheana lena gceadaítear do Chomhdháil na nÉileamh Giúdach íocaíochtaí a phróiseáil trí bhanc liostaithe agus tugtar isteach maolú chun íocaíochtaí áirithe a cheadú mar shlánaíocht nó mar shochar ar theacht ann do riosca maidir le heintiteas nualiostaithe.

    (7)

    Tugtar isteach le Cinneadh (CBES) 2023/2871 freisin maolú sealadach ar an reo sócmhainní agus ar an toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil chun go bhféadfar cearta dílseánaigh a dhíol nó a aistriú ar cearta dílseánaigh iad atá faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí liostaithe áirithe i nduine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe san Aontas.

    (8)

    Le Cinneadh (CBES) 2023/2871 tugtar isteach freisin maolú ar an reo sócmhainní agus ar an toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil chun go bhféadfar conarthaí arna dtabhairt i gcrích le heintiteas nualiostaithe a fhoirceannadh.

    (9)

    Le Cinneadh (CBES) 2023/2871 leathnaítear an maolú atá ann cheana is infheidhme faoi láthair maidir le bainc liostaithe áirithe chuig cuideachta árachais nualiostaithe, lena gceadaítear táirgí talmhaíochta agus bia a cheannach, a allmhairiú nó a iompar.

    (10)

    Le Cinneadh (CBES) 2023/2871 déantar leasuithe teicniúla freisin sa téacs oibríochtúil, sainítear raon feidhme oibleagáidí tuairiscithe áirithe agus tugtar isteach oibleagáid ar údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát, i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta, na húdaráis náisiúnta a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht acu cistí agus acmhainní eacnamaíocha a shainaithint agus a rianú, ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le heintitis nó le comhlachtaí liostaithe iad, nó atá faoi úinéireacht, nó i seilbh, nó faoi rialú na ndaoine sin, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin, d’fhonn cásanna de shárú nó d’imchéimniú, nó iarrachtaí ar shárú nó ar imchéimniú, ar Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, a chosc nó a bhrath. Leis an oibleagáid sin údarás náisiúnta a ainmniú, ní gá go gceanglófaí ar na Ballstáit údarás nua a chruthú.

    (11)

    Tagann na leasuithe arna ndéanamh le Cinneadh (CBES) 2023/2871 ar Chinneadh 2014/145/CBES sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

    (12)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 mar a leanas:

    (1)

    Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    ‘(j)

    eintitis atá bunaithe sa Rúis, a bhí faoi úinéireacht nó faoi rialú eintiteas atá bunaithe san Aontas, ar aistrigh Rialtas Chónaidhm na Rúise a n-úinéireacht nó a rialú go héigeantach trí dhlíthe, rialacháin, ionstraimí reachtacha eile nó gníomhaíocht eile d’údarás poiblí de chuid na Rúise, nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a thairbhigh den aistriú sin, agus daoine nádúrtha a ceapadh chuig comhlachtaí rialaithe na n-eintiteas den sórt sin sa Rúis gan toiliú na n-eintiteas de chuid an Aontais a raibh úinéireacht acu orthu nó a bhí á rialú roimhe sin,’;

    (b)

    cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

    ‘1a.   Má fhaigheann daoine nádúrtha a liostaítear in Iarscríbhinn I bás le linn tréimhse na mbeart sriantach a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle ainmeacha na ndaoine éagtha a choinneáil ar an liosta sin más rud é go mbeadh baol ann, dá ndéanfaí iad a dhíliostú go mbainfí an bonn de chuspóirí bhearta sriantacha an Aontais mar gheall gur dócha go n-úsáidfí na sócmhainní lena mbaineann ar bhealach eile chun cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine mhaoiniú nó gníomhaíochtaí eile lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin a mhaoiniú.’

