Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023H0681

    Moladh (AE) 2023/681 ón gCoimisiún an 8. Nollaig 2022 maidir le cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe atá faoi réir coinneáil réamhthrialach agus maidir le coinníollacha coinneála ábhartha

    C/2022/8987

    IO L 86, 24.3.2023, p. 44–57 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/681/oj

    24.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 86/44


    MOLADH (AE) 2023/681 ÓN gCOIMISIÚN

    an 8. Nollaig 2022

    maidir le cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe atá faoi réir coinneáil réamhthrialach agus maidir le coinníollacha coinneála ábhartha

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le hAirteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tá an tAontas Eorpach fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Foráiltear le hAirteagail 1, 4 agus 6 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt) go bhfuil dínit an duine dosháraithe agus nach mór í a urramú agus a chosaint, nach ndéanfar céastóireacht ar aon duine ná nach ndéanfar céastóireacht nó pionós atá mídhaonna nó táireach ar aon duine agus go bhfuil an ceart chun saoirse agus slándála ag gach duine. Cumhdaítear in Airteagail 7 agus 24 den Chairt an ceart chun saol an teaghlaigh agus cearta an linbh. Foráiltear in Airteagal 21 den Chairt nach mbeidh aon duine inchurtha faoi idirdhealú. Aithnítear in Airteagail 47 agus 48 den Chairt an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil chomh maith le toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosanta. Foráiltear le hAirteagal 52 den Chairt nach mór foráil a dhéanamh le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart bunúsach arna n-aithint ann agus nach mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin, chomh maith le prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, a urramú.

    (2)

    Tá na Ballstáit faoi cheangal ag ionstraimí reatha Chomhairle na hEorpa maidir le cearta an duine agus toirmeasc ar chéastóireacht agus cóireáil nó pionós mídhaonna nó táireach, go háirithe an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (CECD), na prótacail a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin, cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus Coinbhinsiún Eorpach 1987 chun Céastóireacht agus Cóireáil agus Pionós Mídhaonna nó Táireach a Chosc. Ina theannta sin, tá gach Ballstát ina pháirtí i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Cóireáil agus Pionós Mídhaonna nó Táireach Eile (UNCAT).

    (3)

    Ní mór roinnt ionstraimí atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus a dhéileálann go sonrach le cearta daoine ar baineadh a saoirse díobh a chur san áireamh freisin, go háirithe: ar leibhéal na Náisiún Aontaithe, rialacha íosta caighdeánacha na Náisiún Aontaithe maidir le cóireáil príosúnach (Rialacha Nelson Mandela); rialacha íosta caighdeánacha na Náisiún Aontaithe maidir le bearta neamh-choimeádta (Rialacha Tóiceo); ina theannta sin, ar leibhéal Chomhairle na hEorpa, Moladh Rec(2006) 2-Rev maidir le Rialacha Príosúin na hEorpa; an Moladh Rec(2006)13 maidir le húsáid athchur faoi choimeád, na coinníollacha ina dtarlaíonn sé agus soláthar coimircí i gcoinne mí-úsáide; Moladh CM/Rec(2017)3 ar Rialacha na hEorpa maidir le smachtbhannaí agus bearta pobail; Moladh CM/Rec(2014)4 maidir le faireachán leictreonach; Moladh CM/Rec(2010)1 ar Rialacha Promhaidh Chomhairle na hEorpa; agus an Páipéar Bán um Plódú i bPríosúin.

    (4)

    Ina theannta sin, tá ionstraimí eile ann lena ndírítear ar shainghrúpaí daoine a bhfuil a saoirse bainte díobh, go háirithe: ar leibhéal na Náisiún Aontaithe, Rialacha na Náisiún Aontaithe chun ógánaigh a bhfuil a saoirse bainte díobh a chosaint agus Rialacha na Náisiún Aontaithe maidir le mná atá ina bpríosúnaigh a chóireáil agus bearta neamhchoimeádta do mhná atá ina gciontóirí (Rialacha Bangkok); coinbhinsiún Náisiúnta na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (UNCRC); chomh maith, ar leibhéal Chomhairle na hEorpa, Moladh CM/Rec(2008)11 maidir leis na Rialacha Eorpacha le haghaidh ógchiontóirí faoi réir smachtbhannaí nó bearta; agus an Moladh CM/Rec(2018)5 maidir le leanaí le tuismitheoirí i bpríosún; Moladh CM/Rec (2012)12 maidir le príosúnaigh choigríche; chomh maith, ar leibhéal idirnáisiúnta neamhrialtasach, leis na Prionsabail maidir le cur i bhfeidhm an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine i ndáil le gnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne (Prionsabail Yogyakarta), arna bhforbairt ag Coimisiún Idirnáisiúnta na nDlíodóirí agus an tSeirbhís Idirnáisiúnta um Chearta an Duine.

    (5)

    D’aithin Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, sna Aranyosi/Căldăraru agus breithiúnais ina dhiaidh sin (1), tábhacht na gcoinníollacha coinneála i gcomhthéacs an aitheantais fhrithpháirtigh agus oibriú an Chreatchinnidh 2002/584/CGB ar an mbarántas gabhála Eorpach (2). Rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine freisin ar thionchar na ndroch-choinníollacha coinneála ar oibriú an bharántais ghabhála Eorpaigh (3).

    (6)

    I gconclúidí na Comhairle i mí na Nollag 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach a chur chun cinn trí mhuinín fhrithpháirteach a fheabhsú, gríosaíodh na Ballstáit chun úsáid a bhaint as bearta malartacha maidir le coinneáil d’fhonn an daonra ina saoráidí coinneála a laghdú, agus ar an gcaoi sin aidhm an athshlánú shóisialta a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar an bhfíric gur minic a chuirtear isteach ar mhuinín fhrithpháirteach mar gheall ar dhroch-choinníollacha coinneála agus mar gheall ar fhadhb na saoráidí coinneála plódaithe (4).

    (7)

    I gconclúidí na Comhairle i mí na Nollag 2019 maidir le roghanna malartacha ar choinneáil, gheall na Ballstáit roinnt gníomhaíochtaí a dhéanamh i réimse na coinneála ar an leibhéal náisiúnta, amhail bearta malartacha a ghlacadh maidir le coinneáil (5).

    (8)

    I gconclúidí na Comhairle i mí an Mheithimh 2019 maidir leis an radacú i bpríosúin a chosc agus a chomhrac agus maidir le déileáil le ciontóirí sceimhlitheoireachta agus antoisceacha tar éis dóibh scaoileadh saor, gheall na Ballstáit go práinneach bearta éifeachtacha a ghlacadh sa réimse sin (6).

    (9)

    Le roinnt blianta anuas, d’áitigh Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún beart a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na gcoinníollacha príosúin ábhartha agus chun a áirithiú gur beart eisceachtúil é coinneáil réamhthrialach, a úsáidfear i gcomhréir le toimhde na neamhchiontachta. Rinneadh an iarraidh sin arís i dtuarascáil Pharlaimint na hEorpa maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach (7).

    (10)

    Arna iarraidh sin don Choimisiún agus á mhaoiniú aige, d’fhorbair an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha bunachar sonraí ar choinníollacha coinneála, a seoladh i mí na Nollag 2019 agus a bhfuil rochtain ag an bpobal air (8). Tiomsaíonn Bunachar Sonraí Coinneála Coiriúla na Gníomhaireachta faisnéis faoi choinníollacha coinneála i ngach Ballstát. Agus leas á bhaint aige as caighdeáin náisiúnta, Aontais agus idirnáisiúnta, as tuarascálacha cásdlí agus as tuarascálacha faireacháin, cuirtear ar an eolas í faoi phríomhghnéithe roghnaithe na ndálaí coinneála, lena n-áirítear spás cillín, dálaí sláintíochta, rochtain ar chúram sláinte agus cosaint ar fhoréigean.

    (11)

    Léiríonn na staitisticí atá ar fáil maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, ó 2016 i leith, gur dhiúltaigh nó gur mhoilligh na Ballstáit forghníomhú ar fhorais a bhaineann le fíorbhaol go sárófar cearta bunúsacha i mbeagnach 300 cás, lena n-áirítear ar bhonn coinníollacha coinneála ábhartha neamhleora (9).

