Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2584

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2584 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le hidir-inoibritheacht na gcóras iarnróid a dréachtaíodh chun tacú le Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2023/7612

IO L, 2023/2584, 21.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2584/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 13/04/2026

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2584/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2584

21.11.2023

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2584 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Samhain 2023

maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le hidir-inoibritheacht na gcóras iarnróid a dréachtaíodh chun tacú le Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), comhábhair idir-inoibritheachta agus fochórais atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis gur comhábhair agus fochórais iad atá i gcomhréir leis na buncheanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó leis na codanna sin díobh a leagtar amach sa Treoir sin.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 1057 ón gCoimisiún (3), rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir (AE) 2016/797, lenar aisghaireadh Treoir 2008/57/AE.

(3)

Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 1057, dhréachtaigh CEN agus Cenelec na caighdeáin chomhchuibhithe nua seo a leanas: EN 15085-3:2022+A1:2023; EN 15085-6:2022; EN 16334-1:2014+A1:2022; EN 16704-1:2016+A1:2021; EN 16704-3:2016+A1:2021; EN 16839:2022; EN 50641:2020 agus leasú EN 62580-1:2016/A11:2017 ar chaighdeán comhchuibhithe EN 62580-1:2016.

(4)

Thairis sin, ar bhonn na hIarrata, d’athbhreithnigh CEN agus Cenelec na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh trí bhíthin Theachtaireachtaí 2011/C 214/02 (4) agus 2018/C 282/03 (5), agus trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/453 (6) ón gCoimisiún, chun iad a oiriúnú don dul chun cinn sa teicneolaíocht: EN ISO 3381:2011, EN 12080:2017, EN 12082:2017, EN 13103-1:2017, EN 13230-4:2009, EN 13260:2009+A1:2010, EN 13261:2009+A1:2010, EN 13262:2004+A2:2011, EN 13272:2012, EN 13481-2:2012+A1:2017, EN 13481-3:2012, EN 13481-5:2012+A1:2017, EN 13481-7:2012, EN 13674-2:2006+A1:2010, EN 13715:2006+A1:2010, EN 13749:2011, EN 13979-1:2003+A2:2011, EN 14033-1:2017, EN 14067-5:2006+A1:2010, EN 14363:2016+A1:2018, EN 14531-1:2015, EN 14535-1:2005+A1:2011, EN 14535-2:2011, EN 14535-3:2015, EN 14601:2005+A1:2010, EN 14752:2015, EN 15020:2006+A1:2010, EN 15153-1:2013+A1:2016, EN 15153-2:2013, EN 15227:2008+A1:2010, EN 15302:2008+A1:2010, EN 15427:2008+A1:2010, EN 15437-1:2009, EN 15437-2:2012, EN 15528:2015, EN 15551:2017, EN 15566:2016, EN 15595:2009+A1:2011, EN 15611:2008+A1:2010, EN 15612:2008+A1:2010, EN 15624:2008+A1:2010, EN 15625:2008+A1:2010, EN 15654-1:2018, EN 15663:2009, EN 15663:2009/AC:2010, EN 15686:2010, EN 15687:2010, EN 15734-1:2010, EN 15734-2:2010 arna cheartú le EN 15734-2:2010/AC:2012, EN 15746-1:2010+A1:2011, EN 15746-2:2010+A1:2011, EN 15806:2010, EN 15807:2011, EN 15892:2011, EN 16116-1:2013, EN 16116-2:2013, EN 16185-1:2014, EN 16185-2:2014, EN 16186-3:2016+A1:2018, EN 16207:2014, EN 16334:2014, EN 45545-2:2013+A1:2015, EN 50122-2:2010, EN 50122-3:2010, EN 50155:2007 arna cheartú le EN 50155:2007/AC:2010 agus EN 50155:2007/AC:2012, EN 50159:2010, EN 50163:2004 arna cheartú le EN 50163:2004/AC:2010 agus EN 50163:2004/AC:2013 agus arna leasú le EN 50163:2004/A1:2007, EN 50238-1:2003 arna cheartú le EN 50238-1:2003/AC:2014, EN 50317:2012, EN 50317:2012/AC:2012, EN 50367:2012, EN 50367:2012/AC:2013 agus arna leasú le EN 50367:2012/A1:2016, EN 50388:2012 arna cheartú le EN 50388:2012/AC:2013, EN 50553:2012 arna cheartú le EN 50553:2012/AC:2013 agus arna leasú le EN 50553:2012/A1:2016.

(5)

Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe leasaitheacha seo a leanas: EN 13481-2:2022; EN 13481-3:2022; EN 14363:2016+A2:2022; EN 15437-2:2012+A1:2022; EN 15551:2022; EN 15566:2022; EN 15611:2020+A1:2022; EN 15624:2021; EN 15625:2021; EN 15734-1:2010+A1:2021; EN 15807:2021; EN 16116-1:2022; EN 16116-2:2021; EN 16186-3:2022; EN 50155:2021.

(6)

Ina theannta sin, ar bhonn na hIarrata, rinne CEN agus Cenelec na caighdeáin seo a leanas a leasú/a athbhreithniú, caighdeáin a gcuimsítear na tagairtí dóibh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/453 EN 14067-6:2018, EN 14198:2016+A1:2018, EN 50122-1:2011 arna leasú le EN 50122-1:2011/A1:2011, EN 50122-1:2011/A2:2016, EN 50122-1:2011/A3:2016 agus EN 50122-1:2011/A4:2017 agus arna cheartú le EN 50122-1:2011/AC:2012, EN 50318:2018.

(7)

Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe leasaitheacha seo a leanas: EN 14198:2016+A2:2021 agus EN 50318:2018 arna leasú le EN 50318:2018/A1:2022.

(8)

Na caighdeáin a rinne CEN agus Cenelec a dhréachtú nó a athbhreithniú, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN agus Cenelec féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin sin an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 1057.

