Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1177

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1177 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2023 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an liosta réamhshocraithe de shlite beatha chun críocha an Chórais Faisnéise Víosaí

    C/2023/2260

    IO L 156, 19.6.2023, p. 6–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1177/oj

    19.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 156/6


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1177 ÓN gCOIMISIÚN

    an 5 Aibreán 2023

    lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an liosta réamhshocraithe de shlite beatha chun críocha an Chórais Faisnéise Víosaí

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le faisnéis a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe (Rialachán VIS) (1), agus go háirithe Airteagal 9, an tríú mír, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 bunaítear an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) agus sainítear cuspóir agus feidhmiúlachtaí an chórais agus na freagrachtaí a bhaineann leis. Leis an Rialachán sin, leagtar amach coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le malartú sonraí idir na Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe.

    (2)

    Mar chuid den fhoirm iarratais le haghaidh víosaí gearrfhanachta atá le líonadh isteach ag gach iarratasóir, tá sé de cheanglas ar iarratasóirí sonraí pearsanta a bhaineann lena slí bheatha reatha a sholáthar. Agus sonraí á n-iontráil sa chomhad iarratais de bhun Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, tá an tslí bheatha le cur isteach tríd an tslí bheatha a roghnú ó liosta réamhshocraithe de shlite beatha (grúpa poist).

    (3)

    Dá bhrí sin, ba cheart liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a leagan síos chun críocha VIS. Ba cheart an t-Aicmiú Caighdeánach Idirnáisiúnta Gairmeacha (ISCO) arna ghlacadh ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair a úsáid le haghaidh an liosta. Chun a áirithiú go bhfuil na sonraí maidir le slite beatha na n-iarratasóirí sonrach a ndóthain, ba cheart ceangal a bheith ar an údarás víosaí grúpaí poist a roghnú a chomhfhreagraíonn do leibhéal 2 ar a laghad (fo-mhórghrúpa) den Chaighdeán, ach a chomhfhreagraíonn do leibhéal 3 (mionghrúpa) nó do leibhéal 4 (grúpa aonaid) freisin, má tá siad ar fáil.

    (4)

    Ba cheart go n-áiritheofaí leis an réimse sonraí maidir le slí bheatha reatha an iarratasóra sa chomhad iarratais VIS nach dtaispeánfar ach na roghanna ábhartha agus go gcuideofar go gníomhach leis an údarás víosaí an grúpa poist a aimsiú trí roghanna a scagadh ar bhonn roghnúcháin a rinneadh roimhe sin.

    (5)

    Tá feidhm ag forálacha sonracha maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir ceanglas víosa, ar baill teaghlaigh iad le saoránaigh den Aontas a bhfuil feidhm ag Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir leo nó baill teaghlaigh náisiúnach tríú tír ag a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta atá coibhéiseach le ceart shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontú idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh amháin, agus tríú tír, ar an taobh eile, agus nach bhfuil cárta cónaithe acu de bhun Threoir 2004/38/CE. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart feidhm a bheith ag an liosta réamhshocraithe de shlite beatha reatha (grúpaí poist) maidir le baill teaghlaigh náisiúnach den Ríocht Aontaithe ar tairbhithe iad féin den Chomhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe sa Stát óstach a bhfuil an t-iarratas ar víosa á dhéanamh ina leith.

    (6)

    Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le acquis Schengen, thug an Danmhairg fógra i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir le Rialachán (AE) 2021/1134 a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an Danmhairg faoi cheangal ag an Rialachán seo.

    (7)

    Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu (4). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (8)

    Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (5), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6).

    (9)

    Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8).

    (10)

    Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (9), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (10).

    (11)

    Is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003 agus Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005 faoi seach.

    (12)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus thug sé tuairim uaidh an 2 Nollaig 2022,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Slí bheatha faoi láthair

    1.   De bhun Airteagal 9, an chéad mhír, pointe (4)(l) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, chun réimse sonraí na slí beatha reatha sa chomhad iarratais a líonadh isteach, roghnóidh an t-údarás víosaí ceann amháin de na roghanna seo a leanas:

    (a)

    fostaithe;

    (b)

    féinfhostaithe;

    (c)

    dífhostaithe/gan phost;

    (d)

    ar scor;

    (e)

    mac léinn.

    2.   I gcás ina roghnóidh an t-údarás víosaí pointe (a) nó pointe (b) de mhír 1, roghnóidh an t-údarás víosaí slí bheatha reatha an iarratasóra ón liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a leagtar síos san Iarscríbhinn.

    3.   I gcás ina roghnóidh an t-údarás víosaí pointe (c), (d) nó pointe (e) de mhír 1, ní roghnóidh an t-údarás víosaí aon slí bheatha ón liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a leagtar síos san Iarscríbhinn.

    4.   I gcás inar mionaoiseach an t-iarratasóir, ní bheidh ach na roghanna i mír 1, pointí (a), (b), (c) nó (e) le feiceáil agus le fáil lena roghnú.

    5.   Cuideoidh an réimse sonraí maidir le slí bheatha reatha an iarratasóra sa chomhad iarratais VIS leis an údarás víosaí an grúpa poist ábhartha a aimsiú trí roghanna a scagadh ar bhonn na roghanna a roghnaíodh roimhe sin.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag na forálacha sa Rialachán seo ó dháta thús oibríochtaí VIS de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1134.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Aibreán 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 60.

    (2)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

    (3)  Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11).

    (4)  Ní thagann an Rialachán seo faoi raon feidhme na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

    (5)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

    (6)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

    (7)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

    (8)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

    (9)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

    (10)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

    (11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


    IARSCRÍBHINN

    LIOSTA RÉAMHSHOCRAITHE DE SHLITE BEATHA

    Nuair a dhéanann an t-údarás víosaí sonraí a iontráil i gcomhad iarratais, ní mór dó an tslí bheatha reatha a thógtar ón bhfoirm iarratais a iontráil trí ghrúpa poist amháin a roghnú ón liosta réamhshocraithe slite beatha (grúpaí poist) atá liostaithe thíos.

    Tá an liosta bunaithe ar na mórghrúpaí, na fo-mhórghrúpaí, na mionghrúpaí agus na grúpaí aonaid in Aicmiú Caighdeánach Idirnáisiúnta Gairmeacha 2008 (ISCO-08):

    Leibhéal 1: Mórghrúpaí

    Leibhéal 2: Fo-mhórghrúpaí

    Leibhéal 3: Mionghrúpaí

    Leibhéal 4: Grúpaí aonaid

    1.   Bainisteoir

    1.1.

    Príomhoifigeach feidhmiúcháin, oifigeach sinsearach nó reachtóir

    1.1.1.

    Reachtóir nó oifigeach sinsearach

    1.1.1.1.

    Reachtóir

    1.1.1.2.