    (12)

    D’iarr údaráis bhreithiúnacha náisiúnta treoir níos nithiúla maidir le conas déileáil le cásanna den sórt sin. Baineann na fadhbanna arna sainaithint ag cleachtóirí leis an easpa comhchuibhithe, scaipthe agus easpa soiléireachta maidir le caighdeáin choinneála ar fud an Aontais mar dhúshlán don chomhar breithiúnach in ábhair choiriúla (10).

    (13)

    Thug leath de na Ballstáit a chuir staitisticí maidir lena ndaonraí coinneála ar fáil don Choimisiún le fios go bhfuil fadhb acu le plódú ina saoráidí coinneála le ráta áitíochta níos mó ná 100 faoin gcéad. Cuireann úsáid iomarcach nó neamhriachtanach agus fad na coinneála réamhthrialach leis an bhfeiniméan maidir le plódú i saoráidí coinneála, rud a dhéanann an-dochar d’fheabhsuithe ar dhálaí coinneála.

    (14)

    Tá difríochtaí suntasacha i measc na mBallstát i ndáil le gnéithe tábhachtacha den choinneáil réamhthrialach, amhail úsáid na coinneála réamhthrialaí mar rogha dheireanach agus an t-athbhreithniú ar chinntí maidir le coinneáil réamhthrialach (11). Tá an teorainn ama uasta le haghaidh coinneáil réamhthrialach difriúil freisin ó Bhallstát go Ballstát idir níos lú ná 1 bhliain agus níos mó ná 5 bliana (12). In 2020, d’athraigh meánfhad na coinneála réamhthrialach sna Ballstáit éagsúla ó 2 mhí go 13 mhí (13). Tá difríocht shuntasach ó Bhallstát go Ballstát idir líon na ndaoine atá á gcoinneáil roimh thriail mar sciar de dhaonra iomlán na bpríosún, idir níos lú ná 10 % agus níos mó ná 40 % (14). Dealraíonn sé nach bhfuil údar maith leis na dibhéirseachtaí móra sin i limistéar coiteann AE amhail an tsaoirse, an tslándáil agus an ceartas.

    (15)

    Sna tuarascálacha a tháinig le déanaí ó Choiste Chomhairle na hEorpa chun Céastóireacht agus Cóireáil nó Pionós Mídhaonna nó Táireach a Chosc, tarraingítear aird ar dhianseasmhacht fadhbanna tromchúiseacha áirithe i roinnt Ballstát, amhail drochíde, mí-oiriúnacht saoráidí coinneála agus easpa gníomhaíochtaí fiúntacha agus easpa soláthar iomchuí cúraim sláinte.

    (16)

    Thairis sin, bíonn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine fós ag cinneadh go bhfuil Ballstáit ag sárú Airteagal 3 nó Airteagal 5 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine a mhéid a bhaineann le coinneáil.

    (17)

    I bhfianaise líon mór na moltaí arna bhforbairt ag eagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse na coinneála coiriúla, d’fhéadfadh sé nach mbeadh rochtain éasca orthu i gcónaí ag breithiúna agus ionchúisitheoirí aonair sna Ballstáit a bhfuil orthu measúnú a dhéanamh ar dhálaí coinneála sula ndéanann siad a gcuid cinntí, bíodh sin i gcomhthéacs barántais ghabhála Eorpaigh nó ar an leibhéal náisiúnta.

    (18)

    San Aontas agus, go háirithe, i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, ceanglaítear ar na híoschaighdeáin Aontais is infheidhme maidir le córais choinneála na mBallstát uile, chun an mhuinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit a neartú agus chun an t-aitheantas frithpháirteach do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha a éascú.

    (19)

    D’fhonn iontaoibh na mBallstát as córais cheartais choiriúil a neartú agus, ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar an aitheantas frithpháirteach do chinntí in ábhair choiriúla, tá sé bheart maidir le cearta nós imeachta in imeachtaí coiriúla, eadhon Treoracha 2010/64/AE (15), 2012/13/AE (16), 2013/48/AE (17), (AE) 2016/343 (18), (AE) 2016/800 (19) agus (AE) 2016/1919 (20) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, mar aon le Moladh ón gCoimisiún an 27 Samhain 2013 maidir le coimircí nós imeachta do dhaoine leochaileacha a bhfuil drochamhras fúthu nó a bhfuil cúis curtha ina leith in imeachtaí coiriúla (21), glactha cheana féin. Tá sé mar aidhm leis na bearta sin a chinntiú go n-urramaítear cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla, lena n-áirítear i gcás ina bhforchuirtear coinneáil réamhthrialach. Chun na críche sin, tá coimircí sonracha nós imeachta sna Treoracha seo do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus do dhaoine atá cúisithe agus a bhfuil a saoirse bainte díobh. Tá forálacha sonracha i dTreoir (AE) 2016/800 maidir le coinníollacha coinneála réamhthrialach do leanaí; tá sé mar aidhm leo sin a bhfolláine a chosaint i gcás ina bhfuil siad faoi réir birt chomhéignigh den sórt sin. Is gá na caighdeáin maidir le cearta nós imeachta a bhunaítear sna Treoracha seo agus i Moladh 2013, agus, i gcás Threoir (AE) 2016/800, caighdeáin ábhartha maidir le coinníollacha ábhartha coinneála do leanaí atá faoi réir coinneáil réamhthrialach, a chomhlánú.

    (20)

    Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún na híoschaighdeáin sin a chomhdhlúthú agus a fhorbairt, caighdeáin a bhunaítear laistigh de chreat Chomhairle na hEorpa, chomh maith le cásdlí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine. Chun na críche sin, is gá forléargas a thabhairt ar na caighdeáin íosta a roghnaíodh do chearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine cúisithe atá faoi réir coinneáil réamhthrialach agus coinníollacha ábhartha coinneála i bpríomhréimsí tosaíochta maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla idir na Ballstáit.

    (21)

    Maidir le cearta nós imeachta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe faoi réir coinneáil réamhthrialach, ba cheart go gcumhdófaí leis an treoir sa Mholadh seo príomhchaighdeáin maidir le coinneáil réamhthrialach a úsáid mar bheart de roghanna dheireanacha agus de roghanna eile maidir le choinneáil, forais le haghaidh coinneála réamhthrialach, ceanglais maidir le cinnteoireacht ag údaráis bhreithiúnacha, athbhreithniú tréimhsiúil ar choinneáil réamhthrialach, éisteacht daoine atá faoi dhrochamhras nó daoine atá cúisithe i leith cinntí maidir le coinneáil réamhthrialach, leigheasanna éifeachtacha agus an ceart achomharc a dhéanamh, fad na coinneála réamhthrialach agus aitheantas don am a chaitear i gcoinneáil réamhthrialach i dtéarmaí asbhainte ón bpianbhreith deiridh.

    (22)

    Maidir le dálaí ábhartha coinneála, ba cheart treoir a thabhairt maidir le príomhchaighdeáin i réimsí na cóiríochta, leithdháileadh na ndaoine atá á gcoinneáil, sláinteachas agus sláintíocht, cothú, córais choinneála i dtaca le cleachtadh agus gníomhaíochtaí lasmuigh den chillín, obair agus oideachas, cúram sláinte, cosc ar fhoréigean agus ar dhrochúsáid, teagmháil leis an saol lasmuigh, rochtain ar chúnamh dlí, nósanna imeachta um iarraidh agus gearáin, agus cigireachtaí agus faireachán. Ina theannta sin, ba cheart treoir a thabhairt maidir le cosaint a thabhairt do chearta daoine arb ionann cailleadh saoirse dóibh agus cás leochaileachta ar leith, amhail mná, leanaí, daoine faoi mhíchumas nó riochtaí tromchúiseacha sláinte, daoine LGBTIQ agus náisiúnaigh choigríche, mar aon leis an radacú sna príosúin a chosc.

    (23)

    Ba cheart coinneáil réamhthrialach a úsáid i gcónaí mar rogha dheireanach bunaithe ar mheasúnú cás ar chás. Ba cheart an raon is leithne is féidir de bhearta nach bhfuil chomh sriantach céanna (bearta malartacha) a chur ar fáil agus a chur i bhfeidhm nuair is féidir. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin nach mbeidh cinntí maidir le coinneáil réamhthrialach idirdhealaitheach agus nach ndéanfar iad a fhorchur go huathoibríoch ar dhaoine atá faoi amhras agus ar dhaoine atá cúisithe bunaithe ar shaintréithe áirithe, amhail náisiúntacht eachtrach.