(9)

Comhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtaigh, a d’athbhreithnigh agus a leasaigh CEN agus Cenelec ar bhonn na hIarrata, seachas caighdeán comhchuibhithe EN 50641:2020, na ceanglais uile is aidhm dóibh a chumhdach, ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/797. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(10)

Tar éis don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar chaighdeán EN 50641:2020, áfach, tháinig sé ar an gconclúid nach gcomhlíonann an caighdeán na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/797 ach amháin i ndáil le clásal 4.2.4 de Rialachán (AE) Uimh. 1301/2014 ón gCoimisiún (7). Dá bhrí sin, is iomchuí an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú, maille le srianta, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(11)

Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúnaíocht, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir (AE) 2016/797 agus a chomhlíonann na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ba cheart liosta iomlán de na tagairtí sin a fhoilsiú in aon ghníomh amháin. Na tagairtí eile do chaighdeáin chomhchuibhithe a foilsíodh ar dtús i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/453 agus i dTeachtaireacht 2018/C 282/03, ba cheart, dá bhrí sin, iad a áireamh sa Chinneadh seo má dheimhnítear a mbailíocht, nó ba cheart iad a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar dháta foilsithe an Chinnidh seo.

(12)

Rinneadh go leor de na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a foilsíodh i dTeachtaireacht 2018/C 282/03 a tharraingt siar cheana féin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/453.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/453 a aisghairm agus ba cheart gan fheidhm a bheith ag Teachtaireacht 2018/C 282/03 a thuilleadh.

(14)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuiltear i gcomhréir leis na buncheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais.. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le hidir-inoibritheacht na gcóras iarnróid a dréachtaíodh chun tacú le Treoir (AE) 2016/797 agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, leis seo déantar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. An tagairt a liostaítear i ró 114 den Iarscríbhinn sin, foilsítear í maille le srianta.

Airteagal 2

Scoirfidh Teachtaireacht 2018/C 282/03 d’fheidhm a bheith aici.

Na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a foilsíodh sa Teachtaireacht sin agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo, leis seo déantar iad a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/453.

Na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a foilsíodh sa Chinneadh sin agus a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo, leis seo déantar iad a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Samhain 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44)

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 1057 final ón gCoimisiún an 20.2.2023 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil a mhéid a bhaineann le táirgí, chun tacú le Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (IO C 214, 20.7.2011, lch. 54).

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (IO C 282, 10.8.2018, lch. 6).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/453 ón gCoimisiún an 27 Márta 2020 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le táirgí iarnróid a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (IO L 95, 30.3.2020, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1301/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann leis an bhfochóras ‘fuinneamh’ den chóras iarnróid san Aontas Eorpach (IO L 356, 12.12.2014, lch. 179).


IARSCRÍBHINN I

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

1.

EN 12081:2017

Feidhmeanna iarnróid - Boscaí acastóirí - Gréisc bhealaithe

2.

EN 12663-1:2010+A1:2014

Feidhmeanna iarnróid - Ceanglais struchtúracha maidir le cabhlacha feithiclí iarnróid - Cuid 1: Innill fhéinghluaiste agus rothstoc paisinéirí (agus modh malartach le haghaidh vaigíní lastais)

3.

EN 12663-2:2010

Feidhmeanna iarnróid - Ceanglais struchtúracha maidir le cabhlacha feithiclí iarnróid - Cuid 2: Vaigíní lastais

4.

EN 13129:2016

Feidhmeanna iarnróid - Aerchóiriú le haghaidh rothstoc na príomhlíne - Paraiméadair chompoird agus tástálacha cineáil

5.

EN 13145:2001+A1:2011

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Trasnáin agus iompróirí adhmaid

6.

EN 13230-1:2016

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Trasnáin agus iompróirí coincréite - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta

7.

EN 13230-2:2016

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Trasnáin agus iompróirí coincréite - Cuid 2: Trasnáin aonbhloic réamhstrusta

8.

EN 13230-3:2016

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Trasnáin agus iompróirí coincréite - Cuid 3: Trasnáin neartaithe dhá bhloc

9.

EN 13231-5:2018

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Glacadh oibreacha - Cuid 5: Nósanna imeachta maidir le hathphróifíliú ráillí i ngairis líonta loma, ladhróg, crosairí agus leathnaithe

10.

EN 13232-2:2003+A1:2011

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Ladhróga agus crosairí - Cuid 2: Ceanglais le haghaidh dearadh geoiméadrach

11.

EN 13232-3:2003+A1:2011

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Ladhróga agus crosairí - Cuid 3: Ceanglais le haghaidh idirghníomhaíocht roth/ráillí

12.

EN 13232-4:2005+A1:2011

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Ladhróga agus crosairí - Cuid 4: Gníomhrú, glasáil agus braith

13.

EN 13232-5:2005+A1:2011

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Ladhróga agus crosairí - Cuid 5: Ladhróga

14.

EN 13232-6:2005+A1:2011

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Ladhróga agus crosairí - Cuid 6: Crosairí seasta coiteanna agus maoluilleacha

15.

EN 13232-7:2006+A1:2011

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Ladhróga agus crosairí - Cuid 7: Crosairí ar a bhfuil páirteanna inbhogtha

16.

EN 13232-8:2007+A1:2011

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Ladhróga agus crosairí - Cuid 8: Fearais leathnaithe

17.

EN 13232-9:2006+A1:2011

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Ladhróga agus crosairí - Cuid 9: Leaganacha amach

18.

EN 13481-2:2022

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Ceanglais feidhmíochta le haghaidh córais daingniúcháin - Cuid 2: Córais cheangail le haghaidh trasnáin choincréite i mballasta

19.

EN 13481-3:2022

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Ceanglais feidhmíochta le haghaidh córais daingniúcháin - Cuid 3: Córais daingniúcháin le haghaidh trasnáin chumaisc adhmaid agus pholaiméireacha

20.

EN 13674-1:2011+A1:2017

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Ráillí - Cuid 1: Ráillí iarnróid Vignole 46 kg/m agus os a chionn

21.

EN 13674-3:2006+A1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Rianta- Ráillí - Cuid 3: Ráillí cosanta

22.

EN 13803-1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Paraiméadair dearaidh um ailíniú rianta - Leithid rianta 1 435 mm agus níos leithne - Cuid 1: Líne lom

23.

EN 13803-2:2006+A1:2009

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Paraiméadair dearaidh um ailíniú rianta - Leithid rianta 1 435 mm agus níos leithne - Cuid 2: Ladhróga agus crosairí agus cásanna inchomparáide dearaidh um ailíniú lena ngabhann athruithe tobanna ar an gcuaire

24.

EN 13848-5:2017

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Cáilíocht gheoiméadrach rianta - Cuid 5: Leibhéil cháilíochta geoiméadraí - Líne lom, ladhróga agus crosairí

25.

EN 14067-4:2013+A1:2018

Feidhmeanna iarnróid - Aeraidinimic - Cuid 4: Ceanglais agus nósanna imeachta tástála le haghaidh aeraidinimice ar rian oscailte

26.

