This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2847
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/2847 of 20 December 2023 authorising the placing on the market of apple fruit cell culture biomass as a novel food and amending Implementing Regulation (EU) 2017/2470
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2847 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2023 lena n-údaraítear bithmhais cillsaothráin úill a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2847 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2023 lena n-údaraítear bithmhais cillsaothráin úill a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470
C/2023/8866
IO L, 2023/2847, 21.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2847/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32017R2470 | Cur le | iarscríbhinn tábla 1 Téacs | 10/01/2024 | |
Modifies | 32017R2470 | Cur le | iarscríbhinn tábla 2 Téacs | 10/01/2024 |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2847 |
21.12.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2847 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Nollaig 2023
lena n-údaraítear bithmhais cillsaothráin úill a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas. |
(2) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (2) ón gCoimisiún. |
(3) |
An 14 Aibreán 2020, chuir an chuideachta Mibelle Group Biochemistry (‘an t-iarratasóir’) iarratas ar údarú faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun bithmhais ceallsaothráin úill a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. Iarradh cead san iarratas bithmhais cillsaothráin úill a úsáid i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
(4) |
An 2 Nollaig 2020, d'iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú a dhéanamh ar bhithmhais cillsaothráin úill mar bhia núíosach. |
(5) |
An 24 Bealtaine 2023 ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch dar teideal ‘Safety of apple fruit cell culture biomass as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283’ (4) [Sábháilteacht bithmhaise cillsaothráin úill mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283] i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(6) |
Sa tuairim uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil an bia núíosach sábháilte faoi na coinníollacha úsáide i bhforbhianna atá beartaithe don phobal fásta ag leibhéal uasta 0,15 mg/lá. Dá bhrí sin, is leor na forais sa tuairim eolaíoch sin chun a shuí go gcomhlíonann bithmhais cillsaothráin úill, faoi na coinníollacha úsáide sonracha, na coinníollacha maidir lena chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
(7) |
Is iomchuí go mbeadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283 san iontráil a bhaineann le bithmhais cillsaothráin úill ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha. I ndáil leis sin, i gcomhréir le coinníollacha úsáide forbhianna ina bhfuil bithmhais cillsaothráin úill, atá molta ag an iarratasóir agus atá measúnaithe ag an Údarás, is gá tomhaltóirí a chur ar an eolas trí lipéadú iomchuí go bhfuil bithmhais cillsaothráin úill beartaithe don phobal fásta. |
(8) |
Ba cheart bithmhais cillsaothráin úill ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir. |
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ceadaítear bithmhais cillsaothráin úill a chur ar an margadh laistigh den Aontas.
Áireofar bithmhais cillsaothráin úill ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.
2. Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).
(3) Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/46/oj).
(4) EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(7):8065
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:
(1) |
i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
(2) |
i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
(*1) Carbaihiodráití eile (g/100g) = 100 (iarmhar tirim) - Luaith - Próitéin (Nitrigin × 6,25) - Saill iomlán - Aigéad sucanach: - Aigéad L-malach - Snáithín cothaitheach’
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2847/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)