    (24)

    Tá dálaí coinneála leordhóthanacha bunriachtanach chun cearta agus dínit daoine ar baineadh a saoirse díobh a choimirciú agus chun sáruithe ar an toirmeasc ar chéastóireacht agus cóireáil nó pionós mídhaonna nó táireach (drochíde) a chosc.

    (25)

    Chun caighdeáin choinneála iomchuí a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit íosmhéid spáis maireachtála pearsanta a thabhairt do gach duine atá á choinneáil, i gcomhréir leis na moltaí ón gCoiste Eorpach chun Céastóireacht a Chosc agus cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.

    (26)

    Nuair a bhaintear an tsaoirse de dhaoine, bíonn siad go háirithe i mbaol foréigin agus drochíde chomh maith le haonrú sóisialta. Chun a sábháilteacht a áirithiú agus chun tacú lena n-athimeascadh sóisialta, ba cheart go gcuirfí san áireamh i leithdháileadh agus i ndeighilt na ndaoine atá faoi choinneáil difríochtaí i gcórais choinneála agus an gá atá le daoine atá faoi choinneáil a chosaint i gcásanna a bhaineann go háirithe le leochaileacht ó mhí-úsáid.

    (27)

    Níor cheart do chórais choinneála teorainn mhíchuí a chur le saoirse gluaiseachta na ndaoine atá faoi choinneáil laistigh den tsaoráid choinneála agus lena rochtain ar aclaíocht, spásanna lasmuigh, agus gníomhaíochtaí fiúntacha agus idirghníomhaíocht shóisialta, chun go mbeidh siad in ann a sláinte fhisiciúil agus mheabhrach a chothabháil agus a n-athimeascadh sóisialta a chur chun cinn.

    (28)

    Is minic a bhíonn rochtain theoranta ar cheartas ag íospartaigh na coireachta a dhéantar faoi choinneáil d’ainneoin oibleagáid na Stát foráil a dhéanamh maidir le leigheasanna éifeachtacha i gcásanna inar sáraíodh a gcearta. I gcomhréir le cuspóirí Straitéis an AE maidir le cearta íospartach (2020-2025), moltar go n-áiritheodh na Ballstáit leigheasanna éifeachtacha ar sháruithe ar chearta na ndaoine atá faoi choinneáil chomh maith le bearta cosanta agus tacaíochta. Ba cheart go mbeadh cúnamh dlí agus sásraí, maidir le hiarrataí agus gearáin a thíolacadh, inrochtana go héasca, faoi rún agus éifeachtach.

    (29)

    Ba cheart do na Ballstáit riachtanais speisialta grúpaí áirithe daoine atá faoi choinneáil a chur san áireamh, lena n-áirítear mná, leanaí, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas nó faoi dhálaí tromchúiseacha sláinte, LGBTIQ, daoine ó chúlra ciníoch nó eitneach mionlaigh agus náisiúnaigh choigríche, i ngach cinneadh a bhaineann lena gcoinneáil. Go háirithe, nuair a choinnítear leanaí, ní mór leas an linbh a bheith ar an airdeall i gcónaí.

    (30)

    Maidir le ciontóirí sceimhlitheoireachta agus antoisceacha foréigneacha, ba cheart do na Ballstáit bearta éifeachtacha a dhéanamh chun an radacú i bpríosúin a chosc, agus chun straitéisí athshlánú agus athimeasctha a chur chun feidhme i bhfianaise an riosca a bhaineann le ciontóirí sceimhlitheoireachta agus antoisceacha foréigneacha nó le ciontóirí a radacaítear agus iad i bpríosún, agus go scaoilfear roinnt de na ciontóirí sin laistigh de thréimhse ghearr ama.

    (31)

    Ní thugtar ach forléargas ar na caighdeáin roghnaithe sa Mholadh seo agus ba cheart é a mheas i bhfianaise na treorach níos mionsonraithe a chuirtear ar fáil i gcaighdeáin Chomhairle na hEorpa agus chásdlí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, agus gan dochar dóibh. Tá sé gan dochar do dhlí an Aontais atá ann cheana agus don fhorbairt a dhéanfar air sa todhchaí. Tá sé gan dochar freisin don fhorléiriú údarásach ar dhlí an Aontais a fhéadfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a thabhairt.

    (32)

    Ba cheart go n-éascófaí leis an Moladh seo freisin forghníomhú barántas gabhála Eorpach faoi Chinneadh Réime 2002/584/CGB mar aon le haithint breithiúnas agus forghníomhú pianbhreitheanna faoi Chinneadh Réime 2008/909/CGB ón gComhairle (22) maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar bhreithiúnais lena bhforchuirtear pianbhreitheanna coimeádta nó bearta lena mbaineann cailleadh saoirse.

    (33)

    Leis an Moladh seo, urramaítear agus cuirtear chun cinn na cearta bunúsacha a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, féachann an Moladh seo le meas ar dhínit an duine, an ceart chun saoirse a fháil, an ceart chun saol an teaghlaigh, cearta an linbh, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil chomh maith le toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosanta a chur chun cinn.

    (34)

    Ba cheart tagairtí sa Mholadh seo do bhearta iomchuí chun rochtain éifeachtach ar an gceartas a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas a thuiscint i bhfianaise na gceart agus na n-oibleagáidí faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a bhfuil an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit uile ina bpáirtithe iontu. Ina theannta sin, ba cheart a áirithiú, má bhaintear a saoirse de dhaoine faoi mhíchumas in imeachtaí coiriúla, go bhfuil siad, ar bhonn comhionann le daoine eile, i dteideal ráthaíochtaí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus go gcaithfear leo i gcomhréir le cuspóirí agus prionsabail Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, lena n-áirítear trí chóiríocht réasúnta a sholáthar do riachtanais speisialta agus trí inrochtaineacht a áirithiú.

    TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

    CUSPÓIR AN MHOLTA

    (1)

    Leis an Moladh seo, leagtar amach treoir do na Ballstáit bearta éifeachtacha, iomchuí agus comhréireacha a ghlacadh chun cearta gach duine a bhfuil faoi drochamhras nó a bhfuil cúisithe in imeachtaí coiriúla a neartú, i ndáil le cearta nós imeachta daoine atá faoi réir coinníollacha coinneála réamhthrialach agus coinníollacha coinneála ábhartha araon, chun a áirithiú go gcaitear le daoine atá faoi réir cailleadh saoirse le dínit, go seastar lena gcearta bunúsacha agus nach mbaintear a saoirse díobh ach mar rogha dheireanach.

    (2)

    Leis an Moladh seo, comhdhlúthaítear caighdeáin a bhunaítear faoi bheartais atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir le cearta daoine a bhfuil a saoirse bainte díobh mar thoradh ar imeachtaí in ábhair choiriúla, ar caighdeáin iad atá fíor-ábhartha i gcomhthéacs an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla idir na Ballstáit.

    (3)

    Féadfaidh na Ballstáit síneadh a chur leis an treoir a leagtar amach sa Mholadh seo chun leibhéal cosanta níos airde a sholáthar. Níor cheart go mbeadh leibhéil níos airde cosanta den sórt sin ina gconstaic ar aitheantas frithpháirteach do chinntí breithiúnacha a bhfuil an treoir seo ceaptha a éascú. Níor cheart an leibhéal cosanta a bheith faoi bhun na gcaighdeán dá bhforáiltear leis an gCairt ná le CECD, mar a léirítear le cásdlí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine.

    SAINMHÍNITHE

    (4)

    Faoin Moladh seo, ba cheart “coinneáil réamhthrialach” a thuiscint mar aon tréimhse choinneála i gcás duine atá faoi dhrochamhras nó duine atá cúisithe in imeachtaí coiriúla a ordaíonn údarás breithiúnach agus roimh chiontú. Níor cheart go n-áirítear cailleadh saoirse tosaigh ag póilíní nó ag oifigeach forfheidhmithe dlí (nó ag aon duine eile atá údaraithe amhlaidh gníomhú) chun críocha an duine atá faoi amhras nó an duine atá cúisithe a cheistiú nó a áirithiú go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le coinneáil réamhthrialach.