EN 14198:2016+A2:2021

Feidhmeanna iarnróid - Coscánú - Ceanglais maidir le córas coscánaithe traenacha a tharraingíonn innill fhéinghluaiste

27.

EN 14363:2016+A2:2022

Feidhmeanna iarnróid - Tástáil agus Ionsamhlú le haghaidh glacadh saintréithe reatha feithiclí iarnróid - Iompar Reatha agus tástálacha seasta

28.

EN 14531-2:2015

Feidhmeanna iarnróid - Modhanna chun faid stoptha agus mhoillithe agus coscánú baic gluaiseachta a ríomh - Cuid 2: Ríomhanna céim ar chéim le haghaidh foirne traenacha nó feithiclí aonair

29.

EN 14587-2:2009

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Buntáthú splaince ráillí - Cuid 2: Ráillí úra gráid R220, R260, R260Mn agus R350HT le hinnill táthúcháin shoghluaiste ag láithreáin eile seachas ionad seasta

30.

EN 14813-1:2006+A1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Aerchóiriú le haghaidh cábáin tiomána - Cuid 1: Paraiméadair chompoird

31.

EN 14813-2:2006+A1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Aerchóiriú le haghaidh cábáin tiomána - Cuid 2: Tástálacha cineáil

32.

EN 14865-1:2009+A1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Gréisc bhealaithe an bhosca acastóirí - Cuid 1: Modh chun an cumas bealaithe a thástáil

33.

EN 14865-2:2006+A2:2010

Feidhmeanna iarnróid - Gréisc bhealaithe an bhosca acastóirí - Cuid 2: Modh chun cobhsaíocht mheicniúil luasanna feithicle suas le 200 km/h a chlúdach a thástáil

34.

EN 15085-3:2022+A1:2023

Feidhmeanna iarnróid - Táthú feithiclí agus páirteanna iarnróid - Cuid 3: Ceanglais dearaidh

35.

EN 15085-6:2022

Feidhmeanna iarnróid - Táthú feithiclí agus páirteanna iarnróid - Cuid 6: Riachtanais táthaithe ar mhaithe le caoi a choinneáil ar threalamh

36.

EN 15220:2016

Feidhmeanna iarnróid - Táscairí coscáin

37.

EN 15273-2:2013+A1:2016

Feidhmeanna iarnróid - Leithid - Cuid 2: Leithead rothstoic

38.

EN 15273-3:2013+A1:2016

Feidhmeanna iarnróid - Leithid - Cuid 3: Imchlúdaigh struchtúir

39.

EN 15313:2016

Feidhmeanna iarnróid - Ceanglais maidir le hoibriú foirne roth inseirbhíse - Cothabháil sheachtrach agus inseirbhíse foirne roth

40.

EN 15355:2019

Feidhmeanna iarnróid - Coscánú - Comhlaí dáileora agus gairis aonraithe dáileoirí

41.

EN 15437-2:2012+A1:2022

Feidhmeanna iarnróid - Monatóireacht ar bhail an bhosca acastóirí - Ceanglais maidir le comhéadan agus dearadh - Cuid 2: Ceanglais maidir le feidhmíocht agus dearadh córas ar bord le haghaidh monatóireacht teochta

42.

EN 15461:2008+A1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Astaíocht torainn - Tréithriú airíonna dinimiciúla stráicí raoin le haghaidh tomhais torainn ‘ag dul thart’

43.

EN 15551:2022

Feidhmeanna iarnróid - Rothstoc iarnróid - Maoláin

44.

EN 15566:2022

Feidhmeanna iarnróid - Rothstoc iarnróid - Gléas tarraingthe agus cúpláil scriúnna

45.

EN 15594:2009

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Cur ar ais ráillí trí tháthú stua leictreach

46.

EN 15610:2019

Feidhmeanna iarnróid - Fuaimíocht - Tomhas gairbhe ráillí agus rotha maidir le giniúint teorainn

47.

EN 15611:2020+A1:2022

Feidhmeanna iarnróid - Coscánú - Comhlaí athsheachadáin

48.

EN 15624:2021

Feidhmeanna iarnróid - Coscánú - Gairis athraithe folmha-lódáilte

49.

EN 15625:2021

Feidhmeanna iarnróid - Coscánú - Gairis braite ualaigh athraithigh uathoibríocha

50.

EN 15723:2010

Feidhmeanna iarnróid - Gléasanna dúnta agus glasála le haghaidh gléasanna cosanta pálasta i gcoinne tionchair chomhshaoil - Ceanglais maidir le marthanacht, oibríocht, tásc, cothabháil, athchúrsáil

51.

EN 15734-1:2010+A1:2021

Feidhmeanna iarnróid - Córais choscánaithe traenacha ardluais - Cuid 1: Ceanglais agus sainmhínithe

52.

EN 15807:2021

Feidhmeanna iarnróid - Leathchupálacha neomatacha

53.

EN 15827:2011

Feidhmeanna iarnróid - Ceanglais maidir le bógaithe agus giaranna reatha

54.

EN 15877-1:2012+A1:2018

Feidhmeanna iarnróid - Marcáil ar fheithiclí iarnróid - Cuid 1: Vaigíní lastais

55.

EN 15877-2:2013

Feidhmeanna iarnróid - Marcanna ar fheithiclí iarnróid - Cuid 2: Marcanna seachtracha ar chóistí, aonaid cumhachta gluaisní, innill fhéinghluaiste agus innill ar raon

56.

EN 16019:2014

Feidhmeanna iarnróid - Cúplóir uathoibríoch - Ceanglais feidhmíochta, geoiméadracht chomhéadain ar leith agus modh tástála

57.

EN 16116-1:2022

Feidhmeanna iarnróid - Ceanglais deartha maidir le céimeanna, ráillí láimhe agus rochtain ghaolmhar do bhaill foirne - Cuid 1: Feithiclí paisinéirí, veaineanna agus innill fhéinghluaiste

58.

EN 16116-2:2021

Feidhmeanna iarnród - Ceanglais deartha maidir le céimeanna, ráillí láimhe agus rochtain ghaolmhar do bhaill foirne - Cuid 2: Vaigíní lastais

59.

EN 16186-1:2014+A1:2018

Feidhmeanna iarnróid - Cábán an tiománaí - Cuid 1: Sonraí agus antrapoiméadracha agus infheictheacht

60.