    Oifigeach rialtais sinsearach

    1.1.1.3.

    Taoiseach traidisiúnta nó ceann na gráige

    1.1.1.4.

    Oifigeach sinsearach in eagraíocht sainleasa

    1.1.2.

    Stiúrthóir bainistíochta nó príomhfheidhmeannach

    1.2.

    Bainisteoir riaracháin nó tráchtála

    1.2.1.

    Bainisteoir seirbhísí gnó nó bainisteoir riaracháin

    1.2.1.1.

    Bainisteoir airgeadais

    1.2.1.2.

    Bainisteoir acmhainní daonna

    1.2.1.3.

    Bainisteoir beartais nó pleanála

    1.2.1.4.

    Bainisteoir seirbhísí gnó nó bainisteoir riaracháin nach n-aicmítear in aon áit eile

    1.2.2.

    Bainisteoir díolacháin, margaíochta nó forbartha

    1.2.2.1.

    Bainisteoir díolacháin nó margaíochta

    1.2.2.2.

    Bainisteoir fógraíochta nó caidrimh phoiblí

    1.2.2.3.

    Bainisteoir taighde agus forbartha

    1.3.

    Bainisteoir táirgthe nó seirbhísí speisialaithe

    1.3.1.

    Bainisteoir táirgthe sna réimsí talmhaíochta, foraoiseachta nó iascaigh

    1.3.1.1.

    Bainisteoir táirgthe talmhaíochta nó táirgthe foraoiseachta

    1.3.1.2.

    Bainisteoir táirgthe dobharshaothraithe nó táirgthe iascaigh

    1.3.2.

    Bainisteoir monaraíochta, mianadóireachta, tógála, nó dáileacháin

    1.3.2.1.

    Bainisteoir monaraíochta

    1.3.2.2.

    Bainisteoir mianadóireachta

    1.3.2.3.

    Bainisteoir tógála

    1.3.2.4.

    Bainisteoir soláthair nó dáileacháin nó bainisteoir eile den chineál sin

    1.3.3.

    Bainisteoir seirbhíse teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide

    1.3.4.

    Bainisteoir seirbhísí gairmiúla

    1.3.4.1.

    Bainisteoir seirbhísí cúraim leanaí

    1.3.4.2.

    Bainisteoir seirbhísí sláinte

    1.3.4.3.

    Bainisteoir seirbhísí cúraim seanóirí

    1.3.4.4.

    Bainisteoir leasa shóisialta

    1.3.4.5.

    Bainisteoir oideachais

    1.3.4.6.

    Bainisteoir brainse seirbhísí airgeadais nó árachais

    1.3.4.7.

    Bainisteoir seirbhísí gairmiúla nach n-aicmítear in aon áit eile

    1.4.

    Bainisteoir fáilteachais, miondíola nó seirbhísí eile

    1.4.1.

    Bainisteoir óstáin nó bialainne

    1.4.1.1.

    Bainisteoir óstáin

    1.4.1.2.

    Bainisteoir bialainne

    1.4.2.

    Bainisteoir trádála miondíola nó mórdhíola

    1.4.3.

    Bainisteoir seirbhísí eile

    1.4.3.1.

    Bainisteoir lárionaid spórt, áineasa nó cultúir

    1.4.3.2.

    Bainisteoir seirbhísí nach n-aicmítear in aon áit eile

    2.   Gairmí

    2.1.

    Gairmí eolaíochta nó innealtóireachta

    2.1.1.

    Gairmí eolaíochta fisicí nó domhaneolaíochta

    2.1.1.1.

    Fisiceoir nó réalteolaí

    2.1.1.2.

    Meitéareolaí

    2.1.1.3.

    Ceimiceoir

    2.1.1.4.

    Geolaí nó geoifisiceoir

    2.1.2.

    Matamaiticeoir, achtúire nó staitisteoir

    2.1.3.

    Gairmí eolaíochta beatha

    2.1.3.1.

    Bitheolaí, luibheolaí, zó-eolaí nó gairmí eile den chineál sin

    2.1.3.2.

    Comhairleoir feirmeoireachta, foraoiseachta nó iascaigh

    2.1.3.3.

    Gairmí cosanta comhshaoil

    2.1.4.

    Gairmí innealtóireachta (seachas leictriteicneolaíocht)

    2.1.4.1.

    Innealtóir tionsclaíoch nó innealtóir táirgthe

    2.1.4.2.

    Innealtóir sibhialta

    2.1.4.3.

    Innealtóir comhshaoil

    2.1.4.4.

    Innealtóir meicniúil

    2.1.4.5.

    Innealtóir ceimiceach

    2.1.4.6.

    Innealtóir mianadóireachta, miotalóir nó gairmí eile den chineál sin

    2.1.4.7.

    Gairmí innealtóireachta nach n-aicmítear in aon áit eile

    2.1.5.

    Innealtóir leictriteicneolaíochta

    2.1.5.1.

    Innealtóir leictreach

    2.1.5.2.

    Innealtóir leictreonaice

    2.1.5.3.

    Innealtóir teileachumarsáide

    2.1.6.

    Ailtire, pleanálaí, suirbhéir nó dearthóir

    2.1.6.1.

    Ailtire tógála

    2.1.6.2.

    Ailtire tírdhreacha

    2.1.6.3.

    Dearthóir táirgí nó dearthóir ball éadaigh

    2.1.6.4.

    Pleanálaí baile nó tráchta

    2.1.6.5.

    Cartagrafaí nó suirbhéir

    2.1.6.6.

    Dearthóir grafaicí nó ilmheán

    2.2.

    Gairmí sláinte

    2.2.1.

    Dochtúir leighis

    2.2.1.1.

    Liachleachtóir ginearálta

    2.2.1.2.

    Liachleachtóir speisialaithe

    2.2.2.

    Gairmí altranais nó cnáimhseachais

    2.2.2.1.

    Gairmí altranais

    2.2.2.2.

    Gairmí cnáimhseachais

    2.2.3.

    Gairmí leighis thraidisiúnta nó leighis chomhlántaigh

    2.2.3.1.

    Gairmí leighis thraidisiúnta nó leighis chomhlántaigh

    2.2.3.2.

    Paraimhíochaineoir

    2.2.4.

    Tréidlia

    2.2.5.

    Gairmí sláinte eile

    2.2.5.1.

    Fiaclóir

    2.2.5.2.

    Poitigéir

    2.2.5.3.

    Gairmí sláinte comhshaoil nó gairmí sláinte ceirde nó gairmí sláinteachais

    2.2.5.4.

    Fisiteiripeoir

    2.2.5.5.

    Diaitéiteach nó saineolaí cothúcháin

    2.2.5.6.

    Éisteolaí nó teiripeoir urlabhra

    2.2.5.7.

