Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1313

Cinneadh (AE) 2023/1313 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2023 lena bhformheastar, thar ceann an Aontais Eorpaigh, na leasuithe ar Iarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin

C/2023/4015

IO L 162, 28.6.2023, pp. 57–66 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 28/06/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1313/oj

28.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 162/57


CINNEADH (AE) 2023/1313 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Meitheamh 2023

lena bhformheastar, thar ceann an Aontais Eorpaigh, na leasuithe ar Iarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2018/1907 ón gComhairle an 20 Nollaig 2018 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) i bhfeidhm an 1 Feabhra 2019.

(2)

Faoi chuimsiú an Choiste um Maoin Intleachtúil, dheimhnigh an tAontas Eorpach agus an tSeapáin (dá ngairtear ‘na Páirtithe’ anseo feasta) go mbreithneoidh an Comhchoiste suas le 28 n-ainm ón Aontas Eorpach agus suas le 28 n-ainm ón tSeapáin gach bliain ó 2020 go 2022, ainmneacha atá le cosaint mar thásca geografacha (dá ngairtear ‘TGanna’ anseo feasta) agus atá le cur in Iarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú, ar choinníoll go gcosnaítear na hainmneacha sin mar TGanna ar bhonn intíre. I gcomhréir le hAirteagal 14.30 den Chomhaontú, cuireadh 28 TG ón Aontas agus 28 TG ón tSeapáin le hIarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú an 1 Feabhra 2021 (2) agus an 1 Feabhra 2022 (3), faoi seach. Maidir leis an tríú grúpa de TGanna a chur le hIarscríbhinn 14-B, dheimhnigh na Páirtithe go dtarlóidh sé in 2023 seachas in 2022 agus go ndéanfar an méid sin ar dhá dháta ar leith in 2023: Dáta amháin le haghaidh 28 TG ón Aontas Eorpach agus 14 TG ón tSeapáin agus dáta eile le haghaidh na coda eile de TGanna talmhaíochta ón tSeapáin. Foráiltear in Airteagal 14.30 den Chomhaontú maidir leis an bhféidearthacht tásca geografacha nua a chur le hIarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú a bheadh le glacadh tar éis an nós imeachta freasúra a chur i gcrích agus tar éis scrúdú a déanamh ar na tásca geografacha mar a leagtar amach i mír 4 d’Airteagal 14.25 de chun sástacht an dá Pháirtí.

(3)

Tar éis iarraidh a fháil ó na Páirtithe agus de bhun mhír 1 d’Airteagal 14.30, tá an nós imeachta freasúra curtha i gcrích ag an Aontas agus tá scrúdú déanta aige ar na 14 thásc geografach breise ón tSeapáin, agus tá an nós imeachta freasúra curtha i gcrích ag an tSeapáin agus tá scrúdú déanta aici ar na 28 dtásc geografach breise ón Aontas. Ba cheart na tásca geografacha sin a chur faoin liosta comhfhreagrach de thásca geografacha an Bhallstáit AE féin agus leis an liosta de thásca geografacha na Seapáine.

(4)

Foráiltear in Airteagal 14.53(3) den Chomhaontú gur cheart don Choiste um Maoin Intleachtúil, Coiste a bunaíodh de bhun Airteagal 22.3 den Chomhaontú, moltaí a chur faoi bhráid an Chomhchoiste a bunaíodh de bhun Airteagal 22.1 den Chomhaontú maidir le leasuithe ar Iarscríbhinn 14-B arna iarraidh sin do Pháirtí.

(5)

De bhun mhír 5 d’Airteagal 22.1 den Chomhaontú, féadfaidh an Comhchoiste cinntí a ghlacadh chun an Comhaontú a leasú i gcásanna sonracha, lena n-áirítear leasú ar Iarscríbhinn 14-B, i gcomhréir le nósanna imeachta dlíthiúla intíre na bPáirtithe faoi seach.