    ;

    (2)

    cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

    ‘Airteagal 5a

    1.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstáit údarú a thabhairt cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, tar éis dóibh a fhionnadh go bhfuil cinneadh glactha ag údarás breithiúnach nó riaracháin Ballstáit, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear leis an dlí, chun leasa an phobail, cistí nó acmhainní eacnamaíocha a bhaint de dhuine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá liostaithe, ar leis an duine, leis an eintiteas nó leis an gcomhlacht iad nó atá faoina úinéireacht nó faoina rialú, ar choinníoll go ndéantar an cúiteamh a íoctar as an mbaint sin de chistí nó d’acmhainní eacnamaíocha a reo.

    2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1.

    Airteagal 5b

    1.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú a thabhairt cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh ar leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I iad de bhun Airteagal 3(1), pointe (j), nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha sin, do na heintitis sin nó do na comhlachtaí sin, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a fhionnadh go bhfuil gá leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin chun scaireanna i ndaoine dlítheanacha, in eintitis nó i gcomhlachtaí atá bunaithe sa Rúis, nó sócmhainní na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin, a liostaítear in Iarscríbhinn I de bhun Airteagal 3(1), pointe (j), a dhíol nó a úsáid chun go mbeifear in ann an chomaoin arna comhaontú ag na páirtithe nó an cúiteamh arna chinneadh ag údarás breithiúnach nó arna bhunú le dlí a íoc i gcomhthéacs aistriú éigeantach úinéireachta nó rialaithe ag Rialtas Chónaidhm na Rúise. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha reoite arna sealbhú ag Taisclanna lárnacha urrús de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

    2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1.

    (*1)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).’;"

    (3)

    leasaítear Airteagal 6b mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2d:

    ‘2d.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit údarú a thabhairt cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh ar leis na heintitis a liostaítear faoi uimhreacha iontrála 198, 199 agus 200 faoin gceannteideal ‘Eintitis’ in Iarscríbhinn I, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do na heintitis sin, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí agus tar éis dóibh a fhionnadh go bhfuil gá leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin chun oibríochtaí, conarthaí, nó comhaontuithe eile, lena n-áirítear caidreamh comhfhreagrach baincéireachta, arna dtabhairt i gcrích roimh an 25 Feabhra 2023 a fhoirceannadh faoin 26 Lúnasa 2023, nó, i ndáil leis an eintiteas a liostaítear faoi uimhir iontrála 198 faoin gceannteideal ‘Eintitis’ in Iarscríbhinn I, le haghaidh idirbhearta trína ndéanann Comhdháil na nÉileamh Giúdach cistí a eisíoc le tairbhithe i gCónaidhm na Rúise faoin 31 Nollaig 2024, gan beann ar cathain a tugadh na hoibríochtaí, na conarthaí nó na comhaontuithe eile i gcrích.’

    ;

    (b)

    cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

    ‘5e.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát a údarú a thabhairt cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh ar leis an eintiteas a liostaítear faoi uimhir iontrála 270 iad faoin gceannteideal ‘Eintitis’ in Iarscríbhinn I, faoi cibé coinníollacha a mheasann na húdaráis inniúla a bheith iomchuí agus tar éis dóibh an méid seo a leanas a fhionnadh:

    (a)

    go bhfuil gá leis sin chun íocaíocht atá dlite ag an eintiteas a liostaítear faoi uimhir iontrála 270 a cheadú faoin gceannteideal ‘Eintitis’ in Iarscríbhinn I le heintiteas atá bunaithe san Aontas, i dtír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, san Eilvéis nó i dtír chomhpháirtíochta mar a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 (*2) ón gComhairle, nó ag náisiúnach nó ag cónaitheoir de Bhallstát, de thír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, na hEilvéise nó de thír chomhpháirtíochta mar a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014; agus

    (b)

    is ionann íocaíocht den sórt sin agus an tslánaíocht nó an sochar a sholáthraítear ar theacht ann do riosca agus ní sárú í ar Airteagal 2(2) den Rialachán seo.