    Optaiméadraí nó radharceolaí oftalmach

    2.2.5.8.

    Gairmí sláinte nach n-aicmítear in aon áit eile

    2.3.

    Gairmí múinteoireachta

    2.3.1.

    Múinteoir ollscoile nó ardoideachais

    2.3.2.

    Múinteoir gairmoideachais

    2.3.3.

    Múinteoir oideachais meánscoile

    2.3.4.

    Múinteoir oideachais bunscoile nó luath-óige

    2.3.4.1.

    Múinteoir bunscoile

    2.3.4.2.

    Múinteoir luath-óige

    2.3.5.

    Gairmí múinteoireachta eile

    2.3.5.1.

    Speisialtóir modhanna oideachais

    2.3.5.2.

    Múinteoir riachtanais speisialta

    2.3.5.3.

    Múinteoir teanga eile

    2.3.5.4.

    Múinteoir ceoil eile

    2.3.5.5.

    Múinteoir ealaíon eile

    2.3.5.6.

    Oiliúnóir teicneolaíochta faisnéise

    2.3.5.7.

    Gairmí múinteoireachta nach n-aicmítear in aon áit eile

    2.4.

    Gairmí gnó nó riaracháin

    2.4.1.

    Gairmí airgeadais

    2.4.1.1.

    Cuntasóir

    2.4.1.2.

    Comhairleoir airgeadais nó infheistíochta

    2.4.1.3.

    Anailísí airgeadais

    2.4.2.

    Gairmí riaracháin

    2.4.2.1.

    Anailísí bainistíochta nó eagraíochta

    2.4.2.2.

    Gairmí riaracháin beartais

    2.4.2.3.

    Gairmí pearsanra nó gairme

    2.4.2.4.

    Gairmí oiliúna nó gairmí forbartha foirne

    2.4.3.

    Gairmí díolacháin, margaíochta nó caidrimh phoiblí

    2.4.3.1.

    Gairmí fógraíochta nó margaíochta

    2.4.3.2.

    Gairmí caidrimh phoiblí

    2.4.3.3.

    Gairmí díolacháin theicniúil agus díolacháin míochaine (seachas teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide)

    2.4.3.4.

    Gairmí díolacháin teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide

    2.5.

    Gairmí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide

    2.5.1.

    Forbróir nó anailísí bogearraí nó feidhmchlár

    2.5.1.1.

    Anailísí córas

    2.5.1.2.

    Forbróir bogearraí

    2.5.1.3.

    Forbróir gréasáin nó ilmheán

    2.5.1.4.

    Ríomhchláraitheoir feidhmchlár

    2.5.1.5.

    Forbróir nó anailísí bogearraí nó feidhmchlár nach n-aicmítear in aon áit eile

    2.5.2.

    Gairmí bunachair sonraí nó líonra

    2.5.2.1.

    Dearthóir nó riarthóir bunachair sonraí

    2.5.2.2.

    Riarthóir córas

    2.5.2.3.

    Gairmí líonra ríomhairí

    2.5.2.4.

    Gairmí bunachair sonraí nó líonra nach n-aicmítear in aon áit eile

    2.6.

    Gairmí dlí, gairmí sóisialta nó gairmí cultúir

    2.6.1.

    Gairmí dlí

    2.6.1.1.

    Dlíodóir

    2.6.1.2.

    Breitheamh

    2.6.1.3.

    Gairmí dlí nach n-aicmítear in aon áit eile

    2.6.2.

    Leabharlannaí, cartlannaí nó coimeádaí

    2.6.2.1.

    Cartlannaí nó coimeádaí

    2.6.2.2.

    Leabharlannaí nó gairmí eile den chineál sin

    2.6.3.

    Gairmí sóisialta nó reiligiúnach

    2.6.3.1.

    Eacnamaí

    2.6.3.2.

    Socheolaí, antraipeolaí nó gairmí eile den chineál sin

    2.6.3.3.

    Fealsúnaí, staraí nó eolaí polaitiúil

    2.6.3.4.

    Síceolaí

    2.6.3.5.

    Gairmí oibre sóisialta nó gairmí comhairleoireachta

    2.6.3.6.

    Gairmí reiligiúnach

    2.6.4.

    Údar, iriseoir nó teangeolaí

    2.6.4.1.

    Údar nó scríbhneoir eile

    2.6.4.2.

    Iriseoir

    2.6.4.3.

    Aistritheoir, ateangaire nó teangeolaí eile

    2.6.5.

    Ealaíontóir cruthaitheach nó taibhealaíontóir

    2.6.5.1.

    Amharc-ealaíontóir

    2.6.5.2.

    Ceoltóir, amhránaí nó cumadóir

    2.6.5.3.

    Damhsóir nó cóiréagrafaí

    2.6.5.4.

    Léiritheoir nó stiúrthóir scannán, stáitse nó léirithe eile

    2.6.5.5.

    Aisteoir

    2.6.5.6.

    Láithreoir raidió, teilifíse nó láithreoir ar na meáin eile

    2.6.5.7.

    Ealaíontóir cruthaitheach nó taibhealaíontóir nach n-aicmítear in aon áit eile

    3.   Teicneoir nó gairmí comhlach

    3.1.

    Gairmí comhlach eolaíochta nó innealtóireachta

    3.1.1.

    Teicneoir eolaíochta fisicí nó eolaíochta innealtóireachta

    3.1.1.1.

    Teicneoir eolaíochta ceimicí nó fisicí

    3.1.1.2.

    Teicneoir innealtóireachta sibhialta

    3.1.1.3.

    Teicneoir innealtóireachta leictrí

    3.1.1.4.

    Teicneoir innealtóireachta leictreonaice

    3.1.1.5.

    Teicneoir innealtóireachta meicniúla

    3.1.1.6.

    Teicneoir innealtóireachta ceimicí

    3.1.1.7.

    Teicneoir mianadóireachta nó miotalóireachta

    3.1.1.8.

    Línitheoir

    3.1.1.9.

    Teicneoir eolaíochta fisicí nó eolaíochta innealtóireachta nach n-aicmítear in aon áit eile

    3.1.2.

    Maoirseoir mianadóireachta, monaraíochta nó tógála

    3.1.2.1.

    Maoirseoir mianadóireachta

    3.1.2.2.

    Maoirseoir monaraíochta

    3.1.2.3.

    Maoirseoir tógála

    3.1.3.

    Teicneoir rialaithe próiseas

    3.1.3.1.

    Oibreoir gléasra um tháirgeadh cumhachta

    3.1.3.2.

    Oibreoir loisceora nó oibreoir gléasra cóireála uisce

    3.1.3.3.

    Rialtóir gléasra próiseála ceimiceán

    3.1.3.4.

    Oibreoir gléasra i scaglann peitriliam nó gáis nádúrtha

    3.1.3.5.

