EUR-Lex De toegang tot het recht van de Europese Unie

Terug naar de EUR-Lex homepage

Dit document is overgenomen van EUR-Lex

Document 32023D2209

Cinneadh (AE) 2023/2209 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Angóla

ST/10940/2023/INIT

IO L, 2023/2209, 17.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2209/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Juridische status van het document Van kracht

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2209/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2209

17.10.2023

CINNEADH (AE) 2023/2209 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Deireadh Fómhair 2023

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Angóla

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 26 Bealtaine 2021, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún comhaontú a chaibidliú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Angóla maidir le hinfheistíocht inbhuanaithe a éascú.

(2)

An 18 Samhain 2022, tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Angóla (‘an Comhaontú’) i gcrích go rathúil.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú a shíniú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear an Comhaontú um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Angóla (‘an Comhaontú’) a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích (1) .

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 9 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Y. DÍAZ PÉREZ


(1)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2209/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Naar boven