Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1100

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1100 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2023 lena dtugtar isteach bearta coisctheacha a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh na hÚcráine

    C/2023/3767

    IO L 144I, 5.6.2023, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 15/09/2023: This act has been changed. Current consolidated version: 05/06/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1100/oj

    5.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 144/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1100 ÓN gCOIMISIÚN

    an 5 Meitheamh 2023

    lena dtugtar isteach bearta coisctheacha a bhaineann le táirgí áirithe de thionscnamh na hÚcráine

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach (1), agus go háirithe Airteagal 4(6) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I ngeall ar chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar in aghaidh na hÚcráine ó bhí an 24 Feabhra 2022 ann, agus chun tacú le geilleagar na hÚcráine, le Rialachán (AE) 2022/870, thug an tAontas Eorpach isteach bearta um léirscaoileadh trádála lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme maidir le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (2).

    (2)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/903 ón gCoimisiún, thug an tAontas bearta coisctheacha isteach maidir le táirgí áirithe de thionscnamh na hÚcráine (3). Bhí gá leis na bearta sin chun aghaidh a thabhairt ar imthosca eisceachtúla a d'fhéadfadh difear a dhéanamh d'inmharthanacht eacnamaíoch na dtáirgeoirí áitiúla sa Bhulgáir, san Ungáir, sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSlóvaic.

    (3)

    Chuaigh Rialachán (AE) 2022/870 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/903 araon in éag an 5 Meitheamh 2023.

    (4)

    Chun an tacaíocht atá an tAontas a thabhairt do gheilleagar na hÚcráine a choinneáil ar bun, ghlac sé Rialachán (AE) 2023/1077 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme maidir le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (4) (‘an Comhaontú Comhlachais’).

    (5)

    I bhfianaise dhul in éag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/903, rinne an Coimisiún measúnú maidir le cé acu an ann nó nach ann fós do na himthosca eisceachtúla dá dtagraítear in aithris 2 den Rialachán sin agus, dá bhrí sin, an gá bearta coisctheacha, spriocdhírithe nua a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Rialachán (AE) 2023/1077.

    (6)

    Léiríodh sa mheasúnú go bhfuil scrogaill lóistíochta thábhachtacha fós ann. Go háirithe, maidir leis an mbonneagar sa Bhulgáir, san Ungáir, sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSlóvaic, ní leor é fós chun an borradh tráchta a láimhseáil, go háirithe ag na teorainneacha idir an Úcráin agus na Ballstáit sin. Tá gá práinneach fós le trealamh agus tá acmhainneacht stórála gann, rud a fhágann go bhfuil costais arda lóistíochta ann, agus tá riosca ard ann nach mbeidh acmhainneachtaí stórála go leor ann sna Ballstáit lena mbaineann.

    (7)

    Tá na cúinsí eisceachtúla sin fós ag déanamh difear d’inmharthanacht eacnamaíoch na dtáirgeoirí áitiúla sna Ballstáit sin. Dá bhrí sin, na himthosca eisceachtúla a dhéanann difear do tháirgeoirí áitiúla an Aontais, tá siad ann i gcónaí. I bhfianaise na n-imthosca sin, mheas an Coimisiún go raibh gá i gcónaí le gníomhaíocht láithreach de bhun Airteagal 4(6) de Rialachán (AE) 2023/1077.

    (8)

    I gcás na míreanna áirithe de chruithneacht, d’arbhar Indiach, de shíolta ráibe agus de shíolta lus na gréine de thionscnamh na hÚcráine, agus iad in iomaíocht le chéile le haghaidh na n-acmhainneachtaí stórála céanna, is gá i gcónaí a áirithiú go ndéanfar iad a scaoileadh chun saorchúrsaíochta nó a chur faoin nós imeachta um stórasú custaim, faoin nós imeachta saorchreasa nó faoin nós imeachta um próiseáil isteach, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), i mBallstáit eile seachas an Bhulgáir, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic nó an Ungáir, agus sna Ballstáit sin amháin.

