This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D1504
Council Decision (CFSP) 2023/1504 of 20 July 2023 amending Decision (CFSP) 2020/1999 concerning restrictive measures against serious human rights violations and abuses
Cinneadh (CBES) 2023/1504 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
Cinneadh (CBES) 2023/1504 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
ST/11612/2023/INIT
IO L 183I, 20.7.2023, pp. 60–65
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32020D1999 | Cur le | iarscríbhinn roinn A pointe 57 | 20/07/2023 | |
| Modifies | 32020D1999 | Cur le | iarscríbhinn roinn A pointe 58 | 20/07/2023 | |
| Modifies | 32020D1999 | Cur le | iarscríbhinn roinn A pointe 59 | 20/07/2023 | |
| Modifies | 32020D1999 | Cur le | iarscríbhinn roinn A pointe 60 | 20/07/2023 | |
| Modifies | 32020D1999 | Cur le | iarscríbhinn roinn A pointe 61 | 20/07/2023 | |
| Modifies | 32020D1999 | Cur le | iarscríbhinn roinn A pointe 62 | 20/07/2023 |
|
20.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 183/60 |
CINNEADH (CBES) 2023/1504 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Iúil 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1999. |
|
(2) |
An 8 Nollaig 2020, i nDearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le Cearta an Duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine cuirtear i bhfios go láidir a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach den Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluachanna de chuid an Aontais agus de chuid chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais iad meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an meas ar chearta an duine. |
|
(3) |
Sna conclúidí uaithi an 14 Samhain 2022, chuir an Chomhairle in iúl gur cúis imní di an éifeacht dhíréireach atá ag coinbhleachtaí armtha i gcónaí ar mhná agus ar chailíní ar fud an domhain, chomh maith le leitheadúlacht an fhoréigin ghnéasaigh agus an fhoréigin inscnebhunaithe, ina measc foréigean gnéasach a bhaineann le coinbhleachtaí, as líne agus ar líne. Gheall sí go gcuirfí feabhas ar na hiarrachtaí chun foréigean den sórt sin a chosc agus a chomhrac chun cuntasacht iomlán a chinntiú agus chun dul i ngleic leis an tsaoirse ó phionós. Sa bhreis air sin, sna conclúidí uaithi an 5 agus an 6 Meitheamh 2014, chuir an Chomhairle i dtreis an gá atá le beartais chomhordaithe ar gach leibhéal ábhartha mar aon le cur chuige cuimsitheach le go ndéanfar gach cineál foréigin in aghaidh na mban a chomhrac agus a dhíothú, ar beartais iad lena ndíreofar ar na príomh-shaincheisteanna maidir le cosc, tuairisciú neamhiomlán, cosaint, tacú le híospartaigh, agus na daoine sin is cúis leis an bhforéigean a ionchúiseamh chomh maith le bearta eile. Treisíonn úsáid straitéiseach na mbeart sriantach an cur chuige sin trí bhreis brú a chur chun tuilleadh sáruithe agus mí-úsáidí a chosc agus, i gcomhar le hionstraimí eile de chuid an Aontais sa bhosca uirlisí um chearta an duine, tarraingíonn sé aird ar na sáruithe agus na mí-úsáidí den sórt sin agus ar na daoine atá freagrach astu. |
|
(4) |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart seisear a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2020/1999 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a gabhann le Cinneadh (CBES) 2020/1999, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta de dhaoine nádúrtha a leagtar amach i Roinn A (‘Daoine Nádúrtha’):
|
|
Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine) |
Ainmneacha |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna lena liostú |
Dáta an liostaithe |
|
‘57. |
Habibullah AGHA ar a dtugtar freisin. Mawlawi, Maulvi, Hadith, Sheikh |
حبیب الله اغا (Litriú Paistise) |
Post/poist: Aire gníomhach Oideachais Talabanach Dáta breithe: 1954 nó 1955 Áit bhreithe: Vach Bakhto, Shah Wali Kot, Kandahar province, an Afganastáin Náisiúntacht: Afganastánach Inscne: fireann |
