Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0693

Cinneadh (AE) 2023/693 ón gCoimisiún an 27 Márta 2023 lena leasaítear Cinntí (AE) 2017/1214, (AE) 2017/1215, (AE) 2017/1216, (AE) 2017/1217, (AE) 2017/1218, (AE) 2017/1219 agus (AE) 2018/680 a mhéid a bhaineann le tréimhse bhailíochta chritéir Éicilipéad an AE agus na ceanglais maidir le measúnú agus fíorú lena mbaineann (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1886) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/1886

IO L 91, 29.3.2023, pp. 11–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/693/oj

29.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 91/11


CINNEADH (AE) 2023/693 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Márta 2023

lena leasaítear Cinntí (AE) 2017/1214, (AE) 2017/1215, (AE) 2017/1216, (AE) 2017/1217, (AE) 2017/1218, (AE) 2017/1219 agus (AE) 2018/680 a mhéid a bhaineann le tréimhse bhailíochta chritéir Éicilipéad an AE agus na ceanglais maidir le measúnú agus fíorú lena mbaineann

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1886)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

Tar éis dul i gcomhairle le Bord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéadú,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 go bhféadfaí Éicilipéad an AE a dhámhachtain ar tháirgí ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol le linn a saolré. Tá critéir shonracha Éicilipéad an AE le bunú do gach grúpa táirgí.

(2)

Le Cinneadh (AE) 2017/1214 ón gCoimisiún (2), bunaíodh critéir Éicilipéad an AE don ghrúpa táirgí “glantaigh miasníocháin láimhe”. Tá tréimhse bhailíochta na gcritéar sin agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú le dul in éag an 26 Meitheamh 2023.

(3)

Le Cinneadh (AE) 2017/1215 ón gCoimisiún (3), bunaíodh critéir Éicilipéad an AE don ghrúpa táirgí “glantaigh miasniteoirí thionsclaíocha agus institiúideacha”. Tá tréimhse bhailíochta na gcritéar sin agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú le dul in éag an 26 Meitheamh 2023.

(4)

Le Cinneadh (AE) 2017/1216 ón gCoimisiún (4), bunaíodh critéir Éicilipéad an AE don ghrúpa táirgí “glantaigh miasniteoirí”. Tá tréimhse bhailíochta na gcritéar sin agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú le dul in éag an 26 Meitheamh 2023.

(5)

Le Cinneadh (AE) 2017/1217 ón gCoimisiún (5), bunaíodh critéir Éicilipéad an AE don ghrúpa táirgí “earraí glantacháin dromchla chrua”. Tá tréimhse bhailíochta na gcritéar sin agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú le dul in éag an 26 Meitheamh 2023.

(6)

Le Cinneadh (AE) 2017/1218 ón gCoimisiún (6), bunaíodh critéir Éicilipéad an AE don ghrúpa táirgí “glantaigh níocháin”. Tá tréimhse bhailíochta na gcritéar sin agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú le dul in éag an 26 Meitheamh 2023.

(7)

Le Cinneadh (AE) 2017/1219 ón gCoimisiún (7), bunaíodh critéir Éicilipéad an AE don ghrúpa táirgí “glantaigh níocháin thionsclaíocha agus institiúideacha”. Tá tréimhse bhailíochta na gcritéar sin agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú le dul in éag an 26 Meitheamh 2023.

(8)

Le Cinneadh (AE) 2018/680 ón gCoimisiún (8), bunaíodh critéir Éicilipéad an AE don ghrúpa táirgí “seirbhísí glantacháin laistigh”. Tá tréimhse bhailíochta na gcritéar sin agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú le dul in éag an 3 Bealtaine 2023.

(9)

I gcomhréir leis na conclúidí ar thángthas orthu sa tseiceáil oiriúnachta ar Éicilipéad an AE an 30 Meitheamh 2017 (9), rinne an Coimisiún, le comhairle agus cúnamh ó Bhord an Aontais um Éicilipéadú, measúnú agus deimhniú ar ábharthacht chritéir Éicilipéad an AE do na grúpaí táirgí thuasluaite, agus réitigh á gcur chun feidhme chun feabhas a chur ar shineirgí i measc grúpaí táirgí agus ionas go méadófar ar úsáid Éicilipéad an AE a mhéadú. Chuimseofaí leis sin grúpaí táirgí a bhfuil dlúthbhaint acu lena chéile a chuachadh, i gcás inarb iomchuí, agus a áirithiú go dtabharfaidh an Coimisiún aird iomchuí, le linn phróiseas athbhreithnithe chritéir Éicilipéad an AE, ar an gcomhleanúnachas idir beartais, reachtaíocht agus fianaise eolaíoch ábhartha an Aontais.

(10)

Léiríodh sa mheasúnú a luaitear thuas, i gcás na ngrúpaí táirgí maidir le glantaigh, go bhfuil gá le hathbhreithniú chun comhleanúnachas le beartais eile de chuid an Aontais a áirithiú. Cuirfear san áireamh san athbhreithniú sin toradh an athbhreithnithe leanúnaigh ar Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Maidir le seirbhísí glantacháin laistigh, measadh go raibh na critéir fós cothrom le dáta agus gur dócha go mbeidh siad cothrom le dáta sna blianta amach romhainn. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí tús a chur le hathbhreithniú ar chritéir ghaolmhara ag céim níos déanaí lena gceadófaí tagairtí do na critéir athbhreithnithe maidir le glantaigh.