    (9)

    Mar sin féin, ní dhéanann an teorannú sin difear do ghluaiseacht na n-earraí sin sa Bhulgáir, sa Pholainn, sa Rómáin, sa tSlóvaic nó san Ungáir, nó tríothu, faoin nós imeachta um idirthuras custaim, dá bhforáiltear in Airteagal 226 de Rialachán (AE) 952/2013 chuig Ballstát eile nó chuig tír nó críoch lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais. Má dhéantar dochar don ghluaiseacht sin mar sin féin, déanfaidh an Coimisiún measúnú, de réir mar is gá, féachaint an bhfuil na himthosca eisceachtúla a éilíonn gníomhaíocht láithreach fós ann, agus gníomhóidh sé dá réir.

    (10)

    Chun aghaidh a thabhairt go tapa ar na himthosca eisceachtúla a fhágann go bhfuil gá leis an Rialachán seo, cuireadh Comhardán Comhordaithe ar bun chun iarrachtaí an Choimisiúin, na Bulgáire, na hUngáire, na Polainne, na Rómáine agus na Slóvaice a chomhordú, chomh maith leis an Úcráin agus an Mholdóiv, feabhas a chur ar an sreabhadh trádála idir an tAontas agus an Úcráin, lena n-áirítear idirthuras feadh conairí táirgí talmhaíochta. Tríd an gComhardán Comhordaithe, soláthrófar réitigh oibríochtúla chun nósanna imeachta agus bonneagar idir an Úcráin agus an tAontas a fheabhsú agus chun scrogaill lóistíochta idir an Úcráin agus an tAontas a leigheas, rud a dhéanfar trí dhlús a chur le nósanna imeachta maidir le rialú ag na teorainneacha agus iad a fheabhsú, idirthurais chomhordaithe níos fearr, bonneagar níos fearr agus chostais fhoriomlána lóistíochta a laghdú, rud a áiritheoidh go bhféadfaidh cruithneacht, arbhar Indiach, síolta ráibe agus síolta lus na gréine de thionscnamh na hÚcráine dul níos doimhne isteach san Aontas agus níos faide i gcéin de réir mar is gá. Tá sé réasúnta a bheith ag súil go dtiocfaidh feabhas ar an obair a dhéanfar i gcomhthéacs an Chomhardáin Chomhordaithe sna míonna amach romhainn. De réir mar a thiocfaidh réitigh chomhpháirteacha chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca eisceachtúla dá dtagraítear in aithris 6, beifear in ann ligean do na bearta coisctheacha faoin Rialachán seo dul in éag faoi mhí Mheán Fómhair 2023.

    (11)

    Rinne an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Rialachán (AE) 2023/1077, an Coiste um Choimircí arna mbunú le hAirteagal 3(1) den Rialachán (AE) 2015/478 a chur ar an eolas.

    (12)

    Chun iompraíocht amhantrach ó oibreoirí margaidh a chosc, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe. Ós rud é go meastar go gcuirfidh an Comhardán Comhordaithe feabhas ar chúrsaí ar an láthair sna míonna amach romhainn, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach go dtí an 15 Meán Fómhair 2023,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    An scaoileadh chun saorchúrsaíochta na dtáirgí de thionscnamh na hÚcráine a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, nó iad a chur faoin nós imeachta um stórasú custaim, faoin nós imeachta saorchreasa nó faoin nós imeachta um próiseáil isteach, ní cheadófar sin ach amháin i mBallstáit seachas an Bhulgáir, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic nó an Ungáir.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus beidh feidhm aige go dtí an 15 Meán Fómhair 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meitheamh 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí de chuid na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, (IO L 144, 5.6.2023, lch. 1.).

    (2)  IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.

    (3)  IO L 114l, 2.5.2023, lch. 1.

    (4)  IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (athmhúnlú) (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Tuairisc ar an Táirge

    Cód Tráchtearra

    Cruithneacht

    Cruithneacht bhog (seachas síolta atá le cur)

    ex 1001 99 00

    Arbhar Indiach

    Arbhar Indiach (arbhar) (seachas síolta atá le cur)

    1005 90 00

    Síol ráibe

    Síolta ráibe, bídís briste nó gan bheith briste (seachas síolta atá le cur)

    1205 10 90 ;

    ex 1205 90 00

    Síolta lus na gréine

    Síolta lus na gréine, bídís briste nó gan bheith briste (seachas i gcás síolta atá le cur)

    1206 00 91 ;

    1206 00 99


    Top