(6)

An 12 Meitheamh 2023, mhol an Coiste um Maoin Intleachtúil don Chomhchoiste Iarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú a leasú dá réir sin.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú a leasú dá réir sin agus ba cheart na leasuithe a fhormheas thar ceann an Aontais,

TAR ÉIS A CINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais Eorpaigh, na leasuithe ar Iarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú a leagtar amach sa dréacht-Chinneadh ón gComhchoiste.

Cuirtear i gceangal leis an gCinneadh seo téacs an Chomhaontaithe leasaithigh, i bhfoirm dréacht-Chinnidh ón gComhchoiste.

Airteagal 2

Údaraítear d’ionadaí an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste formheas a dhéanamh ar ghlacadh an Chinnidh ón gComhchoiste thar ceann an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Foilseofar an Comhaontú leasaitheach atá san Iarscríbhinn, i bhfoirm an Chinnidh ón gComhchoiste, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis don Chomhchoiste é a ghlacadh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 330, 27.12.2018, lch. 1.

(2)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?qid=1635340796840&uri=CELEX%3A22021D0109 https://www.mofa.go.jp/mofaj/files/100141732.pdf

(3)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A22022D0138&qid=1675141114801 https://www.mofa.go.jp/mofaj/files/100293455.pdf


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Uimh. 1101/2023 ÓN gCOMHCHOISTE FAOIN gCOMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA EACNAMACHÍCHE IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN tSEAPÁIN

an [dáta]

maidir leis na leasuithe ar Iarscríbhinn 14-B i leith tásca geografacha

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 14.30 agus Airteagal 22.2 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Feabhra 2019.

(2)

Faoi chuimsiú an Choiste um Maoin Intleachtúil, dheimhnigh an tAontas Eorpach agus an tSeapáin (dá ngairtear ‘na Páirtithe’ anseo feasta) go mbreithneoidh an Comhchoiste suas le 28 n-ainm ón Aontas Eorpach agus suas le 28 n-ainm ón tSeapáin gach bliain ó 2020 go 2022, ainmneacha atá le cosaint mar thásca geografacha (dá ngairtear ‘TGanna’ anseo feasta) agus atá le cur in Iarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú, ar choinníoll go gcosnaítear na hainmneacha sin mar TGanna ar bhonn intíre. I gcomhréir le hAirteagal 14.30 den Chomhaontú, cuireadh 28 TG ón Aontas agus 28 TG ón tSeapáin le hIarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú an 1 Feabhra 2021 (1) agus an 1 Feabhra 2022 (2), faoi seach. Maidir leis an tríú grúpa de TGanna a chur le hIarscríbhinn 14-B, dheimhnigh na Páirtithe go dtarlóidh sé in 2023 seachas in 2022 agus ndéanfar an méid sin ar dhá dháta ar leith in 2023: Dáta amháin le haghaidh 28 TG ón Aontas Eorpach agus 14 TG ón tSeapáin agus dáta eile le haghaidh na coda eile de TGanna talmhaíochta ón tSeapáin.

(3)

Tar éis iarraidh a fháil ó na Páirtithe agus de bhun mhír 1 d’Airteagal 14.30, tá an nós imeachta freasúra curtha i gcrích ag an Aontas Eorpach agus tá scrúdú déanta aige ar na 14 TG breise ón tSeapáin, agus tá an nós imeachta freasúra curtha i gcrích ag an tSeapáin agus tá scrúdú déanta aici ar na 28 TG breise ón Aontas Eorpach.

(4)

An 12 Meitheamh 2023, i gcomhréir le mír 3 d’Airteagal 14.53 den Chomhaontú, mhol an Coiste um Maoin Intleachtúil don Chomhchoiste Iarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú a leasú dá réir sin.

(5)

Chuir na Páirtithe i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha dá gcuid is gá chun an Cinneadh ón gComhchoiste faoin gComhaontú a ghlacadh, agus tá siad ag féachaint leis na nótaí taidhleoireachta lena ndeimhnítear na leasuithe ar an gComhaontú a mhalartú tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis an Cinneadh a ghlacadh.