    (5)

    Faoin Moladh seo, ba cheart “bearta malartacha” a thuiscint mar bhearta nach bhfuil chomh sriantach mar mhalairt ar choinneáil.

    (6)

    Faoin Moladh seo, ba cheart a thuiscint go gcumhdaíonn “duine atá á choinneáil” daoine a bhfuil a saoirse bainte díobh le linn coinneála réamhthrialach agus daoine ciontaithe a bhfuil pianbhreith príosúnachta á cur isteach acu. Ba cheart “saoráid choinneála” a thuiscint mar aon phríosún nó áis eile chun daoine a choinneáil mar a shainmhínítear sa Mholadh seo.

    (7)

    Faoin Moladh seo, ba cheart “leanbh” a thuiscint mar dhuine faoi bhun 18 mbliana d’aois.

    (8)

    Faoin Moladh seo, ba cheart “aosach óg” a thuiscint mar dhuine atá os cionn 18 mbliana d’aois agus faoi bhun 21 bliain d’aois.

    (9)

    Faoin Moladh seo, ba cheart “daoine faoi mhíchumas” a thuiscint i gcomhréir le hAirteagal 1 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta daoine faoi Mhíchumas go n-áirítear orthu na daoine sin a bhfuil lagú fadtéarmach fisiceach, meabhrach, intleachtúil nó céadfach orthu, ar lagú é, nuair a bhíonn siad ag plé le bacainní éagsúla, a d’fhéadfadh bac a chur ar a rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach sa tsochaí ar bhonn comhionann le daoine eile.

    PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

    (10)

    Níor cheart do na Ballstáit coinneáil réamhthrialach a úsáid ach mar rogha dheireanach. Ba cheart bearta malartacha maidir le coinneáil a roghnú, go háirithe nuair nach bhfuil an cion inphionóis ach le pianbhreith ghearr príosúnachta nó nuair is leanbh an ciontóir.

    (11)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcaitear le daoine atá á gcoinneáil le hurraim agus le dínit agus i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi seach maidir le cearta an duine, lena n-áirítear toirmeasc ar chéastóireacht agus cóireáil nó pionós mídhaonna nó táireach mar a leagtar síos in Airteagal 3 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus in Airteagal 4 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    (12)

    Moltar do na Ballstáit an choinneáil a bhainistiú ar bhealach a éascóidh athimeascadh sóisialta na ndaoine atá faoi choinneáil, d’fhonn an t-atitimeachas a chosc.

    (13)

    Ba cheart do na Ballstáit an Moladh seo a chur i bhfeidhm gan idirdhealú d’aon chineál, amhail bunadh ciníoch nó eitneach, dath, gnéas, aois, míchumas, treoshuíomh gnéasach, teanga, reiligiún, tuairim pholaitiúil nó eile, bunadh náisiúnta nó sóisialta, maoin, breith nó aon stádas eile.

    CAIGHDEÁIN ÍOSTA DO CHEARTA NÓS IMEACHTA DAOINE ATÁ FAOI DHROCHAMHRAS AGUS DAOINE CÚISITHE ATÁ FAOI RÉIR COINNEÁIL RÉAMHTHRIALACH

    Coinneáil réamhthrialach mar rogha dheireanach agus roghanna eile ar choinneáil

    (14)

    Níor cheart do na Ballstáit coinneáil réamhthrialach a fhorchur ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis agus mar rogha dheireanach, agus imthosca sonracha gach cáis ar leith á gcur san áireamh go cuí. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit bearta malartacha a chur i bhfeidhm nuair is féidir.

    (15)

    Ba cheart do na Ballstáit toimhde a ghlacadh i bhfabhar a scaoilte. Ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar na húdaráis náisiúnta inniúla an dualgas cruthúnais a bheith orthu chun a léiriú gur gá coinneáil réamhthrialach a fhorchur.

    (16)

    Chun go seachnófar úsáid mhíchuí a bhaint as coinneáil réamhthrialach, ba cheart do na Ballstáit an raon is leithne is féidir de bhearta malartacha a chur ar fáil, amhail na bearta malartacha a luaitear i gCinneadh Réime 2009/829/CGB maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar chinntí maidir le bearta maoirseachta mar mhalairt ar choinneáil shealadach (23).

    (17)

    D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh sna bearta den sórt sin: (a) gealltanais láithriú os comhair údaráis bhreithiúnaigh de réir mar is gá agus nuair is gá, gan cur isteach ar chúrsa an cheartais agus gan gabháil d’iompar áirithe, lena n -áirítear an t-iompar a ghabhann do ghairm nó d’fhostaíocht áirithe; (b) ceanglais chun tuairisciú ar bhonn laethúil nó tréimhsiúil d’údarás breithiúnach, do na póilíní nó d’údarás eile; (c) ceanglais chun glacadh le maoirseacht ag gníomhaireacht arna ceapadh ag an údarás breithiúnach; (d) ceanglais chun a bheith faoi réir faireacháin leictreonaigh; (e) ceanglais chun cónaí ag seoladh sonraithe, fara nó d’éagmais coinníollacha maidir leis shonraithe a fhágáil nó dul isteach iontu gan údarás; (g) ceanglais gan freastal do dhaoine sonraithe gan údarú; (h) ceanglais maidir le pasanna nó páipéir aitheantais eile a thabhairt suas; agus (i) ceanglais chun ráthaíochtaí airgeadais nó foirmeacha eile ráthaíochtaí a sholáthar nó a urrú chun triail atá ar feitheamh a dhéanamh.

    (18)

    Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a cheangal, i gcás ina socraítear urra airgeadais mar choinníoll lena scaoileadh, go bhfuil an méid sin comhréireach le hacmhainn an duine atá faoi amhras nó an duine atá cúisithe.

    Amhras réasúnach agus forais le haghaidh coinneála réamhthrialach

    (19)

    Níor cheart do na Ballstáit coinneáil réamhthrialach a fhorchur ach amháin ar bhonn amhras réasúnta, a bunaíodh trí mheasúnú cúramach cás ar chás, go bhfuil an cion atá i gceist déanta ag an duine atá faoi amhras, agus ba cheart dóibh na forais dhlíthiúla maidir le coinneáil réamhthrialach a theorannú go dtí: (a) baol éalaithe; (b) an baol go ndéanfar athchiontú; (c) an baol go gcuirfeadh an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe isteach ar chúrsa an cheartais; nó (d) baol bagartha ar an ord poiblí.

    (20)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil cinneadh aon riosca bunaithe ar imthosca aonair an cháis, ach ba cheart aird ar leith a thabhairt don mhéid seo a leanas: (a) cineál agus tromchúis an chiona líomhnaithe; (b) an pionós is dóigh a thabhófar i gcás ciontú; (c) aois, sláinte, carachtar, ciontuithe roimhe sin agus imthosca pearsanta agus sóisialta an duine a bhfuil faoi dhrochamhras, agus go háirithe a naisc leis an bpobal; agus (d) iompar an duine atá faoi dhrochamhras, go háirithe an chaoi ar chomhlíon siad aon oibleagáidí a d’fhéadfadh a bheith forchurtha orthu i gcúrsa imeachtaí coiriúla roimhe seo. I gcás nach náisiúnach de chuid an stáit ina dtoimhdítear go ndearnadh an cion an duine atá faoi amhras, nó nach bhfuil aon nasc eile aige nó aici leis, ní leor sin ann féin chun a mheas go bhfuil baol eitilte ann.

    (21)

    Moltar do na Ballstáit coinneáil réamhthrialach a fhorchur ar chionta a bhfuil pianbhreith íosta choimeádta 1 bhliain ag gabháil leo, agus ar na cionta sin amháin.

    Réasúnú i leith cinntí maidir le coinneáil réamhthrialach

    (22)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil gach cinneadh a dhéanann údarás breithiúnach chun coinneáil réamhthrialach a fhorchur, chun coinneáil réamhthrialach den sórt sin a fhadú, nó chun bearta malartacha a fhorchur cuí-réasúnaithe agus go bhfuil bonn cirt leis agus go dtagraítear d’imthosca sonracha an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe agus lena dtugtar údar maith lena gcoinneáil. Ba cheart cóip den chinneadh a chur ar fáil don duine dá ndéantar difear, agus ba cheart go n-áireofaí sa chóip sin na cúiseanna a meastar nach bhfuil roghanna eile seachas coinneáil réamhthrialach cuí.