    Rialtóir próiseas táirgthe miotail

    3.1.3.6.

    Teicneoir rialaithe próiseas nach n-aicmítear in aon áit eile

    3.1.4.

    Teicneoir eolaíochta beatha nó gairmí comhlach eile den chineál sin

    3.1.4.1.

    Teicneoir eolaíochta beatha (seachas teicneoir míochaine)

    3.1.4.2.

    Teicneoir talmhaíochta

    3.1.4.3.

    Teicneoir foraoiseachta

    3.1.5.

    Teicneoir nó rialtóir loinge nó aerárthaigh

    3.1.5.1.

    Innealtóir loinge

    3.1.5.2.

    Oifigeach deice loinge nó píolóta loinge

    3.1.5.3.

    Píolóta aerárthaigh nó gairmí comhlach eile den chineál sin

    3.1.5.4.

    Rialtóir aerthráchta

    3.1.5.5.

    Teicneoir leictreonaice um shábháilteacht aerthráchta

    3.2.

    Gairmí comhlach sláinte

    3.2.1.

    Teicneoir míochaine nó cógaisíochta

    3.2.1.1.

    Teicneoir trealaimh íomháithe míochaine nó trealaimh theiripigh

    3.2.1.2.

    Teicneoir saotharlainne míochaine nó paiteolaíochta

    3.2.1.3.

    Teicneoir nó cúntóir cógaisíochta

    3.2.1.4.

    Teicneoir próistéitice míochaine nó próistéitice fiaclóireachta

    3.2.2.

    Gairmí comhlach altranais nó cnáimhseachais

    3.2.2.1.

    Gairmí comhlach altranais

    3.2.2.2.

    Gairmí comhlach cnáimhseachais

    3.2.3.

    Gairmí comhlach leighis thraidisiúnta nó leighis chomhlántaigh

    3.2.3.1.

    Gairmí comhlach leighis thraidisiúnta nó leighis chomhlántaigh

    3.2.4.

    Teicneoir nó cúntóir tréidliachta

    3.2.4.1.

    Teicneoir nó cúntóir tréidliachta

    3.2.5.

    Gairmí comhlach sláinte eile

    3.2.5.1.

    Cúntóir nó teiripeoir fiaclóireachta

    3.2.5.2.

    Teicneoir taifead leighis nó teicneoir faisnéise sláinte

    3.2.5.3.

    Oibrí sláinte pobail

    3.2.5.4.

    Radharceolaí dáiliúcháin

    3.2.5.5.

    Teicneoir nó cúntóir fisiteiripe

    3.2.5.6.

    Cúntóir leighis

    3.2.5.7.

    Cigire sláinte comhshaoil, cigire sláinte ceirde nó gairmí comhlach eile den chineál sin

    3.2.5.8.

    Oibrí otharchairr

    3.2.5.9.

    Gairmí comhlach sláinte nach n-aicmítear in aon áit eile

    3.3.

    Gairmí comhlach gnó nó riaracháin

    3.3.1.

    Gairmí comhlach airgeadais nó matamaitice

    3.3.1.1.

    Déileálaí nó bróicéir airgeadais nó urrús

    3.3.1.2.

    Oifigeach creidmheasa nó iasachtaí

    3.3.1.3.

    Gairmí comhlach cuntasaíochta

    3.3.1.4.

    Gairmí comhlach staidrimh nó matamaitice nó gairmí meánleibhéil eile den chineál sin

    3.3.1.5.

    Luachálaí nó meastóir caillteanais

    3.3.2.

    Gníomhaire nó bróicéir díolacháin nó ceannaigh

    3.3.2.1.

    Ionadaí árachais

    3.3.2.2.

    Ionadaí díolacháin tráchtála

    3.3.2.3.

    Ceannaitheoir

    3.3.2.4.

    Bróicéir trádála

    3.3.3.

    Gníomhaire seirbhísí gnó

    3.3.3.1.

    Gníomhaire imréitigh nó gníomhaire seolta lasta

    3.3.3.2.

    Pleanálaí comhdhálacha nó imeachtaí

    3.3.3.3.

    Gníomhaire nó conraitheoir fostaíochta

    3.3.3.4.

    Gníomhaire réadmhaoine nó bainisteoir maoine

    3.3.3.5.

    Gníomhaire seirbhísí gnó nach n-aicmítear in aon áit eile

    3.3.4.

    Rúnaí riaracháin nó rúnaí speisialaithe

    3.3.4.1.

    Maoirseoir oifige

    3.3.4.2.

    Rúnaí dlí

    3.3.4.3.

    Rúnaí riaracháin nó rúnaí feidhmiúcháin

    3.3.4.4.

    Rúnaí leighis

    3.3.5.

    Gairmí comhlach rialtais um rialáil

    3.3.5.1.

    Cigire custam nó teorann

    3.3.5.2.

    Oifigeach rialtais um cháin nó mál

    3.3.5.3.

    Oifigeach rialtais um shochair shóisialta

    3.3.5.4.

    Oifigeach rialtais um cheadúnú

    3.3.5.5.

    Cigire nó bleachtaire sna póilíní

    3.3.5.6.

    Gairmí comhlach rialtais um rialáil nach n-aicmítear in aon áit eile

    3.4.

    Gairmí comhlach dlí, gairmí meánleibhéil sóisialta, gairmí meánleibhéil cultúir nó gairmí meánleibhéil eile den chineál sin

    3.4.1.

    Gairmí comhlach dlí, gairmí meánleibhéil sóisialta nó gairmí meánleibhéil reiligiúnach

    3.4.1.1.

    Gairmí comhlach dlí nó gairmí meánleibhéil eile den chineál sin

    3.4.1.2.

    Gairmí comhlach oibre sóisialta

    3.4.1.3.

    Gairmí comhlach reiligiúnach

    3.4.2.

    Oibrí spóirt nó corpacmhainne

    3.4.2.1.

    Lúthchleasaí nó imreoir spóirt

    3.4.2.2.

    Cóitseálaí, traenálaí nó oifigeach spóirt

    3.4.2.3.

    Traenálaí nó ceannaire cláir corpacmhainne nó áineasa

    3.4.3.

    Gairmí comhlach ealaíon, cultúir nó cócaireachta

    3.4.3.1.

    Grianghrafadóir

    3.4.3.2.

    Dearthóir intí nó maisitheoir

    3.4.3.3.

    Teicneoir dánlainne, músaeim nó leabharlainne

    3.4.3.4.

    Cócaire

    3.4.3.5.

    Gairmí comhlach ealaíon nó cultúir eile

    3.5.

    Teicneoir faisnéise nó cumarsáide

    3.5.1.

    Teicneoir oibríochtaí nó teicneoir tacaíochta d’úsáideoirí i réimse na teicneolaíochta faisnéise nó cumarsáide

    3.5.1.1.

