EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0318

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/318 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2023 lena bhformheastar leasú ón Aontas ar Shonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint nó ar Thásc Geografach faoi Chosaint “Almansa” (STFC)

C/2023/974

IO L 43, 13.2.2023, p. 9–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/318/oj

13.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/9


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/318 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Feabhra 2023

lena bhformheastar leasú ón Aontas ar Shonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint nó ar Thásc Geografach faoi Chosaint “Almansa” (STFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ón Aontas ar shonraíocht táirge an tSonrúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint “Almansa” a chuir an Spáinn ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 97(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) i gcomhar le hAirteagal 105(3), an chéad fhomhír den Rialachán sin.

(2)

D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ón Aontas ar an tsonraíocht táirge in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3), mar a éilítear le hAirteagal 97(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i gcomhar le hAirteagal 105(3), an chéad fhomhír den Rialachán sin.

(3)

Níl aon ráiteas agóide réasúnaithe faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart an leasú Aontais ar an tsonraíocht a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo an leasú ar an tsonraíocht táirge a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Almansa” (STFC).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghaitear Rialacháin (CEE)Uimhi 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(3)  IO C 369, 27.9.2022, lch. 7.


Top