    Athbhreithniú tréimhsiúil ar choinneáil réamhthrialach

    (23)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh údarás breithiúnach athbhreithniú tréimhsiúil ar bhailíocht leanúnach na bhforas ar a gcoimeádtar duine atá faoi dhrochamhras nó duine atá cúisithe faoi choinneáil réamhthrialach. A luaithe nach ann a thuilleadh do na forais leis an duine a choinneáil, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go scaoilfear saor an duine atá faoi amhras nó an duine atá cúisithe gan moill mhíchuí.

    (24)

    Ba cheart do na Ballstáit a cheadú go ndéanfaí athbhreithniú tréimhsiúil ar chinntí coinneála réamhthrialach a thionscnamh arna iarraidh sin ag an chosantóir nó, ex officio, ag an údarás breithiúnach.

    (25)

    Ba cheart do na Ballstáit, i bprionsabal, an t-eatramh idir na hathbhreithnithe a theorannú d’uasmhéid 1 mhí amháin, ach amháin i gcásanna ina bhfuil sé de cheart ag an duine atá faoi amhras nó ag an duine atá cúisithe iarratas ar scaoileadh a thíolacadh, aon tráth, agus cinneadh a fháil ar an iarratas seo gan moill mhíchuí.

    Éisteacht an duine atá faoi dhrochamhras nó an duine atá cúisithe

    (26)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-éistfear duine atá faoi dhrochamhras nó duine atá cúisithe go pearsanta nó trí ionadaí dlíthiúil trí éisteacht sáraíochta ó bhéal os comhair an údaráis bhreithiúnaigh inniúil a dhéanann cinneadh maidir le coinneáil réamhthrialach. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar cinntí maidir le coinneáil réamhthrialach gan moill mhíchuí.

    (27)

    Ba cheart do na Ballstáit seasamh le ceart an duine atá faoi amhras nó an duine atá cúisithe chun trialach laistigh de thréimhse ama réasúnach. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcaitear mar ábhar práinne le cásanna inar forchuireadh coinneáil réamhthrialach agus le dícheall cuí.

    Leigheasanna éifeachtacha agus an ceart achomharc a dhéanamh

    (28)

    Ba cheart do na Ballstáit a ráthú go rachaidh daoine atá faoi dhrochamhras nó daoine atá cúisithe agus a bhfuil a saoirse bainte díobh i muinín imeachtaí os comhair cúirte atá inniúil ar dhlíthiúlacht a gcoinneála a athbhreithniú agus, i gcás inarb iomchuí, go n-ordófar iad a scaoileadh.

    (29)

    Ba cheart do na Ballstáit an ceart chun achomharc a dhéanamh i gcoinne cinnidh den sórt sin a thabhairt do dhaoine atá faoi dhrochamhras nó do dhaoine atá cúisithe atá faoi réir cinnidh maidir le coinneáil réamhthrialach agus iad a chur ar an eolas faoin gceart sin nuair a dhéantar an cinneadh.

    Fad na coinneála réamhthrialach

    (30)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach rachaidh fad na coinneála réamhthrialach thar an bpionós a fhéadfar a fhorchur i leith an chiona lena mbaineann, agus nach mbeidh sé díréireach leis an bpionós sin.

    (31)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach bhfuil fad na coinneála réamhthrialach a fhorchuirtear ag teacht salach ar an gceart atá ag duine atá á choinneáil chun trialach laistigh de thréimhse réasúnta ama.

    (32)

    Ba cheart do na Ballstáit a mheas na cásanna a bhaineann le duine atá faoi réir coinneáil réamhthrialach mar chásanna tosaíochta.

    An t-am a caitheadh i gcoinneáil réamhthrialach a bhaint den phianbhreith deiridh

    (33)

    Ba cheart do na Ballstáit aon tréimhse choinneála réamhthrialach a asbhaint roimh chiontú, lena n-áirítear nuair a dhéantar í a fhorfheidhmiú trí bhearta malartacha, ó fhad aon phianbhreithe príosúnachta a ghearrtar ina dhiaidh sin.

    CAIGHDEÁIN ÍOSTA LE hAGHAIDH COINNÍOLLACHA ÁBHARTHA COINNEÁLA

    Lóistín

    (34)

    Ba cheart do na Ballstáit íosmhéid d’achar dromchla 6 m2 ar a laghad a shannadh do gach duine atá faoi choinneáil i gcillíní aonair agus 4 m2 i gcillíní iláitithe. Ba cheart do na Ballstáit a ráthú go bhfuil an dearbhspás pearsanta íosta atá ar fáil do gach duine atá á choinneáil, lena n-áirítear daoine atá á gcoinneáil i gcillín iláitithe, comhionann le 3 m2 achar dromchla ar a laghad in aghaidh an duine atá á choinneáil. Má bhíonn an spás pearsanta atá ar fáil do dhuine atá á choinneáil faoi bhun 3 m2, tagann toimhde láidir chun cinn maidir le sárú ar Airteagal 3 de CECD. Ba cheart an limistéar ina bhfuil troscán ach nach bhfuil áiseanna sláintíochta ann a áireamh i ríomh an spáis atá ar fáil.

    (35)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú maidir le haon laghdú eisceachtúil ar an achar dromchla íosta iomlán in aghaidh an duine atá á choinneáil, mar atá 3 m2, go bhfuil an laghdú sin gearr, ócáideach, beag agus go bhfuil saoirse gluaiseachta leordhóthanach lasmuigh den chillín agus gníomhaíochtaí iomchuí lasmuigh den chillín ag gabháil leis. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcásanna den sórt sin, gur iomchuí na coinníollacha ginearálta coinneála ag an tsaoráid agus nach ann d’aon fhachtóirí géaraitheacha eile i gcoinníollacha coinneála an duine lena mbaineann, amhail easnaimh eile sna híoscheanglais struchtúracha le haghaidh cillín nó saoráidí sláintíochta.

    (36)

    Ba cheart do na Ballstáit a ráthú go mbeidh rochtain ag daoine atá á gcoinneáil ar sholas nádúrtha agus ar aer úr ina gcillín.

    Leithdháileadh

    (37)

    Moltar do na Ballstáit agus, i gcás leanaí, ba cheart dóibh a áirithiú, a mhéid is féidir, go ndéanfaidh siad daoine atá á gcoinneáil a leithdháileadh ar shaoráidí coinneála atá gar dá mbaile nó ar áiteanna eile atá oiriúnach chun críche a n-athshlánú shóisialta.

    (38)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcoimeádfar daoine a cuireadh faoi choinneáil roimh an triail ar leithligh ó dhaoine ciontaithe atá á choinneáil. Ba chóir mná a choinneáil ar leithligh ó fhir. Níor chóir leanaí a choinneáil le daoine fásta, ach amháin má mheastar go bhfuil sé ar mhaithe le leas an linbh é sin a dhéanamh.

    (39)

    Nuair a bhaineann leanbh atá á choinneáil 18 mbliana d’aois amach agus, i gcás inarb iomchuí, do dhaoine fásta óga faoi bhun 21 bhliain d’aois, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht leanúint den duine sin a choinneáil ar leithligh ó dhaoine fásta eile atá á gcoinneáil i gcás ina bhfuil údar leis sin, agus aird á tabhairt ar dhálaí an duine lena mbaineann agus ar choinníoll go bhfuil sé sin ag teacht le barrleas leanaí atá á gcoinneáil leis an duine sin.

    Dálaí sláinteachas agus sláintíochta

    (40)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil saoráidí sláintíochta inrochtana i gcónaí agus go dtugann siad príobháideacht leordhóthanach do dhaoine atá á choinneáil, lena n-áirítear deighilt éifeachtach struchtúrach idir spásanna maireachtála i gcillíní iláitithe.

    (41)

    Ba cheart do na Ballstáit bearta éifeachtacha a bhunú chun dea-chaighdeáin sláinteachais a chothabháil trí dhíghalrú agus toitriú. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear táirgí sláintíochta bunúsacha, lena n-áirítear tuáillí sláinteachais, ar fáil do dhaoine atá á gcoinneáil agus go mbeidh uisce te agus uisce reatha ar fáil i gcillíní.