Ceapadh Habibullah Agha ina hAire gníomhach Oideachais i mí Mheán Fómhair 2022. Sa cháil sin, chuir Habibullah Agha beartas an Talaban i bhfeidhm maidir le rochtain a dhiúltú do chailíní ar an meánoideachas trí shíneadh a chur leis an toirmeasc ar mhic léinn baineanna páirt a ghlacadh i scolaíocht mheánoideachais os cionn an 6ú grád. Thairis sin, rinne Habibullah Agha géarú go pearsanta ar pholasaithe inscne-idirdhealaitheacha an Talaban trí ordú a thabhairt go ndúnfaí ionaid oideachais phríobháideacha agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhí ina n-ionad oideachais do chailíní roimhe sin. Dá bhrí sin, tá freagracht phearsanta air as sáruithe ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe cur faoi chois córasach inscne-bhunaithe in earnáil an oideachais. Tá sé freagrach go pearsanta as sárú ar an gceart bunúsach atá ag cailíní Afganastánacha chun meánoideachais agus an ceart chun na córa comhionainne idir buachaillí agus cailíní i réimse an mheánoideachais, ar an gcaoi sin, cailíní a eisiamh ón tsochaí a thuilleadh. Dá bhrí sin, ina cháil mar Aire gníomhach Oideachais an Talaban, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe an sárú ar cheart na gcailíní agus na mban chun oideachais agus an ceart chun córa comhionainne idir fir agus mná. |
20.7.2023 |
|
58. |
Abdul Hakim HAQQANI ar a dtugtar freisin Mawlawi Sheikh Abdul Hakim Haqqani Ishaqzai; ‘Shaikhul Hadis’ Maulvi Abdul Hakim ‘Haqqani’ |
شیخ الحدیث مولوي عبدالحکیم حقاني لقضات شیخ عبدالحکیم حقاني (Litriú Paistise) |
Post/poist: Príomh-Bhreitheamh gníomhach Talabanach de Chúirt Uachtarach na hAfganastáine Qazi al-Quzzat (Breitheamh Uachtarach) Dáta breithe: 1967 Áit bhreithe: Panjwayi, Kandahar province, an Afganastáin Náisiúntacht: Afganastánach Inscne: fireann |
Is é Abdul Hakim Haqqani Príomh-Bhreitheamh gníomhach Talabanach de Chúirt Uachtarach na hAfganastáine, a cheap ceannaireacht an Talaban in 2021. Sa cháil sin, bhain sé úsáid éifeachtach as an gcóras dlí chun cur faoi chois inscnebhunaithe a chur chun feidhme ar mhná trína n-eisiamh ó chóras cúirte na hAfganastáine agus trí rochtain na mban ar cheartas a shrianadh go córasach, rud a sháraíonn prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná. Taobh amuigh dá ról mar Phríomh-Bhreitheamh Talabanach, feidhmíonn Abdul Hakim Haqqani mar cheannaire idé-eolaíoch laistigh den Talaban. Trína rochtain phearsanta ar cheannaire an Talaban Haibatullah Akhundzada, d’fheidhmigh sé tionchar polaitiúil chun hidé-eolaíocht an Talaban maidir le cur faoi chois inscnebhunaithe a mhúnlú, go háirithe trí threoir a eisiúint chun mná agus cailíní a eisiamh go córasach ón saol poiblí san Afganastáin. Dá bhrí sin, ina cháil mar Príomh-Bhreitheamh gníomhach Talabanach de Chúirt Uachtarach na hAfganastáine, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe an sárú ar cheart na mban rochtain a bheith acu ar an gceartas agus ar an gceart chun córa comhionainne idir fir agus mná. |
20.7.2023 |
|
59. |
Abdul-Hakim SHAREI ar a dtugtar freisin Sharae; Sharie; Shara’i |
عبدالحکیم شریری (Litriú Paistise) |
Post/poist: Aire gníomhach Dlí agus Cirt Talabanach Teideal: Shaikh-al-Hadith Mawlawi Dáta breithe: 1961 Áit bhreithe: Ayub Khil, Khost province, an Afganastáin Náisiúntacht: Afganastánach Inscne: fireann |
Tar éis don Talaban cumhacht a urghabháil san Afganastáin, thionscain Abdul-Hakim Sharei, ina cháil mar Aire Dlí agus Cirt Talabanach, iarracht chomhbheartaithe an córas ceartais náisiúnta a chasadh i gcoinne mhná na hAfganastáine. Chuir sé bac, go héifeachtach, ar cheadúnú dlíodóirí mná agus ar chumas na mban ionadaíocht dhlíthiúil a fháil agus chuir sé mná as poist sa chóras ceartais. Leis an treoir a thug sé creat dlíthiúil iomlán na hAfganastáine a athbhreithniú, cuireadh deireadh freisin le cur i bhfeidhm an Dlí maidir le Foréigean in aghaidh na mBan a Dhíothú. Is iarracht chomhbheartaithe na beartais sin chun séanadh ceartais a úsáid mar uirlis éifeachtach chun córas cur faoi chois inscnebhunaithe a chothú trí mhná agus cailíní a dhéanamh neamhchosanta ar staid neamhdhlíthiúil agus saoirse ó phionós, agus tá an fhreagracht dhíreach phearsanta as sin ar Abdul-Hakim Sharei. Dá bhrí sin, ina cháil mar Aire Dlí agus Cirt Talabanach, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Afganastáin, go háirithe an sárú ar chearta na mban rochtain a bheith acu ar an gceartas agus ar an gceart chun córa comhionainne idir fir agus mná. |
