Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2073

    Cinneadh (AE) 2023/2073 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2023 a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá

    ST/8892/2023/INIT

    IO L 239, 28.9.2023, p. 26–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2073/oj

    28.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 239/26


    CINNEADH (AE) 2023/2073 ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Meán Fómhair 2023

    a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 186, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Trí bhíthin Chinneadh 98/591/CE (2), d’fhormheas an Chomhairle tabhairt chun críche an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá (3) (‘an Comhaontú’). Síníodh an Comhaontú in Washington DC an 5 Nollaig 1997 agus tháinig sé i bhfeidhm an 14 Deireadh Fómhair 1998.

    (2)

    I gcomhréir le hAirteagal 12, pointe (b), den Chomhaontú, tugadh an Comhaontú i gcrích go ceann tréimhse thosaigh 5 bliana. Faoi réir athbhreithniú ag na Páirtithe sa bhliain deiridh de gach tréimhse chomhleanúnach, féadfar síneadh a chur leis an gComhaontú le leasuithe féideartha, go ceann tréimhsí breise 5 bliana trí chomhaontú frithpháirteach i scríbhinn idir na Páirtithe.

    (3)

    Trí bhíthin Chinntí 2004/756/CE (4), 2009/306/CE (5), 2014/240/AE (6) agus (AE) 2018/1578 (7), d’fhormheas an Chomhairle síneadh a chur leis an gComhaontú go ceann tréimhse bhreise 5 bliana. Rachaidh an Comhaontú in éag an 14 Deireadh Fómhair 2023.

    (4)

    An measúnú a rinne an Choimisiúin, léiríonn sé go soiléir go soláthraítear leis an gComhaontú creat tábhachtach chun comhar idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a éascú i réimsí tosaíochta comhchoiteanna ó thaobh eolaíochta agus teicneolaíochta, a mbeidh leasanna frithpháirteacha ann dá bharr. Is chun leas an Aontais é, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an gComhaontú go ceann tréimhse breise 5 bliana.

    (5)

    Dheimhnigh na Páirtithe gur mian leo síneadh a chur leis an gComhaontú go ceann 5 bliana breise leis an malartú litreacha eatarthu, dar dáta an 7 Samhain 2022 agus an 13 Nollaig 2022.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh an Chomhaontaithe a fhormheas thar ceann an Aontais,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, síneadh a chur leis an gComhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá, go ceann tréimhse bhreise 5 bliana.

    Airteagal 2

    Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar cheann an Aontais, fógra do Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá go bhfuil tugtha chun críche ag an Aontas a chuid nósanna imeachta inmheánacha is gá chun síneadh a chur leis an gComhaontú i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 12, pointe (b), den Chomhaontú.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meán Fómhair 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. GÓMEZ HERNÁNDEZ


    (1)  Toiliú ón 13 Meán Fómhair 2023 (nár folsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Cinneadh 98/591/CE ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 284, 22.10.1998, lch. 35).

    (3)   IO L 284, 22.10.1998, lch. 37.

    (4)  Cinneadh 2004/756/CE ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2004 maidir le tabhairt i gcrích comhaontaithe lena n-athnuaitear an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 335, 11.11.2004, lch. 5).

    (5)  Cinneadh 2009/306/CE ón gComhairle an 30 Márta 2009 maidir le síneadh agus leasú an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 90, 2.4.2009, lch. 20).

    (6)  Cinneadh 2014/240/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 128, 30.4.2014, lch. 43).

    (7)  Cinneadh (AE) 2018/1578 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2018 maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 263, 22.10.2018, lch. 1).


    Top