    (42)

    Ba cheart do na Ballstáit éadach glan agus éadaí leapa glana iomchuí a chur ar fáil do dhaoine atá á choinneáil, agus ba cheart dóibh na modhanna a chur ar fáil chun na hearraí sin a choinneáil glan.

    Cothú

    (43)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear bia ar fáil atá leordhóthanach ó thaobh cainníochta agus cáilíochta de chun riachtanais chothaitheacha an duine atá á choinneáil a chomhlíonadh agus go ndéantar bia a ullmhú agus a riar faoi dhálaí sláinteachais. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a ráthú go bhfuil uisce glan óil ar fáil do dhaoine atá á choinneáil i gcónaí.

    (44)

    Ba cheart do na Ballstáit aiste bia cothaitheach a chur ar fáil do dhaoine atá á choinneáil, ar aiste bia é ina gcuirfear san áireamh aois, míchumas, sláinte, riocht fisiceach, reiligiún, cultúr agus cineál a gcuid oibre.

    Am caite lasmuigh den chillín agus amuigh faoin aer

    (45)

    Ba cheart do na Ballstáit ligean do dhaoine atá á choinneáil aclaíocht a dhéanamh faoin aer ar feadh 1 uair an chloig ar a laghad in aghaidh an lae agus ba cheart dóibh áiseanna agus trealamh fairsinge agus iomchuí a chur ar fáil chun na críche sin.

    (46)

    Ba cheart do na Ballstáit a cheadú do dhaoine atá á choinneáil méid réasúnach ama a chaitheamh lasmuigh dá gcillíní chun dul i mbun oibre, oideachais agus gníomhaíochtaí áineasa de réir mar is gá le haghaidh leibhéal iomchuí idirghníomhaíochta daonna agus sóisialta. Chun cosc a chur ar shárú ar an toirmeasc ar chéastóireacht agus cóireáil nó pionós mídhaonna nó táireach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil aon eisceachtaí ón riail seo i gcomhthéacs córais agus bearta slándála speisialta, lena n-áirítear gaibhniú aonair, riachtanach agus comhréireach.

    Obair agus oideachas na ndaoine atá á gcoinneáil chun a n-athimeascadh sóisialta a chur chun cinn

    (47)

    Ba cheart do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh in athshlánú sóisialta na ndaoine atá á gcoinneáil, agus a riachtanais aonair á gcur san áireamh acu. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit féachaint le hobair de chineál úsáideach, a bhfuil luach saothair ag dul léi, a chur ar fáil. D’fhonn athimeascadh rathúil an duine atá á choinneáil sa tsochaí agus i margadh an tsaothair a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit tús áite a thabhairt d’obair a bhaineann le gairmoiliúint.

    (48)

    Chun cuidiú le daoine atá á gcoinneáil ullmhú dá scaoileadh agus chun a n-athimeascadh sa tsochaí a éascú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach duine atá á choinneáil ar chláir oideachais atá sábháilte, cuimsitheach agus inrochtana (lena n-áirítear cianfhoghlaim) a fhreastalaíonn ar a riachtanais aonair agus a mianta á gcur san áireamh ag an am céanna.

    Cúram Sláinte

    (49)

    Ba cheart do na Ballstáit a ráthú go mbeidh rochtain go tráthúil ag na daoine atá á gcoinneáil ar an gcúnamh leighis, lena n-áirítear cúnamh síceolaíoch, a theastaíonn uathu chun a sláinte fhisiciúil agus mheabhrach a chothabháil. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonann cúram sláinte i saoráidí coinneála na caighdeáin chéanna a sholáthraíonn an córas sláinte poiblí náisiúnta, lena n-áirítear maidir le cóireáil shíciatrach.

    (50)

    Ba cheart do na Ballstáit maoirseacht leighis rialta a chur ar fáil agus ba cheart dóibh vacsaíniú agus cláir scagthástála sláinte a spreagadh, lena n-áirítear cláir theagmhálacha (VEID, heipitíteas víreasach B agus C, eitinn agus galair gnéas-tarchurtha) agus galair neamh-theagmhálacha (go háirithe scagthástáil ailse), agus diagnóis ina dhiaidh sin agus cóireáil a thionscnamh nuair is gá. Is féidir le cláir oideachais sláinte rannchuidiú le rátaí scagthástála agus litearthacht sláinte a fheabhsú. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtugtar aird ar leith ar chóireáil le haghaidh daoine atá á gcoinneáil agus a bhfuil andúil i ndrugaí acu, ar ghalair thógálacha a chosc agus a chúram, ar mheabhairshláinte agus ar fhéinmharú a chosc.

    (51)

    Ba cheart do na Ballstáit a cheangal go ndéanfaí scrúdú leighis gan moill mhíchuí ag tús aon tréimhse ina gcailltear saoirse agus tar éis aon aistrithe.

    Foréigean agus drochíde a chosc

    (52)

    Ba cheart do na Ballstáit gach beart réasúnach a dhéanamh chun sábháilteacht na ndaoine atá á gcoinneáil a áirithiú agus chun aon chineál céastóireachta nó drochíde a chosc. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú nach bhfuil na daoine atá á gcoinneáil faoi réir foréigin nó drochíde ón bhfoireann sa tsaoráid choinneála agus go gcaitear leo i leith dhínit na ndaoine sin. Ba cheart do na Ballstáit ceangal a chur ar bhaill foirne sa tsaoráid choinneála agus ar na húdaráis inniúla go léir daoine atá á gcoinneáil a chosaint ar fhoréigean nó ar dhrochíde ó dhaoine eile atá á gcoinneáil.

    (53)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar maoirseacht ar chomhlíonadh an dualgais cúraim seo agus ar aon úsáid fornirt ag baill foirne sa tsaoráid choinneála.

    Teagmháil leis an saol lasmuigh

    (54)

    Ba cheart do na Ballstáit ligean do dhaoine atá á gcoinneáil cuairteanna a fháil óna dteaghlaigh agus ó dhaoine eile, amhail ionadaithe dlíthiúla, oibrithe sóisialta agus lia-chleachtóirí. Ba cheart do na Ballstáit cead a thabhairt freisin do dhaoine atá á gcoinneáil comhfhreagras a dhéanamh faoi shaoirse leis na daoine sin trí litir agus, a mhinice is féidir, ar an teileafón nó trí mhodhanna eile cumarsáide, lena n-áirítear modhanna malartacha cumarsáide do dhaoine faoi mhíchumas.

    (55)

    Ba cheart do na Ballstáit saoráidí oiriúnacha a chur ar fáil chun freastal ar chuairteanna teaghlaigh faoi dhálaí atá oiriúnach do leanaí, atá comhoiriúnach le héilimh na slándála ach nach bhfuil chomh trámach céanna do leanaí. Ba cheart go n-áiritheodh cuairteanna teaghlaigh den sórt sin teagmháil rialta agus bríoch idir baill teaghlaigh.

    (56)

    Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar chumarsáid a chumasú trí mheáin dhigiteacha, amhail físghlaonna, chun cur ar chumas daoine atá á gcoinneáil, inter alia, teagmháil a choinneáil lena dteaghlaigh, iarratas a dhéanamh ar phoist, cúrsaí oiliúna a dhéanamh nó cóiríocht a lorg mar ullmhúchán lena scaoileadh.

    (57)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcás ina bhfuil cosc eisceachtúil ar dhaoine atá á choinneáil cumarsáid a dhéanamh leis an saol lasmuigh, go bhfuil fíorghá le beart sriantach den sórt sin agus go bhfuil sé comhréireach agus nach gcuirtear i bhfeidhm é ar feadh tréimhse fhada.

    Cúnamh dlíthiúil

    (58)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach ag na daoine áta á choinneáil ar dhlíodóir.

    (59)

    Ba cheart do na Ballstáit rúndacht cruinnithe agus cineálacha eile cumarsáide, lena n-áirítear comhfhreagras dlí, idir na daoine atá á gcoinneáil agus a gcomhairleoirí dlí a urramú.

    (60)

    Ba cheart do na Ballstáit rochtain a thabhairt do dhaoine atá á choinneáil ar dhoiciméid a bhaineann lena n-imeachtaí dlíthiúla, nó cead a thabhairt dóibh na doiciméid sin a choimeád ina seilbh.

