EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0339

Cinneadh (CBES) 2023/339 ón gComhairle an 14 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2011/101/CBES ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib

ST/5679/2023/INIT

IO L 47, 15.2.2023, p. 55–55 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/339/oj

15.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 47/55


CINNEADH (CBES) 2023/339 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Feabhra 2023

lena leasaítear Cinneadh 2011/101/CBES ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Feabhra 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/101/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/101/CBES, ba cheart na bearta sriantacha sin a athnuachan go dtí an 20 Feabhra 2024. Ba cheart don Chomhairle leanúint d’athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar na bearta i bhfianaise forbairtí polaitiúla agus slándála sa tSiombáib.

(3)

Ba cheart Cinneadh 2011/101/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 10 de Chinneadh 2011/101/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 20 Feabhra 2024.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Feabhra 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. SVANTESSON


(1)  Cinneadh 2011/101/CBES ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 a bhaineann le bearta srintacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib (IO L 42, 16.2.2011, lch. 6).


Top