This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2667
Regulation (EU) 2023/2667 of the European Parliament and of the Council of 22 November 2023 amending Regulations (EC) No 767/2008, (EC) No 810/2009 and (EU) 2017/2226 of the European Parliament and of the Council, Council Regulations (EC) No 693/2003 and (EC) No 694/2003 and Convention implementing the Schengen Agreement, as regards the digitalisation of the visa procedure
Rialachán (AE) 2023/2667 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009 agus (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 693/2003 agus (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle agus an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, a mhéid a bhaineann le digitiú an nós imeachta víosa
Rialachán (AE) 2023/2667 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009 agus (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 693/2003 agus (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle agus an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, a mhéid a bhaineann le digitiú an nós imeachta víosa
PE/41/2023/REV/1
IO L, 2023/2667, 7.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2667/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32003R0693 | (BG, ES, DA, ET, EL, DE, EN, FR, GA, HR, IT, LT, LV, HU, MT, NL, PL, RO, SK, FI, SL, SV) Athchur | airteagal 5 mír 1 abairt 1 | ||
Modifies | 32003R0693 | Athchur | airteagal 2 mír 3 | ||
Modifies | 32003R0693 | Cur le | airteagal 5 mír 5 | ||
Modifies | 32003R0693 | Athchur | airteagal 6 mír 2 | ||
Modifies | 32003R0693 | Athchur | airteagal 6 mír 3 | ||
Modifies | 32003R0693 | Athchur | airteagal 6 mír 4 | ||
Modifies | 32003R0694 | Athchur | iarscríbhinn I | ||
Modifies | 32003R0694 | Athchur | iarscríbhinn II | ||
Modifies | 32003R0694 | Athchur | airteagal 1 | ||
Modifies | 32003R0694 | Athchur | airteagal 2 mír 1 pointe (a) | ||
Modifies | 32003R0694 | Athchur | airteagal 2 mír 1 pointe (b) | ||
Modifies | 32003R0694 | Athchur | airteagal 2 mír 1 Téacs | ||
Modifies | 32003R0694 | Athchur | airteagal 2 mír 2 | ||
Modifies | 32003R0694 | Scriosadh | airteagal 3 | ||
Modifies | 32003R0694 | Scriosadh | airteagal 5 abairt 2 | ||
Modifies | 32003R0694 | Athchur | airteagal 6 mír neamhuimhrithe 1 | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 45 mír 2 pointe (g) | 27/12/2023 | |
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 45 mír 2 pointe (h) | 27/12/2023 | |
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 45 mír 2 pointe (i) | 27/12/2023 | |
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 45 mír 2 pointe (j) | 27/12/2023 | |
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 45 mír 2 pointe (k) | 27/12/2023 | |
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 45 mír 2 pointe (l) | 27/12/2023 | |
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 45 mír 2 pointe (m) | 27/12/2023 | |
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 45 mír 2 pointe (n) | 27/12/2023 | |
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 45 mír 2 pointe (o) | 27/12/2023 | |
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 45 mír 2 pointe (p) | 27/12/2023 | |
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 45 mír 2 pointe (q) | 27/12/2023 | |
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 45 mír 2 pointe (r) | 27/12/2023 | |
Modifies | 32008R0767 | Athchur | airteagal 48a mír 2 Téacs | 27/12/2023 | |
Modifies | 32008R0767 | Athchur | airteagal 48a mír 3 Téacs | 27/12/2023 | |
Modifies | 32008R0767 | Athchur | airteagal 48a mír 6 Téacs | 27/12/2023 | |
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 10 mír 1 pointe (db) | ||
Modifies | 32008R0767 | Athchur | airteagal 10 mír 1 pointe (e) | ||
Modifies | 32008R0767 | Scriosadh | airteagal 10 mír 1 pointe (j) | ||
Modifies | 32008R0767 | Scriosadh | airteagal 10 mír 1 pointe (k) | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 10 mír 1 pointe (m) | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 10 mír 1 pointe (n) | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 12a | ||
Modifies | 32008R0767 | Athchur | airteagal 14 mír 1 pointe (d) | ||
Modifies | 32008R0767 | Athchur | airteagal 15 mír 2 pointe (f) | ||
Modifies | 32008R0767 | Athchur | airteagal 18 mír 1 pointe (b) | ||
Modifies | 32008R0767 | Athchur | airteagal 18 mír 3 | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 18e | ||
Modifies | 32008R0767 | Athchur | airteagal 19 mír 1 | ||
Modifies | 32008R0767 | Athchur | airteagal 20 mír 2 pointe (d) | ||
Modifies | 32008R0767 | Athchur | airteagal 21 mír 2 pointe (d) | ||
Modifies | 32008R0767 | Athchur | airteagal 22 mír 2 pointe (e) | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 22c pointe (h) | ||
Modifies | 32008R0767 | Athchur | airteagal 22f mír 1 pointe (d) | ||
Modifies | 32008R0767 | Athchur | airteagal 22o mír 3 pointe (c) | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 22o mír 3 pointe (f) | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 22o mír 3 pointe (g) | ||
Modifies | 32008R0767 | Athchur | airteagal 22r mír 3 pointe (c) | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 22r mír 3 pointe (f) | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 22r mír 3 pointe (g) | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 26 mír 11 | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 26 mír 12 | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 26 mír 13 | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 26 mír 14 | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 2a mír 1 mír neamhuimhrithe | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 2a mír 1 mír neamhuimhrithe 1 pointe (fa) | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 2a mír 6 | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 2a mír 7 | ||
Modifies | 32008R0767 | Athchur | airteagal 4 pointe 2 | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 4 pointe 24 | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 4 pointe 25 | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 50 mír 3a | ||
Modifies | 32008R0767 | Athchur | airteagal 50 mír 6 | ||
Modifies | 32008R0767 | Athchur | airteagal 50 mír 7 | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 50 mír 8 | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 9 mír 1 pointe 4 pointe (o) | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 9 mír 1 pointe 4 pointe (p) | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 9 mír 1 pointe 4 pointe (q) | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 9 mír 1 pointe 4 pointe (r) | ||
Modifies | 32008R0767 | Athchur | airteagal 9 mír 1 pointe 7 | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | airteagal 9b mír 5 | ||
Modifies | 32008R0767 | Cur le | caibidil Ia | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | iarscríbhinn I | 28/06/2024 | |
Modifies | 32009R0810 | Scriosadh | iarscríbhinn III | 28/06/2024 | |
Modifies | 32009R0810 | Cur le | iarscríbhinn V Téacs | 28/06/2024 | |
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 1 mír 2 pointe (c) | 28/06/2024 | |
Modifies | 32009R0810 | Scriosadh | airteagal 20 | 28/06/2024 | |
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 3 mír 5 pointe (b) | 28/06/2024 | |
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 3 mír 5 pointe (d) | 28/06/2024 | |
Modifies | 32009R0810 | Scriosadh | airteagal 42 | 28/06/2024 | |
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 10 mír 1 | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 10 mír 1a | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 10 mír 1b | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 10 mír 3 | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 11 mír 1 | ||
Modifies | 32009R0810 | Scriosadh | airteagal 11 mír 1a | ||
Modifies | 32009R0810 | Scriosadh | airteagal 11 mír 1b | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 11 mír 1c | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 11 mír 4 | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 11 mír 5 | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 12 | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 13 mír 6 | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 13 mír 7c | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 14 mír 1 | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 14 mír 2 | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 15 mír 2 mír neamhuimhrithe 2 | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 16 mír 7 | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 16 mír 9 | ||
Modifies | 32009R0810 | Scriosadh | airteagal 18 mír 2 | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 18 mír 3 | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 18 mír 4 | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 18 mír 5 | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 19 mír 1a | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 2 pointe 10a | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 2 pointe 13 | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 2 pointe 14 | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 2 pointe 6 | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 21 mír 3 pointe (a) | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 21 mír 6 pointe (a) | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 24 mír 1 mír neamhuimhrithe 3 Téacs | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 24 mír 2 mír neamhuimhrithe 1 Téacs | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 24 mír 2aa | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 24 mír 4 | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 24 mír 5 | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 25 mír 6 | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 26a | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 27 | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 28 | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 32 mír 2 | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 32a | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 33 mír 6 | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 33 mír 8 | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 34 mír 5 | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 34 mír 6 | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 34 mír 7 abairt 3 | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 35 mír 8 | ||
Modifies | 32009R0810 | Scriosadh | airteagal 37 mír 2 | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 37 mír 3 abairt 1 | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 38 mír 1a | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 38 mír 3c | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 40 mír 2 pointe (a) | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 43 mír 4 | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 43 mír 5 mír neamhuimhrithe | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 43 mír 6 pointe (c) | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 43 mír 6 pointe (ca) | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 43 mír 6 pointe (cb) | ||
Modifies | 32009R0810 | Athchur | airteagal 44 mír 1 | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 44 mír 1a | ||
Modifies | 32009R0810 | Scriosadh | airteagal 47 mír 1 pointe (e) | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 47 mír 3 | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 8 mír 4a | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 9 mír 1a | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 9 mír 1b | ||
Modifies | 32009R0810 | Cur le | airteagal 9 mír 4 pointe (d) | ||
Modifies | 32017R2226 | Athchur | airteagal 16 mír 2 pointe (d) | ||
Modifies | 32017R2226 | Athchur | airteagal 19 mír 1 pointe (d) | ||
Modifies | 32017R2226 | Cur le | airteagal 19 mír 7 | ||
Modifies | 32017R2226 | Athchur | airteagal 19 teideal | ||
Modifies | 32017R2226 | Athchur | airteagal 24 mír 2 pointe (b) | ||
Modifies | 32017R2226 | Athchur | airteagal 32 mír 5 pointe (c) | ||
Modifies | 42000A0922(02) | Athchur | airteagal 18 mír 1 | ||
Modifies | 42000A0922(02) | Cur le | airteagal 18 mír 1a |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2667 |
7.12.2023 |
RIALACHÁN (AE) 2023/2667 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Samhain 2023
lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009 agus (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 693/2003 agus (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle agus an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, a mhéid a bhaineann le digitiú an nós imeachta víosa