    Teicneoir oibríochtaí i réimse na teicneolaíochta faisnéise nó cumarsáide

    3.5.1.2.

    Teicneoir tacaíochta d’úsáideoirí i réimse na teicneolaíochta faisnéise nó cumarsáide

    3.5.1.3.

    Teicneoir líonraí nó córas ríomhairí

    3.5.1.4.

    Teicneoir gréasáin

    3.5.2.

    Teicneoir teileachumarsáide nó craolacháin

    3.5.2.1.

    Teicneoir craolacháin nó closamhairc

    3.5.2.2.

    Teicneoir innealtóireachta teileachumarsáide

    4.   Oibrí tacaíochta cléireachais

    4.1.

    Cléireach ginearálta nó cléireach méarchláir

    4.1.1.

    Cléireach ginearálta oifige

    4.1.1.1.

    Cléireach ginearálta oifige

    4.1.2.

    Rúnaí (ginearálta)

    4.1.2.1.

    Rúnaí (ginearálta)

    4.1.3.

    Oibreoir méarchláir

    4.1.3.1.

    Clóscríobhaí nó oibreoir próiseála focal

    4.1.3.2.

    Cléireach iontrála sonraí

    4.2.

    Cléireach seirbhísí custaiméara

    4.2.1.

    Airgeadóir, bailitheoir airgid nó cléireach eile den chineál sin

    4.2.1.1.

    Airgeadóir bainc nó cléireach eile den chineál sin

    4.2.1.2.

    Geallghlacadóir, rácadóir nó oibrí cearrbhachais eile den chineál sin

    4.2.1.3.

    Geallbhróicéir nó iasachtóir airgid

    4.2.1.4.

    Bailitheoir fiach nó oibrí eile den chineál sin

    4.2.2.

    Oibrí faisnéise cliant

    4.2.2.1.

    Comhairleoir nó cléireach i ngníomhaire taistil

    4.2.2.2.

    Cléireach faisnéise in ionad teagmhála

    4.2.2.3.

    Oibreoir lasc-chláir teileafón

    4.2.2.4.

    Fáilteoir óstáin

    4.2.2.5.

    Cléireach i seirbhís faisnéise

    4.2.2.6.

    Fáilteoir (ginearálta)

    4.2.2.7.

    Agallóir suirbhéanna nó taighde margaíochta

    4.2.2.8.

    Oibrí faisnéise cliant nach n-aicmítear in aon áit eile

    4.3.

    Cléireach i seirbhís cuntasaíochta nó airgeadais nó cléireach taifeadta ábhair

    4.3.1.

    Cléireach i seirbhís cuntasaíochta nó airgeadais

    4.3.1.1.

    Cléireach cuntasaíochta nó leabharchoimeáid

    4.3.1.2.

    Cléireach staidrimh, airgeadais nó árachais

    4.3.1.3.

    Cléireach párolla

    4.3.2.

    Cléireach taifeadta ábhair nó cléireach iompair

    4.3.2.1.

    Cléireach stoic

    4.3.2.2.

    Cléireach táirgthe

    4.3.2.3.

    Cléireach iompair

    4.4.

    Oibrí tacaíochta cléireachais eile

    4.4.1.

    Oibrí tacaíochta cléireachais eile

    4.4.1.1.

    Cléireach leabharlainne

    4.4.1.2.

    Iompróir poist nó cléireach sórtála

    4.4.1.3.

    Cléireach códaithe, profléitheoireachta nó cléireach eile den chineál sin

    4.4.1.4.

    Scríobhaí nó oibrí eile den chineál sin

    4.4.1.5.

    Cléireach comhdaithe nó cóipeála

    4.4.1.6.

    Cléireach pearsanra

    4.4.1.7.

    Oibrí tacaíochta cléireachais nach n-aicmítear in aon áit eile

    5.   Oibrí seirbhíse nó díolacháin

    5.1.

    Oibrí seirbhíse pearsanta

    5.1.1.

    Freastalaí taistil, stiúrthóir ticéad nó treoraí

    5.1.1.1.

    Freastalaithe taistil nó stíobhard taistil

    5.1.1.2.

    Stiúrthóir ticéad iompair

    5.1.1.3.

    Treoraí taistil

    5.1.2.

    Cócaire

    5.1.3.

    Freastalaí nó freastalaí beáir

    5.1.3.1.

    Freastalaí

    5.1.3.2.

    Freastalaí beáir

    5.1.4.

    Gruagaire, sciamheolaí nó oibrí eile den chineál sin

    5.1.4.1.

    Gruagaire

    5.1.4.2.

    Sciamheolaí nó oibrí eile den chineál sin

    5.1.5.

    Maoirseoir foirgnimh nó maoirseoir cúraim tí

    5.1.5.1.

    Maoirseoir glantacháin nó maoirseoir cúraim tí in oifigí, in óstáin nó in áitribh eile

    5.1.5.2.

    Coimeádaí tí in áit chónaithe phríobháideach

    5.1.5.3.

    Feighlí foirgnimh

    5.1.6.

    Oibrí seirbhísí pearsanta eile

    5.1.6.1.

    Astralaí, duine feasa nó oibrí eile den chineál sin

    5.1.6.2.

    Compánach nó giolla coimhdeachta

    5.1.6.3.

    Adhlacóir nó balsamóir

    5.1.6.4.

    Grúmaeir peataí nó oibrí cúraim ainmhithe

    5.1.6.5.

    Teagascóir tiomána

    5.1.6.6.

    Oibrí seirbhísí pearsanta nach n-aicmítear in aon áit eile

    5.2.

    Oibrí díolacháin

    5.2.1.

    Díoltóir sráide nó margaidh

    5.2.1.1.

    Díoltóir stainnín nó margaidh

    5.2.1.2.

    Díoltóir bia sráide

    5.2.2.

    Oibrí díolacháin i siopa

    5.2.2.1.

    Siopadóir

    5.2.2.2.

    Maoirseoir siopa

    5.2.2.3.

    Cúntóir díolacháin i siopa

    5.2.3.

    Airgeadóir nó cléireach ticéad

    5.2.3.1.

    Airgeadóir nó cléireach ticéad

    5.2.4.

    Oibrí díolacháin eile

    5.2.4.1.

    Mainicín faisin nó mainicín de chineál eile

    5.2.4.2.

    Taispeántóir táirgí

    5.2.4.3.

    Díoltóir a théann ó dhoras go doras

    5.2.4.4.

    Oibrí teilidhíola

    5.2.4.5.

    Oibrí i stáisiún seirbhíse

    5.2.4.6.

    Oibrí ag cuntar seirbhíse bia

    5.2.4.7.

    Oibrí díolacháin nach n-aicmítear in aon áit eile

    5.3.