(6)

Dá réir sin, ba cheart Iarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú a leasú, i gcomhréir le mír 3 agus le fomhír 4(g) d’Airteagal 23.2 den Chomhaontú.

(7)

Dheimhnigh na Páirtithe go leanfaidh an dá thaobh de bheith ag oibriú go dlúth le chéile chun TGanna breise ón Aontas Eorpach agus ón tSeapáin atá le cosaint a chur le hIarscríbhinn 14-B i bhfianaise leasanna gach taobh agus é d’aidhm acu TGanna breise ón Aontas Eorpach agus ón tSeapáin a chur leis ón 1 Eanáir 2025.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

a)

I Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú, cuirfear na TGanna a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCinneadh seo faoi liosta comhfhreagrach TGanna an Bhallstáit den Aontas lena mbaineann.

b)

I Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú, cuirfear na TGanna a liostaítear in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCinneadh seo le liosta TGanna na Seapáine.

c)

I Roinn A de Chuid 2 d’Iarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú, cuirfear na TGanna a liostaítear in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gCinneadh seo faoi liosta comhfhreagrach TGanna an Bhallstáit den Aontas lena mbaineann

d)

I Roinn B de Chuid 2 d’Iarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú, cuirfear na TGanna a liostaítear in Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an gCinneadh seo le liosta TGanna na Seapáine.

Airteagal 2

a)

Déanfaidh an Comhchoiste cinneadh maidir le suas le 6 ainm ón tSeapáin a chur le hIarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú, a bheidh le cosaint mar thásca geografacha faoin gComhaontú faoi dheireadh na bliana seo (2023), ar choinníoll gur TGanna iad na hainmneacha sin atá faoi chosaint i gcríoch na Seapáine i gcomhréir lena dlíthe agus lena rialacháin.

b)

In 2025, déanfaidh an Comhchoiste cinneadh maidir le líon leordhóthanach TGanna ón Aontas Eorpach agus ón tSeapáin a chur le hIarscríbhinn 14-B a ghabhann leis an gComhaontú a bheidh le cosaint mar thásca geografacha faoin gComhaontú, ar bhealach atá sásúil don dá Pháirtí, lena léireofar leibhéal chur chun feidhme bheartais TGanna ina ndlínsí faoi seach, ar choinníoll gur TGanna iad na hainmneacha sin atá faoi chosaint i gcríoch an Pháirtí i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin.

Airteagal 3

Déantar an Cinneadh seo a tharraingt suas i ndúblach. Déantar Airteagal 1 agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh seo a tharraingt suas i ndúblach i dteangacha barántúla an Chomhaontaithe a ndéantar foráil maidir leo i mír 1 d’Airteagal 23.8 den Chomhaontú, agus comhúdarás ag gach téacs acu.

Airteagal 4

Cuirfidh na Páirtithe an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le mír 1 d’Airteagal 22.2 den Chomhaontú. Deimhneofar na leasuithe ar an gComhaontú a ghlacfar trí bhíthin an Chinnidh seo ar mhalartú nótaí taidhleoireachta i gcomhréir le mír 3 d’Airteagal 23.2 den Chomhaontú agus tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm an tráth céanna sin.

Thar ceann an Chomhchoiste,

Comhchathaoirleach [thar ceann na Seapáine]

Comhchathaoirleach [thar ceann an Aontais Eorpaigh]

IARSCRÍBHINN 1

AN CHRÓIT

An t-ainm atá le cosaint

Tras-scríbhinn go Seapáinis (chun críoch faisnéise)

Catagóir an earra agus tuairisc ghearr air [i lúibíní cearnacha, chun críche faisnéise]

Korčulansko maslinovo ulje

コルチュランスコ・マスリノヴォ・ウリエ

Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.) [ola olóige]

AN FHRAINC

An t-ainm atá le cosaint

Tras-scríbhinn go Seapáinis (chun críoch faisnéise)