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointe (a), agus Airteagal 79(2), pointe (a), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cuid dhílis de bhunú limistéir gan teorainneacha inmheánacha ab ea comhbheartas an Aontais maidir le víosaí. I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Márta 2018 dar teideal ‘Adapting the common visa policy to new challenges’ (‘An comhbheartas víosaí a oiriúnú do dhúshláin nua’], tugadh aghaidh ar an gcoincheap ‘r-víosaí’ agus fógraíodh staidéar féidearthachta maidir le nósanna imeachta digiteacha víosaí agus an rún atá ann measúnú a dhéanamh ar roghanna agus treoirthionscadail a chur chun cinn chun an bealach a réiteach le haghaidh tograí a bheidh ann amach anseo. Agus an Cód Víosaí (3) á athbhreithniú acu in 2019, chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in iúl go sainráite gurb é an aidhm atá ann réiteach comhchoiteann a fhorbairt amach anseo ionas go bhféadfaí iarratais ar víosaí Schengen a dhéanamh ar líne, agus, ar an gcaoi sin, leas iomlán a bhaint as forbairtí dlíthiúla agus teicneolaíocha a rinneadh le déanaí. |
(2) |
Tá an Rialachán seo i gcomhréir le beartas an Aontais chun nuachóiriú agus digitiú seirbhísí poiblí a spreagadh agus le teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 dar teideal maidir le ‘Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach le haghaidh na Deacáide Digití’. Ó tháinig Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) i bhfeidhm in 2010 agus ó cuireadh tús le hoibríochtaí an Lárchórais VIS in 2011 faoi Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tá athrú suntasach tagtha ar an gcomhthéacs ina n-oibríonn an beartas víosaí. Ina theannta sin, le forbairtí suntasacha teicneolaíochta, cuirtear deiseanna nua ar fáil chun próiseas an iarratais ar víosa Schengen a dhéanamh níos rianúla agus níos éifeachtaí do náisiúnaigh tríú tír, chomh maith le bheith níos costéifeachtaí do na Ballstáit. |
(3) |
Le paindéim COVID-19 tháinig moill ar oibríochtaí víosaí Schengen ar fud an domhain i bpáirt mar gheall ar a dheacra a bhí sé glacadh le hiarratais ar víosaí i gconsalachtaí agus in ionaid iarratais ar víosaí, agus ba rud é sin a spreag na Ballstáit chun iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an obair ar dhigiteáil na nósanna imeachta maidir le víosaí. |
(4) |
Sa Chomhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann a mhol an Coimisiún an 23 Meán Fómhair 2020, leagadh síos mar chuspóir go ndéanfaí digitiú iomlán ar an nós imeachta maidir le víosaí faoi 2025, le víosa digiteach agus leis an gcumas iarratais ar víosaí a thíolacadh ar líne. |
(5) |
Cé go bhfuil próiseáil víosaí digitithe go páirteach cheana féin, agus iarratais agus cinntí taifeadta in VIS, tá dhá chéim thábhachtacha ann atá bunaithe ar pháipéar go fóill: próiseas an iarratais ar víosa agus eisiúint an víosa don iarratasóir trí bhíthin greamán víosa. Cruthaíonn na céimeanna páipéarbhunaithe ualach do na geallsealbhóirí uile, go háirithe d’údaráis na mBallstát a eisíonn víosaí agus d’iarratasóirí ar víosaí. Tá na Ballstáit ar an eolas faoin méid sin agus tá réitigh dhigiteacha curtha chun feidhme ag cuid acu cheana chun nós imeachta iarratais atá nua-aimseartha agus áisiúil don úsáideoir a chur ar fáil d’iarratasóirí agus chun feabhas a chur ar a éifeachtúla atá sé iarratais ar víosaí a láimhseáil. |
(6) |
Ba cheart réiteach teicniúil amháin, eadhon Ardán an Aontais um Iarratas ar Víosaí (EU VAP), a fhorbairt chun go mbeidh iarratasóirí ar víosa in ann iarratas a dhéanamh ar víosa ar líne, gan beann ar an mBallstát cinn scríbe. Ba cheart a chinneadh go huathoibríoch leis sin cén Ballstát atá inniúil chun iarratas a scrúdú, go háirithe i gcásanna ina bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir cuairt a thabhairt ar roinnt Ballstát. Sna cásanna sin, ní bheadh ar na Ballstáit ach a sheiceáil ar cinneadh an Ballstát ceart inniúil leis an uirlis. |
(7) |
Le hardán digiteach, atá i gcoiteann ag na Ballstáit uile, rannchuideofaí go mór le feabhas a chur ar íomhá an Aontais. |
(8) |
Ba cheart do EU VAP faisnéis atá cothrom le dáta agus inrochtana go héasca a sholáthar don iarratasóir mar aon leis na coinníollacha le haghaidh dul isteach ar chríoch na mBallstát, i bhformáidí a chuireann lagú amhairc san áireamh. Ba cheart, leis sin, uirlis treorach a chur ar fáil freisin lena bhféadfaidh an t-iarratasóir teacht ar an bhfaisnéis uile is gá maidir le ceanglais agus nósanna imeachta víosa, amhail an bhfuil víosa de dhíth, cén cineál víosa atá de dhíth ach gan bheith teoranta dóibh; méid na táille víosa; an Ballstát a bheidh inniúil ar an iarratas a láimhseáil; céard iad na doiciméid tacaíochta atá ag teastáil; an gá ceapachán a dhéanamh chun aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú agus an féidir iarratas a dhéanamh ar líne gan coinne a dhéanamh. Le EU VAP, ba cheart doiciméid a chur ar fáil don iarratasóir i bhformáid inphriontáilte agus ba cheart sásra cumarsáide a bheith ann, amhail bota comhrá, chun ceisteanna na n-iarratasóirí a fhreagairt. Ní bheidh an bota comhrá sin mar an t-aon bhealach trína bhféadfadh an t-iarratasóir faisnéis a fháil maidir leis an nós imeachta víosaí. Le EU VAP, ba cheart faisnéis a chur ar fáil freisin maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs VIS. Le EU VAP, ba cheart freisin cumarsáid leictreonach shlán a cheadú idir an t-iarratasóir agus consalacht inniúil nó údaráis lárnacha an Bhallstáit inniúil, más gá doiciméid bhreise nó agallamh leis an iarratasóir. |
(9) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an tseirbhís a thairgtear don phobal le linn an phróisis iarratais ar víosaí ar ardchaighdeán agus go bhfuil sí ag cloí le dea-chleachtas riaracháin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear prionsabal an ‘ionaid ilfhreastail’ i bhfeidhm ar na hiarratasóirí go léir. |
(10) |
Ba cheart iarratasóirí ar víosa a bheith in ann a n-iarratas a chur isteach, na sonraí a cheanglaítear a thabhairt san fhoirm iarratais a chur ar fáil, cóip leictreonach den doiciméad taistil a chur ar fáil, agus doiciméid tacaíochta agus árachas liachta taistil a chur ar fáil i bhformáid dhigiteach trí EU VAP. Ionas go mbeidh iarratasóirí in ann faisnéis a bhaineann lena n-iarratas a shábháil, ba cheart an EU VAP a bheith in ann sonraí a stóráil ar bhonn sealadach agus díreach don fhad is gá chun na cúraimí ábhartha a chur i gcrích. A luaithe a bheidh an t-iarratas ar líne tíolactha ag an iarratasóir agus na seiceálacha iomchuí déanta ag na Ballstáit, ba cheart an comhad iarratais a aistriú chuig córas náisiúnta an Bhallstáit inniúil agus stórálfar ann é. Ní mór do chonsalachtaí nó do na húdaráis lárnacha an fhaisnéis atá stóráilte ar an leibhéal náisiúnta a cheadú agus gan ach na sonraí is gá a iontráil i lárchóras VIS. |
(11) |
I bprionsabal, níor cheart go mbeadh sé éigeantach teacht i láthair go pearsanta ag consalacht ná ag soláthraí seirbhíse seachtrach ach amháin i gcás iarratasóirí céaduaire agus iarratasóir a bhfuil doiciméad taistil nua acu, ar doiciméad é is gá a fhíorú, agus chun aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú. Mar sin féin, i gcásanna ina bhfuil amhras ann maidir leis an doiciméad taistil, leis na doiciméid tacaíochta, nó leis an dá rud, nó i gcásanna aonair in áit ar leith ina bhfuil líon mór doiciméid chalaoiseacha, ba cheart do na Ballstáit an deis a choinneáil a iarraidh ar an iarratasóir teacht i láthair go pearsanta. |
(12) |
Ba cheart athiarratasóirí a bheith in ann iarratas a dhéanamh go hiomlán ar líne laistigh de thréimhse 59 mí tar éis dóibh an chéad iarratas a dhéanamh, ar choinníoll go ndéanann siad an t-iarratas leis an doiciméad taistil céanna. A luaithe a bheidh an tréimhse sin caite, ba cheart aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú arís, i gcomhréir i Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, lena bhforáiltear go mbaileofar sonraí bithmhéadracha gach 59 mí ag tosú ó dháta an chéad bhailiúcháin. |
(13) |
Tá feidhm ag forálacha sonracha maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa, ar baill teaghlaigh iad le saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir leo, nó ar baill teaghlaigh iad le náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar lámh amháin, agus tríú tír, ar an lámh eile, agus nach bhfuil cárta cónaithe acu de bhun Threoir 2004/38/CE, nó le náisiúnaigh de chuid na Ríochta Aontaithe ar tairbhithe iad den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (7) (An Comhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe) maidir lena stát óstach, mar a shainmhínítear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, agus nach bhfuil doiciméad cónaithe acu a bhaineann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. |
(14) |
Sonraítear in Airteagal 21(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríocha na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí agus sna bearta a glacadh lena gcur chun feidhme. Le Treoir 2004/38/CE, leagtar síos teorainneacha agus coinníollacha a bhaineann leis na cearta sin. Faoi mar a dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ní hamháin go bhfuil sé de cheart ag baill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leo dul isteach i gcríoch an Bhallstáit, ach tá sé de cheart acu víosa iontrála a fháil chun na críche sin. Ceanglaítear ar na Ballstáit gach saoráid a dheonú do na daoine sin chun na víosaí riachtanacha a fháil atá le heisiúint saor in aisce a luaithe is féidir, ar bhonn nós imeachta brostaithe agus aird chuí á tabhairt ar na coimircí nós imeachta a bhfuil feidhm acu maidir leo. Ina fhianaise sin, go háirithe, ba cheart na baill teaghlaigh sin, go háirithe, a bheith i dteideal na nithe seo a leanas a thaisceadh: a n-iarratas ar víosa, a n-iarratas ar dheimhniú a fháil maidir le víosa bailí i ndoiciméad taistil nua nó a n-iarratas ar shíneadh a chur lena víosa gan EU VAP a úsáid, mar go bhféadfadh sin a n-iarratas ar víosa a éascú. Sna cásanna sin, ba cheart iad a bheith i dteideal rogha a dhéanamh a n-iarratais a thaisceadh go pearsanta ag an gconsalacht nó ag na soláthraithe seirbhíse seachtracha. Ina theannta sin, ba cheart a chur san áireamh go hiomlán le EU VAP na cearta agus na héascuithe a thugtar do thairbhithe acquis na saorghluaiseachta. Is amhlaidh atá maidir le baill teaghlaigh náisiúnach den Ríocht Aontaithe ar tairbhithe iad den Chomhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe i ndáil lena Stát óstach, mar a shainmhínítear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, de bhua Airteagal 14(3) den Chomhaontú sin. |
(15) |
Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha speisialta, ar chúiseanna daonchairdiúla, maidir le cásanna aonair a bhfuil údar leo, cásanna force majeure, nó le ceannairí Stáit nó rialtais agus comhaltaí de rialtas náisiúnta leis na céilí a bheidh á dtionlacan, agus comhaltaí dá dtoscaireachtaí oifigiúla nuair a thabharfaidh rialtais Ballstát nó eagraíochtaí idirnáisiúnta cuireadh dóibh chun críche oifigiúla, ceannasaithe agus daoine sinsearacha eile de theaghlach ríoga, nuair a thabharfaidh rialtais Ballstát nó eagraíochtaí idirnáisiúnta cuireadh dóibh chun críche oifigiúla, agus maidir le víosaí a ndéantar iarratas orthu ag an teorainn sheachtrach nó a bhféadfaí síneadh a chur leo ar chríoch na mBallstát. |
(16) |
Na forálacha speisialta a bhfuil feidhm acu ar chúiseanna daonnúla, d’fhéadfaidís gach cineál saincheiste maidir le hinrochtaineacht dhigiteach, rochtain theoranta ar an idirlíon nó dul i bhfód ar bith ar an idirlíon, nó litearthacht dhigiteach theoranta a chumhdach freisin. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhaoine faoi mhíchumas. |
(17) |
Tríú duine atá cuí-údaraithe ag an iarratasóir ar víosa nó a dtugtar cumhacht dó nó di le dlí ionadaíocht a dhéanamh air nó uirthi, i gcás inarb iomchuí, ba cheart don pháirtí sin a bheith in ann iarratas a chur isteach thar ceann an iarratasóra ar víosa, ar choinníoll go n-áireofar céannacht an triú duine sin san fhoirm iarratais. |
(18) |
Ba cheart do gach iarratasóir foirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach trí leas a bhaint as EU VAP. Ba cheart an fhoirm iarratais ar líne, lena n-áirítear dearbhú i ndáil le barántúlacht, iomláine, cruinneas agus iontaofacht na sonraí arna gcur isteach agus dearbhú i ndáil le fírinneacht agus iontaofacht na ráiteas arna ndéanamh, a shíniú go leictreonach trí thic a chur sa bhosca iomchuí san fhoirm iarratais. Ba cheart do gach iarratasóir a chur in iúl freisin go dtuigeann sé nó sí na coinníollacha maidir le dul isteach dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus go bhféadfaí iarraidh air nó uirthi na doiciméid tacaíochta ábhartha a chur ar fáil tráth gach dul isteach. Ba cheart d’iarratasóirí a dheimhniú go gcomhaontaíonn siad cumarsáid a fháil trí EU VAP. Chun na críche sin, ba cheart dóibh rochtain a fháil ar EU VAP ar bhonn rialta. Ba cheart foirmeacha iarratais maidir le mionaoisigh a bheith curtha isteach agus ríomhshínithe ag duine a fheidhmíonn údarás tuismitheora buan nó sealadach nó caomhnóireacht dhleathach. |