(11)

Chun go bhféadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir ghaolmhara i sineirgíocht le tionscnaimh reachtacha atá le teacht agus iad a chuachadh lena chéile, más féidir, is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur le bailíocht chritéir Éicilipéad an AE a leagtar amach i gCinntí (AE) 2017/1214, (AE) 2017/1215, (AE) 2017/1216, (AE) 2017/1217, (AE) 2017/1218, (AE) 2017/1219 agus (AE) 2018/680.

(12)

Chun a dhóthain ama a thabhairt chun na próisis athbhreithnithe a thabhairt chun críche agus chun leanúnachas an mhargaidh a áirithiú do shealbhóirí ceadúnais idir leaganacha reatha agus leaganacha athbhreithnithe de na critéir, ba cheart tréimhse bhailíochta na gcritéar reatha agus na gceanglas gaolmhar maidir le measúnú agus fíorú a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2026 i gcás glantaigh miasníocháin láimhe, glantaigh miasniteoirí thionsclaíocha agus institiúideacha, glantaigh miasniteoirí, earraí glantacháin dromchla chrua, glantaigh níocháin, glantaigh níocháin thionsclaíocha agus institiúideacha. I gcás seirbhísí glantacháin laistigh, ba cheart tréimhse bhailíochta na gcritéar reatha agus na gceanglas gaolmhar maidir le measúnú agus fíorú a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2027.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinntí (AE) 2017/1214, (AE) 2017/1215, (AE) 2017/1216, (AE) 2017/1217, (AE) 2017/1218, (AE) 2017/1219 agus (AE) 2018/680 a leasú dá réir.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 66/2010,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Chinneadh (AE) 2017/1214

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2017/1214:

“Airteagal 4

Beidh critéir Éicilipéad an AE don ghrúpa táirgí ‘glantaigh miasníocháin láimhe’ agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú bailí go dtí an 31 Nollaig 2026.”.

Airteagal 2

Leasú ar Chinneadh (AE) 2017/1215

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2017/1215:

“Airteagal 4

Beidh critéir Éicilipéad an AE don ghrúpa táirgí ‘glantaigh miasniteoirí thionsclaíocha agus institiúideacha’ agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú bailí go dtí an 31 Nollaig 2026.”.

Airteagal 3

Leasú ar Chinneadh (AE) 2017/1216

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2017/1216:

“Airteagal 4

Beidh critéir Éicilipéad an AE don ghrúpa táirgí ‘glantaigh miasniteoirí’ agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú bailí go dtí an 31 Nollaig 2026.”.

Airteagal 4

Leasú ar Chinneadh (AE) 2017/1217

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2017/1217:

“Airteagal 4

Beidh critéir Éicilipéad an AE don ghrúpa táirgí ‘earraí glantacháin dromchla chrua’ agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú bailí go dtí an 31 Nollaig 2026.”.

Airteagal 5

Leasú ar Chinneadh (AE) 2017/1218

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2017/1218:

“Airteagal 4

Beidh critéir Éicilipéad an AE don ghrúpa táirgí ‘glantaigh níocháin’ agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú bailí go dtí an 31 Nollaig 2026.”.

Airteagal 6

Leasú ar Chinneadh (AE) 2017/1219

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2017/1219:

“Airteagal 4

Beidh critéir Éicilipéad an AE don ghrúpa táirgí ‘glantaigh níocháin thionsclaíocha agus institiúideacha’ agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú bailí go dtí an 31 Nollaig 2026.”.

Airteagal 7

Leasú ar Chinneadh (AE) 2018/680

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2018/680:

“Airteagal 4

Beidh critéir Éicilipéad an AE don ghrúpa táirgí ‘seirbhísí glantacháin laistigh’ agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú bailí go dtí an 31 Nollaig 2027.”.

Airteagal 8

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Virginijus SINKEVIČIUS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 27, 30.1.2010, lch. 1.

(2)  Cinneadh (AE) 2017/1214 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2017 lena mbunaítear critéir Éicilipéad an AE do ghlantaigh miasníocháin láimhe (IO L 180, 12.7.2017, lch. 1).

(3)  Cinneadh (AE) 2017/1215 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2017 lena mbunaítear critéir Éicilipéad an AE do ghlantaigh miasniteoirí thionsclaíocha agus institiúideacha (IO L 180, 12.7.2017, lch. 16).

(4)  Cinneadh (AE) 2017/1216 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2017 lena mbunaítear critéir Éicilipéad an AE do ghlantaigh miasniteoirí (IO L 180, 12.7.2017, lch. 31).

(5)  Cinneadh (AE) 2017/1217 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2017 lena mbunaítear critéir Éicilipéad an AE d’earraí glantacháin dromchla chrua (IO L 180, 12.7.2017, lch. 45).

(6)  Cinneadh (AE) 2017/1218 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2017 lena mbunaítear critéir Éicilipéad an AE do ghlantaigh níocháin (IO L 180, 12.7.2017, lch. 63).

(7)  Cinneadh (AE) 2017/1219 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2017 lena mbunaítear critéir Éicilipéad an AE do ghlantaigh níocháin thionsclaíocha agus institiúideacha (IO L 180, 12.7.2017, lch. 79).

(8)  Cinneadh (AE) 2018/680 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2018 lena mbunaítear critéir Éicilipéad an AE do sheirbhísí glantacháin laistigh (IO L 114, 4.5.2018, lch. 22).

(9)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an athbhreithniú ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) agus ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ón bParlaimint agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (COM(2017) 355 final).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le glantaigh (IO L 104, 8.4.2004, lch. 1).


Top