Catagóir an earra agus tuairisc ghearr air [i lúibíní cearnacha, chun críche faisnéise]

Époisses

エポワス

Cáis

Mont d’Or/Vacherin du Haut-Doubs

モン・ドール/ヴァシュラン・デュ・オー・ドゥー

Cáis

Raclette de Savoie

ラクレット・ド・サヴォワ

Cáis

AN GHRÉIG

An t-ainm atá le cosaint

Tras-scríbhinn go Seapáinis (chun críoch faisnéise)

Catagóir an earra agus tuairisc ghearr air [i lúibíní cearnacha, chun críche faisnéise]

Λακωνία (Traslitriú go haibítir na Laidine: Lakonia)

ラコニア

Olaí agus saillte (im, margairín, ola, etc.) [ola olóige]

AN IODÁIL

An t-ainm atá le cosaint

Tras-scríbhinn go Seapáinis (chun críoch faisnéise)

Catagóir an earra agus tuairisc ghearr air [i lúibíní cearnacha, chun críche faisnéise]

Cotechino Modena

コテキーノ・モデナ

Táirgí feola (atá cócaireáilte, saillte, deataithe, etc.) [ispín muiceola]

Finocchiona

フィノッキオーナ

Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.) [liamhás muiceola]

Limone di Siracusa

リモーネ・ディ・シラクーザ

Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte [citreas]

AN SPÁINN

An t-ainm atá le cosaint

Tras-scríbhinn go Seapáinis (chun críoch faisnéise)

Catagóir an earra agus tuairisc ghearr air [i lúibíní cearnacha, chun críche faisnéise]

Ajo Morado de Las Pedroñeras

アホ・モラド・デ・ラス・ペドロニェラス

Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte [gairleog]

Arzúa-Ulloa

アルスア・ウジョア

Cáis

Melocotón de Calanda

メロコトン・デ・カランダ

Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte [péitseog]

Queso de Valdeón

ケソ・デ・バルデオン

Cáis

Queso de Murcia al vino

ケソ・デ・ムルシア・アル・ビノ

Cáis

San Simón da Costa

サン・シモン・ダ・コスタ

Cáis

Vinagre de Jerez

ビナグレ・デ・ヘレス

Táirgí eile d’Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE (spíosraí etc.) [fínéagar]

IARSCRÍBHINN 2

An t-ainm atá le cosaint

Tras-scríbhinn go haibítir na Laidine (chun críoch faisnéise)

Catagóir an earra agus tuairisc ghearr air [i lúibíní cearnacha, chun críche faisnéise]

大口れんこん/Okuchi Renkon

Okuchi Renkon

Táirge talmhaíochta [fréamh na loiteoige]

氷見稲積梅/Himi Inazumiume

Himi Inazumiume

Táirge talmhaíochta [Ume (aibreog Seapánach)]

種子島安納いも/TANEGASHIMA ANNOU SWEETPOTATO/Tanegashima Annou Imo

Tanegashima Annou Imo

Táirge talmhaíochta [práta milis]

飛騨牛/Hidagyu/Hida Beef

Hida Gyu

Feoil úr [mairteoil]

伊達のあんぽ柿/DATE NO ANPO GAKI/DATE NO ANPO KAKI

Date no Anpo Gaki/Date no Anpo Kaki

Táirge talmhaíochta próiseáilte [Dátphluma Seapánach triomaithe]

サヌキ白みそ/Sanuki shiro miso

Sanuki Shiro Miso

Blastáin agus anraithí [taos miso]

たむらのエゴマ油/Tamura no egoma oil/Tamura no egoma abura

Tamura no Egoma Abura

Olaí agus saillte [ola perilla]

IARSCRÍBHINN 3

AN OSTAIR

An t-ainm atá le cosaint

Tras-scríbhinn go Seapáinis (chun críoch faisnéise)

Catagóir an earra agus tuairisc ghearr air [i lúibíní cearnacha, chun críche faisnéise]

Pálinka  (3)