(19) |
Agus iarratas á dhéanamh acu ar víosa, ba cheart d’iarratasóirí cruthúnas ar dhoiciméid tacaíochta a sholáthar. Chun críocha an Rialacháin seo, cuimsítear leis sin doiciméid a thíolacadh go digiteach agus go fisiciúil. Agus cásdlí seanbhunaithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh ar an bhforas gur diúltaíodh víosa, ní bheidh seoladh IP a bhfuil bratach leis nó an dúbailt a d’fhéadfadh a bheith ar sheoltaí IP ábhartha chun an t-iarratas a scrúdú. |
(20) |
Ba cheart an táille víosa a íoc trí thairseach atá nasctha le EU VAP a úsáid agus d’aistreofaí na híocaíochtaí go díreach, ina n-iomláine, chuig an mBallstát iomchuí. Níor cheart na sonraí is gá chun go ndéanfaí an íocaíocht leictreonach a bheith mar chuid de na sonraí a stóráiltear in VIS. I gcás nach féidir íocaíocht leictreonach a dhéanamh, ba cheart do na consalachtaí nó don soláthraí seirbhíse seachtrach a bhfuil an cúram sin air an táille víosa a bhailiú. |
(21) |
Ina theannta sin, ba cheart uirlis cheapacháin a bheith in EU VAP lena bhféadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as ceapacháin ag a gconsalachtaí nó ag na soláthraithe seirbhíse seachtracha. Cé gur cheart úsáid na huirlise sin a bheith roghnach i gcónaí, toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh sé iomchuí i ngach suíomh agus i gcás na gconsalachtaí uile, ba cheart do na Ballstáit, mar sin féin, leas a bhaint as comhar áitiúil Schengen chun plé a dhéanamh féachaint an féidir cur chuige comhchuibhithe maidir le húsáid na huirlise coinní a leanúint i dtríú tíortha sonracha nó in áiteanna sonracha. |
(22) |
Le comhar áitiúil Schengen, ba cheart a chinneadh freisin i gcásanna sonracha úsáid teangacha neamhoifigiúla a labhraítear go forleathan nó chun an fhoirm iarratais a aistriú. Le comhar áitiúil Schengen, ba cheart plé a dhéanamh freisin ar shocruithe maidir le sonraí leictreonacha a aistriú le haghaidh soláthraithe seirbhíse seachtracha nó le haghaidh Ballstáit ionadaíocha ina dtoirmisctear faoi dhlíthe náisiúnta tríú tíortha na haistrithe sin lasmuigh dá gcríoch. |
(23) |
Le EU VAP, ba cheart réamhsheiceáil uathoibrithe inghlacthachta a dhéanamh chun a fhíorú an gcomhlíonann an fhaisnéis a chuir an t-iarratasóir ar fáil na ceanglais inghlacthachta don víosa a iarradh. Ba cheart dó fógra a thabhairt don iarratasóir má tá aon fhaisnéis ar iarraidh agus deis a thabhairt don iarratasóir an t-iarratas a cheartú. |
(24) |
Le EU VAP, ba cheart réamhsheiceáil inniúlachta uathoibrithe a dhéanamh chun an Ballstát inniúil a réamhchinneadh ar bhonn na faisnéise a sholáthair an t-iarratasóir. Ba cheart an t-iarratasóir a bheith in ann a chur in iúl, áfach, go ndéanfadh Ballstát eile an t-iarratas a phróiseáil ar bhonn phríomhchuspóir an fhanachta. Ba cheart do chonsalacht nó d’údaráis lárnacha an Bhallstáit eile sin lena mbaineann a fhíorú cé acu an bhfuil siad inniúil chun an t-iarratas a scrúdú. |
(25) |
I gcás ina gcinnfidh consalacht nó údaráis lárnacha an Bhallstáit inniúil go bhfuil siad inniúil ar an iarratas a scrúdú, ba cheart dóibh glacadh leis agus ba cheart na sonraí ón stóras sealadach a iontráil sa chóras náisiúnta mar a bhunaítear le Rialachán VIS agus ba cheart na sonraí sin a scriosadh ón stóras sealadach cé is moite de shonraí teagmhála. |
(26) |
Le hollstruchtúr EU VAP, ba cheart cosaint sonraí, trí dhearadh agus mar réamhshocrú, urramú phrionsabal an íoslaghdaithe sonraí a áirithiú agus, nuair a bhíonn sé oibríochtúil, a áirithiú go gcuirfear EU VAP chun feidhme é ar bhealach a urramaíonn cearta rochtana faoi dhlí ábhartha náisiúnta agus an Aontais. |
(27) |
Ionas go mbeidh na sonraí pearsanta a chuirtear isteach ar EU VAP den cháilíocht íosta is gá, tá gá le nós imeachta sonrach chun cáilíocht na sonraí sin a fhíorú. Tá sé tábhachtach cur chuige aonfhoirmeach a bheith ann chun cáilíocht a sheiceáil, ní hamháin chun leibhéal comhionann cáilíochta sonraí a áirithiú ar fud na mBallstát, ach freisin chun a áirithiú go gcuirfear an chóir chéanna ar iarratasóirí cibé údarás inniúil ar a dtabharfaidh siad aghaidh. |
(28) |
Is gá ról agus freagrachtaí na ngníomhaithe éagsúla a bhfuil baint acu le próiseáil na sonraí arna mbailiú ó iarratasóirí agus ó shealbhóirí víosa a shoiléiriú. Beidh na Ballstáit ina n-úsáideoirí deiridh ar na sonraí atá le bailiú ag EU VAP agus déanfaidh siad an cinneadh deiridh ar bhonn na sonraí a chuirfidh iarratasóirí agus sealbhóirí víosa ar fáil. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith ina rialaitheoirí comhpháirteacha chun sonraí pearsanta a phróiseáil sa stóras sealadach i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Ba cheart do gach Ballstát údarás inniúil a ainmniú ar cheart dó a bheith ina rialaitheoir. Ba cheart do na Ballstáit na húdaráis sin a chur in iúl don Choimisiún, do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus do Bhallstáit eile. Le eu-LISA, ba cheart réitigh theicniúla a oibriú agus a sholáthair le haghaidh EU VAP agus ba cheart sonraí a phróiseáil arna dtíolacadh ag iarratasóirí ar víosaí thar ceann na mBallstát a eisíonn víosaí Schengen. Dá bhrí sin, ba cheart eu-LISA a bheith ina phróiseálaí mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 12, de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). |
(29) |
Nuair a bheidh faisnéis nua ann maidir leis an iarratas nó leis an víosa, ba cheart an t-iarratasóir a chur ar an eolas trí theachtaireacht leictreonach. An cinneadh a rinne an Ballstát inniúil, i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 810/2009 agus (CE) Uimh. 767/2008, lena gcuirtear in iúl an ndearnadh an víosa a eisiúint, a dhiúltú, a dheimhniú i ndoiciméad taistil nua, an ndearnadh síneadh a chur leis, é a chur ar neamhní nó é a chúlghairm, ba cheart é a chur ar fáil don iarratasóir i seirbhís cuntais shláin ar EU VAP. Ba cheart rochtain ar chuntas slán EU VAP a chosaint trí mhodhanna teicniúla, mar shampla trí fhíorú ilfhachtóra. |
(30) |
Prionsabal seanbhunaithe sa chásdlí is ea nach ndéanfar dochar d’aon cheart mar thoradh ar dhul in éag teorann ama má chruthaíonn an páirtí lena mbaineann gur ann d’imthosca nárbh fhéidir a thuar nó force majeure. Dá bhrí sin, ní dhéanfar dochar do chearta na n-iarratasóirí i gcás nach féidir an cuntas slán a úsáid ar chúiseanna teicniúla, ar choinníoll go gcruthóidh an t-iarratasóir lena mbaineann go bhfuil imthosca nárbh fhéidir a thuar nó force majeure ann. |
(31) |
Chun na rioscaí slándála a bhaineann le mí-úsáid greamán víosa, greamáin víosa ghóchumtha agus ghoidte a laghdú, ba cheart víosa a eisiúint i bhformáid dhigiteach seachas mar ghreamán víosa a ghreamaítear den doiciméad taistil. |
(32) |
Chun an oiread slándála agus is féidir a áirithiú agus chun góchumadh nó brionnú a chosc, ba cheart fógra maidir le víosa dhigiteach a bheith i bhfoirm barrachód 2D, a bheidh sínithe go cripteagrafach ag Údarás Deimhniúcháin na Tíre Sínithe (CSCA) de chuid an Bhallstáit eisiúna. Dá bhrí sin, i gcás nach mbeadh VIS ar fáil, d’fhéadfaí seiceálacha a dhéanamh ar bhonn an bharrachóid 2D sin. |
(33) |
I gcás ina gcaillfear, ina ngoidfear, ina n-éagfaidh nó ina mbeidh doiciméad taistil shealbhóir an víosa neamhbhailí agus ina mbeidh an víosa fós bailí, ba cheart don sealbhóir víosa a bheith in ann iarratas a dhéanamh trí EU VAP ar dheimhniú na víosa bailí i ndoiciméad taistil nua ar choinníoll go bhfuil an doiciméad taistil nua den chineál céanna agus go n-eisíonn an tír chéanna é leis an doiciméad taistil a cailleadh, a goideadh, a chuaigh in éag nó a cuireadh ó bhail. Ba cheart do shealbhóir na víosa teacht i láthair go pearsanta os comhair na consalachta nó os comhair an tsoláthraí seirbhíse sheachtraigh chun an doiciméad taistil nua a thaispeáint ar mhaithe le barántúlacht an doiciméid taistil nua a fhíorú. |
(34) |
Ba cheart na sonraí a stóráiltear in EU VAP a choimirciú trí úsáid a bhaint as bearta cur chun feidhme cosanta príobháideachais. |
(35) |
Níor cheart rochtain a bheith ag soláthraithe seirbhíse seachtracha ar EU VAP ach amháin chun iarratais a aisghabháil agus a athbhreithniú; na sonraí atá stóráilte ar bhonn sealadach a fhíorú, mar shampla cóip scanta den doiciméad taistil,; na sonraí pearsanta ábhartha a sheiceáil agus a uaslódáil ó shlis an doiciméid taistil; aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú agus a uaslódáil; seiceálacha cáilíochta a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta a uaslódáladh; a dheimhniú go ndearnadh athbhreithniú ar iarratas agus, ar an gcaoi sin, é a chur ar fáil don chonsalacht lena phróiseáil a thuilleadh; Níor cheart rochtain a bheith ag soláthraithe seirbhíse seachtracha ar shonraí a stóráiltear in VIS. |
(36) |
Is gá an dáta óna dtosóidh oibríochtaí a chinneadh, lena n-áirítear dáta na víosa digití agus EU VAP; Ba cheart foráil a dhéanamh d’idirthréimhse, ar lena linn ba cheart go mbeadh Ballstát in ann cinneadh a dhéanamh gan leas a bhaint as EU VAP. Ba cheart gur tréimhse 7 mbliana ó dháta thús na n-oibríochtaí a bheadh i gceist leis an idirthréimhse sin. Mar sin féin, ba cheart do Bhallstát a bheith in ann fógra a thabhairt don Choimisiún agus do eu-LISA gur mian leis a bheith páirteach in EU VAP roimh dheireadh na hidirthréimhse. Le linn na hidirthréimhse, má chinneann Ballstát gan leas a bhaint as EU VAP, ba cheart sealbhóirí víosa a bheith fós in ann na víosaí digiteacha a fhíorú trí úsáid a bhaint as seirbhís gréasáin EU VAP. |
(37) |
Ba cheart do eu-LISA acmhainneachtaí agus feidhmiúlachtaí leordhóthanacha EU VAP a áirithiú chun go mbeidh na Ballstáit in ann dul isteach in EU VAP le linn na hidirthréimhse. Agus EU VAP á fhorbairt ag eu-LISA, ba cheart a chur san áireamh an úsáid a bhainfidh na Ballstáit sin amach anseo as EU VAP nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós. Ba cheart EU VAP a bhunú ionas go mbeidh na Ballstáit sin in ann nascadh go rianúil leis agus leas rianúil a bhaint as EU VAP a luaithe a ghlacfar cinneadh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003 nó le hAirteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005. Chuige sin, ba cheart do eu-LISA aird a thabhairt, go háirithe, ar thoilleadh stórais EU VAP agus ar idirnascadh EU VAP leis na córais faisnéise víosaí náisiúnta. Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann a bheith lánpháirteach le forbairt EU VAP ón tús ar an mbealach céanna le húdaráis inniúla na mBallstát eile. |
(38) |
Ba cheart do Bhallstát nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine a bheith in ann iarraidh ar eu-LISA naisc a thabhairt isteach chuig nós imeachta náisiúnta ábhartha iarratais an Bhallstáit lena mbaineann trí Aimsitheoir Aonfhoirmeach Acmhainní (URL) a áireamh in EU VAP. |
(39) |
Ba cheart feidhmiúlacht a bheith in EU VAP d’iarratasóirí agus d’eintitis eile, amhail fostóirí nó ollscoileanna nó údaráis áitiúla, chun na víosaí digiteacha a fhíorú. |
(40) |
Chun gur féidir Cinneadh Uimh. 565/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a chur i bhfeidhm, ba cheart gan ach rochtain inléite a bheith ag an mBulgáir, ag an gCipir agus ag an Rómáin ar víosaí digiteacha a stóráiltear in VIS. |
(41) |
Ba cheart do eu-LISA a bheith freagrach as forbairt theicniúil agus bainistiú oibríochtúil EU VAP agus a chomhpháirteanna, mar chuid de VIS. |
(42) |
Le hollstruchtúr córais EU VAP, ba cheart athúsáid a bhaint, a mhéid is féidir, as na córais atá ann cheana agus atá ar na bacáin agus atá mar chuid den chreat nua don idir-inoibritheacht, agus go háirithe Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), agus na teorainneacha atá ann faoi láthair leis an teicneolaíocht agus, ag an am céanna, na hinfheistíochtaí atá á ndéanamh cheana féin ag na Ballstáit ina gcórais náisiúnta féin á n-urramú. |
(43) |
Maidir le forbairt EU VAP ag eu-LISA agus a idirnascadh leis na córais faisnéise víosaí náisiúnta agus oibriú, lena n-áirítear cothabháil, EU VAP ag eu-LISA, ba cheart é a mhaoiniú faoi bhuiséad ginearálta an Aontais. Maidir le hoiriúnuithe riachtanacha ó na Ballstáit ar na córais faisnéise víosaí náisiúnta atá ann cheana, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí a úsáid chun an chatagóir costas sin a mhaoiniú. |
(44) |
Le seiceáil víosaí digiteacha ag an teorainn, ba cheart brath ar ailtireacht chórais an Aontais atá ann cheana agus atá ar na bacáin le haghaidh bainistiú teorainneacha agus ba cheart faisnéis an tsealbhóra víosa a bheith in VIS. Ba cheart d’údaráis na mBallstát an fhaisnéis sin a fhíorú trí bhíthin sonraí bithmhéadracha. |
(45) |
