Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0657

    Rialachán (AE) 2023/657 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú chearta an Aontais i ndáil le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

    PE/77/2022/REV/1

    IO L 83, 22.3.2023, p. 1–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/657/oj

    22.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 83/1


    RIALACHÁN (AE) 2023/657 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 15 Márta 2023

    lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú chearta an Aontais i ndáil le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 43(2), 91(1), 100(2), 173(3), 182(5), 188, 189(2) agus 207(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 30 Eanáir 2020, thug an Chomhairle an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”) i gcrích. Tháinig an Comhaontú sin i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

    (2)

    An 29 Aibreán 2021, thug an Chomhairle, thar ceann an Aontais, an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (4), (an “Comhaontú Trádála agus Comhair”) i gcrích. Bhí an Comhaontú sin i bhfeidhm go sealadach amhail ón 1 Eanáir 2021 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.

    (3)

    Déantar foráil sa Chomhaontú um Tharraingt Siar agus sa Chomhaontú Trádála agus Comhair araon go bhféadfaidh Páirtí bearta áirithe a ghlacadh sna cásanna sonracha agus faoi réir na gcoinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos iontu. D’fhéadfadh fionraí oibleagáidí áirithe faoin gComhaontú i dtrácht a bheith i gceist leis na bearta sin.

    (4)

    Féadfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe comhaontuithe déthaobhacha eile a thabhairt i gcrích eatarthu, ar comhaontuithe iad atá ina gcomhaontuithe forlíontacha ar an gComhaontú Trádála agus Comhair agus tá na comhaontuithe forlíontacha sin ina gcuid ríthábhachtach den chaidreamh déthaobhach foriomlán mar a rialaítear sa Chomhaontú sin agus tá siad mar chuid den chreat foriomlán. Meabhraítear, i gcomhréir le hAirteagal 774(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, nach bhfuil feidhm ag an gComhaontú sin maidir le Giobráltar ná nach bhfuil aon éifeachtaí aige sa chríoch sin.

    (5)

    Más gá bearta aontaobhacha a ghlacadh mar a fhoráiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, lena n-áirítear sa Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, agus sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, ba cheart an tAontas a bheith in ann, i bhfianaise leas ginearálta an Aontais, úsáid iomchuí a bhaint as na hionstraimí atá ar fáil dó go tapa agus ar bhealach comhréireach, éifeachtach agus solúbtha, agus na Ballstáit a bheith rannpháirteach go hiomlán san am céanna. Ba cheart an tAontas a bheith in ann bearta iomchuí a dhéanamh freisin mura féidir dul ar iontaoibh réitigh cheangailtigh díospóidí faoin gComhaontú um Tharraingt Siar nó faoin gComhaontú Trádála agus Comhair ar bhealach éifeachtach toisc nach bhfuil an Ríocht Aontaithe ag obair i gcomhar chun an iontaoibh sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, is gá rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos lena rialófar glacadh na mbeart sin.

    (6)

    Meabhraítear go bhfuil an nós imeachta chun bearta uathrialacha a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) de bhun an Rialacháin seo gan dochar d’fheidhmiú leanúnach agus buan a cuid feidhmeanna ceaptha beartais, comhordaithe agus cinnteoireachta ag an gComhairle a thugtar leis na Conarthaí a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na gcomhaontuithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

    (7)

    Chun éifeacht a thabhairt do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 16(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus in Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), léirítear i gCinntí (AE) 2020/135 (6) agus (AE) 2021/689 (7) ón gComhairle an chinnteoireacht inmheánach maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus an Chomhaontaithe um Thrádáil agus um Chomhar. Chun go mbeidh an Chomhairle in ann a cuid feidhmeanna ceaptha beartais, comhordaithe agus cinnteoireachta a fheidhmiú go hiomlán i ndáil leis sin, ba cheart an Chomhairle a chur ar an eolas go leanúnach ar bhonn buan agus rialta faoi chur chun feidhme na gComhaontuithe sin, lena n-áirítear na deacrachtaí uile a d’fhéadfadh teacht chun cinn, go háirithe sáruithe ar na Comhaontuithe sin a d’fhéadfadh a bheith ann agus cásanna eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le bearta arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo. I ndáil leis sin, ba cheart an Chomhairle a chur ar an eolas go hiomchuí go tráthúil maidir leis na freagairtí a d’fhéadfadh a bheith ar fáil don Aontas chun cur chun feidhme iomlán agus cuí na gComhaontuithe sin a áirithiú, chomh maith le hobair leantach maidir le haon bhearta a rinneadh.