    Oibrí cúraim phearsanta

    5.3.1.

    Oibrí cúraim leanaí nó cúntóir múinteora

    5.3.1.1.

    Oibrí cúraim leanaí

    5.3.1.2.

    Cúntóir múinteora

    5.3.2.

    Oibrí cúraim phearsanta sna seirbhísí sláinte

    5.3.2.1.

    Cúntóir cúraim sláinte

    5.3.2.2.

    Cúntóir cúraim sláinte in áit chónaithe phríobháideach

    5.3.2.3.

    Oibrí cúraim phearsanta sna seirbhísí sláinte nach n-aicmítear in aon áit eile

    5.4.

    Oibrí seirbhísí cosanta

    5.4.1.

    Oibrí seirbhísí cosanta

    5.4.1.1.

    Comhraiceoir dóiteáin

    5.4.1.2.

    Póilín

    5.4.1.3.

    Garda príosúin

    5.4.1.4.

    Garda slándála

    5.4.1.5.

    Oibrí seirbhísí cosanta nach n-aicmítear in aon áit eile

    6.   Oibrí oilte talmhaíochta, foraoiseachta nó iascaigh

    6.1.

    Oibrí oilte talmhaíochta atá dírithe ar an margadh

    6.1.1.

    Garraíodóir margaidh nó saothróir barr tráchtála

    6.1.1.1.

    Saothróir barr páirce nó glasraí

    6.1.1.2.

    Saothróir crann nó tor

    6.1.1.3.

    Garraíodóir, saothróir gairneoireachta nó plandlainne

    6.1.1.4.

    Saothróir barr measctha

    6.1.2.

    Táirgeoir ainmhithe

    6.1.2.1.

    Táirgeoir beostoic nó déiríochta

    6.1.2.2.

    Táirgeoir éanlaithe

    6.1.2.3.

    Beachaire nó síodashaothróir

    6.1.2.4.

    Táirgeoir ainmhithe nach n-aicmítear in aon áit eile

    6.1.3.

    Táirgeoir barr measctha nó táirgeoir ainmhithe

    6.2.

    Oibrí oilte tráchtála foraoiseachta, iascaigh nó fiaigh atá dírithe ar an margadh

    6.2.1.

    Oibrí foraoiseachta nó oibrí eile den chineál sin

    6.2.2.

    Oibrí iascaigh, fiagaí nó gaisteoir

    6.2.2.1.

    Oibrí dobharshaothraithe

    6.2.2.2.

    Oibrí iascaigh in uiscí intíre nó in uiscí cósta

    6.2.2.3.

    Oibrí iascaigh domhainfharraige

    6.2.2.4.

    Fiagaí nó gaisteoir

    6.3.

    Feirmeoir, iascaire, fiagaí nó cnuasaitheoir leorchothaitheach

    6.3.1.

    Feirmeoir barr leorchothaitheach

    6.3.2.

    Feirmeoir beostoic leorchothaitheach

    6.3.3.

    Feirmeoir barr measctha leorchothaitheach nó feirmeoir beostoic leorchothaitheach

    6.3.4.

    Iascaire, fiagaí, gaisteoir nó cnuasaitheoir leorchothaitheach

    7.   Oibrí ceardaíochta nó ceardaí eile den chineál sin

    7.1.

    Ceardaí tógála nó ceardaí eile den chineál sin, seachas leictreoir

    7.1.1.

    Ceardaí fráma foirgneamh nó ceardaí eile den chineál sin

    7.1.1.1.

    Tógálaí tí

    7.1.1.2.

    Bríceadóir nó oibrí eile den chineál sin

    7.1.1.3.

    Saor cloiche, gearrthóir, scoilteoir nó snoíodóir cloiche

    7.1.1.4.

    Oibrí leagtha coincréite, bailchríochnaitheoir coincréite nó oibrí eile den chineál sin

    7.1.1.5.

    Siúinéir nó saor adhmaid

    7.1.1.6.

    Ceardaí fráma foirgneamh nó ceardaí eile den chineál sin nach n-aicmítear in aon áit eile

    7.1.2.

    Bailchríochnaitheoir foirgneamh nó ceardaí eile den chineál sin

    7.1.2.1.

    Díonadóir

    7.1.2.2.

    Feisteoir urlár nó cóiritheoir tíleanna

    7.1.2.3.

    Pláistéir

    7.1.2.4.

    Oibrí inslithe

    7.1.2.5.

    Gloineadóir

    7.1.2.6.

    Pluiméir nó feisteoir píopaí

    7.1.2.7.

    Meicneoir aerchóiriúcháin nó cuisniúcháin

    7.1.3.

    Péintéir, glantóir struchtúir foirgneamh nó ceardaí eile den chineál sin

    7.1.3.1.

    Péintéir nó oibrí eile den chineál sin

    7.1.3.2.

    Péintéir spraeála nó oibrí vearnaiseála

    7.1.3.3.

    Glantóir struchtúir foirgneamh

    7.2.

    Ceardaí miotail, innealra nó ceardaí eile den chineál sin

    7.2.1.

    Oibrí miotail leatháin nó miotail struchtúraigh, múnlóir, táthaire nó oibrí eile den chineál sin

    7.2.1.1.

    Múnlóir miotail nó déantóir croíleacán

    7.2.1.2.

    Táthaire nó gearrthóir lasrach

    7.2.1.3.

    Oibrí miotail leatháin

    7.2.1.4.

    Ullmhaitheoir nó ardaitheoir miotail struchtúraigh

    7.2.1.5.

    Rigeálaí nó spladhsálaí cáblaí

    7.2.2.

    Gabha dubh, déantóir uirlisí nó ceardaí eile den chineál sin

    7.2.2.1.

    Gabha dubh, gabha casúir nó oibrí fáisceáin gaibhneachta

    7.2.2.2.

    Déantóir uirlisí nó oibrí eile den chineál sin

    7.2.2.3.

    Feisteoir uirlisí nó oibreoir uirlisí ar innealra miotalóireachta

    7.2.2.4.

    Snasaire miotail, líomhadóir rotha nó líomhadóir uirlisí

    7.2.3.

    Meicneoir innealra nó deisitheoir innealra

    7.2.3.1.

    Meicneoir mótarfheithiclí nó deisitheoir mótarfheithiclí

    7.2.3.2.

    Meicneoir innill aerárthaí nó deisitheoir innill aerárthaí

    7.2.3.3.

    Meicneoir nó deisitheoir innealra talmhaíochta nó innealra thionsclaíoch

    7.2.3.4.

    Deisitheoir rothar nó deisitheoir eile den chineál sin

    7.3.

    Oibrí lámhcheirde nó oibrí clódóireachta

    7.3.1.

    Oibrí lámhcheirde

    7.3.1.1.