(Aistriúchán go Seapáinis: パーリンカ)

パーリンカ

Biotáillí

AN BHULGÁIR

An t-ainm atá le cosaint

Tras-scríbhinn go Seapáinis (chun críoch faisnéise)

Catagóir an earra agus tuairisc ghearr air [i lúibíní cearnacha, chun críche faisnéise]

Карнобатска гроздова ракия/Гроздова ракия от Карнобат/Karnobatska grozdova rakya/Grozdova rakya ot Karnobat

カルノバトスカ・グロズドヴァ・ラキヤ/グロズドヴァ・ラキヤ・オト・カルノバト

Biotáillí

AN FHRAINC

An t-ainm atá le cosaint

Tras-scríbhinn go Seapáinis (chun críoch faisnéise)

Catagóir an earra agus tuairisc ghearr air [i lúibíní cearnacha, chun críche faisnéise]

Bourg/Côtes de Bourg/Bourgeais

ブール/コート・ドゥ・ブール/ブルジェ

Fíon

Cassis

カシー

Fíon

Cassis de Bourgogne

カシス・ドゥ・ブルゴーニュ

Biotáillí


An t-ainm atá le cosaint

Tras-scríbhinn go Seapáinis (chun críoch faisnéise)

Catagóir an earra agus tuairisc ghearr air [i lúibíní cearnacha, chun críche faisnéise]

Entre-deux-Mers

アントル・ドゥー・メール

Fíon

Fronsac

フロンサック

Fíon

Listrac-Médoc

リストラック・メドック

Fíon

Moulis/Moulis-en-Médoc

ムーリ/ムーリ・ザン・メドック

Fíon

AN UNGÁIR

An t-ainm atá le cosaint

Tras-scríbhinn go Seapáinis (chun críoch faisnéise)

Catagóir an earra agus tuairisc ghearr air [i lúibíní cearnacha, chun críche faisnéise]

Pálinka  (4)

(Aistriúchán go Seapáinis: パーリンカ)

パーリンカ

Biotáillí

AN RÓMÁIN

An t-ainm atá le cosaint

Tras-scríbhinn go Seapáinis (chun críoch faisnéise)

Catagóir an earra agus tuairisc ghearr air [i lúibíní cearnacha, chun críche faisnéise]

Pălincă (Aistriúchán go Seapáinis: パリンカ)

パリンカ

Biotáillí

AN tSLÓIVÉIN

An t-ainm atá le cosaint

Tras-scríbhinn go Seapáinis (chun críoch faisnéise)

Catagóir an earra agus tuairisc ghearr air [i lúibíní cearnacha, chun críche faisnéise]

Kras

クラス

Fíon

AN SPÁINN

An t-ainm atá le cosaint

Tras-scríbhinn go Seapáinis (chun críoch faisnéise)

Catagóir an earra agus tuairisc ghearr air [i lúibíní cearnacha, chun críche faisnéise]

Montsant

モンサン

Fíon

Ribeiro

リベイロ

Fíon

IARSCRÍBHINN 4

An t-ainm atá le cosaint

Tras-scríbhinn go haibítir na Laidine (chun críoch faisnéise)

Catagóir an earra agus tuairisc ghearr air [i lúibíní cearnacha, chun críche faisnéise]

佐賀

Saga

Seishu (Sáicí)

大阪

Osaka

Fíon

長野

Nagano

Fíon

長野

Nagano

Seishu (Sáicí)

山形

Yamagata

Fíon

新潟

Niigata

Seishu (Sáicí)

滋賀

Shiga

Seishu (Sáicí)


(1)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A22021D0109&qid=1635340796840

https://www.mofa.go.jp/mofaj/files/100141732.pdf

(2)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?qid=1675141114801&uri=CELEX%3A22022D0138u/

https://www.mofa.go.jp/mofaj/files/100293455.pdf

(3)  Táirge ón Ostair nó ón Ungáir.

(4)  Táirge ón Ostair nó ón Ungáir.


Top