    (8)

    Ba cheart Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas láithreach agus go hiomlán, mar a fhoráiltear in Airteagal 218(10) CFAE, sa chaoi go mbeidh sí in ann a sainchearta a fheidhmiú go hiomlán i gcomhréir leis na Conarthaí. Ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas go tráthúil faoi na deacrachtaí ar fad a d’fhéadfadh teacht chun cinn, go háirithe sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar an gComhaontú um Tharraingt Siar nó ar an Chomhaontú Trádála agus Comhair agus cásanna eile a bhféadfadh sé go ndéanfaí bearta de bhun an Rialacháin seo mar thoradh orthu.

    (9)

    Ba cheart tosaíocht a bheith ag na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo ar aon fhoráil i ndlí an Aontais arna ghlacadh ar bhonn CFAE, ar foráil í lena rialaítear an t-ábhar céanna.

    (10)

    D’fhonn a áirithiú go leanfaidh an Rialachán seo de bheith oiriúnach dá fheidhm, ba cheart don Choimisiún, laistigh de thrí bliana tar éis a theacht i bhfeidhm, athbhreithniú a dhéanamh ar a raon feidhme agus ar a chur chun feidhme agus na torthaí uaidh sin a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún. Ba cheart tograí ábhartha reachtacha a bheith ag gabháil leis an athbhreithniú sin, i gcás inarb iomchuí.

    (11)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, agus go háirithe chun feidhmiú tapa, éifeachtach agus solúbtha chearta comhfhreagracha an Aontais faoin gComhaontú um Tharraingt Siar agus faoin gComhaontú Trádála agus Comhair a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na bearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a ghlacadh agus chun bearta lena gcuirtear srian le trádáil nó le gníomhaíochtaí eile a ghlacadh, de réir mar is iomchuí. Ba cheart na cumhachtaí sin a leathnú freisin chun leasú, fionraí nó aisghairm na mbeart arna nglacadh a chumhdach. Ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Ós rud é go mbaineann glacadh gníomhartha a bhfuil raon feidhme ginearálta acu leis na bearta atá beartaithe, agus go mbaineann formhór na mbeart atá beartaithe leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b) den Rialachán sin, ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na bearta sin a ghlacadh. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go gceanglaítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne chun leasanna an Aontais a chosaint ar bhealach iomchuí.

    (12)

    Nuair a chinnfidh an Chomhairle de bhun Airteagal 43(3) CFAE rochtain ag soithí na Ríochta Aontaithe ar uiscí an Aontais faoi Cheannteideal a Cúig den Chomhaontú Trádála agus Comhair le haghaidh iascaigh a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, ba cheart di éifeachtacht na fionraí sin a chur san áireamh chun a spreagadh go gcomhlíonfaidh an Ríocht Aontaithe an comhaontú ábhartha agus aon chritéir shonracha a bhunaítear ann. Ba cheart an fhionraí sin a chur chun feidhme maidir le soithí aonair na Ríochta Aontaithe i gcomhréir le Teideal III de Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

    (13)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos lena rialaítear feidhmiú chearta an Aontais faoin gComhaontú um Tharraingt Siar agus faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, agus an Coimisiún a chumhachtú na bearta is gá a ghlacadh, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, srianta ar thrádáil, infheistíocht, nó gníomhaíochtaí eile laistigh de raon feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, agus, de bharr a fairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. Thairis sin, ós rud é gurb é an tAontas amháin atá ina Pháirtí sa Chomhaontú um Tharraingt Siar agus sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, is é an tAontas amháin is féidir gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an dlí idirnáisiúnta i ndáil leis na Comhaontuithe sin. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha agus nósanna imeachta chun feidhmiú éifeachtach tráthúil chearta an Aontais a áirithiú i ndáil le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”) agus na gcomhaontuithe forlíontacha a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.

