This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D1977
Council Decision (EU) 2023/1977 of 18 September 2023 on the position to be taken on behalf of the European Union within the Council of Members of the International Olive Council as regards the conditions for the accession of the Government of Bosnia and Herzegovina to the International Agreement on Olive Oil and Table Olives, 2015
Cinneadh (AE) 2023/1977 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha maidir le haontachas Rialtas na Boisnia agus na Heirseagaivéine leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015
Cinneadh (AE) 2023/1977 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha maidir le haontachas Rialtas na Boisnia agus na Heirseagaivéine leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015
ST/11909/2023/ADD/1
IO L 235, 25.9.2023, pp. 10–12
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
25.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 235/10 |
CINNEADH (AE) 2023/1977 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Meán Fómhair 2023
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha maidir le haontachas Rialtas na Boisnia agus na Heirseagaivéine leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Síníodh an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (‘an Comhaontú’) thar ceann an Aontais i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2016/1892 ón gComhairle (1) an 18 Samhain 2016, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach an 1 Eanáir 2017, i gcomhréir le hAirteagal 31(2) de. |
|
(2) |
Formheasadh an Comhaontú thar ceann an Aontais an 17 Bealtaine 2019 trí bhíthin Chinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle (2). |
|
(3) |
De bhun Airteagal 29 den Chomhaontú, tá Comhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (‘Comhairle na gComhaltaí’) chun na coinníollacha maidir le haontachas Rialtais leis an gComhaontú a bhunú. |
|
(4) |
Rinne Rialtas na Boisnia agus na Heirseagaivéine iarratas foirmiúil ar aontú don Chomhaontú. Ba cheart a iarraidh ar Chomhairle na gComhaltaí, dá bhrí sin, le linn seisiúin amach anseo, nó faoi chuimsiú nós imeachta um chinntí a ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a chómhalartú, na coinníollacha maidir le haontachas na Boisnia agus na Heirseagaivéine a bhunú i leith a sciartha rannpháirtíochta i gComhairle Idirnáisiúnta na nOlóg agus na teorann ama chun a ionstraim a thaisceadh. |
|
(5) |
Ós rud é go bhfuil a hearnálacha olóige á bhforbairt ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a mhéid a bhaineann le tomhaltas agus go bhfuil sé i gceist aici an táirgeacht a fhorbairt, d’fhéadfadh a haontachas Comhairle Idirnáisiúnta na nOlóg a threisiú faoi choinníollacha áirithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le haonfhoirmeacht a bhaint amach sa reachtaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le saintréithe táirgí olóige chun bacainní ar thrádáil a sheachaint. |
|
(6) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na gComhaltaí a bhunú ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag na cinntí atá le glacadh ar an Aontas trí dhifear a dhéanamh don chothromaíocht cinnteoireachta laistigh de Chomhairle na gComhaltaí nuair nach nglacfar le cinntí trí chomhthoil i gcomhréir le hAirteagal 10(4) den Chomhaontú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach san Iarscríbhinn an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg le linn seisiún amach anseo, nó faoi chuimsiú nós imeachta um chinntí a ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a chómhalartú, a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha maidir le haontachas Rialtas na Boisnia agus na Heirseagaivéine leis an gComhaontú.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. PLANAS PUCHADES
(1) Cinneadh (AE) 2016/1892 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 293, 28.10.2016, lch. 2).
(2) Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 139, 27.5.2019, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Tacóidh an tAontas le haontachas Rialtas na Boisnia agus na Heirseagaivéine leis an gComhaontú, ag seisiún de chuid Chomhairle na gComhaltaí amach anseo nó faoi chuimsiú nós imeachta maidir le glacadh cinntí ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a chómhalartú, ar choinníoll go ríomhfar sciartha rannpháirtíochta na Boisnia agus na Heirseagaivéine de réir na foirmle a shonraítear in Airteagal 11 den Chomhaontú agus nach mbeidh an teorainn ama chun an ionstraim aontachais a thaisceadh níos faide ná 18 mí tar éis an chinnidh ó Chomhairle na gComhaltaí. Má chuirtear moill ar thaisceadh na hionstraime, féadfaidh an tAontas, i gcinntí ina dhiaidh sin a bheidh le glacadh ag Comhairle na gComhaltaí, tacú le síneadh a chur leis an teorainn ama chun an ionstraim a thaisceadh.