This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2793
Council Implementing Regulation (EU) 2023/2793 of 11 December 2023 implementing Regulation (EU) 2023/1529 concerning restrictive measures in view of Iran’s military support of Russia’s war of aggression against Ukraine
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2793 ón gComhairle an 11 Nollaig 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/1529 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2793 ón gComhairle an 11 Nollaig 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/1529 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
ST/15789/2023/INIT
IO L, 2023/2793, 11.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2793/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32023R1529 | Cur le | iarscríbhinn III cuid A pointe 1 | 11/12/2023 | |
Modifies | 32023R1529 | Cur le | iarscríbhinn III cuid A pointe 2 | 11/12/2023 | |
Modifies | 32023R1529 | Cur le | iarscríbhinn III cuid A pointe 3 | 11/12/2023 | |
Modifies | 32023R1529 | Cur le | iarscríbhinn III cuid A pointe 4 | 11/12/2023 | |
Modifies | 32023R1529 | Cur le | iarscríbhinn III cuid A pointe 5 | 11/12/2023 | |
Modifies | 32023R1529 | Cur le | iarscríbhinn III cuid A pointe 6 | 11/12/2023 | |
Modifies | 32023R1529 | Cur le | iarscríbhinn III cuid B pointe 1 | 11/12/2023 | |
Modifies | 32023R1529 | Cur le | iarscríbhinn III cuid B pointe 2 | 11/12/2023 | |
Modifies | 32023R1529 | Cur le | iarscríbhinn III cuid B pointe 3 | 11/12/2023 | |
Modifies | 32023R1529 | Cur le | iarscríbhinn III cuid B pointe 4 | 11/12/2023 | |
Modifies | 32023R1529 | Cur le | iarscríbhinn III cuid B pointe 5 | 11/12/2023 | |
Modifies | 32023R1529 | (BG, EN, PL) Athchur | teideal | 11/12/2023 |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2793 |
11.12.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2793 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Nollaig 2023
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/1529 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1529 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (1), agus go háirithe Airteagal 7(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 20 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/1529. |
(2) |
Sna conclúidí uaithi an 20 agus an 21 Deireadh Fómhair 2022, an 15 Nollaig 2022, an 23 Márta 2023, an 29 agus an 30 Meitheamh 2023, agus an 26 agus an 27 Deireadh Fómhair 2023, cháin an Chomhairle Eorpach go láidir an tacaíocht mhíleata atá á tabhairt ag údaráis na hIaráine do chogadh foghach na Rúise, nach mór deireadh a chur léi. |
(3) |
Sna conclúidí uaithi an 12 Nollaig 2022, cháin an Chomhairle go láidir aon chineál tacaíochta míleata ón Iaráin do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, atá neamhdhleathach, agus gan chúis gan údar, lena n-áirítear seachadadh na n-aerárthach gan foireann (UAVanna), agus mheas sí an tacaíocht sin a bheith do-ghlactha, ar sárú mór í ar an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. Tá na harmáin sin a chuir an Iaráin ar fáil á n-úsáid go neamh-idirdhealaitheach ag an Rúis i gcoinne phobal sibhialtach na hÚcráine agus ar an mbonneagair agus tá scrios uafásach á dhéanamh agus fulaingt dhaonna uafásach á cothú leo. |
(4) |
Tá UAVanna a tháirgtear san Iaráin á n-úsáid ag an Rúis chun tacú lena cogadh foghach, rud a sháraíonn ceannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine, lena n-áirítear i gcoinne sibhialtach agus in aghaidh an bhonneagair shibhialtaigh. Dá bhrí sin, trí chlár Státurraithe na hIaráine chun UAVanna a fhorbairt agus a tháirgeadh, rannchuidítear le sáruithe ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta. Tá an clár seo á reáchtáil ag an Aireacht Cosanta agus Lóistíocht Fhórsaí Armtha na hIaráine agus ag Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí, atá curtha araon faoi smachtbhannaí ag an Aontas, agus áirítear soláthar, forbairt, táirgeadh agus aistriú UAVanna sa mhéid sin, go háirithe chuig an Rúis. Tá sé bunaithe ar chuideachtaí atá faoi úinéireacht Stáit chomh maith le cuideachtaí príobháideacha agus baineann sé tairbhe as cumais taighde intíre. |
(5) |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart seisear agus cúig eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1529. |
(6) |
Ba cheart teideal Rialachán (AE) 2023/1529 i leaganacha áirithe teanga a leasú chun comhfhreagairt do theideal Cinneadh (CBSP) 2023/1532 ón gComhairle. (2) |
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/1529 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2023/1529 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)’; |
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 186, 25.7.2023, lch. 1.
(2) Cinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (IO L 186, 25.7.2023, lch. 20).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1529, cuirtear an fo-cheannteideal seo a leanas agus na hiontrálacha seo a leanas isteach faoin gceannteideal ‘Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3’
‘A. |
Daoine nádúrtha
|
‘B. |
Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2793/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)