    2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na bearta seo a leanas arna nglacadh ag an Aontas:

    (a)

    cóir fhabhrach ábhartha an táirge nó na dtáirgí lena mbaineann a chur ar fionraí go sealadach mar a leagtar amach in Airteagal 34 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

    (b)

    bearta leighis agus oibleagáidí a chur ar fionraí mar a leagtar amach in Airteagal 374 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

    (c)

    bearta athchothromaithe agus frithbhearta mar a leagtar amach in Airteagal 411 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

    (d)

    údaruithe oibríochta nó ceadanna teicniúla de chuid aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí, a theorannú, a fhorchur nó coinníollacha a fhorchur orthu, mar aon le hoibríochtaí na n-aeriompróirí sin a dhiúltú, a chúlghairm, a chur ar fionraí agus a theorannú nó coinníollacha a fhorchur orthu mar a leagtar amach in Airteagal 434(4) agus in Airteagal 435(12) den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

    (e)

    oibleagáidí maidir le glacadh a chur ar fionraí mar a leagtar amach in Airteagal 457 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

    (f)

    na bearta leighis a leagtar amach in Airteagal 469 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

    (g)

    bearta cúitimh, go háirithe oibleagáidí a chur ar fionraí mar a leagtar amach in Airteagal 501 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

    (h)

    bearta leighis agus oibleagáidí a chur ar fionraí mar a leagtar amach in Airteagal 506 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

    (i)

    cur i bhfeidhm Phrótacal I a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, i ndáil le clár amháin nó níos mó de chuid an Aontais arna nglacadh ar bhonn CFAE, nó codanna de, mar a leagtar amach in Airteagail 718 agus 719 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

    (j)

    cúiteamh sealadach a thairiscint nó glacadh leis nó oibleagáidí a chur ar fionraí i gcomhthéacs comhlíonadh tar éis nós imeachta eadrána nó painéil saineolaithe faoi Airteagal 749 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

    (k)

    bearta coimirce agus na bearta athchothromaithe mar a leagtar amach in Airteagal 773 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

    (l)

    bearta lena gcuirtear srian ar thrádáil, ar infheistíocht nó ar ghníomhaíochtaí eile a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, mura féidir breithniú a dhéanamh toisc nach bhfuil na bearta is gá á ndéanamh ag an Ríocht Aontaithe chun go bhfeidhmeoidh nós imeachta um réiteach díospóidí faoin gComhaontú sin nó faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, lena n-áirítear moill mhíchuí a chur ar na himeachtaí arb ionann í agus neamh-chomhoibriú sa phróiseas;

    (m)

    oibleagáidí faoi Airteagal 178 den Chomhaontú um Tharraingt Siar a chur ar fionraí i gcomhthéacs chomhlíonadh an rialaithe ón bpainéal eadrána;

    (n)

    bearta leighis a leagtar amach in Airteagal 13 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar;

    (o)

    bearta coimirce agus na bearta athchothromaithe mar a leagtar amach in Airteagal 16 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.

    Airteagal 2

    Feidhmiú chearta an Aontais

    1.   Cumhachtófar an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo a ghlacadh, cé is moite de rochtain soithí iascaigh na Ríochta Aontaithe ar uiscí an Aontais faoin gComhaontú Trádála agus Comhair a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach; agus

    (b)

    i gcás ina mbaineann an beart le hoibleagáid faoi aon cheann de na Comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chur ar fionraí, srianta iomchuí a fhorchur ar thrádáil, ar infheistíocht nó ar ghníomhaíochtaí eile laistigh de raon feidhme an chomhaontaithe lena mbaineann, rud a mbeadh bac air de thoradh na hoibleagáide fionraithe.

    I gcás inarb iomchuí, sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin fad na mbeart arna nglacadh.

    2.   Beidh bearta a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú agus éifeachtach chun comhlíonadh na gComhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a spreagadh ag an Ríocht Aontaithe. Comhlíonfaidh siad na critéir shonracha arna mbunú sna Comhaontuithe sin.