An fhormáid le haghaidh víosaí gearrfhanachta, mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle (13) í, úsáidtear í freisin le haghaidh víosaí fadfhanachta. Dá bhrí sin, maidir leis an gCoinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen (14) a chur chun feidhme, ba cheart é a leasú ionas go bhféadfar víosaí fadfhanachta a eisiúint i bhformáid dhigiteach freisin. |
(46) |
Is doiciméid iad Doiciméid Idirthurais Éascaithe (FTD) agus Doiciméid Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) atá coibhéiseach le víosaí idirthurais, lena n-údaraítear don sealbhóir dul trí chríocha na mBallstát i gcomhréir le forálacha acquis Schengen a bhaineann le teorainneacha seachtracha a thrasnú. Eisítear FTD agus FRTD i bhformáidí aonfhoirmeacha agus is ar pháipéar atá an nós imeachta iarratais. Chun forbairtí maidir le digitiú a léiriú, ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 693/2003 (15) agus (CE) Uimh. 694/2003 (16) ón gComhairle a leasú chun gur féidir feidhmchláir dhigiteacha agus FTD agus FRTD a eisiúint i bhformáid dhigiteach. |
(47) |
Chun gnéithe áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun sonrú a dhéanamh ar ábhar na bhfoirmeacha iarratais simplithe chun víosaí bailí a dheimhniú i ndoiciméad taistil nua agus chun víosaí a shíneadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (17). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(48) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na híoschaighdeáin a ghlacadh maidir le doiciméid taistil a fhíorú agus maidir le sonraí slise a phróiseáil, agus chun rialacha a ghlacadh maidir le réimsí sonraí na víosaí digiteacha a chomhlánú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). |
(49) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na bearta is gá a leagan síos le haghaidh chur chun feidhme teicniúil fheidhmiúlachtaí EU VAP, chun samhlacha de phleananna teagmhasacha a ghlacadh i gcás nach mbeidh sé indéanta go teicniúil rochtain a fháil ar shonraí ag na teorainneacha seachtracha, agus chun na freagrachtaí agus na caidrimh idir na Ballstáit a shonrú mar rialaitheoirí comhpháirteacha maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil in EU VAP, an caidreamh idir na rialaitheoirí comhpháirteacha agus an próiseálaí, agus freagrachtaí an phróiseálaí i gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) 2016/679 agus le hAirteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1725. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
(50) |
Ós rud é go gcuireann cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon EU VAP a bhunú agus víosa dhigiteach a thabhairt isteach, le tionscnaimh eile arb é is aidhm dóibh, ar thaobh amháin, na nósanna imeachta a chuíchóiriú agus a chomhchuibhiú i gcomhthéacs an chomhbheartais víosaí agus, ar an taobh eile, taisteal, ceanglais iontrála agus seiceálacha teorann laistigh de Limistéar Schengen a ailíniú leis an ré dhigiteach nua, ní féidir leis na Ballstáit na leasuithe ar an reachtaíocht ghaolmhar a bhaint amach ach ní féidir iad a bhaint amach ach amháin ar leibhéal an Aontais agus mar chuid de acquis Schengen, féadfaidh an tAontas, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
(51) |
Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE agus do Chuid a Dó de Chomhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. |
(52) |
Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar leis na prionsabail a aithnítear go sainráite le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, trí EU VAP agus víosa dhigiteach a thabhairt isteach, urramófar go hiomlán an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart go n-urramófar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, cearta an linbh, agus cosaint daoine leochaileacha. Beidh feidhm iomlán i gcónaí ag gach coimirce maidir le cearta bunúsacha a áirítear i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008B i gcomhthéacs EU VAP agus i gcomhthéacs na víosa digití, go háirithe maidir le cearta an linbh. Beidh ar EU VAP na ceanglais a leagtar síos i dTreoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) a chur san áireamh chun rochtain éasca a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhaoine a bhfuil litearthacht dhigiteach theoranta acu agus ar shaincheisteanna maidir le rochtain ar an idirlín. |
(53) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le Seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é. |
(54) |
Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (20); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
(55) |
Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme (21), a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (22). |
(56) |
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (23), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (24). |
(57) |
Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (25), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (26). |
(58) |
A mhéid a bhaineann leis an gCipir, agus leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003 agus Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005 faoi seach. |
(59) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim uaidh an 21 Meitheamh 2022 (27), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 810/2009
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 1(2), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
(*1) Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 7).’;" |
(2) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(3) |
leasaítear Airteagal 3(5) mar a leanas:
|
(4) |
in Airteagal 8, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘4a. Taispeánfar socruithe maidir le hionadaíocht dhéthaobhach ar EU VAP.’ |
(5) |
leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
(6) |
leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
(7) |
leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
|
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12: ‘Airteagal 12 Doiciméad taistil 1. Cuirfidh an t-iarratasóir cruthúnas ar fáil go bhfuil doiciméad bailí taistil aige nó aici a chomhlíonann na critéir seo a leanas:
2. Gan dochar d’Airteagal 10(1a), ní cheanglófar ar an iarratasóir an doiciméad taistil a chur i láthair go pearsanta i gcás an chéad iarratais leis an doiciméad taistil sin, nó más gá don iarratasóir aitheantóirí bithmhéadracha a chur ar fáil. 3. I gcás ina gceanglaítear sin faoi mhír 2, déanfar barántúlacht, sláine agus bailíocht na ndoiciméad taistil a sheiceáil agus a fhíorú trí úsáid a bhaint as an teicneolaíocht iomchuí. 4. Fíoróidh an chonsalacht, na húdaráis lárnacha nó an soláthraí seirbhíse seachtrach go bhfuil an doiciméad taistil, a chuirtear i láthair go pearsanta i gcomhréir le mír 2, ag comhfhreagairt don chóip leictreonach de leathanach na sonraí beathaisnéiseacha den doiciméad taistil a d’uaslódáil an t-iarratasóir. Más é an soláthraí seirbhíse seachtrach a dhéanfaidh an fíorú, bainfidh an soláthraí seirbhíse seachtrach úsáid as an tairseach le haghaidh soláthraithe seirbhíse seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 7f de Rialachán VIS. 5. I gcás ina bhfuil amhras ar an soláthraí seirbhíse seachtrach faoi chéannacht an iarratasóra nó faoi bharántúlacht, sláine nó bailíocht an doiciméid taistil a thaispeántar, cuirfidh sé nó sí an t-amhras sin in iúl don chonsalacht nó do na húdaráis lárnacha agus seolfaidh sé nó sí an doiciméad taistil chuig an gconsalacht lena fhíorú tuilleadh. 6. I gcás ina bhfuil meán stórála (slis) sa doiciméad taistil a chuirtear i láthair, déanfaidh an chonsalacht, nó na húdaráis lárnacha nó an soláthraí seirbhíse seachtrach an tslis a léamh agus barántúlacht agus sláine shonraí na slise a sheiceáil Déanfar na sonraí seo a leanas a uaslódáil chuig EU VAP:
7. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, íoschaighdeáin a ghlacadh maidir le teicneolaíocht, modhanna agus nósanna imeachta a bheidh le húsáid nuair a dhéanfaidh an consalacht, na húdaráis lárnacha nó an soláthraí seirbhíse seachtrach doiciméid taistil a sheiceáil agus a fhíorú chun a áirithiú nach doiciméad bréagach, góchumtha ná brionnaithe é an doiciméad taistil arna sholáthair nó arna chur i láthair, agus maidir le teicneolaíocht, modhanna agus nósanna imeachta a bheidh le húsáid agus sonraí na slise á bpróiseáil de bhun mhír 6 den Airteagal seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2). 8. I gcás ina bhfuil amhras ann faoi cháilíocht na cóipe leictreonaí den doiciméad taistil, go háirithe i dtaobh an gcomhfhreagraíonn sé don doiciméad bunaidh, déanfaidh an chonsalacht inniúil nó an soláthraí seirbhíse seachtrach cóip leictreonach nua den doiciméad taistil agus uaslódálfaidh sí nó sé í chuig EU VAP.’; |
(9) |
leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
|
(10) |
in Airteagal 14 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2: ‘1. Nuair a bheidh iarratas á dhéanamh ar víosa aonfhoirmeach ag an iarratasóir, soláthróidh an t-iarratasóir na nithe seo a leanas;
2. Nuair a bheidh iarratas á dhéanamh ar víosa idirthurais aerfoirt ag an iarratasóir, soláthróidh an t-iarratasóir na nithe seo a leanas:
|
(11) |
in Airteagal 15(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Chomh maith leis sin, dearbhóidh na hiarratasóirí sin, san fhoirm iarratais go bhfuil a fhios acu gur gá árachas liachta taistil a bheith acu le haghaidh cuairteanna ina dhiaidh sin.’; |
(12) |
leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
|
(13) |
leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
|
(14) |
in Airteagal 19, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘1a. Tar éis fógra a fháil i ndáil le toradh dearfach na réamhsheiceála uathoibrithe inghlacthachta de bhun Airteagal 7d(8) de Rialachán VIS, déanfaidh consalacht nó údaráis lárnacha an Bhallstáit faoina dtugann EU VAP fógra an fíorú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo gan mhoill.’ |
(15) |
scriostar Airteagal 20; |
(16) |
leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
|
(17) |
leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:
|
(18) |
in Airteagal 25, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘6. Ní dhéanfar víosa a eisiúint i bhformáid dhigiteach difear d’inniúlacht na mBallstát i ndáil le haitheantas a thabhairt do dhoiciméad taistil, lena n-áirítear na doiciméid taistil sin nach dtugann Ballstát amháin nó níos mó aitheantas dóibh, ach nach dtugann na Ballstáit uile aitheantas dóibh.’ |
(19) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 26a Víosaí digiteacha Eiseofar víosaí i bhformáid dhigiteach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1683/95. Is taifead in VIS a bheidh i víosaí digiteacha agus beidh uimhir víosa uathúil acu.’; |
(20) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27: ‘Airteagal 27 Réimsí sonraí na víosa digití a líonadh isteach 1. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha a ghlacadh maidir le líonadh isteach réimsí sonraí na víosa digití a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1683/95. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 52(2) den Rialachán seo. 2. Féadfaidh na Ballstáit iontrálacha náisiúnta a chur leis an roinn dar teideal ‘barúlacha’ den víosa, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (n), de Rialachán VIS. Sna hiontrálacha sin, ní dhéanfar dúbláil ar na hiontrálacha éigeantacha arna mbunú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.’; |
(21) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28: ‘Airteagal 28 Greamán víosa comhlánaithe a chur ó bhail Má aimsítear earráid ar ghreamán víosa le haghaidh víosa nár eisíodh i bhformáid dhigiteach, déanfar an greamán víosa a chur ó bhail trí chros i ndúch doscriosta a tharraingt ar an ngreamán víosa agus eiseofar víosa dhigiteach ina mbeidh na sonraí cearta.’; |
(22) |