EN 16186-2:2017

Feidhmeanna iarnróid - Cábán an tiománaí - Cuid 2: Comhtháthú taispeántas, rialtán agus táscairí

61.

EN 16186-3:2022

Feidhmeanna iarnróid - Cábán an tiománaí - Cuid 3: Dearadh taispeáint d’fheithiclí troma iarnróid

62.

EN 16235:2013

Feidhmeanna iarnróid - Tástáil le haghaidh glacadh le saintréithe reatha feithiclí iarnróid - Vaigíní lastais - Coinníollacha le haghaidh dispeansáid vaigíní lastais lena bhfuil saintréithe sainithe ó thástálacha ar an raon de réir EN 14363

63.

EN 16241:2014+A1:2016

Feidhmeanna iarnróid - Coigeartóir scaoilteachta

64.

EN 16286-1:2013

Feidhmeanna iarnróid - Córas pasáistí idir feithiclí - Cuid 1: Príomhfheidhmeanna

65.

EN 16334-1:2014+A1:2022

Feidhmeanna iarnróid - Córas Rabhaidh do Phaisinéirí - Cuid 1: Riachtanais chórais le haghaidh iarnród príomhlíne

66.

EN 16404:2016

Feidhmeanna iarnróid - Ceanglais maidir le hathchur ráillí agus athshlánaithe le haghaidh feithiclí iarnróid

67.

EN 16452:2015+A1:2019

Feidhmeanna iarnróid - Coscánú - Bloic choscáin

68.

EN 16494:2015

Feidhmeanna iarnróid - Ceanglais maidir le Cláir ERTMS Taobh Riain

69.

EN 16584-1:2017

Feidhmeanna iarnróid - Dearadh le haghaidh úsáid PRM - Ceanglais ghinearálta - Cuid 1: Codarsnacht

70.

EN 16584-2:2017

Feidhmeanna iarnróid - Dearadh le haghaidh úsáid PRM - Ceanglais ghinearálta - Cuid 2: Faisnéis

71.

EN 16584-3:2017

Feidhmeanna iarnróid - Dearadh le haghaidh úsáid PRM - Ceanglais ghinearálta - Cuid 3: Saintréithe optúla agus frithchuimilte

72.

EN 16585-1:2017

Feidhmeanna iarnróid - Dearadh le haghaidh úsáid PRM - Trealamh agus comhpháirteanna ar bord rothstoic - Cuid 1: Leithris

73.

EN 16585-2:2017

Feidhmeanna iarnróid - Dearadh le haghaidh úsáid PRM - Trealamh agus comhpháirteanna ar bord rothstoic - Cuid 2: Gnéithe maidir le suí, seasamh agus gluaiseacht

74.

EN 16585-3:2017

Feidhmeanna iarnróid - Dearadh le haghaidh úsáid PRM - Trealamh agus comhpháirteanna ar bord rothstoic - Cuid 3: Glanbhealaí agus doirse inmheánacha

75.

EN 16586-1:2017

Feidhmeanna iarnróid - Dearadh le haghaidh úsáid PRM - Inrochtaineacht daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar rothstoc - Cuid 1: Céimeanna le haghaidh rochtana agus imeachta

76.

EN 16586-2:2017

Feidhmeanna iarnróid - Dearadh le haghaidh úsáid PRM - Inrochtaineacht daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar rothstoc - Cuid 2: Áiseanna bordála

77.

EN 16587:2017

Feidhmeanna iarnróid - Dearadh le haghaidh Úsáid PRM - Ceanglais maidir le bealaí saor ó bhacainní le haghaidh bonneagair

78.

EN 16683:2015

Feidhmeanna iarnróid - Gaireas um ghlao ar chabhair agus cumarsáide - Ceanglais

79.

EN 16704-1:2016+A1:2021

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Cosaint sábháilteachta ar an rian le linn oibre - Cuid 1: Rioscaí ar iarnróid agus prionsabail choiteanna le haghaidh láithreáin oibre sheasta agus mhóibíleacha a chosaint

80.

EN 16704-3:2016+A1:2021

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Cosaint sábháilteachta ar an rian le linn oibre - Cuid 3: Inniúlachtaí do phearsanra a bhfuil baint acu le hobair gar do rianta nó ar rianta

81.

EN 16729-1:2016

Feidhmeanna iarnróid - Bonneagar - Tástáil neamhscriosach ar ráillí raonta - Cuid 1: Ceanglais maidir le prionsabail um chigireacht agus meastóireacht ultrasonach

82.

EN 16729-3:2018

Feidhmeanna iarnróid - Bonneagar - Tástáil neamhscriosach ar ráillí rianta- Cuid 3: Ceanglais maidir le lochtanna ráillí inmheánacha agus dromchla a shainaithint

83.

EN 16729-4:2018

Feidhmeanna iarnróid - Bonneagar - Tástáil neamhscriosach ar ráillí rianta- Cuid 4: Cáilíocht an phearsanra le haghaidh tástáil neamhscriosach ar ráillí

84.

EN 16839:2022

Feidhmeanna iarnróid - Rothstoc - Leagan amach ceannstoic

85.

EN 16922:2017+A1:2019

Feidhmeanna iarnróid - Seirbhísí ar talamh - Trealamh le haghaidh scaoileadh fuíolluisce feithicle

86.

EN 17023:2018

Feidhmeanna iarnróid - Cothabháil feithiclí iarnróid - Plean cothabhála a chruthú agus a mhionathrú

87.

EN 17069-1:2019

Feidhmeanna iarnróid - Córais agus nósanna imeachta maidir le hathrú leithid rianta - Cuid 1: Córais Leithid Athraithigh Uathoibríocha

88.

EN 45545-1:2013

Feidhmeanna iarnróid - Cosaint dóiteáin ar fheithiclí iarnróid - Cuid 1: Ginearálta

89.

EN 45545-3:2013

Feidhmeanna iarnróid - Cosaint dóiteáin ar fheithiclí iarnróid - Cuid 3: Ceanglais dó-obachta do thoitbhacainní

90.

EN 45545-4:2013

Feidhmeanna iarnróid - Cosaint dóiteáin ar fheithiclí iarnróid - Cuid 4: Ceanglais maidir le sábháilteacht dóiteáin le haghaidh dearadh rothstoic

91.

