This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R1416
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/1416 of 5 July 2023 concerning the renewal of the authorisation of a preparation of Lactiplantibacillus plantarum DSM 8862 and DSM 8866 as a feed additive for all animal species and repealing Implementing Regulation (EU) No 93/2012 (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1416 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2023 maidir le húdarú ullmhóide Lactiplantibacillus plantarum DSM 8862 agus DSM 8866 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 93/2012 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1416 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2023 maidir le húdarú ullmhóide Lactiplantibacillus plantarum DSM 8862 agus DSM 8866 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 93/2012 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/4411
IO L 171, 6.7.2023, p. 8–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Repeal | 32012R0093 | 26/07/2023 |
6.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 171/8 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1416 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Iúil 2023
maidir le húdarú ullmhóide Lactiplantibacillus plantarum DSM 8862 agus DSM 8866 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 93/2012
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le breiseáin a údarú lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú agus a athnuachan. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 93/2012 ón gCoimisiún (2) údaraíodh an ullmhóid Lactiplantibacillus plantacillus DSM 8862 agus DSM 8866 (a sainaithníodh go tacsanomaíoch roimhe seo mar Lactobacillus plantarum DSM 8862 agus DSM 8866) ar feadh tréimhse 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú na hullmhóide Lactiplantibacillus plantarum DSM 8862 agus DSM 8866 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, inar iarradh go n-aicmeofaí na breiseáin sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus san bhfeidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) den Rialachán sin ag gabháil leis an iarratas sin. |
(4) |
Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) sa tuairim uaidh an 27 Meán Fómhair 2022 (3) gur sholáthair an t-iarratasóir fianaise go bhfuil an ullmhóid Lactiplantibacillus plantarum DSM 8862 agus DSM 8866 fós sábháilte do gach speiceas ainmhíoch, do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide a údaraítear faoi láthair. Maidir le sábháilteacht úsáideoirí, luaigh an tÚdarás nach greannaitheoir craicinn í an ullmhóid ach gur cheart í a mheas mar íogróir riospráide. Ní fhéadfadh an tÚdarás teacht ar aon chonclúid maidir le hacmhainneacht greannaithe súl na hullmhóide ná maidir lena hacmhainneacht íograithe craicinn. |
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 (4) ón gCoimisiún, ba é meas na Saotharlainne Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas sa mheasúnú roimhe seo bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. |
(6) |
Léirítear leis an measúnú ar an ullmhóid Lactiplantibacillus plantarum DSM 8862 agus DSM 8866 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú na hullmhóide sin a athnuachan. |
(7) |
Measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. Ba cheart na bearta cosanta sin a bheith gan dochar do cheanglais eile sábháilteachta oibrithe faoi dhlí an Aontais. |
(8) |
Mar thoradh ar údarú na hullmhóide Lactiplantibacillus plantarum DSM 8862 DSM 8866 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 93/2012 a aisghairm. |
(9) |
Ós rud é nach bhfuil gá leis na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le húdarú na hullmhóide Lactiplantibacillus plantarum DSM 8862 agus DSM 8866 a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh. |
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheas a athnuachan
Maidir le húdarú na hullmhóide a shonraítear san Iarscríbhinn, ar ullmhóid í a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’, déantar é a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 93/2012.
Airteagal 3
Bearta idirthréimhseacha
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn agus an bheatha a bhfuil sí inti, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 26 Iúil 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 26 Iúil 2023, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 93/2012 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2012 maidir le Lactobacillus plantarum (DSM 8862 DSM 8866) a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 33, 4.2.2012, lch. 1).
(3) EFSA Journal [Iris EPSA], 2022;20(10):7604.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí na Saotharlainne Tagartha Comhphobail i ndáil le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8).
IARSCRÍBHINN
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
CFU/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||||
Catagóir na mbreiseán teicneolaíoch. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais. |
||||||||||||||||||
1k20812 |
Lactiplantibacillus plantarum DSM 8862 agus DSM 8866 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid Lactiplantibacillus plantarum DSM 8862 agus DSM 8866 ina bhfuil íoschion 3x1011 CFU/g de bhreiseán (cóimheas 1:1) Tréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum DSM 8862 agus DSM 8866 Modh anailíse (1) Áireamh sa bhreiseán beathaithe:
Sainaithint:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
26 Iúil 2033 |
(1) Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en