in Airteagal 32, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Déanfar cinneadh maidir le diúltú agus na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, a chur ar fáil don iarratasóir sa chuntas slán. Beidh an cinneadh sin i dteanga oifigiúil/teangacha oifigiúla an Bhallstáit a rinne an cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarratas agus i dteanga oifigiúil eile de chuid an Aontais. Féadfaidh na Ballstáit doiciméid bhreise a chur leis a thugann bunús leis an gcinneadh sin. A luaithe a bheidh an cinneadh maidir le diúltú déanta ag an údarás inniúil agus curtha ar fáil sa chuntas slán i gcomhréir le hAirteagal 7g(2) de Rialachán VIS, cuirfear teachtaireacht leictreonach chuig an iarratasóir le EU VAP i gcomhréir le hAirteagal 7g(1) den Rialachán sin. I gcás ina ndéanann duine eile ionadaíocht thar ceann iarratasóra, cuirfear an teachtaireacht leictreonach sin chuig an mbeirt acu. Is ón nóiméad a bhfaighidh an t-iarratasóir rochtain ar an gcinneadh sa chuntas slán a thosóidh an teorainn ama chun achomharc a thaisceadh faoin dlí náisiúnta in aghaidh cinneadh maidir le diúltú. Déanfar an teorainn ama a ríomh de réir amchrios áit chónaithe an iarratasóra mar a léirítear san fhoirm iarratais. Measfar go raibh rochtain ag an iarratasóir ar an gcinneadh an t-ochtú lá tar éis an dáta ar cuireadh an teachtaireacht leictreonach chuig an iarratasóir, ar teachtaireacht í lena gcuirtear in iúl don iarratasóir go raibh an cinneadh ar fáil i gcuntas slán an iarratasóra. Ón lá sin i leith, toimhdeofar gur tugadh fógra faoin gcinneadh don iarratasóir. Le EU VAP, léireofar an dáta iarbhír nó an dáta a thoimhdítear gur tugadh fógra faoin gcinneadh don iarratasóir. I gcás fógra a thoimhdítear a bheith ann, cuirfear teachtaireacht leictreonach uathoibríoch chuig an iarratasóir le EU VAP. Mura féidir an cuntas slán a úsáid ar chúiseanna teicniúla, féadfaidh iarratasóirí dul i dteagmháil leis an gconsalacht inniúil nó leis na húdaráis lárnacha nó leis an soláthraí seirbhíse seachtrach. Féadfar fógra a thabhairt faoi chinntí dá dtagraítear sa mhír seo trí mhodhanna eile arna iarraidh sin don iarratasóir agus má cheadaíonn an Ballstát é. I gcás iarratais nár cuireadh isteach trí EU VAP i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 9(1b) agus in Airteagal 35, tabharfar fógra don iarratasóir faoi chinneadh maidir le diúltú agus faoi na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe trí bhíthin na foirme caighdeánaí a leagtar amach in Iarscríbhinn VI i dteanga oifigiúil/teangacha oifigiúla an Bhallstáit a rinne an cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarratas agus i dteanga oifigiúil eile de chuid an Aontais.’ |
(23) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 32a Deimhniú ar víosa bhailí i ndoiciméad taistil nua 1. Sealbhóirí víosa a bhfuil a ndoiciméad taistil caillte, goidte, imithe in éag nó curtha ó bhail agus a bhfuil a víosa bailí fós, déanfaidh siad iarratas ar dheimhniú na víosa i ndoiciméad taistil nua, más mian leo leanúint den víosa a úsáid. Beidh an doiciméad taistil nua den chineál céanna leis an doiciméad taistil a cailleadh, a goideadh, a chuaigh in éag nó a cuireadh ó bhail agus beidh sé eisithe ag an tír chéanna. Is é an t-údarás a d’eisigh an víosa nó údarás eile de chuid an Bhallstáit chéanna a bheidh curtha in iúl ag an mBallstát a d’eisigh an víosa a dheimhneoidh an víosa. 2. Déanfaidh na sealbhóirí víosa dá dtagraítear i mír 1 iarratas ar dheimhniú na víosa i ndoiciméad taistil nua trí EU VAP, trí úsáid a bhaint as foirm iarratais shimplithe. Soláthróidh siad na sonraí seo a leanas:
3. Íocfaidh an sealbhóir víosa an táille deimhnithe víosa EUR 20. 4. Ceanglófar ar an sealbhóir víosa teacht i láthair go pearsanta mar a bheidh curtha in iúl ag an mBallstát. 5. Comhlíonfar leis an doiciméad taistil nua na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12 agus fíorófar é i gcomhréir leis an Airteagal sin. 6. Gan dochar do na cearta comhairliúcháin faoi seach, féadfaidh consalacht inniúil nó údaráis lárnacha an Bhallstáit inniúil na bunachair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9a(3) de Rialachán VIS a cheadú nuair a iarrfar deimhniú ar víosa. 7. I gcás ina gcinnfidh consalacht inniúil nó údaráis lárnacha an Bhallstáit inniúil gur féidir an víosa bhailí a dheimhniú i ndoiciméad taistil nua, iontrálfaidh siad na sonraí sa chomhad iarratais in VIS i gcomhréir le hAirteagal 12a de Rialachán VIS. 8. A luaithe a bheidh cinneadh maidir le deimhniú ar víosa i ndoiciméad taistil nua déanta ag an údarás inniúil agus curtha ar fáil sa chuntas slán i gcomhréir le hAirteagal 7g(2) de Rialachán VIS, cuirfear teachtaireacht leictreonach chuig an sealbhóir víosa le EU VAP i gcomhréir le hAirteagal 7g(1) den Rialachán sin. Déanfar an cinneadh maidir le deimhniú ar víosa i ndoiciméad taistil nua a chur ar fáil don sealbhóir víosa sa chuntas slán. Fianófar an deimhniú sin le huimhir dheimhnithe. 9. Mura féidir le consalacht inniúil nó údaráis lárnacha an Bhallstáit inniúil a chinneadh an féidir víosa bhailí a dheimhniú i ndoiciméad taistil nua, go háirithe i ngeall ar amhras maidir le céannacht an tsealbhóra víosa, déanfaidh siad an deimhniú a dhiúltú agus an víosa bhailí a chúlghairm, i gcomhréir le hAirteagal 34. 10. Le cinneadh diúltach maidir le víosa bhailí a dheimhniú i ndoiciméad taistil nua, ní chuirfear bac ar an sealbhóir víosa iarratas nua ar víosa a chur isteach. Beidh an méid sin gan dochar do cheart an iarratasóra achomharc a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 34(7).’; |
(24) |
leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:
|
(25) |
leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:
|
(26) |
in Airteagal 35, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘8. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír iarratas a dhéanamh ar víosa ag an teorainn sheachtrach trí EU VAP. Sna cásanna sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don iarratasóir faoin gcinneadh a rinneadh maidir leis an iarratas ar víosa agus an cinneadh á chur ar fáil don iarratasóir trí chuntas slán an iarratasóra in EU VAP i gcomhréir le hAirteagal 7g(2) de Rialachán VIS. A luaithe a bheidh an cinneadh curtha ar fáil i gcuntas slán an iarratasóra, cuirfear teachtaireacht leictreonach chuig an iarratasóir le EU VAP i gcomhréir le hAirteagal 7g(1) de Rialachán VIS.’ |
(27) |
leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:
|
(28) |
leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:
|
(29) |
in Airteagal 40(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
(30) |
scriostar Airteagal 42. |
(31) |
leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:
|
(32) |
leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:
|
(33) |
leasaítear Airteagal 47 mar a leanas:
|
(34) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009. |
(35) |
scriostar Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009;. |
(36) |
in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le San Mairíne: ‘AN RÍOCHT AONTAITHE:
|
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Airteagal 2a mar a leanas:
|
(2) |
leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
(3) |
cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach: ‘CAIBIDIL Ia ARDÁN AN AONTAIS UM IARRATAIS AR VÍOSAÍ (EU VAP) Airteagal 7a Faisnéis atá ar fáil in EU VAP 1. Le EU VAP, soláthrófar faisnéis ghinearálta don phobal dá dtagraítear in Airteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009. Beidh an Coimisiún agus na Ballstáit freagrach as an bhfaisnéis a sholáthar, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach a leagtar amach i míreanna 3, 4 agus 5 den Airteagal seo. 2. Beidh na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/399 ar taispeáint in EU VAP. 3. Beidh eu-LISA freagrach as an bhfaisnéis phoiblí ghinearálta seo a leanas a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta in EU VAP, tar éis dó an fhaisnéis seo a leanas a fháil ón gCoimisiún nó ó na Ballstáit:
I gcás ina soláthraíonn Ballstát an fhaisnéis, déanfaidh eu-LISA EU VAP a chumrú nuair a dhearbhóidh an Coimisiún an fhaisnéis sin. 4. Beidh na húdaráis lárnacha freagrach as na gnéithe seo a leanas a chur isteach in EU VAP:
5. Is iad consalacht nó údaráis lárnacha an Bhallstáit inniúil a bheidh freagrach as na gnéithe seo a leanas a chur isteach in EU VAP:
6. Beidh bota comhrá mar chuid de EU VAP. Dearfar an bota comhrá chun idirphlé a dhéanamh lena úsáideoirí trí fhreagraí a thabhairt ar an nós imeachta um iarratas ar víosa, ar chearta agus oibleagáidí na n-iarratasóirí agus na sealbhóirí víosa, ar na coinníollacha maidir le dul isteach do náisiúnaigh tríú tír, ar shonraí teagmhála agus ar rialacha cosanta sonraí. Airteagal 7b Foirm iarratais 1. Gan dochar d’Airteagal 9(1b) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, déanfaidh gach iarratasóir iarratas dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán sin a chur isteach, ag baint úsáid as EU VAP. 2. Le EU VAP, soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 37 agus 38 do gach iarratasóir. 3. Gan dochar d’Airteagal 7c, más infheidhme, soláthróidh an t-iarratasóir na sonraí san fhoirm iarratais mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009. Déanfar na sonraí uile sin a thaifeadadh agus a stóráil sa toilleadh stórais sealadach i gcomhréir leis na tréimhsí coinneála sonraí a leagtar amach in Airteagal 7d. 4. Beidh seirbhís cuntais shláin ag EU VAP. Leis an tseirbhís cuntais shláin, cuirfear ar chumas an iarratasóra na sonraí arna soláthar a choinneáil le haghaidh iarratais a dhéanfar amach anseo, sa chás go dtoilíonn an t-iarratasóir go sainráite leis an stóráil sin, agus sa chás sin amháin, de réir bhrí Airteagal 4, pointe (11), de Rialachán (AE) 2016/679. Leis an tseirbhís cuntais shláin, cuirfear ar chumas an iarratasóra an t-iarratas a chur isteach i gcéimeanna éagsúla. 5. Is iad carachtair aibítir na Laidine a bheidh sna carachtair aibítre sna sonraí a sholáthróidh an t-iarratasóir i gcomhréir le mír 3. 6. Nuair a chuirfear isteach an fhoirm iarratais, déanfaidh EU VAP an seoladh IP ónar cuireadh isteach an fhoirm iarratais a bhailiú agus cuirfidh sé le sonraí an chomhaid iarratais é. 7. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 48a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí fhoirmeacha iarratais simplithe a leagan amach in EU VAP atá le húsáid sna nósanna imeachta le haghaidh deimhniú ar víosaí bailí i ndoiciméad taistil nua faoi Airteagal 32a de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 nó le haghaidh síneadh a chur le víosaí faoi Airteagal 33 den Rialachán sin, faoi seach, i gcás ina ndéantar na nósanna imeachta sin trí úsáid a bhaint as EU VAP. Airteagal 7c Forálacha sonracha maidir le húsáid EU VAP 1. Maidir le náisiúnach tríú tír ar ball teaghlaigh é nó í de shaoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis an saoránach sin, nó ar ball teaghlaigh é nó í de náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile, féadfaidh an náisiúnach sin iarratas ar víosa a thaisceadh gan úsáid a bhaint as EU VAP agus beidh sé nó sí i dteideal an t-iarratas a thaisceadh go pearsanta ag an gconsalacht nó ag áitreabh na soláthraithe seirbhíse seachtracha, de réir mar a roghnóidh an náisiúnach tríú tír sin. 2. Maidir le náisiúnach tríú tír ar ball teaghlaigh é de shaoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis an saoránach sin, nó ar ball teaghlaigh é de náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile, i gcás ina ndéanann an náisiúnach sin iarratas ar víosa trí úsáid a bhaint as EU VAP, déanfar an próiseas iarratais a chur i gcrích i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE nó le comhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile, lena soláthraítear an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas. 3. Go háirithe, dearfar EU VAP sa chaoi go n-áiritheofaí go mbeidh feidhm ag na rialacha sonracha seo a leanas:
4. Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 freisin maidir le náisiúnach tríú tír ar ball teaghlaigh é nó í de shaoránach den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis an saoránach sin, nó ar ball teaghlaigh é nó í de náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile, i gcás ina dteastaíonn ón náisiúnach tríú tír sin síneadh a chur le víosa nó deimhniú ar an víosa i ndoiciméad taistil nua. Tarscaoilfear an táille ar shíneadh víosa agus an táille ar dheimhniú víosa. 5. Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 1 go 4 maidir le baill teaghlaigh de náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe ar tairbhithe iad den Chomhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe sa Stát óstach, mar a shainmhínítear sa Chomhaontú sin, a bhfuil an t-iarratas ar víosa á dhéanamh ina leith. Airteagal 7d An próiseas iarratais trí úsáid a bhaint as EU VAP 1. Nuair a chuirfear foirm iarratais isteach de bhun Airteagal 7b, cinnfear le EU VAP an cineál víosa a mbeidh iarratas á dhéanamh air agus déanfar réamhsheiceáil uathoibrithe inniúlachta leis chun an Ballstát inniúil a réamhchinneadh ar bhonn líon na laethanta le haghaidh an fhanachta atá beartaithe ag an iarratasóir agus ar bhonn Bhallstát na chéad iontrála, arna soláthar ag an iarratasóir. Féadfaidh an t-iarratasóir a chur in iúl, áfach, go ndéanfaidh Ballstát eile a iarratas nó a hiarratas a phróiseáil de réir phríomhchuspóir an fhanachta. Ní choiscfidh sé sin an fíorú de láimh ar an inniúlacht ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 18(3) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009. Le EU VAP, cuirfear ar chumas iarratasóirí a chur in iúl an bhfuil siad i láthair go dleathach ach nach bhfuil cónaí orthu i ndlínse, dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009. 2. Beidh iarratasóirí in ann úsáid a bhaint as EU VAP chun cóip leictreonach den doiciméad taistil a chur isteach i bhformáid dhigiteach, mar aon le doiciméid tacaíochta agus cruthúnas ar árachas liachta taistil i bhformáid dhigiteach, de réir mar is infheidhme, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 nó Threoir 2004/38/CE nó comhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile, lena soláthraítear an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach leis an gceart atá ag saoránaigh den Aontas. 3. I gcás inarb infheidhme, beidh an t-iarratasóir in ann úsáid a bhaint as an uirlis íocaíochta sláine dá dtagraítear in Airteagal 7e chun an táille víosa a íoc trí EU VAP. 4. Le EU VAP, beifear in ann an chóip neamh-inathraithe de bhunachar sonraí VIS a sheiceáil chun a fhíorú ar tógadh aitheantóirí bithmhéadracha an iarratasóra le 59 mí anuas agus ar chuir an t-iarratasóir iarratas isteach cheana leis an doiciméad taistil céanna. I gcás inar tógadh aitheantóirí bithmhéadracha an iarratasóra le 59 mí anuas agus inar chuir an t-iarratasóir iarratas isteach cheana leis an doiciméad taistil céanna, tabharfar fógra don iarratasóir le EU VAP nach gá aon chuairt a thabhairt ar an gconsalacht ná ar sholáthraí seirbhíse seachtrach chun an t-iarratas a thaisceadh. I gcás nár tógadh aitheantóirí bithmhéadracha an iarratasóra le 59 mí anuas agus nár chuir an t-iarratasóir iarratas isteach cheana leis an doiciméad taistil céanna, tabharfar fógra don iarratasóir le EU VAP gur gá cuairt ar an gconsalacht nó ar sholáthraí seirbhíse seachtrach a eagrú, de réir mar is gá, chun an t-iarratas a thaisceadh. 5. Má bhíonn gá le cuairt ar an gconsalacht nó ar sholáthraí seirbhíse seachtrach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, féadfaidh Ballstát a chinneadh an uirlis coinní dá dtagraítear in Airteagal 7e a úsáid chun na críche sin. 6. Cuirfidh an t-iarratasóir an t-iarratas isteach, lena n-áirítear an dearbhú maidir le barántúlacht, iomláine, cruinneas agus iontaofacht na sonraí. 7. Tar éis don iarratasóir an t-iarratas a chur isteach trí EU VAP, déanfar réamhsheiceáil uathoibrithe inghlacthachta le EU VAP. Fíorófar na nithe seo a leanas leis an réamhsheiceáil uathoibrithe inghlacthachta:
8. Más rud é go bhfuil an t-iarratas inghlactha de réir na réamhsheiceála uathoibrithe inghlacthachta, seolfar fógra le EU VAP chuig consalacht nó údaráis lárnacha an Bhallstáit lena mbaineann ina mbeidh toradh comhcheangailte na réamhsheiceálacha uathoibrithe inniúlachta agus inghlacthachta. Más rud é go bhfuil an t-iarratas inghlactha de réir na réamhsheiceála uathoibrithe inghlacthachta, cuirfear in iúl don iarratasóir le EU VAP cén chuid den chomhad iarratais atá ar iarraidh. Dearfar EU VAP chun a áirithiú go bhféadfaidh feidhm a bheith ag Airteagal 19 (4) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, chun gur féidir iarratais a mheas a bheith inghlactha. 9. Tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo a fháil, déanfaidh consalacht nó údaráis lárnacha an Bhallstáit lena mbaineann fíorú de láimh ar an inniúlacht, i gcomhréir le hAirteagal 18(3) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, agus ina dhiaidh sin, déanfaidh siad fíorú de láimh, más gá, ar an inghlacthacht i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán sin. 10. Má ghlacann consalacht inniúil nó údaráis lárnacha an Bhallstáit inniúil leis an iarratas arna thíolacadh trí EU VAP, aistreofar na sonraí chuig an gcóras náisiúnta ón stóras sealadach. Déanfar na sonraí a scriosadh láithreach ón stóras sealadach, cé is moite de shonraí teagmhála atá nasctha leis an tseirbhís cuntais shláin. 11. Má chinneann consalacht nó údaráis lárnacha an Bhallstáit faoina dtugtar fógra, tar éis an fhíoraithe, nach bhfuil siad inniúil agus nach gcuirtear an t-iarratas faoi bhráid na consalachta inniúla nó na n-údarás lárnach an athuair, beidh feidhm ag Airteagal 18(4) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009. 12. Féadfaidh consalacht inniúil nó údaráis lárnacha an Bhallstáit inniúil an tseirbhís cuntais shláin a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh leis na hiarratasóirí. 13. Maidir leis na sonraí a aistrítear chuig an mBallstát freagrach dá dtagraítear i míreanna 10 agus 11 den Airteagal seo, ainmneoidh an Ballstát sin údarás inniúil a mheasfar a bheith ina rialaitheoir sonraí chun críocha Airteagal 4, pointe 7, de Rialachán (AE) 2016/679 agus a mbeidh an fhreagracht lárnach air as an bpróiseáil sonraí a dhéanfaidh an Ballstát sin. Airteagal 7e Uirlis íocaíochta agus uirlis coinní 1. Úsáidfear uirlis íocaíochta sláine chun an táille víosa a íoc leis an mBallstát inniúil trí EU VAP. 2. Féadfaidh na Ballstáit nó na soláthraithe seirbhíse seachtracha uirlis coinní a úsáid. I gcás ina n-úsáidtear an uirlis coinní, beidh an Ballstát freagrach as na coinní atá ar fáil a shocrú. Airteagal 7f Tairseach le haghaidh soláthraithe seirbhíse seachtracha 1. Ní bheidh rochtain ag soláthraithe seirbhíse seachtracha ar EU VAP tríd an tairseach le haghaidh soláthraithe seirbhíse seachtracha ach amháin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
2. Bunóidh na Ballstáit scéim fíordheimhniúcháin, scéim a fhorchoimeádfar do sholáthraithe seirbhíse seachtracha agus dóibh sin amháin, chun rochtain ar an tairseach a thabhairt do na baill foirne chuí-údaraithe chun críocha an Airteagail seo. Agus an scéim fíordheimhniúcháin á bunú, cuirfear san áireamh bainistiú riosca a bhaineann le slándáil faisnéise agus na prionsabail maidir le cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú. 3. Ní bheidh rochtain ag soláthraithe seirbhíse seachtracha ar VIS. Airteagal 7g Fógra a thabhairt faoi chinntí 1. A luaithe a bheidh an cinneadh déanta ag an údarás inniúil maidir le hiarratas nó maidir le víosa eisithe agus an cinneadh sin curtha ar fáil aige sa chuntas slán i gcomhréir le mír 2, cuirfear teachtaireacht leictreonach chuig an iarratasóir nó chuig sealbhóir víosa trí EU VAP, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 810/2009. 2. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra d’iarratasóirí agus do shealbhóirí víosa maidir le cinntí arna nglacadh de bhun phointí (a), (b) agus (c) trí na cinntí sin a chur ar fáil i gcuntais shlána na n-iarratasóirí agus na sealbhóirí víosa faoi seach. Beidh na sonraí seo a leanas ar áireamh san fhógra sin:
Airteagal 7h Uirlis fíorúcháin 1. Leis an uirlis fíorúcháin tabharfar cead d’iarratasóirí agus do shealbhóirí víosa na nithe seo a leanas a sheiceáil:
2. Is ar an tseirbhís cuntais shláin dá dtagraítear in Airteagal 7b(4) a bhunófar an uirlis fíorúcháin. 3. Le EU VAP, cuirfear feidhmiúlacht seirbhíse gréasáin ar fáil d’iarratasóirí agus d’eintitis eile, amhail fostóirí nó ollscoileanna nó údaráis áitiúla, chun an víosa dhigiteach a fhíorú gan an tseirbhís cuntais shláin. Airteagal 7i Costais a bhaineann le forbairt agus cur chun feidhme EU VAP 1. Is éard a bheidh sna costais a bhaineann le forbairt agus cur chun feidhme EU VAP ná na costais seo a leanas:
2. Is le buiséad ginearálta an Aontais a íocfar na costais faoi mhír 1, pointí (a) agus (b). 3. Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, ar cuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha í, mar a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) chun na costais dá dtagraítear i mír 1, pointe (c) a mhaoiniú, i gcomhréir leis na rialacha incháilitheachta agus na rátaí cómhaoinithe a shocraítear a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1148. Airteagal 7j Freagrachtaí cosanta sonraí 1. Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil mar rialaitheoir sonraí i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfaidh na Ballstáit na húdaráis sin a chur in iúl don Choimisiún, do eu-LISA agus do na Ballstáit eile. Beidh na húdaráis inniúla uile arna n-ainmniú ag na Ballstáit ina rialaitheoirí comhpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/679 chun sonraí pearsanta a phróiseáil in EU VAP. 2. Beidh eu-LISA ina phróiseálaí i gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) 2016/679 chun críocha sonraí pearsanta a phróiseáil in EU VAP. Áiritheoidh eu-LISA go ndéanfar EU VAP a oibriú i gcomhréir leis an Rialachán seo. (*3) Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39)." (*4) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77)." (*5) Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 7)." (*6) Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 251, 15.7.2021, lch. 48).’;" |
(4) |
in Airteagal 9, leasaítear an chéad mhír mar a leanas:
|
(5) |
in Airteagal 9b, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘5. Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 1 go 4 maidir le baill teaghlaigh de náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe ar tairbhithe iad den Chomhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe sa Stát óstach, mar a shainmhínítear sa Chomhaontú sin, a bhfuil an t-iarratas ar víosa á dhéanamh ina leith.’ |
(6) |
in Airteagal 10, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
(7) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 12a Sonraí breise i gcás ina ndéanfar víosa a dheimhniú 1. I gcás ina ndearnadh cinneadh víosa a dheimhniú, cuirfidh an t-údarás víosaí a rinne an cinneadh na sonraí seo a leanas leis an gcomhad iarratais:
2. I gcás ina ndearnadh cinneadh víosa a dheimhniú, déanfar le EU VAP na sonraí a liostaítear in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2017/2226 a aisghabháil agus a easpórtáil láithreach ó VIS isteach in EES.’; |
(8) |
in Airteagal 14(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
|
(9) |
in Airteagal 15(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):
|
(10) |
Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
|
(11) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 18e Nósanna imeachta cúltaca i gcás nach bhfuil sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, sonraí a rochtain ag na teorainneacha seachtracha 1. I gcás nach mbeidh sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an ceadú dá dtagraítear in Airteagal 18 a dhéanamh mar de bharr gur chlis ar aon chuid de VIS, cuirfidh eu-LISA é sin in iúl d’údaráis teorann na mBallstát. 2. I gcás nach mbeidh sé indéanta, ar chúiseanna teicniúla, an cuardach a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 18 de bharr gur chlis ar an mbonneagar teorann náisiúnta i mBallstát, tabharfaidh údaráis teorann an Bhallstáit sin fógra do eu-LISA. Cuirfidh eu-LISA an Coimisiún ar an eolas ina dhiaidh sin. 3. I gcásanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, leanfaidh na húdaráis teorann a bpleananna teagmhasacha náisiúnta. Glacfaidh na Ballstáit a gcuid pleananna teagmhasacha náisiúnta trí úsáid na samhlacha de phleananna teagmhasacha dá dtagraítear in Airteagal 45(2), pointe (o), mar bhonn, agus iad a oiriúnú de réir mar is gá ar an leibhéal náisiúnta. Leis an bplean teagmhasach náisiúnta, féadfar na húdaráis teorann a údarú maolú ar bhonn sealadach ón oibleagáid VIS dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2016/399 a cheadú’; |
(12) |
in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Chun céannacht an tsealbhóra víosa nó barántúlacht na víosa a fhíorú, chun a fhíorú an gcomhlíontar na coinníollacha iontrála, fanachta nó cónaithe i gcríoch na mBallstát agus chun na críche sin amháin, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla chun seiceálacha a dhéanamh laistigh de chríoch na mBallstát i dtaobh an gcomhlíontar na coinníollacha iontrála, fanachta nó cónaithe, d’fhonn cuardach a dhéanamh trí bhíthin uimhir na víosa, agus fíorú a dhéanamh ar mhéarloirg an tsealbhóra víosa, nó ar uimhir na víosa. I gcás nach féidir céannacht an tsealbhóra víosa a fhíorú le méarloirg, féadfaidh na húdaráis inniúla an fíorú a dhéanamh leis an íomhá den aghaidh freisin.’ |
(13) |
in Airteagal 20(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
|
(14) |
in Airteagal 21(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
|
(15) |
in Airteagal 22(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
|
(16) |
in Airteagal 22c, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
|
(17) |
in Airteagal 22f(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
|
(18) |
in Airteagal 22o, leasaítear mír 3 mar a leanas:
|
(19) |
in Airteagal 22r, leasaítear mír 3 mar a leanas:
|
(20) |