EN 45545-5:2013+A1:2015

Feidhmeanna iarnróid - Cosaint dóiteáin ar fheithiclí iarnróid - Cuid 5: Ceanglais sábháilteachta dóiteáin le haghaidh trealamh leictreach lena n-áirítear trealamh leictreach busanna, busanna treoraithe ag rianta agus feithiclí ardaithe mhaighnéadaigh

92.

EN 45545-6:2013

Feidhmeanna iarnróid - Cosaint dóiteáin ar fheithiclí iarnróid - Cuid 6: Córais um rialú agus bainistíocht dóiteáin

93.

EN 45545-7:2013

Feidhmeanna iarnróid -Cosaint dóiteáin ar fheithiclí iarnróid - Cuid 7: Ceanglais sábháilteachta dóiteáin le haghaidh suiteálacha leachta inlasta agus gáis inlasta

94.

EN 50124-1:2017

Feidhmeanna iarnróid - Comhordú inslithe - Cuid 1: Buncheanglais - Spásanna agus faid ligin do gach trealamh leictreach agus leictreonach

95.

EN 50124-2:2017

Feidhmeanna iarnróid - Comhordú inslithe - Cuid 2: Róvoltais agus cosaint ghaolmhar

96.

EN 50125-2:2002

Feidhmeanna iarnróid - Dálaí comhshaoil maidir le trealaimh - Cuid 2: Suiteálacha leictreacha seasta

EN 50125-2:2002/AC:2010

97.

EN 50125-3:2003

Feidhmeanna iarnróid - Dálaí comhshaoil maidir le trealaimh - Cuid 3: Trealamh le haghaidh comharthaíochta agus teileachumarsáide

EN 50125-3:2003/AC:2010

98.

EN 50126-1:2017

Feidhmithe iarnróid - Sonrú agus Léiriú na hIontaofachta, na hInfhaighteachta, na hInchothabháilteachta agus na Sábháilteachta (RAMS) - Cuid 1: Próiseas RAMS ineálach

99.

EN 50126-2:2017

Feidhmithe iarnróid - Sonrú agus Léiriú na hIontaofachta, na hInfhaighteachta, na hInchothabháilteachta agus na Sábháilteachta (RAMS) - Cuid 2: Cur Chuige Córas maidir le Sábháilteacht

100.

EN 50129:2018

Feidhmeanna iarnróid - Córais chumarsáide, chomharthaíochta agus phróiseála - Córais leictreonacha sábháilteachta le haghaidh na comharthaíochta

EN 50129:2018/AC:2019-04

101.

EN 50155:2021

Feidhmeanna iarnróid - Rothstoc - Trealamh leictreonach

102.

EN 50318:2018

Feidhmeanna iarnróid - Córais tiomsaithe sruthanna - Bailíochtú ionsamhlú na hidirghníomhaíochta dinimiciúla idir pantagraf agus líne theagmhála lasnairde

EN 50318:2018/A1:2022

103.

EN 50405:2015

Feidhmeanna iarnróid - Córais tiomsaithe sruthanna - Pantagraif, modhanna tástála le haghaidh stráicí teagmhála

EN 50405:2015/A1:2016

104.

EN 50463-1:2017

Feidhmeanna iarnróid - Tomhas fuinnimh ar bord traenacha - Cuid 1: Ginearálta

105.

EN 50463-2:2017

Feidhmeanna iarnróid - Tomhas fuinnimh ar bord traenacha - Cuid 2: Tomhas fuinnimh

EN 50463-2:2017/AC:2018-10

106.

EN 50463-3:2017

Feidhmeanna iarnróid - Tomhas fuinnimh ar bord traenacha - Cuid 3: Láimhseáil sonraí

107.

EN 50463-4:2017

Feidhmeanna iarnróid - Tomhas fuinnimh ar bord traenacha - Cuid 4: Cumarsáid

108.

EN 50463-5:2017

Feidhmeanna iarnróid - Tomhas fuinnimh ar bord traenacha - Cuid 5: Measúnú comhréireachta

109.

EN 50533:2011

Feidhmeanna iarnróid - Saintréithe voltais líne traenach trí chéim

EN 50533:2011/A1:2016

110.

EN 50562:2018

Feidhmeanna iarnróid - Suiteálacha seasta - Próiseas, bearta cosanta agus taispeántas sábháilteachta le haghaidh córais tarraingtí leictreacha

111.

EN 50592:2016

Feidhmeanna iarnróid - Tástáil rothstoic le haghaidh comhoiriúnacht leictreamaighnéadach le háiritheoir acastóirí

112.

EN 50617-1:2015

Feidhmeanna iarnróid - Paraiméadair theicniúla córas braite traenach le haghaidh idir-inoibritheacht an chórais iarnróid tras-Eorpaigh - Cuid 1: Ciorcaid riain

113.

EN 50617-2:2015

Feidhmeanna iarnróid - Paraiméadair theicniúla córas braite traenach le haghaidh idir-inoibritheacht an chórais iarnróid tras-Eorpaigh - Cuid 2: Áiritheoirí acastóirí

EN 50617-2:2015/AC:2016

114.

EN 50641:2020

Feidhmeanna iarnróid - Suiteálacha seasta - Ceanglais maidir le bailíochtú uirlisí ionsamhlaithe a úsáidtear le haghaidh dearadh córas soláthair cumhachta tarraingtí leictreacha

Srian: Leis an gcaighdeán seo, glactar leis nach bhfuil comhréireacht ann ach le clásal 4.2.4. de Rialachán (AE) Uimh. 1301/2014 ón gCoimisiún

115.

EN 61375-1:2012

Trealamh leictreonach iarnróid - Líonra cumarsáide traenacha (TCN) - Cuid 1: Ailtireacht ghinearálta (IEC 61375-1:2012)

116.

EN 61375-2-1:2012

Trealamh leictreonach iarnróid - Líonra cumarsáide traenacha (TCN) - Cuid 2-1: Bus Sreinge Traenach (WTB) (IEC 61375-2-1:2012)

117.

EN 61375-2-2:2012

Trealamh leictreonach iarnróid - Líonra cumarsáide traenacha (TCN) - Cuid 2-2: Tástáil chomhréiteach maidir le Bus Sreinge Traenach (IEC 61375-2-2:2012)

118.

EN 61375-2-5:2015

Trealamh leictreonach iarnróid - Líonra cumarsáide traenacha (TCN) - Cuid 2-5: Cnámh Droma Ethernet Traenach (IEC 61375-2-5:2014)

119.

EN 61375-3-1:2012

Trealamh leictreonach iarnróid - Líonra cumarsáide traenacha (TCN) - Cuid 3-1: Bus Feithicle Ilfheidhme (IEC 61375-3-1:2012)

120.