    3.   Cumhachtófar don Choimisiún na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a leasú, a chur ar fionraí nó a aisghairm trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. I gcás inarb iomchuí, sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin fad na fionraí.

    4.   I gcás ina mbeidh ábhar imní ar leith ann do Bhallstát amháin nó níos mó, féadfaidh an Ballstát sin nó na Ballstáit sin a iarraidh ar an gCoimisiún na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a ghlacadh. Mura dtabharfaidh an Coimisiún freagairt dhearfach ar iarraidh den sórt sin, ba cheart dó in am trátha na cúiseanna atá aige a chur in iúl don Chomhairle.

    5.   I gcás, de bharr éagsúlachtaí suntasacha seasta, ina maireann bearta athchothromaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (c), den Rialachán seo ar feadh níos mó ná bliain amháin, féadfaidh Ballstát amháin nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún an clásal athbhreithnithe dá bhforáiltear in Airteagal 411 den Chomhaontú Trádála agus Comhair a ghníomhachtú. Scrúdóidh an Coimisiún an iarraidh sin go tráthúil agus breithneoidh sé an t-ábhar sin a chur os comhair na Comhairle Comhpháirtíochta de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach sa Chomhaontú Trádála agus Comhair. Mura dtabharfaidh an Coimisiún freagairt dhearfach ar iarraidh den sórt sin, ba cheart dó in am trátha na cúiseanna atá aige a chur in iúl don Chomhairle.

    6.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(2).

    7.   Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3).

    8.   Nuair a chinnfidh an Chomhairle de bhun Airteagal 43(3) CFAE rochtain ag soithí na Ríochta Aontaithe ar uiscí an Aontais faoin gComhaontú Trádála agus Comhair a chur ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach, i gcás iascaigh, cuirfidh sí na critéir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo i bhfeidhm.

    Airteagal 3

    Nós imeachta coiste

    1.   Tabharfaidh coiste na Ríochta Aontaithe cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go rialta agus go pras maidir le himeachtaí na gcoistí.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

    4.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a gceart chun grinnscrúdaithe a fheidhmiú aon tráth i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 4

    Faisnéis

    1.   Chun éifeacht a thabhairt do chumhachtaí na Comhairle faoi na Conarthaí, mar a léirítear i gCinntí (AE) 2020/135 agus (AE) 2021/689, cuirfear an Chomhairle ar an eolas go leanúnach ar bhonn buan agus rialta faoi chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair.

    2.   Chun éifeacht a thabhairt dá cumhachtaí faoi na Conarthaí, coinneofar Parlaimint na hEorpa ar an eolas láithreach agus go hiomlán, i gcomhréir leis na Conarthaí, ionas go bhféadfaidh sí a sainchumais institiúideacha a fheidhmiú.

    Airteagal 5

    An bhaint le forálacha eile de chuid dhlí an Aontais

    Beidh feidhm ag an Rialachán seo d’ainneoin aon fhoráil i ndlí an Aontais a glacadh ar bhonn CFAE, ar foráil í lena rialaítear an t-ábhar céanna.

    Nuair a chuirfidh an Coimisiún a thuarascálacha bliantúla faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, tabharfaidh sé achoimre iontu freisin ar na gearáin a fuarthas faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, mar aon leis na bearta a rinneadh i ndiaidh gearáin den sórt sin, agus faoi na bearta a glacadh de bhun Airteagal 2 den Rialachán seo.

    Airteagal 6

    Athbhreithniú

    Faoin .12 Aibreán 2026 cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus beidh tograí ábhartha gaolmhara ag gabháil léi nuair is iomchuí.

    Airteagal 7

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 15 Márta 2023.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. ROSWALL


    (1)  IO C 365, 23.9.2022, lch. 66.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2023 [(IO …)/(nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)] agus cinneadh ón gComhairle an 7 Márta 2023.

    (3)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

    (4)  IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (6)  Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).

    (7)  Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.4.2021, lch. 2).

    (8)  Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).


    Top