    Déantóir nó deisitheoir beachtuirlisí

    7.3.1.2.

    Déantóir nó tiúnóir uirlisí ceoil

    7.3.1.3.

    Oibrí seodra nó miotail lómhair

    7.3.1.4.

    Criadóir nó oibrí eile den chineál sin

    7.3.1.5.

    Déantóir, gearrthóir, líomhadóir nó bailchríochnaitheoir gloine

    7.3.1.6.

    Scríbhneoir comharthaí, péintéir maisiúil, greanadóir nó eitseálaí

    7.3.1.7.

    Oibrí lámhcheirde adhmaid, caoladóireachta nó ábhair eile den chineál sin

    7.3.1.8.

    Oibrí lámhcheirde teicstílí, leathair nó ábhair eile den chineál sin

    7.3.1.9.

    Oibrí lámhcheirde nach n-aicmítear in aon áit eile

    7.3.2.

    Ceardaí clódóireachta

    7.3.2.1.

    Teicneoir réamhphreasa

    7.3.2.2.

    Clódóir

    7.3.2.3.

    Bailchríochnaitheoir clódóireachta nó oibrí ceangail

    7.4.

    Ceardaí leictreach nó leictreonaice

    7.4.1.

    Suiteálaí trealaimh leictrigh nó deisitheoir trealaimh leictrigh

    7.4.1.1.

    Leictreoir foirgneamh nó leictreoir eile den chineál sin

    7.4.1.2.

    Meicneoir leictreach nó feisteoir leictreach

    7.4.1.3.

    Suiteálaí línte leictreacha nó deisitheoir línte leictreacha

    7.4.2.

    Suiteálaí leictreonaice nó teileachumarsáide nó deisitheoir leictreonaice nó teileachumarsáide

    7.4.2.1.

    Seirbhíseoir leictreonaice nó meicneoir leictreonaice

    7.4.2.2.

    Suiteálaí nó seirbhíseoir teicneolaíochta faisnéise nó cumarsáide

    7.5.

    Ceardaí próiseála bia, ceardaí adhmadóireachta, ceardaí éadaí nó oibrí ceardaíochta eile nó ceardaí eile den chineál sin

    7.5.1.

    Ceardaí próiseála bia nó ceardaí eile den chineál sin

    7.5.1.1.

    Búistéir, ceannaí éisc nó ullmhaitheoir bia eile den chineál sin

    7.5.1.2.

    Báicéir, cócaire taosráin nó sólaisteoir

    7.5.1.3.

    Déantóir táirgí déiríochta

    7.5.1.4.

    Caomhnóir torthaí nó glasraí nó caomhnóir eile den chineál sin

    7.5.1.5.

    Blastóir bia nó deochanna nó grádóir bia nó deochanna

    7.5.1.6.

    Ullmhaitheoir tobac nó déantóir táirgí tobac

    7.5.2.

    Cóiritheoir adhmaid, caibinéadaire nó ceardaí eile den chineál sin

    7.5.2.1.

    Cóiritheoir adhmaid

    7.5.2.2.

    Caibinéadaire nó oibrí eile den chineál sin

    7.5.2.3.

    Feisteoir uirlisí nó oibreoir uirlisí ar mheaisín adhmadóireachta

    7.5.3.

    Ceardaí éadaí nó ceardaí eile den chineál sin

    7.5.3.1.

    Táilliúir, gúnadóir, fionnadóir nó haitéir

    7.5.3.2.

    Déantóir patrún éadaí, gearrthóir éadaí nó ceardaí eile den chineál sin

    7.5.3.3.

    Oibrí fuála nó bróidnéireachta nó oibrí eile den chineál sin

    7.5.3.4.

    Cumhdaitheoir nó oibrí eile den chineál sin

    7.5.3.5.

    Leasaitheoir nó mangaire seithí

    7.5.3.6.

    Gréasaí nó oibrí eile den chineál sin

    7.5.4.

    Oibrí ceardaíochta eile nó oibrí eile den chineál sin

    7.5.4.1.

    Tumadóir faoi uisce

    7.5.4.2.

    Séidire

    7.5.4.3.

    Grádóir táirgí nó tástálaí táirgí (seachas bia agus deochanna)

    7.5.4.4.

    Toitreoir nó oibrí srianta lotnaidí nó fiailí eile

    7.5.4.5.

    Oibrí ceardaíochta nó oibrí eile den chineál sin nach n-aicmítear in aon áit eile

    8.   Oibreoir gléasra nó meaisín nó cóimeálaí gléasra nó meaisín

    8.1.

    Oibreoir gléasra do-aistrithe nó meaisín do-aistrithe

    8.1.1.

    Oibreoir gléasra próiseála mianadóireachta nó mianraí

    8.1.1.1.

    Mianadóir nó cairéalaí

    8.1.1.2.

    Oibreoir gléasra próiseála mianraí nó cloch

    8.1.1.3.

    Druileálaí toibreacha, tolladóir nó oibrí eile den chineál sin

    8.1.1.4.

    Oibreoir meaisín próiseála stroighne, cloch nó táirgí mianracha eile

    8.1.2.

    Oibreoir gléasra próiseála nó bailchríochnaithe miotail

    8.1.2.1.

    Oibreoir gléasra próiseála miotail

    8.1.2.2.

    Oibreoir meaisín bailchríochnaithe, plátála nó brataithe miotail

    8.1.3.

    Oibreoir gléasra nó meaisín táirgí ceimiceacha nó táirgí grianghrafadóireachta

    8.1.3.1.

    Oibreoir gléasra nó meaisín táirgí ceimiceacha

    8.1.3.2.

    Oibreoir meaisín táirgí grianghrafadóireachta

    8.1.4.

    Oibreoir meaisín táirgí rubair, plaisteacha nó páipéir

    8.1.4.1.

    Oibreoir meaisín táirgí rubair

    8.1.4.2.

    Oibreoir meaisín táirgí plaisteacha

    8.1.4.3.

    Oibreoir meaisín táirgí páipéir

    8.1.5.

    Oibreoir meaisín táirgí teicstíle, fionnaidh nó leathair

    8.1.5.1.

    Oibreoir meaisín ullmhaithe snáithíní, meaisín sníomhacháin nó meaisín tochráin

    8.1.5.2.

    Oibreoir meaisín fíodóireachta nó cniotála

    8.1.5.3.

    Oibreoir meaisín fuála

    8.1.5.4.

    Oibreoir meaisín tuartha, ruaimneoireachta nó glanta fabraice

    8.1.5.5.

    Oibreoir meaisín ullmhaithe fionnaidh nó leathair

    8.1.5.6.

    Oibreoir meaisín gréasaíochta nó meaisín eile den chineál sin

    8.1.5.7.

    Oibreoir meaisín níocháin

    8.1.5.8.