EN 61375-3-2:2012

Trealamh leictreonach iarnróid - Líonra cumarsáide traenacha (TCN) - Cuid 3-2: Tástáil chomhréiteach maidir le Bus Feithicle Ilfheidhme (MVB) (IEC 61375-3-2:2012)

121.

EN 61375-3-3:2012

Trealamh leictreonach iarnróid - Líonra cumarsáide traenacha (TCN) - Cuid 3-3: Líonra Comhdhéanaimh CANopen (CCN) (IEC 61375-3-3:2012)

122.

EN 62580-1:2016

Trealamh leictreonach iarnróid - Fochórais ilmheán agus teileamaitice ar bord le haghaidh iarnród - Cuid 1: Ailtireacht ghinearálta (IEC 62580-1:2015)

EN 62580-1:2016/A11:2017

123.

EN 62621:2016

Feidhmeanna iarnróid - Suiteálacha seasta - Tarraingt leictreach - Ceanglais shonracha le haghaidh inslitheoirí cumaisc a úsáidtear le haghaidh córais línte teagmhála lasnairde (IEC 62621:2011)

EN 62621:2016/A1:2016


IARSCRÍBHINN II

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

1.

EN ISO 3381:2011

Feidhmeanna iarnróid - Fuaimíocht - Tomhas torainn laistigh d’fheithiclí iarnróid (ISO 3381:2005)

an 21 Samhain 2023

2.

EN 12080:2017

Feidhmeanna iarnróid - Boscaí acastóirí - Imthacaí rollacha

an 21 Samhain 2023

3.

EN 12082:2017

Feidhmeanna iarnróid - Boscaí acastóirí - Tástáil feidhmíochta

an 21 Samhain 2023

4.

EN 13103-1:2017

Feidhmeanna iarnróid - Foirne rothaí agus bógaithe - Cuid 1: Modh deartha le haghaidh acastóirí ar a bhfuil siurnail sheachtracha

an 21 Samhain 2023

5.

EN 13230-4:2009

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Trasnáin agus iompróirí coincréite - Cuid 4: Iompróirí réamhstrusta le haghaidh ladhróg agus crosairí

an 21 Samhain 2023

6.

EN 13260:2009+A1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Foirne rothaí agus bógaithe - Foirne rothaí - Ceanglais táirge

an 21 Samhain 2023

7.

EN 13261:2009+A1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Foirne rothaí agus bógaithe - Acastóirí - Ceanglais táirge

an 21 Samhain 2023

8.

EN 13262:2004+A2:2011

Feidhmeanna iarnróid - Foirne rothaí agus bógaithe - Rothaí - Ceanglais táirge

an 21 Samhain 2023

9.

EN 13272:2012

Feidhmeanna iarnróid - Soilsiú leictreach don rothstoic i gcórais iompair phoiblí

an 21 Samhain 2023

10.

EN 13481-2:2012+A1:2017

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Ceanglais feidhmíochta le haghaidh córais daingniúcháin - Cuid 2: Córais daingniúcháin le haghaidh trasnáin choincréite

an 21 Samhain 2023

11.

EN 13481-3:2012

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Ceanglais feidhmíochta le haghaidh córais daingniúcháin - Cuid 3: Córais daingniúcháin le haghaidh trasnáin adhmaid

an 21 Samhain 2023

12.

EN 13481-5:2012+A1:2017

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Ceanglais feidhmíochta le haghaidh córais daingniúcháin - Cuid 5: Córais daingniúcháin le haghaidh rian leac le ráillí ar an dromchla nó ráillí leabaithe i gcanáil

an 21 Samhain 2023

13.

EN 13481-7:2012

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Ceanglais feidhmíochta le haghaidh córais daingniúcháin - Cuid 7: Córais daingniúcháin speisialta le haghaidh ráillí ladhróg agus crosairí agus ráillí cosanta

an 21 Samhain 2023

14.

EN 13674-2:2006+A1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Ráillí - Cuid 2: Ráillí ladhróg agus crosairí 46 kg/m a úsáidtear i gcomhar le ráillí iarnróid Vignole 46 kg/m agus os a chionn

an 21 Samhain 2023

15.

EN 13715:2006+A1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Foirne rothaí agus bógaithe - Rothaí - Próifíl tráchta boinn

an 21 Samhain 2023

16.

EN 13749:2011

Feidhmeanna iarnróid - Foirne rothaí agus bógaithe - Modh chun ceanglais struchtúracha frámaí bógaithe a shonrú

an 21 Samhain 2023

17.

EN 13979-1:2003+A2:2011

Feidhmeanna iarnróid - Foirne rothaí agus bógaithe - Rothaí aonbhloic - Nós imeachta um fhormheas teicniúil - Cuid 1: Rothaí gaibhnithe agus rollacha

an 21 Samhain 2023

18.

EN 14033-1:2017

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Meaisíní tógála agus cothabhála iarnróid - Cuid 1: Ceanglais theicniúla reatha

an 21 Samhain 2023

19.

E 14067-5:2006+A1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Aeraidinimic - Cuid 5: Ceanglais agus nósanna imeachta tástála le haghaidh aeraidinimice i dtolláin

an 21 Samhain 2023

20.

EN 14363:2016+A1:2018

Feidhmeanna iarnróid - Tástáil agus Ionsamhlú le haghaidh glacadh saintréithe reatha feithiclí iarnróid - Iompar Reatha agus tástálacha seasta

Fógra: Ní ghlacfar leis go bhfuil comhréireacht ann ach amháin nuair a úsáidtear í i gcomhréir le tuairim theicniúil Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh ERA-OPI-2018-3 (https://www.era.europa.eu/library/opinions-and-technical-advices_en)

an 21 Samhain 2023

21.

EN 14531-1:2015

Feidhmeanna iarnróid - Modhanna chun faid stoptha agus mhoillithe agus coscánú baic gluaiseachta a ríomh - Cuid 1: Algartaim ghinearálta a bhaineann úsáid as ríomh meánluacha le haghaidh seiteanna traenach nó feithiclí aonair

an 21 Samhain 2023

22.

EN 14535-1:2005+A1:2011

Feidhmeanna iarnróid - Dioscaí coscáin le haghaidh rothstoc iarnróid - Cuid 1: Dioscaí coscáin preasáilte nó craptha ar an acastóir nó ar an seafta tiomána, toisí agus riachtanais cháilíochta

an 21 Samhain 2023

23.

