Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0863

Cinneadh (AE) 2023/863 ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2023 maidir leis na méideanna dar luach 20 % den mhéid a chuaigh Ballstáit áirithe thar cuimse foriomlán sa tréimhse ó 2013 go 2020 de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leagan amach

C/2023/2658

IO L 112, 27.4.2023, pp. 43–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/863/oj

27.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 112/43


CINNEADH (AE) 2023/863 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Aibreán 2023

maidir leis na méideanna dar luach 20 % den mhéid a chuaigh Ballstáit áirithe thar cuimse foriomlán sa tréimhse ó 2013 go 2020 de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leagan amach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 11(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2018/842, bunaítear spriocanna ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030 agus foráiltear maidir le cúlchiste sábháilteachta a bhunú ina mbeidh cainníocht dar luach suas le 105 mhilliún tona de choibhéis CO2, faoi réir sprioc fhoriomlán laghdaithe astaíochtaí an Aontais a bhaint amach. Beidh an cúlchiste sábháilteachta ar fáil, in imthosca áirithe, do na Ballstáit sin a raibh a nOlltáirgeacht Intíre (OTI) per capita le haghaidh 2013 faoi bhun mheán an Aontais agus a bhfuil a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa carnacha ó 2013 go 2020 sna hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán sin faoi bhun a leithdháiltí carnacha bliantúla astaíochtaí le haghaidh na mblianta céanna. Sa chéad bhabhta dáileacháin den Chúlchiste Sábháilteachta, ní fhéadfaidh gach Ballstát cáilitheach ach an méid leithdháiltí is coibhéis le 20 % den mhéid a chuaigh sé thar cuimse sa tréimhse ó 2013-2020 a fháil.

(2)

De bhun Rialachán (AE) 2018/842, tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá an Coimisiún leis na méideanna dar luach 20 % den mhéid a chuathas thar cuimse foriomlán sa tréimhse ó 2013 go 2020 a fhoilsiú i gcás gach Ballstát a chomhlíonann an dá choinníoll a leagtar amach in Airteagal 11(2), pointí (a) agus (b), den Rialachán sin.

(3)

Tá an t-athbhreithniú, a cheanglaítear le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 curtha i gcrích ag an gCoimisiún, agus tá fardail astaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát le haghaidh 2020 leagtha amach aige i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1953 ón gCoimisiún (3).

(4)

De réir sonraí a d’fhoilsigh Eurostat i mí Aibreáin 2016 (4), bhí OTI faoi bhun mheán an Aontais ag an mBulgáir, an tSeicia, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic in 2013.

(5)

Tá luachanna na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa agus leithdháiltí astaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát le haghaidh gach bliain den tréimhse ó 2013 go 2020 le fáil i loga beartaíochta an Aontais Eorpaigh, ar loga é a bunaíodh de bhun Airteagal 20 de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas (5). Cé is moite de Mhálta, bhí astaíochtaí gás ceaptha teasa carnacha gach ceann de na Ballstáit a luaitear thuas le haghaidh na mblianta ó 2013 go 2020, sna hearnálacha a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/842, faoi bhun leithdháiltí carnacha bliantúla astaíochtaí an Bhallstáit le haghaidh na mblianta sa tréimhse chéanna.

(6)

Ós rud é go gcomhlíonann an Bhulgáir, an tSeicia, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic an dá choinníoll a leagtar amach in Airteagal 11(2), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) 2018/842, ba cheart na méideanna dar luach 20 % den mhéid a chuathas thar cuimse foriomlán sa tréimhse sin a fhoilsiú i gcás gach ceann de na Ballstáit sin

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na méideanna dar luach 20 % den mhéid a chuaigh na Ballstáit thar cuimse foriomlán, ar Ballstáit iad a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 11(2), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) 2018/842 sa tréimhse ó 2013 go 2020, leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 156, 19.6.2018, lch. 26.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1953 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh na bliana 2020 i gcomhair gach Ballstáit (IO L 269, 17.10.2022, lch. 17).

(4)  SWD(2016) 247 final, lch. 143.

(5)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).


IARSCRÍBHINN

Na Ballstáit a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 11(2), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) 2018/842

Méideanna, arna sloinneadh i dtonaí de choibhéis CO2, dar luach 20 % den mhéid a chuaigh an Ballstát thar cuimse foriomlán sa tréimhse ó 2013 go 2020

An Bhulgáir

2 736 643

An tSeicia

6 757 788

An Eastóin

114 088

An Ghréig

23 884 476

An Spáinn

35 041 457

An Chróit

5 755 207

An Iodáil

47 793 694

An Chipir

1 390 308

An Laitvia

1 133 264

An Liotuáin

668 397

An Ungáir

15 708 173

An Pholainn

109 092

An Phortaingéil

14 484 447

An Rómáin

12 582 725

An tSlóivéin

2 532 246

An tSlóvaic

7 649 775


Top