20.7.2023 |
|
60. |
James Mark NANDO |
|
Post/poist: Maorghinearál, Fórsaí Cosanta Phobal na Súdáine Theas (SSPDF); Áit bhreithe: Ezo, Ezo County, Western Equatoria [Meánchiorcal Thiar], an tSúdáin Theas Seoladh: Juba, an tSúdáin Theas Náisiúntacht: ón tSúdáin Theas Inscne: fireann |
Tá James Nando ina oifigeach sinsearach i bhFórsaí Cosanta Phobal na Súdáine Theas (SSPDF) ag a bhfuil an chéim Maorghinearál. Tá sé i gceannas ar fhórsaí i stát na Meánchiorcal Thiar sa tSúdáin Theas a rinne ionsaithe forleathana i gcoinne an phobail shibhialta. D’úsáid a chuid fórsaí foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe go córasach mar mhodh chun sceimhle a chur ar an bpobal. Dá bhrí sin, ina cháil mar Mhaorghinearál, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSúdáin Theas, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe. |
20.7.2023 |
|
61. |
Mahamat SALLEH Adoum Kette ar a dtugtar freisin Mahamet Salleh |
|
Post/poist: Ginearál den Fronta Pobail le haghaidh Athbhreithe Phoblacht na hAfraice Láir (FPRC) Náisiúntacht: Poblacht na hAfraice Láir Áit bhreithe: Haute-Kotto Prefecture, Poblacht na hAfraice Láir Inscne: fireann |
Ina cháil mar phríomhphearsa den Fhronta Pobail le haghaidh Athbhreithe Phoblacht na hAfraice Láir (FPRC), bhí Mahamat Salleh i gceannas ar fhórsaí i bPoblacht na hAfraice Láir a rinne ionsaithe forleathana i gcoinne an phobail shibhialta. Ar feadh na mblianta, rinne Salleh féin agus fórsaí faoina cheannas coireanna a bhaineann le foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe arís agus arís eile ar scála ollmhór chun sceimhle a chur ar an bpobal sibhialtach. Dá bhrí sin, ina cháil mar Ghinearál den FPRC, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i bPoblacht na hAfraice Láir, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe. |
20.7.2023 |
|
62. |
Igor Leonidovich KOLEDA |
Iгор Леонiдович КОЛЕДА (Litriú Úcráinise) Игорь Леонидович КОЛЕДА (litriú Rúisise) |
Post/poist: Ceannasaí an an 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe Céim: Coirnéal Dáta breithe: 11.12.1973 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann Uimhir aitheantais na bhfórsaí armtha: 540530367155 |
Tá Igor Leonidovich Koleda ina cheannasaí ar 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe de Fhórsaí Armtha na Rúise agus tá an chéim Coirnéal aige. Ghlac an bhriogáid faoina cheannas páirt in ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin go luath in 2022. Go luath in 2022, bhí gníomhartha foréigin ghnéasaigh agus foréigin inscnebhunaithe in úsáid ag baill den 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe i gcoinne phobal sibhialta na hÚcráine, lena n-áirítear i gcoinne mionaoiseach amháin ar a laghad. Tá comhalta amháin den 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe aitheanta ag údaráis na hÚcráine mar dhuine a bhfuil amhras ann faoi fhoréigean gnéasach a úsáid in aghaidh na mban. Léiríonn scála agus déine na ngníomhartha foréigin gnéis atá ag tarlú i limistéir san Úcráin atá faoi fhorghabháil na Rúise pleanáil ar leibhéal níos córasaí agus go bhfuil ceannasaithe na Rúise ar an eolas faoin bhforéigean gnéis atá á dhéanamh ag pearsanra míleata san Úcráin agus i gcásanna áirithe go bhfuil sé á spreagadh nó á ordú acu fiú. Ina cháil mar cheannasaí ar an 30ú Briogáid Raidhfil Mhótaraithe, tá Igor Koleda freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe ar chearta an duine san Úcráin, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe. |
20.7.2023’. |