    Iarrataí agus gearáin

    (61)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear na daoine atá á gcoinneáil go léir ar an eolas go soiléir faoi na rialacha is infheidhme ina saoráid choinneála shonrach.

    (62)

    Ba cheart do na Ballstáit rochtain éifeachtach ar nós imeachta a éascú lena gcuirtear ar chumas daoine atá á gcoinneáil dúshlán oifigiúil a thabhairt maidir le gnéithe dá saol faoi choinneáil. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir le daoine atá á gcoinneáil iarratais agus gearáin faoi rún a thíolacadh faoi shaoirse maidir lena gcóireáil, trí shásraí gearáin inmheánacha agus seachtracha araon.

    (63)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go láimhseálann údarás nó binse neamhspleách a bhfuil sé de chumhacht aige gearáin ó na daoine atá á gcoinneáil bearta faoisimh a ordú go pras agus go dícheallach, go háirithe bearta chun deireadh a chur le haon sárú ar an gceart gan a bheith faoi réir chéastóireacht nó cóireáil atá mídhaonna nó táireach.

    Bearta speisialta do mhná agus do chailíní

    (64)

    Ba cheart do na Ballstáit riachtanais shonracha fhisiceacha, ghairmiúla, shóisialta agus shíceolaíocha na mban agus na gcailíní, chomh maith le riachtanais sláintíochta agus chúram sláinte, a chur san áireamh agus cinntí á ndéanamh acu a dhéanann difear d’aon ghné dá gcoinneáil.

    (65)

    Ba cheart do na Ballstáit cead a thabhairt do dhaoine atá á choinneáil leanbh a bheith acu in ospidéal lasmuigh den tsaoráid choinneála. I gcás ina mbéarfar leanbh sa tsaoráid choinneála, ba cheart do na Ballstáit an tacaíocht agus na saoráidí uile is gá a shocrú chun an nasc idir an mháthair agus an leanbh a chosaint agus chun a bhfolláine choirp agus mheabhrach a choimirciú, lena n-áirítear cúram sláinte iomchuí réamhbhreithe agus iarbhreithe.

    (66)

    Ba cheart do na Ballstáit a cheadú do dhaoine atá á choinneáil a bhfuil leanaí naíonán acu na leanaí sin a choinneáil leo sa tsaoráid choinneála a mhéid a bheidh sé sin comhoiriúnach le leas an linbh. Ba cheart do na Ballstáit cóiríocht speisialta a chur ar fáil agus gach beart réasúnta a dhéanamh a oireann do leanaí chun sláinte agus leas na leanaí lena mbaineann a áirithiú le linn an phianbhreith a chur i bhfeidhm.

    Bearta speisialta do náisiúnaigh choigríche

    (67)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain réasúnach ag náisiúnaigh choigríche agus ag daoine eile atá á choinneáil a bhfuil riachtanais áirithe teanga acu ar sheirbhísí gairmiúla ateangaireachta agus ar aistriúcháin ar ábhair scríofa i dteanga a thuigeann siad.

    (68)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear náisiúnaigh choigríche ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoina gceart teagmháil a iarraidh, agus go dtabharfar saoráidí réasúnacha dóibh chun cumarsáid a dhéanamh le seirbhís taidhleoireachta nó chonsalach a dtíre náisiúntachta.

    (69)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear faisnéis maidir le cúnamh dlí ar fáil.

    (70)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear náisiúnaigh choigríche ar an eolas faoin bhféidearthacht a iarraidh go n-aistreofaí forghníomhú a mbeart maoirseachta pianbhreithe nó a mbeart maoirseachta réamhthrialach chuig a dtír náisiúntachta nó a dtír bhuanchónaithe, amhail faoi Chinneadh Réime 2008/909/CGB agus Cinneadh Réime 2009/829/CGB.

    Bearta speisialta do leanaí agus d’aosaigh óga

    (71)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil sárleasanna an linbh ina bpríomhchomaoin i ngach ábhar a bhaineann lena gcoinneáil, agus go gcuirtear a gcearta sonracha agus a riachtanais shonracha san áireamh agus cinntí á ndéanamh a mbíonn tionchar acu ar aon ghné dá gcoinneáil.

    (72)

    I gcás leanaí, ba cheart do na Ballstáit córas coinneála iomchuí ildisciplíneach a bhunú lena n-áiritheofar agus lena gcaomhnófar a sláinte agus a bhforbairt choirp, mheabhrach agus mhothúchánach, a gceart chun oideachais agus oiliúna, feidhmiú éifeachtach agus rialta a gceart chun saol an teaghlaigh, agus a rochtain ar chláir lena gcothaítear a n-ath-imeascadh sa tsochaí.

    (73)

    Aon úsáid a bhaintear as bearta araíonachta, lena n-áirítear gaibhniú aonair, úsáid srianta nó úsáid fornirt, ba cheart í a bheith faoi réir dianriachtanais agus breithnithe comhréireachta.

    (74)

    I gcás inarb iomchuí, spreagtar na Ballstáit chun an córas coinneála d’ógchiontóirí a chur i bhfeidhm ar chiontóirí óga faoi bhun 21 bliain d’aois.

    Bearta speisialta do dhaoine faoi mhíchumas nó a bhfuil riochtaí sláinte tromchúiseacha orthu

    (75)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear cúram iomchuí ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas nó do dhaoine eile a bhfuil riochtaí tromchúiseacha leighis orthu atá inchomparáide leis an gcúram a chuireann an córas náisiúnta sláinte poiblí ar fáil agus a fhreastalaíonn ar a riachtanais shonracha. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear cúram gairmiúil speisialaithe ar fáil do dhaoine ar diagnóisíodh go raibh fadhbanna meabhairshláinte acu, i gcás ina bhfuil gá leis sin in institiúidí speisialaithe nó i rannáin thiomnaithe den tsaoráid choinneála faoi mhaoirseacht leighis, agus go ndéantar cúram sláinte leanúnach a sholáthar do dhaoine atá á gcoinneáil tráth atá siad á n-ullmhú dá scaoileadh saor, i gcás inar gá.

    (76)

    Ba cheart do na Ballstáit cúram ar leith a ghlacadh chun freastal ar riachtanais daoine atá faoi mhíchumas nó riochtaí tromchúiseacha leighis maidir le coinníollacha ábhartha coinneála agus córais choinneála agus chun inrochtaineacht na ndaoine sin a áirithiú. Ba cheart go n-áireofaí leis sin gníomhaíochtaí cuí a sholáthar do na daoine atá á gcoinneáil sin.

    Bearta speisialta chun daoine eile atá á choinneáil a bhfuil riachtanais nó leochaileachtaí speisialta acu a chosaint

    (77)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéanfaidh socrú faoi choinneáil níos measa fós imeallú daoine mar gheall ar a dtreoshuíomh gnéasach, a mbunadh ciníoch nó eitneach nó a gcreideamh reiligiúnach nó ar bhonn aon fhorais eile.

    (78)

    Ba cheart do na Ballstáit gach beart réasúnach a dhéanamh chun cosc a chur ar fhoréigean nó ar dhrochíde eile, amhail mí-úsáid fhisiciúil, mheabhrach nó ghnéasach, i gcoinne daoine mar gheall ar a dtreoshuíomh gnéasach, a mbunadh ciníoch nó eitneach, a gcreideamh nó ar bhonn aon fhorais eile ag baill foirne sa tsaoráid choinneála nó ag daoine eile atá á choinneáil. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear bearta cosanta speisialta i bhfeidhm i gcás ina bhfuil baol foréigin nó drochíde den sórt sin ann.

    Cigireachtaí agus faireachán

    (79)

    Ba cheart do na Ballstáit cigireachtaí rialta ag údarás neamhspleách a éascú chun a mheas an bhfuil saoráidí coinneála á riar i gcomhréir le ceanglais an dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit rochtain gan bhac a thabhairt don Choiste chun Céastóireacht agus Cóireáil nó Pionós Mídhaonna nó Táireach a Chosc agus don líonra Sásraí Náisiúnta Coisctheacha.

    (80)

    Ba cheart do na Ballstáit rochtain ar shaoráidí coinneála a dheonú do pharlaiminteoirí náisiúnta agus moltar dóibh rochtain den chineál céanna a thabhairt d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa.