    Oibreoir meaisín táirgí teicstíle, fionnaidh nó leathair nach n-aicmítear in aon áit eile

    8.1.6.

    Oibreoir meaisín táirgí bia nó meaisín eile den chineál sin

    8.1.6.1.

    Oibreoir meaisín táirgí bia nó meaisín eile den chineál sin

    8.1.7.

    Oibreoir gléasra próiseála adhmaid nó gléasra déanta páipéir

    8.1.7.1.

    Oibreoir gléasra laín nó gléasra déanta páipéir

    8.1.7.2.

    Oibreoir gléasra próiseála adhmaid

    8.1.8.

    Oibreoir gléasra do-aistrithe nó meaisín do-aistrithe eile

    8.1.8.1.

    Oibreoir gléasra gloine nó ceirmeachta

    8.1.8.2.

    Oibreoir innill gaile nó coire

    8.1.8.3.

    Oibreoir meaisín pacála, buidéalaithe nó lipéadaithe

    8.1.8.4.

    Oibreoir gléasra do-aistrithe nó meaisín do-aistrithe eile nach n-aicmítear in aon áit eile

    8.2.

    Cóimeálaí

    8.2.1.

    Cóimeálaí

    8.2.1.1.

    Cóimeálaí innealra mheicniúil

    8.2.1.2.

    Cóimeálaí trealaimh leictrigh nó trealaimh leictreonaice

    8.2.1.3.

    Cóimeálaí nach n-aicmítear in aon áit eile

    8.3.

    Tiománaí nó oibreoir gléasra soghluaiste

    8.3.1.

    Tiománaí innill traenach nó oibrí eile den chineál sin

    8.3.1.1.

    Tiománaí innill traenach

    8.3.1.2.

    Oibreoir coscáin, comhartha nó ladhróige iarnróid

    8.3.2.

    Tiománaí gluaisteáin, veain nó gluaisrothair

    8.3.2.1.

    Tiománaí gluaisrothair

    8.3.2.2.

    Tiománaí gluaisteáin, tacsaí nó veain

    8.3.3.

    Tiománaí trucaile troime nó tiománaí bus

    8.3.3.1.

    Tiománaí bus nó tram

    8.3.3.2.

    Tiománaí trucaile troime nó tiománaí leoraí

    8.3.4.

    Oibreoir gléasra soghluaiste

    8.3.4.1.

    Oibreoir gléasra soghluaiste talmhaíochta nó foraoiseachta

    8.3.4.2.

    Oibreoir scartaire nó oibreoir gléasra eile den chineál sin

    8.3.4.3.

    Oibreoir craein tógála, ardaitheora nó gléasra eile den chineál sin

    8.3.4.4.

    Oibreoir forcardaitheora

    8.3.5.

    Ball foirne deice loinge nó oibrí eile den chineál sin

    9.   Slí bheatha neamhoilte

    9.1.

    Glantóir nó cúntóir

    9.1.1.

    Glantóir nó cúntóir in áit chónaithe phríobháideach nó in óstán nó in oifig

    9.1.1.1.

    Glantóir nó cúntóir in áit chónaithe phríobháideach

    9.1.1.2.

    Glantóir nó cúntóir in oifigí, in óstáin nó in áitribh eile

    9.1.2.

    Glantóir feithiclí, fuinneog nó éadaí nó oibrí eile a dhéanann níochán de láimh

    9.1.2.1.

    Oibrí níocháin éadaí de láimh nó oibrí iarnála éadaí

    9.1.2.2.

    Glantóir feithiclí

    9.1.2.3.

    Glantóir fuinneog

    9.1.2.4.

    Oibrí glantacháin eile

    9.2.

    Saothraí talmhaíochta, foraoiseachta nó iascaigh

    9.2.1.

    Saothraí talmhaíochta, foraoiseachta nó iascaigh

    9.2.1.1.

    Saothraí feirme barr

    9.2.1.2.

    Saothraí feirme beostoic

    9.2.1.3.

    Saothraí feirme barr measctha nó feirme beostoic

    9.2.1.4.

    Saothraí gairdín nó gairneoireachta

    9.2.1.5.

    Saothraí foraoiseachta

    9.2.1.6.

    Saothraí iascaigh nó dobharshaothraithe

    9.3.

    Saothraí mianadóireachta, tógála, monaraíochta nó iompair

    9.3.1.

    Saothraí mianadóireachta nó tógála

    9.3.1.1.

    Saothraí mianadóireachta nó cairéalaithe

    9.3.1.2.

    Saothraí innealtóireachta sibhialta

    9.3.1.3.

    Saothraí tógála foirgneamh

    9.3.2.

    Saothraí monaraíochta

    9.3.2.1.

    Pacálaí de láimh

    9.3.2.2.

    Saothraí monaraíochta nach n-aicmítear in aon áit eile

    9.3.3.

    Saothraí iompair nó stórála

    9.3.3.1.

    Tiománaí feithicle arna tiomáint de láimh nó de throitheán

    9.3.3.2.

    Tiománaí feithiclí nó innealra arna dtarraingt ag ainmhithe

    9.3.3.3.

    Láimhseálaí lasta

    9.3.3.4.

    Líontóir seilfeanna

    9.4.

    Cúntóir ullmhaithe bia

    9.4.1.

    Cúntóir ullmhaithe bia

    9.4.1.1.

    Ullmhaitheoir mearbhia

    9.4.1.2.

    Cúntóir cistine

    9.5.

    Oibrí díolacháin nó seirbhísí sráide nó oibrí eile den chineál sin

    9.5.1.

    Oibrí seirbhísí sráide nó oibrí eile den chineál sin

    9.5.2.

    Díoltóir sráide (seachas bia)

    9.6.

    Oibrí bruscair nó oibrí neamhoilte eile

    9.6.1.

    Oibrí bruscair

    9.6.1.1.

    Bailitheoir bruscair nó ábhair athchúrsála

    9.6.1.2.

    Sórtálaí bruscair

    9.6.1.3.

    Scuabadóir nó saothraí eile den chineál sin

    9.6.2.

    Oibrí neamhoilte eile

    9.6.2.1.

    Teachtaire, seachadóir pacáistí nó póirtéir bagáiste

    9.6.2.2.

    Oibrí ócáideach

    9.6.2.3.

    Léitheoir méadar nó bailitheoir meaisín díola

    9.6.2.4.

    Bailitheoir uisce nó brosna

    9.6.2.5.

    Oibrí neamhoilte nach n-aicmítear in aon áit eile

    10.   Slí bheatha sna fórsaí armtha

    10.1.

    Oifigeach coimisiúnaithe sna fórsaí armtha

    10.2.

    Oifigeach neamhchoimisiúnaithe sna fórsaí armtha

    10.3.

    Slí bheatha sna fórsaí armtha, céim eile

    Top