in Airteagal 26, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: ‘11. Déanfar na bonneagair lena dtacaítear le EU VAP dá dtagraítear in Airteagal 2a a óstáil ar shuíomhanna teicniúla eu-LISA. Beidh na bonneagair sin scaipthe ó thaobh áite de chun na feidhmiúlachtaí a leagtar síos sa Rialachán seo a chur ar fáil i gcomhréir leis na coinníollacha a bhaineann le slándáil, cosaint sonraí, agus slándáil sonraí. Agus EU VAP á fhorbairt, áiritheoidh eu-LISA go ndéanfar an úsáid a bhainfidh na Ballstáit sin amach anseo as EU VAP, dá bhforáiltear in Airteagal 2a, nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine fós, a chur san áireamh. Baineann sé sin go háirithe le toilleadh stórais EU VAP agus an comhéadan le córas náisiúnta faisnéise víosaí. 12. Is é eu-LISA a bheidh freagrach as forbairt theicniúil EU VAP dá dtagraítear in Airteagal 2a. Le eu-LISA, saineofar sonraíochtaí teicniúla EU VAP. Glacfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA na sonraíochtaí teicniúla sin, ar choinníoll gur chuir an Coimisiún tuairim fhabhrach in iúl maidir leis na sonraíochtaí teicniúla sin. 13. Le eu-LISA, déanfar EU VAP a fhorbairt agus a chur chun feidhme a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/2667 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7) agus é a bheith glactha ag an gCoimisiún:
14. Beidh eu-LISA freagrach as bainistiú oibríochtúil EU VAP. Is é a bheidh i mbainistiú oibríochtúil EU VAP na cúraimí go léir a bheidh riachtanach chun go bhfeidhmeoidh EU VAP 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá in aghaidh na seachtaine i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is éard a bheidh ann, go háirithe, an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh EU VAP ar leibhéal a bheidh sásúil ó thaobh na cáilíochta oibríochtúla de. Déanfaidh Grúpa Comhairleach VIS dá dtagraítear in Airteagal 49a den Rialachán seo agus in Airteagal 27(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8) saineolas a bhaineann le EU VAP a sholáthar do Bhord Bainistíochta eu-LISA. Le linn chéim deartha agus forbartha EU VAP, bunófar Bord Bainistíochta Clár ar a mbeidh deichniúr comhaltaí ar a mhéad. Ar an mbord sin, beidh seachtar comhaltaí a cheapfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA as measc a chomhaltaí nó a chomhaltaí malartacha, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach VIS, comhalta a dhéanfaidh ionadaíocht ar eu-LISA arna cheapadh ag a Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus comhalta amháin arna cheapadh ag an gCoimisiún. Beidh cruinnithe rialta ag Bord Bainistíochta an Chláir agus uair sa ráithe ar a laghad. Áiritheoidh sé go ndéanfar bainistiú iomchuí ar chéim deartha agus forbartha EU VAP agus go mbeidh comhsheasmhacht ann idir tionscadail lárnacha agus náisiúnta EU VAP. Cuirfidh Bord Bainistíochta an Chláir tuarascáil i scríbhinn faoi bhráid Bhord Bainistíochta eu-LISA uair sa mhí maidir le dul chun cinn an tionscadail. Ní bheidh aon chumhacht chinnteoireachta ná aon sainordú ag Bord Bainistíochta an Chláir chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann chomhaltaí Bhord Bainistíochta eu-LISA. Déanfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA rialacha nós imeachta Bhord Bainistíochta an Chláir a bhunú lena n-áireofar go háirithe rialacha maidir leis an méid seo a leanas:
Beidh cathaoirleacht Bhord Bainistíochta an Chláir ag Ballstát atá faoi cheangal go hiomlán faoi dhlí an Aontais ag na hionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras mórscála TF uile atá á mbainistiú ag eu-LISA. Is é eu-LISA a íocfaidh as gach costas taistil agus cothabhála a thabhóidh comhaltaí Bhord Bainistíochta an Chláir agus beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 10 de Rialacha Nós Imeachta eu-LISA maidir leo. Cuirfidh eu-LISA rúnaíocht ar fáil do Bhord Bainistíochta an Chláir. (*7) Rialachán (AE) 2023/2667 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009 agus (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 693/2003 agus (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle agus an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme, a mhéid a bhaineann le digitiú an nós imeachta víosa (IO L 2023/2667, 7.12.2023, ELI:http://data.europa.eu/eli/ reg/2023/2667/oj)." (*8) Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).’;" |
(21) |
in Airteagal 45(2), cuirtear na pointí seo a leanas leis:
|
(22) |
in Airteagal 48a(2), (3) agus (6), cuirtear tagairtí do ‘Airteagal 7b(7), Airteagal 9, Airteagal 9h(2), Airteagal 9j(2) agus Airteagal 22b(18)’ in ionad na dtagairtí do ‘Airteagal 9, Airteagal 9h(2), Airteagal 9j(2) agus Airteagal 22b(18)’; |
(23) |
leasaítear Airteagal 50 mar a leanas:
|
Airteagal 3
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 694/2003
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 694/2003 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: ‘Airteagal 1 1. Déanfar Doiciméid Idirthurais Éascaithe (FTD) arna n-eisiúint ag na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 a eisiúint i bhformáid dhigiteach dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 agus beidh na réimsí sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo iontu. Beidh an luach céanna acu agus atá ag víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta chun críche idirthurais. Ina theannta sin, léireofar go soiléir leis an bhformáid dhigiteach gur FTD atá sa doiciméad eisithe. 2. Déanfar Doiciméid Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) arna n-eisiúint ag na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 a eisiúint i bhformáid dhigiteach dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 agus beidh na réimsí sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo iontu. Beidh an luach céanna acu agus atá ag víosaí ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta chun críche idirthurais. Ina theannta sin, léireofar go soiléir leis an bhformáid dhigiteach gur FRTD atá sa doiciméad eisithe.’; |
(2) |
in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití: ‘1. Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an bhformáid dhigiteach do FTD agus do FRTD, lena n-áirítear sonraíochtaí a bhaineann leis an méid seo a leanas, bunófar iad i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2):’; |
(3) |
in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):
|
(4) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin atá le cur i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán seo i gcomhar leis an bhforáil idirthréimhseach in Airteagal 13(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9) go mbeidh na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo rúnda agus nach bhfoilseofar iad. Sa chás sin, ní chuirfear na sonraíochtaí teicniúla sin ar fáil ach do dhaoine a bhfuil údarú cuí faighte acu ó Bhallstát nó ón gCoimisiún. (*9) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).’;" |
(5) |
scriostar Airteagal 3; |
(6) |
scriostar an dara habairt in Airteagal 5; |
(7) |
in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: ‘Na Ballstáit a chinn an méid sin a dhéanamh, eiseoidh siad an fhormáid dhigiteach i gcás FTD agus FRTD dá dtagraítear in Airteagal 1 tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis ghlacadh na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 2.’; |
(8) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 694/2003. |
Airteagal 4
Leasú ar an gCoinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme
Leasaítear Airteagal 18 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Is víosaí náisiúnta, arna n-eisiúint ag ceann amháin de na Ballstáit i gcomhréir lena dhlí náisiúnta nó le dlí an Aontais, a bheidh i víosaí chun fanacht ar feadh tréimhse is faide ná 90 lá (‘víosaí fadfhanachta’). Eiseofar víosaí den sórt sin i bhformáid dhigiteach i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle (*10), agus an cineál víosa á léiriú leis an litir ‘D’. Déanfar víosaí fadfhanachta a eiseofar i bhformáid dhigiteach a chomhlánú i gcomhréir le forálacha ábhartha ghníomh cur chun feidhme an Choimisiúin lena leagtar amach na rialacha maidir le réimsí sonraí na víosa a líonadh amach, arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11). (*10) Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1995 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do víosaí (IO L 164, 14.7.1995, lch. 1)." (*11) Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).’;" |
(2) |
cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘1a. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit eisiúna víosaí fadfhanachta a eiseofar i bhformáid dhigiteach a chur in iúl d’iarratasóirí trí mhodhanna leictreonacha.’ |
Airteagal 5
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 693/2003
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Eiseofar FTD/FRTD i bhformáid dhigiteach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 694/2003.’ |
(2) |
leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
(3) |
in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2, 3 agus 4: ‘2. Ní eiseofar aon FTD/FRTD le haghaidh doiciméad taistil atá imithe in éag. 3. Beidh tréimhse bhailíochta an doiciméid taistil dá n-eisítear FTD/FRTD níos faide ná tréimhse bailíochta FTD/FRTD. 4. Ní eiseofar aon FTD/FRTD le haghaidh doiciméad taistil mura bhfuil an doiciméad taistil sin bailí d’aon cheann de na Ballstáit. Mura bhfuil doiciméad taistil bailí ach i gcás Ballstát amháin nó i gcás roinnt Ballstát, beidh an FTD/FRTD teoranta don Bhallstát nó do na Ballstáit i dtrácht.’ |
Airteagal 6
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28)
Leasaítear Rialachán (AE) 2017/2226 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 16(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
|
(2) |
leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
|
(3) |
in Airteagal 24(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
(4) |
in Airteagal 32(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
Airteagal 7
Tús oibríochtaí EU VAP
1. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena socrófar an dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí EU VAP faoi Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 arna leasú leis an Rialachán seo. Glacfar an cinneadh sin tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis don Choimisiún a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
beidh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 45(2), pointí (g) go (r) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 7b(7) den Rialachán sin glactha; |
(b) |
beidh sé dearbhaithe ag eu-LISA go bhfuil tástálacha cuimsitheacha curtha i gcrích go rathúil aige, ar tástálacha iad atá le tabhairt i gcrích ag eu-LISA i gcomhar leis na Ballstáit; |
(c) |
beidh na socruithe teicniúla agus dlíthiúla bailíochtaithe ag eu-LISA, lena n-áirítear go bhfuil acmhainneacht agus feidhmiúlachtaí leordhóthanacha ag EU VAP, agus beidh fógra tugtha don Choimisiún ina leith. |
2. Foilseofar an cinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
3. De mhaolú ar mhír 1, agus gan dochar don oibleagáid víosaí a eisiúint i bhformáid dhigiteach, de bhun Airteagal 26a de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, féadfaidh Ballstát a chinneadh gan leas a bhaint as EU VAP ar feadh tréimhse suas le 7 mbliana ón dáta dá dtagraítear i mír 1. Tabharfaidh sé fógra don Choimisiún maidir lena chinneadh Foilseoidh an Coimisiún an fógra ón mBallstát in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Le linn na hidirthréimhse 7 mbliana dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh sealbhóirí víosaí in ann an bhailíocht agus an fhaisnéis sna víosaí digiteacha a fhíorú trí úsáid a bhaint as seirbhís gréasáin EU VAP dá dtagraítear in Airteagal 7h de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 más rud é gur chinn an Ballstát a phróiseálann a n-iarratas ar víosa gan leas a bhaint as EU VAP.
4. Féadfaidh Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún agus do eu-LISA gur mian leis leas a bhaint as EU VAP roimh dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear i mír 3.
Cinnfidh an Coimisiún an dáta óna mbainfidh an Ballstát sin leas as EU VAP. Foilseofar an cinneadh ón gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
5. Faoin 1 Nollaig 2026 agus gach bliain ina dhiaidh sin go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an dul chun cinn i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Beidh faisnéis mhionsonraithe sa tuarascáil sin faoi na costais a tabhaíodh agus faoi aon rioscaí a imríonn tionchar ar na costais fhoriomlána.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta a shocróidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 7(1).
3. De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (1), (3), (15), (30), (34), (35) agus (36) ón 28 Meitheamh 2024. Beidh feidhm ag Airteagal 2, pointí (21) agus (22) ón 27 Nollaig 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Samhain 2023.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. NAVARRO RÍOS
(1) IO C 75, 28.2.2023, lch. 150.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Deireadh Fómhair 2023 (nár foilsíodh fós in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Samhain 2023.
