Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2066

    Cinneadh (CBES) 2023/2066 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1599 maidir le Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine

    ST/12385/2023/INIT

    IO L 238, 27.9.2023, p. 141–142 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2066/oj

    27.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 238/141


    CINNEADH (CBES) 2023/2066 ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Meán Fómhair 2023

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1599 maidir le Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 29 Meitheamh 2023, d’fhormheas an Chomhairle Coincheap Bainistithe Géarchéime le haghaidh comhpháirtíocht slándála agus cosanta a d’fhéadfadh a bheith ann le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine. Tá an coincheap sin bunaithe ar chur chuige comhtháite maidir le comhpháirtíocht slándála agus cosanta le Beinin, leis an gCósta Eabhair, le Gána agus le Tóga, lena n-áirítear misean a bhunú faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC), eadhon Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine (‘an Tionscnamh’), arna chomhlánú le comhairleoirí míleata a imscaradh i dtoscaireachtaí an Aontais, i gcomhar le bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata a sholáthar agus i sineirgíocht le tionscadail a bhaineann leis an tslándáil.

    (2)

    An 3 Lúnasa 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1599 (1), lenar bunaíodh an Tionscnamh i mBeinin agus i nGána, bunaithe ar chuirí a fuarthas ó na tíortha sin.

    (3)

    I litir dar dáta an 17 Iúil 2023, d’iarr Príomh-Aire Phoblacht Thóga ar an Aontas an Tionscnamh a imscaradh ar a chríoch.

    (4)

    I litir dar dáta an 20 Iúil 2023, d’iarr Príomh-Aire Phoblacht an Chósta Eabhair ar an Aontas an Tionscnamh a imscaradh ar a chríoch.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, an Tionscnamh a bhunú sa Chósta Eabhair agus i dTóga freisin.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2023/1599 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2023/1599:

    ‘Airteagal 1

    Bunú

    1.   Seolfaidh an tAontas Misean faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) a mbeidh sé mar chuspóir straitéiseach aige cabhrú le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine ina bhfuil an Misean sin bunaithe cumais leordhóthanacha a fhorbairt laistigh dá bhfórsaí slándála agus cosanta chun smacht a choinneáil ar an mbrú atá ar ghrúpaí armtha sceimhlitheoireachta agus freagairt dó.

    2.   Ainmneofar an Misean dá dtagraítear i mír 1 ‘Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine’ (‘an Tionscnamh’).

    3.   Bunaítear leis seo an Tionscnamh i mBeinin, sa Chósta Eabhair, i nGána agus i dTóga.’.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Beidh feidhm aige ón 16 Lúnasa 2023.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meán Fómhair 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. GÓMEZ HERNÁNDEZ


    (1)  Cinneadh (CBES) 2023/1599 ón gComhairle an 3 Lúnasa 2023 maidir le Tionscnamh Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh mar thaca le tíortha na hAfraice Thiar i Murascaill na Guine (IO L 196, 4.8.2023, lch. 25).


    Top