    (81)

    Ba cheart do na Ballstáit cuimhneamh freisin ar chuairteanna rialta ar shaoráidí coinneála agus ar ionaid choinneála eile a eagrú do bhreithiúna, d’ionchúisitheoirí agus do dhlíodóirí cosanta mar chuid dá n-oiliúint bhreithiúnach.

    Bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar an radacú i bpríosúin

    (82)

    Moltar do na Ballstáit measúnú riosca tosaigh a dhéanamh chun an córas coinneála iomchuí a chinneadh is infheidhme maidir le daoine atá faoi dhrochamhras nó atá ciontaithe i gcionta sceimhlitheoireachta agus antoisceacha foréigneacha.

    (83)

    Bunaithe ar an measúnú riosca seo, féadfar na daoine atá á gcoinneáil seo a chur le chéile i sciathán sceimhlitheoireachta ar leith nó iad a scaipeadh i measc an ghnáthphobail phríosúin. Sa chás deireanach sin, ba cheart do na Ballstáit cosc a chur ar dhaoine aonair den sórt sin teagmháil dhíreach a bheith acu le daoine atá á gcoinneáil i gcásanna lena mbaineann leochaileacht áirithe maidir le coinneáil.

    (84)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh lucht riaracháin na bpríosún tuilleadh measúnuithe riosca ar bhonn rialta (ag tús na coinneála, le linn na coinneála agus sula scaoilfear saor daoine atá faoi dhrochamhras nó atá ciontaithe i gcionta sceimhlitheoireachta agus antoisceacha foréigneacha).

    (85)

    Spreagtar na Ballstáit chun oiliúint feasachta ginearálta a sholáthar do gach ball foirne, agus oiliúint a sholáthar do bhaill foirne speisialaithe, chun comharthaí radacaithe a aithint go luath. Ba cheart do na Ballstáit smaoineamh freisin ar líon iomchuí séiplíneach príosúin dea-oilte a chur ar fáil a dhéanann ionadaíocht ar reiligiúin éagsúla.

    (86)

    Ba cheart do na Ballstáit bearta a chur chun feidhme lena bhforálfar do chláir don athshlánú, don díradacú agus don dícheangal i bpríosún, mar ullmhúchán don scaoileadh saor, agus do chláir tar éis a scaoilte chun ath-imeascadh na ndaoine arna gciontú i gcionta sceimhlitheoireachta agus i gcionta antoisceacha foréigneacha a chur chun cinn.

    FAIREACHÁN

    (87)

    Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas maidir leis an méid a dhéanfaidh siad i ndáil leis an Moladh seo laistigh de 18 mhí ó dháta a ghlactha. Bunaithe ar an bhfaisnéis sin, ba cheart don Choimisiún faireachán agus measúnú a dhéanamh ar na bearta a dhéanann na Ballstáit agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle laistigh de 24 mhí tar éis ghlacadh an Mholta seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Didier REYNDERS

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 5 Aibreán 2016, Aranyosi and Căldăraru, C-404/15 agus C-659/15 PPU, ECLI:EU:C:2016:198. Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 25 Iúil 2018, Generalstaatsanwaltschaft, C-220/18 PPU, ECLI:EU:C:2018:589 agus Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 15 Deireadh Fómhair 2019, Dimitru-Tudor Dorobantu, C-128/18, CLI:EU:C:2019:857.

    (2)  Cinneadh Réime ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).

    (3)  Bivolaru agus an Mholdóiv v An Fhrainc, Breithiúnas an 25 Márta 2021, 40324/16 agus 12623/17.

    (4)  https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-14540-2018-INIT/ga/pdf

    (5)  https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-14075-2019-INIT/ga/pdf

    (6)  https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-9727-2019-INIT/ga/pdf.

    (7)  (2019/2207(INI)) mar a glacadh é an 20 Eanáir 2021.

    (8)  Téigh chuig https://fra.europa.eu/ga/databases/criminal-detention.

    (9)  An tréimhse a chlúdaítear 2016-2019. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach: https://ec.europa.eu/info/publications/replies-questionnaire-quantitative-information-practical-operation-european-arrest-warrant_ga

    (10)  An 9ú babhta meastóireachtaí frithpháirteacha agus conclúidí na Comhdhála Ardleibhéil maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, arna eagrú ag Uachtaránacht na Gearmáine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh i Meán Fómhair 2020.

    (11)  Féach an Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí, Rights of suspects and accused persons who are in pre-trial detention (exploratory study): final report, [Cearta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe nuair atá siad faoi choinneáil réamhthrialach (staidéar taiscéalaíoch): tuarascáil deiridh] Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022, https://data.europa.eu/doi/10.2838/293366; An Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí, Rights of suspects and accused persons who are in pre-trial detention (exploratory study). Annex 2, Country fiches, [Cearta daoine atá faoi dhrochamhras agus daoine atá cúisithe nuair atá siad faoi choinneáil réamhthrialach (staidéar taiscéalaíoch): Iarscríbhinn 2, Bileoga tíortha] Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022, https://data.europa.eu/doi/10.2838/184080.

    (12)  Idir níos lú ná 1 bhliain san Ostair, sa Ghearmáin, sa Danmhairg, san Eastóin, sa Laitvia, sa tSualainn agus sa tSlóvaic; Idir 1 bhliain agus 2 bhliain sa Bhulgáir, sa Ghréig, sa Liotuáin, i Málta, sa Pholainn agus sa Phortaingéil; Idir 2 bhliain agus 5 bliana i bPoblacht na Seice, sa Fhrainc, sa Spáinn, sa Chróit agus san Ungáir; Níos mó ná 5 bliana san Iodáil agus sa Rómáin; Gan teorainn ama sa Bheilg, sa Chipir, san Fhionlainn, in Éirinn, i Lucsamburg, san Ísiltír.

    (13)  In 2020, ó díreach faoi bhun 2 mhí go leith i Málta go dtí beagnach 13 mhí sa tSlóivéin. An meán de réir an Bhallstáit: An Ostair – 2,9 mí; An Bhulgáir – 6,5 mí; Poblacht na Seice – 5,1 mí; An Eastóin – 4,7 mí; An Fhionlainn – 3,7 mí; An Ghréig – 11,5 mí; An Ungáir – 12,3 mí; Éire – 2,5 mí; An Iodáil – 6,5 mí; An Liotuáin – 2,8 mí; Lucsamburg – 5,2 mí; Málta – 2,4 mí; An Ísiltír – 3,7 mí; An Phortaingéil – 11 mí; An Rómáin – 5,3 mí; An tSlóvaic – 3,9 mí; An tSlóivéin – 12,9 mí; An Spáinn – 5,9 mí. Ní raibh aon sonraí le fáil don bhliain 2020 i gcás na Beilge, na Danmhairge, na Fraince, na Laitvia, na Polainne, na Gearmáine, na Cróite, na Cipire agus na Sualainne.

    (14)  Níos lú ná 10 % sa Bhulgáir, i bPoblacht na Seice agus sa Rómáin agus níos mó ná 45 % i Lucsamburg.

    (15)  Treoir 2010/64/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus chun aistriúcháin in imeachtaí coiriúla (IO L 280, 26.10.2010, lch. 1).

    (16)  Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart i gcomhair faisnéise in imeachtaí coiriúla (IO L 142, 1.6.2012, lch. 1).

    (17)  Treoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart chun dlíodóir a rochtain in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse (IO L 294, 6.11.2013, lch. 1).

    (18)  Treoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair le linn na trialach in imeachtaí coiriúla (IO L 65, 11.3.2016, lch. 1).

    (19)  Treoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis na coimircí nós imeachta do leanaí atá faoi drochamhras nó do dhaoine cúisithe in imeachtaí coiriúla (IO L 132, 21.5.2016, lch. 1).

    (20)  Treoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine a bhfuil drochamhras fúthu nó a bhfuil cúis curtha ina leith in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí faoi réir barántas gabhála Eorpach (IO L 297, 4.11.2016, lch. 1.).

    (21)  IO C 378, 24.12.2013, lch. 8.

    (22)  (IO L 327, 5.12.2008, Ich. 27)

    (23)  Cinneadh Réime 2009/829/CGB ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2009 (IO L 294, 11.11.2009, lch. 20).


    Top