(3) Rialachán (AE) 2019/1155 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 188, 12.7.2019, lch. 25).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis ar víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe a mhalartú idir na Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).
(6) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(7) Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 7).
(8) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(10) Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).
(11) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(12) Cinneadh Uimh. 565/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena dtugtar córas simplithe isteach le haghaidh daoine a rialú ag na teorainneacha seachtracha, ar córas é a bheidh bunaithe ar aitheantas aontaobhach a bheith á thabhairt ag an mBulgáir, ag an gCróit, ag an gCipir agus ag an Rómáin do dhoiciméid áirithe mar dhoiciméid atá coibhéiseach lena víosaí náisiúnta le haghaidh idirthuras trína gcríocha nó tréimhsí fanachta atá beartaithe ar a gcríocha nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá agus lena n-aisghairtear Cinntí Uimh. 895/2006/CE agus Uimh. 582/2008/CE (IO L 157, 27.5.2014, lch. 23).
(13) Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1995 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do víosaí (IO L 164, 14.7.1995, lch. 1).
(14) An Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (IO L 239, 22.9.2000, lch. 19).
(15) Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 lena mbunaítear Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) sonrach, Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) agus lena leasaítear na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha agus an Lámhleabhar Coiteann (IO L 99, 17.4.2003, lch. 8).
(16) Rialachán (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le formáidí aonfhoirmeacha le haghaidh Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) agus Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 (IO L 99, 17.4.2003, lch. 15).
(17) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(18) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(19) Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).
(20) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(21) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(22) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(23) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(24) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(25) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(26) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(27) IO C 277, 19.7.2022, lch. 7.
(28) Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).
IARSCRÍBHINN I
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009:
‘IARSCRÍBHINN I
Foirm iarratais chomhchuibhithe
Iarratas ar Víosa Schengen
Tá an fhoirm iarratais seo saor in aisce
Ní líonfaidh baill teaghlaigh saoránach de chuid AE, de chuid LEE ná de chuid CH ná náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe ar tairbhithe iad den Chomhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, réimsí uimh. 21, 22, 30, 31 agus 32 isteach (marcáilte le*).
Líonfar fearainn 1-3 de réir na sonraí sa doiciméad taistil.
|
Úsáid oifigiúil amháin Dáta an iarratais: Uimhir an iarratais: |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
Áit ar taisceadh an t-iarratas:
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
Comhad á láimhseáil ag: |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
Doiciméid tacaíochta:
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
Cinneadh maidir leis an víosa:
Ón: Go dtí an: |
|||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||||
Sloinne (Ainm teaghlaigh): |
Céadainm nó Céadainmneacha (Ainm nó ainmneacha baiste): |
||||||||||||||||||||||||||||||
Dáta breithe (lá-mí-bliain): |
Náisiúntacht: |
Uimhir an doiciméid taistil nó an chárta aitheantais: |
|||||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||||
|
Uimh. theileafóin: |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||||
|
Líon na n-iontrálacha: ☐1 ☐ 2 ☐ Iolrach Líon na laethanta: |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||||
☐Turasóireacht ☐ Gnó ☐ Cuairt a thabhairt ar do mhuintir nó ar chairde ☐ Cultúr ☐ Spórt ☐ Cuairt oifigiúil ☐ Cúiseanna leighis ☐ Staidéar ☐ Idirthuras Aerfoirt ☐ Eile (sonraigh é le do thoil): |
|||||||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||||
Seoladh agus seoladh ríomhphoist an duine nó na ndaoine sa Bhallstát nó sna Ballstáit a bhfuil cuireadh á thabhairt aige nó acu/an óstáin nó na n-óstán/na cóiríochta sealadaí nó na gcóiríochtaí sealadacha: |
Uimh. theileafóin: |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Sloinne, céadainm, seoladh, uimh. theileafóin, agus seoladh ríomhphoist an teagmhálaí sa chuideachta nó san eagraíocht: |
Uimh. theileafóin na cuideachta/na heagraíochta: |
||||||||||||||||||||||||||||||
|
|||||||||||||||||||||||||||||||
☐an t-iarratasóir Cóir chothaithe:
|
Cóir chothaithe:
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||
Seoladh agus seoladh ríomhphoist an duine a bhfuil an fhoirm iarratais á comhlánú aige: |
Uimh. theileafóin: |
|
|||||||||||||||||||||||||||||
Tuigim nach n-aisíocfar an táille ar an víosa má dhiúltaítear an t-iarratas ar víosa. |
|||||||||||||||||||||||||||||||
Beidh an méid thíos infheidhme i gcás ina ndéanfar víosa dul isteach iolrach a eisiúint: Tuigim gur gá dom árachas liachta taistil leormhaith a bheith agam do mo chéad fhanacht agus d’aon chuairteanna a thabharfaidh mé ina dhiaidh seo ar chríoch na mBallstát. |
|||||||||||||||||||||||||||||||
Is eol dom an méid seo a leanas agus glacaim leis: tá bailiú na sonraí is gá a thabhairt san fhoirm iarratais seo agus glacadh mo ghrianghraif agus, más infheidhme, glacadh méarlorg ina gcuid éigeantach den scrúdú ar an iarratas; agus déanfar aon sonraí pearsanta a bhaineann liom atá le feiceáil ar an bhfoirm iarratais, chomh maith le mo mhéarloirg agus mo ghrianghraf, a chur ar fáil d’údaráis ábhartha na mBallstát agus próiseálfaidh na húdaráis sin iad chun cinneadh a dhéanamh maidir le m’iarratas. Déanfar na sonraí sin chomh maith le sonraí maidir leis an gcinneadh a ghlacfar faoi m’iarratas, nó maidir le cinneadh faoi cibé acu a dhéanfar víosa a eisíodh a neamhniú, a chúlghairm nó síneadh a chur léi a chur isteach sa Chóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus a stóráil ann go ceann uastréimhse 5 bliana agus, lena linn sin, beidh rochtain orthu ag na húdaráis víosa agus ag na húdaráis atá inniúil ar sheiceálacha ar víosaí a dhéanamh ag na teorainneacha seachtracha agus laistigh de na Ballstáit, agus ag na húdaráis inimirce agus tearmainn sna Ballstáit chun a fhíorú an bhfuil na coinníollacha maidir le dul isteach dleathach ar chríoch na mBallstát, d’fhanacht agus do chónaí ar chríoch na mBallstát á gcomhlíonadh, chun daoine a shainaithint nach gcomhlíonann na coinníollacha seo nó nach gcomhlíonann a thuilleadh iad, agus chun iarratas ar thearmann a scrúdú agus chun an fhreagracht as an scrúdú sin a chinneadh. Faoi choinníollacha áirithe, beidh fáil ag údaráis ainmnithe sna Ballstáit agus ag Europol ar na sonraí freisin chun cionta sceimhlitheoireachta agus cionta tromchúiseacha coiriúla eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. Seo a leanas údarás an Bhallstáit atá freagrach as na sonraí a phróiseáil: […)]. |
|||||||||||||||||||||||||||||||
Is eol dom go bhfuil sé de cheart agam go gcuirfí ar an eolas mé, in aon cheann de na Ballstáit, faoi na sonraí a bhaineann liom atá ar taifead in VIS agus faoin mBallstát a tharchuir na sonraí sin, agus iarraidh a dhéanamh go gceartófaí sonraí a bhaineann liom nach bhfuil cruinn agus go scriosfaí sonraí a taifeadadh go neamhdhleathach. Ar iarraidh shainráite uaim, cuirfidh an t-údarás a bhfuil m’iarratas á scrúdú aige in iúl dom an bealach a bhféadfaidh mé an ceart atá agam a fheidhmiú chun na sonraí pearsanta a bhaineann liom a sheiceáil agus chun iad a fháil ceartaithe nó scriosta, lena n-áirítear na réitigh ghaolmhara atá ann i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. Tabharfaidh údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit sin [sonraí teagmhála: …] éisteacht d’éilimh a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta. Dearbhaím go bhfuil na sonraí uile atá tugtha agam cruinn agus iomlán a mhéid is eol dom. Tuigim go mbeidh sé de thoradh ar aon ráiteas bréagach go ndiúltófar m’iarratas nó go neamhneofar víosa a eisíodh cheana agus go bhféadfaí mé a ionchúiseamh faoi dhlí an Bhallstáit atá ag déileáil leis an iarratas. Geallaim go bhfágfaidh mé críoch na mBallstát sula rachaidh an víosa in éag, má thugtar dom í. Cuireadh in iúl dom nach bhfuil i víosa a bheith agam ach ceann amháin de na réamhriachtanais le haghaidh dul isteach i gcríoch Eorpach na mBallstát. Ní hionann víosa a bheith faighte agam agus mé a bheith i dteideal cúitimh mura gcomhlíonfaidh mé forálacha ábhartha Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/399 (Cód Teorainneacha Schengen) agus go ndiúltófar cead isteach dom dá réir sin. Déanfar na réamhriachtanais le haghaidh dul isteach a sheiceáil arís tráth an dul isteach i gcríoch Eorpach na mBallstát. |
|||||||||||||||||||||||||||||||
Láthair agus dáta: |
Síniú an iarratasóra: (síniú an údaráis tuismitheora/an chaomhnóra dhleathaigh, más infheidhme): |
(1) Ní gá lógó i gcás na hIorua, na hÍoslainne, Lichtinstéin ná na hEilvéise.
IARSCRÍBHINN II
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 694/2003:
‘IARSCRÍBHINN I
DOICIMÉAD DIGITEACH IDIRTHURAIS ÉASCAITHE (FTD)
Beidh na réimsí sonraí seo a leanas san FTD digiteach:
— |
an Ballstát eisiúna; |
— |
sloinne, ainm; |
— |
sloinne breithe; |
— |
dáta breithe; |
— |
tír agus áit bhreithe; |
— |
inscne; |
— |
náisiúntacht; |
— |
náisiúntacht bhreithe; |
— |
cineál agus uimhir an doiciméid taistil; |
— |
údarás eisiúna an doiciméid taistil; |
— |
dáta eisiúna an doiciméid taistil agus an dáta a rachaidh sé in éag; |
— |
an t-údarás a d’eisigh an FTD digiteach, lena n-áirítear a shuíomh agus i dtaobh ar eisigh an t-údarás sin an FTD thar ceann Ballstát eile; |
— |
láthair agus dáta an chinnidh chun an FTD digiteach a eisiúint; |
— |
uimhir FTD dhigitigh; |
— |
an chríoch ina bhfuil an sealbhóir an FTD dhigitigh i dteideal taisteal; |
— |
dáta theacht i bhfeidhm agus dáta éaga thréimhse bhailíochta an FTD dhigitigh; |
— |
an líon iontrálacha a údaraítear leis an FTD digiteach sa chríoch sin a bhfuil an FTD bailí ina leith; |
— |
fad an idirthurais mar a údaraítear leis an FTD digiteach; |
— |
nótaí ón údarás eisiúna le haon fhaisnéis eile a mheastar a bheith riachtanach a chur in iúl, ar choinníoll go bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo; |
— |
íomhá d’aghaidh shealbhóir an FTD dhigitigh. |
IARSCRÍBHINN II
DOICIMÉAD DIGITEACH IDIRTHURAIS IARNRÓID ÉASCAITHE (FRTD)
Beidh na réimsí sonraí seo a leanas in FRTD digiteach:
— |
an Ballstát eisiúna; |
— |
sloinne, ainm; |
— |
sloinne breithe; |
— |
dáta breithe; |
— |
tír agus áit bhreithe; |
— |
inscne; |
— |
náisiúntacht; |
— |
náisiúntacht bhreithe; |
— |
cineál agus uimhir an doiciméid taistil; |
— |
údarás eisiúna an doiciméid taistil; |
— |
dáta eisiúna an doiciméid taistil agus an dáta a rachaidh sé in éag; |
— |
dáta agus am imeachta na traenach (an chéad iontráil); |
— |
dáta agus am imeachta na traenach (an dara hiontráil); |
— |
an t-údarás a d’eisigh an FRTD digiteach, lena n-áirítear a shuíomh agus i dtaobh ar eisigh an t-údarás sin an FRTD thar ceann Ballstát eile; |
— |
láthair agus dáta an chinnidh chun an FRTD digiteach a eisiúint; |
— |
uimhir FRTD dhigitigh; |
— |
an chríoch ina bhfuil sealbhóir an FRTD dhigitigh i dteideal taisteal; |
— |
dáta theacht i bhfeidhm agus dáta éaga thréimhse bhailíochta an FRTD dhigitigh; |
— |
fad an idirthurais mar a údaraítear leis an FRTD digiteach; |
— |
nótaí ón údarás eisiúna le haon fhaisnéis eile a mheastar a bheith riachtanach a chur in iúl, ar choinníoll go bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo; |
— |
íomhá d’aghaidh shealbhóir FRTD dhigitigh. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2667/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)