EN 14535-2:2011

Feidhmeanna iarnróid - Dioscaí coscáin le haghaidh rothstoc iarnróid - Cuid 2: Dioscaí coscáin feistithe ar an roth, toisí agus riachtanais cháilíochta

an 21 Samhain 2023

24.

EN 14535-3:2015

Feidhmeanna iarnróid - Dioscaí coscáin le haghaidh rothstoc iarnróid - Cuid 3: Dioscaí coscáin, feidhmíocht an diosca agus cúpláil frithchuimilte, aicmiú

an 21 Samhain 2023

25.

EN 14601:2005+A1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Buacairí deiridh díreacha agus ar uillinn don phíobán coscáin agus don phríomhphíobán taiscumair

an 21 Samhain 2023

26.

EN 14752:2015

Feidhmeanna iarnróid - Córais iontrála taoibh chabhlach le haghaidh rothstoic

an 21 Samhain 2023

27.

EN 15020:2006+A1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Cúplóir tarrthála - Ceanglais feidhmíochta, geoiméadracht chomhéadain ar leith agus modhanna tástála

an 21 Samhain 2023

28.

EN 15153-1:2013+A1:2016

Feidhmeanna iarnróid - Gairis sheachtracha rabhaidh infheicthe agus inchloiste - Cuid 1: Ceannsoilse, soilse marcála agus soilse cúil

an 21 Samhain 2023

29.

EN 15153-2:2013

Feidhmeanna iarnróid - Gairis sheachtracha rabhaidh infheicthe agus inchloiste - Cuid 2: Bonnáin rabhaidh

an 21 Samhain 2023

30.

EN 15227:2008+A1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Ceanglais maidir le hacmhainn cosanta i gcás tuairte le haghaidh cabhlacha feithiclí iarnróid

an 21 Samhain 2023

31.

EN 15302:2008+A1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Modh chun an chonacht choibhéiseach a chinneadh

an 21 Samhain 2023

32.

EN 15427:2008+A1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Bainistíocht frithchuimilte roth/ráillí - Bealú feire

an 21 Samhain 2023

33.

EN 15437-1:2009

Feidhmeanna iarnróid - Monatóireacht ar bhail an bhosca acastóirí - Ceanglais maidir le comhéadan agus dearadh - Cuid 1: Trealamh taobhriain agus bosca acastóirí rothstoic

an 21 Samhain 2023

34.

EN 15437-2:2012

Feidhmeanna iarnróid - Monatóireacht ar bhail an bhosca acastóirí - Ceanglais maidir le comhéadan agus dearadh - Cuid 2: Ceanglais maidir le feidhmíocht agus dearadh córas ar bord le haghaidh monatóireacht teochta

an 21 Samhain 2023

35.

EN 15528:2015

Feidhmeanna iarnróid - Catagóirí línte chun an comhéadan idir teorainneacha lóid feithiclí agus bonneagar a bhainistiú

an 21 Samhain 2023

36.

EN 15551:2017

Feidhmeanna iarnróid - Rothstoc iarnróid - Maoláin

an 21 Samhain 2023

37.

EN 15566:2016

Feidhmeanna iarnróid - Rothstoc iarnróid - Gléas tarraingthe agus cúpláil scriúnna

an 21 Samhain 2023

38.

EN 15595:2009+A1:2011

Feidhmeanna iarnróid - Coscánú - Cosaint ar shleamhnú rotha

an 21 Samhain 2023

39.

EN 15611:2008+A1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Coscánú - Comhlaí athsheachadáin

an 21 Samhain 2023

40.

EN 15612:2008+A1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Coscánú - Comhla luasaire píobán coscáin

an 21 Samhain 2023

41.

EN 15624:2008+A1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Coscánú - Gairis athraithe folmha-lódáilte

an 21 Samhain 2023

42.

EN 15625:2008+A1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Coscánú - Gairis braite ualaigh athraithigh uathoibríocha

an 21 Samhain 2023

43.

EN 15654-1:2018

Feidhmeanna iarnróid - Tomhas fórsaí ingearacha ar rothaí agus ar fhoirne rothaí - Cuid 1: Láithreacha tomhais ar rian le haghaidh feithiclí i seirbhís

an 21 Samhain 2023

44.

EN 15663:2009

Feidhmeanna iarnróid - Sainmhíniú ar mhaiseanna tagartha feithiclí

EN 15663:2009/AC:2010

an 21 Samhain 2023

45.

EN 15686:2010

Feidhmeanna iarnróid - Tástáil le haghaidh glacadh saintréithe reatha feithiclí iarnróid ag a bhfuil córas cúitimh claonta easnamhaigh ráillí agus/nó feithiclí a bheartaítear a oibriú le claonadh easnamhach ráillí níos airde ná mar a luaitear in EN 14363:2005, Iarscríbhinn G

an 21 Samhain 2023

46.

EN 15687:2010

Feidhmeanna iarnróid - Tástáil le haghaidh glacadh saintréithe reatha feithiclí lastais ag a bhfuil marbhualach acastóra os cionn 225 kN agus suas le 250 kN

an 21 Samhain 2023

47.

EN 15734-1:2010

Feidhmeanna iarnróid - Córais choscánaithe traenacha ardluais - Cuid 1: Ceanglais agus sainmhínithe

an 21 Samhain 2023

48.

EN 15734-2:2010

Feidhmeanna iarnróid - Córais choscánaithe traenacha ardluais - Cuid 2: Modhanna tástála

EN 15734-2:2010/AC:2012

an 21 Samhain 2023

49.

EN 15746-1:2010+A1:2011

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Innill bhóthair agus iarnróid agus trealamh gaolmhar - Cuid 1: Ceanglais theicniúla reatha agus oibrithe

an 21 Samhain 2023

50.

EN 15746-2:2010+A1:2011

Feidhmeanna iarnróid - Rianta - Innill bhóthair agus iarnróid agus trealamh gaolmhar - Cuid 2: Ceanglais ghinearálta sábháilteachta

an 21 Samhain 2023

51.

EN 15806:2010

Feidhmeanna iarnróid - Coscánú - Tástáil coscán statach

an 21 Samhain 2023

52.

EN 15807:2011

Feidhmeanna iarnróid - Leathchupálacha neomatacha

an 21 Samhain 2023

53.