    5f.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstáit, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, a údarú a thabhairt cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do na daoine aonair a liostaítear faoi na huimhreacha iontrála 92, 674, 675, 694, 880, 882, 909 agus 920 faoin gceannteideal ‘Daoine’ in Iarscríbhinn I agus do na heintitis a liostaítear faoi uimhreacha iontrála 38 agus 39 faoin gceannteideal ‘Eintitis’ in Iarscríbhinn I, tar éis dóibh an méid seo a leanas a fhionnadh:

    (a)

    go bhfuil gá leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha chun go ndíolfar agus go n-aistreofar faoin 30 Meitheamh 2024 cearta dílseánaigh atá faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach duine de na daoine aonair nó ceann de na heintitis nó de na comhlachtaí sin i nduine dlítheanach, in eintiteas nó i gcomhlacht atá bunaithe san Aontas; agus

    (b)

    go bhfuil fáltais an díola agus an aistrithe sin reoite.

    5g.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit, faoi cibé coinníollacha a mheasann na húdaráis inniúla a bheith iomchuí, údarú a thabhairt cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, ar leis an eintiteas a liostaítear faoin uimhir iontrála 333 faoin gceannteideal ‘Eintitis’ in Iarscríbhinn I, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil don eintitis sin, tar éis dóibh a fhionnadh go bhfuil gá leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin chun conarthaí arna dtabhairt i gcrích leis an eintiteas sin roimh an 20 Meitheamh 2024, a fhoirceannadh faoin 19 Nollaig 2023.’;

    (*2)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).’;"

    (4)

    in Airteagal 6e, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit údarú a thabhairt cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh ar leis na heintitis a liostaítear faoi uimhreacha iontrála 53, 54, 55, 79, 80, 81, 82, 108, 126, 127, 198, 199, 200, 214, 215, agus 270 agus faoin gceannteideal ‘Eintitis’ in Iarscríbhinn I, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do na heintitis sin, faoi cibé coinníollacha a mheasann na húdaráis inniúla a bheith iomchuí agus tar éis dóibh a fhionnadh go bhfuil gá le cistí nó acmhainní eacnamaíocha den sórt sin chun táirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin, a cheannach, a allmhairiú nó a iompar.’

    ;

    (5)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6f:

    ‘Airteagal 6f

    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a bhfuil gá leo chun seirbhísí píolótacha a sholáthar a bhfuil gá leo ar chúiseanna sábháilteachta muirí.’;

    (6)

    leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach:

    ‘Beidh feidhm ag an oibleagáid sa chéad fhomhír faoi réir rialacha náisiúnta nó rialacha eile is infheidhme maidir le rúndacht faisnéise atá i seilbh údarás breithiúnach.

    Chun críocha na chéad fhomhíre, áireofar le rúndacht na cumarsáide idir dlíodóirí agus a gcliaint a bhaineann le comhairle dlí arna soláthar ag gairmithe deimhnithe eile atá údaraithe faoin dlí náisiúnta ionadaíocht a dhéanamh ar a gcliaint in imeachtaí breithiúnacha, a mhéid a thugtar comhairle dlí den sórt sin i ndáil le himeachtaí breithiúnacha atá ar feitheamh nó le himeachtaí breithiúnacha ionchasacha.’;

    (b)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    ‘1d.   Faoin 31 Deireadh Fómhair, sainaithneoidh na Ballstáit na húdaráis náisiúnta a bheidh inniúil chun na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha ar le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I iad, atá faoi úinéireacht, nó i seilbh, nó faoi rialú aon duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintiteas nó comhlachtaí atá lonnaithe ina ndlínse, d’fhonn cásanna de shárú nó d’imcheimniú, nó iarrachtaí ar shárú nó ar imchéimniú, ar na toirmisc a leagtar amach sa Rialachán seo a chosc nó a bhrath.’

    .

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    P. NAVARRO RÍOS


    (1)   IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.

    (2)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 6).

    (3)  Cinneadh (CBES) ón gComhairle 2023/2871 an 18 Nollaig 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2023/2871, 18.12.2023 ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2871/oj).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2873/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top