EN 15892:2011

Feidhmeanna iarnróid - Astaíocht torainn - Tomhas torainn i gcábáin an tiománaí

an 21 Samhain 2023

54.

EN 16116-1:2013

Feidhmeanna iarnróid - Ceanglais deartha maidir le céimeanna, ráillí láimhe agus rochtain ghaolmhar do bhaill foirne - Cuid 1: Feithiclí paisinéirí, veaineanna bagáiste agus innill fhéinghluaiste

an 21 Samhain 2023

55.

EN 16116-2:2013

Feidhmeanna iarnród - Ceanglais deartha maidir le céimeanna, ráillí láimhe agus rochtain ghaolmhar do bhaill foirne - Cuid 2: Vaigíní lastais

an 21 Samhain 2023

56.

EN 16185-1:2014

Feidhmeanna iarnróid - Córais choscánaithe traenacha ilaonad - Cuid 1: Ceanglais agus sainmhínithe

an 21 Samhain 2023

57.

EN 16185-2:2014

Feidhmeanna iarnróid - Córais choscánaithe traenacha ilaonad - Cuid 2: Modhanna tástála

an 21 Samhain 2023

58.

EN 16186-3:2016+A1:2018

Feidhmeanna iarnróid - Cábán an tiománaí - Cuid 3: Dearadh na dtaispeántas

an 21 Samhain 2023

59.

EN 16207:2014

Feidhmeanna iarnróid - Coscánú - Critéir fheidhmiúla agus feidhmíochta córas Coscáin Mhaighnéadaigh Ráillí le húsáid i rothstoc iarnróid

an 21 Samhain 2023

60.

EN 16334:2014

Feidhmeanna iarnróid - Córas Rabhaidh do Phaisinéirí - Riachtanais chórais

an 21 Samhain 2023

61.

EN 45545-2:2013+A1:2015

Feidhmeanna iarnróid - Cosaint dóiteáin ar fheithiclí iarnróid - Cuid 2: Ceanglais maidir le hiompar dóiteáin ábhar agus comhpháirteanna

an 21 Samhain 2023

62.

EN 50122-2:2010

Feidhmeanna iarnróid - Suiteálacha seasta - Sábháilteacht leictreach, talmhú agus an ciorcad fillte - Cuid 2: Forálacha i gcoinne éifeachtaí sruthanna fánacha mar gheall ar chórais tarraingthe d.c.

an 21 Samhain 2023

63.

EN 50122-3:2010

Feidhmeanna iarnróid - Suiteálacha seasta - Sábháilteacht leictreach, talmhú agus an ciorcad fillte - Cuid 3: Idirghníomhaíocht fhrithpháirteach córas tarraingthe a.c. agus d.c.

an 21 Samhain 2023

64.

EN 50155:2007

Feidhmeanna iarnróid - Trealamh leictreach a úsáidtear ar rothstoc

EN 50155:2007/AC:2010

EN 50155:2007/AC:2012

an 21 Samhain 2023

65.

EN 50159:2010

Feidhmeanna iarnróid - Córais chumarsáide, chomharthaíochta agus phróiseála - Cumarsáid sábháilteachta i gcórais tarchurtha

an 21 Samhain 2023

66.

EN 50163:2004

Feidhmeanna iarnróid - Voltais soláthair córas tarraingthe

EN 50163:2004/AC:2010

EN 50163:2004/AC:2013

EN 50163:2004/A1:2007

an 21 Samhain 2023

67.

EN 50238-1:2003

Feidhmeanna iarnróid - Comhoiriúnacht idir córais bhraite rothstoic agus traenacha - Cuid 1: Ginearálta

EN 50238-1:2003/AC:2014

an 21 Samhain 2023

68.

EN 50317:2012

Feidhmeanna iarnróid - Córais tiomsaithe sruthanna - Ceanglais agus bailíochtú maidir le tomhais na hidirghníomhaíochta dinimiciúla idir pantagraf agus líne theagmhála lasnairde

EN 50317:2012/AC:2012

an 21 Samhain 2023

69.

EN 50367:2012

Feidhmeanna iarnróid - Córais tiomsaithe sruthanna - Critéir theicniúla maidir leis an idirghníomhaíocht idir an pantagraf agus an líne lasnairde (chun saor-rochtain a bhaint amach)

EN 50367:2012/AC:2013

EN 50367:2012/A1:2016

an 21 Samhain 2023

70.

EN 50388:2012

Feidhmeanna Iarnróid - Soláthar cumhachta agus rothstoc - Critéir theicniúla maidir leis an gcomhordú idir an soláthar cumhachta (fostáisiún) agus an rothstoc chun idir-inoibritheacht a bhaint amach

EN 50388:2012/AC:2013

an 21 Samhain 2023

71.

EN 50553:2012

Feidhmeanna iarnróid - Ceanglais maidir le cumas reatha i gcás dóiteáin ar bord rothstoic

EN 50553:2012/AC:2013

EN 50553:2012/A1:2016

an 21 Samhain 2023

72.

EN 62580-1:2016

Trealamh leictreonach iarnróid - Fochórais ilmheán agus teileamaitice ar bord le haghaidh iarnród - Cuid 1: Ailtireacht ghinearálta (IEC 62580-1:2015)

an 21 Samhain 2023


IARSCRÍBHINN III

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

1.

EN 14067-6:2018

Feidhmeanna iarnróid - Aeraidinimic - Cuid 6: Ceanglais agus nósanna imeachta tástála le haghaidh measúnú trasghaoithe

an 21 Samhain 2023

2.

EN 14198:2016+A1:2018

Feidhmeanna iarnróid - Coscánú - Ceanglais maidir le córas coscánaithe traenacha a tharraingíonn innill fhéinghluaiste

an 21 Samhain 2023

3.

EN 50122-1:2011

Feidhmeanna iarnróid - Suiteálacha seasta - Sábháilteacht leictreach, talmhú agus an ciorcad fillte - Cuid 1: Forálacha cosanta i gcoinne turraing leictreach

EN 50122-1:2011/A1:2011

EN 50122-1:2011/A2:2016

EN 50122-1:2011/A3:2016

EN 50122-1:2011/A4:2017

EN 50122-1:2011/AC:2012

an 21 Samhain 2023

4.

EN 50318:2018

Feidhmeanna iarnróid - Córais tiomsaithe sruthanna - Bailíochtú ionsamhlú na hidirghníomhaíochta dinimiciúla idir pantagraf agus líne theagmhála lasnairde

an 21 Samhain 2023


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2584/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top