This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R2588
Commission Delegated Regulation (EU) 2022/2588 of 20 October 2022 amending Regulation (EU) 2019/1241 of the European Parliament and of the Council as regards technical measures for certain demersal and pelagic fisheries in the Celtic Sea, the Irish Sea and the West of Scotland
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2588 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2588 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban
C/2022/7447
IO L 338, 30.12.2022, pp. 44–47
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32019R1241 | Athchur | iarscríbhinn VI cuid B pointe 1.3.2 pointe (a) | 01/01/2023 | |
| Modifies | 32019R1241 | Athchur | iarscríbhinn VI cuid B pointe 1.4.2 | 01/01/2023 | |
| Modifies | 32019R1241 | Athchur | iarscríbhinn VI cuid B pointe 1.6 | 01/01/2023 | |
| Modifies | 32019R1241 | Athchur | iarscríbhinn VI cuid C pointe 10.2 | 01/01/2023 |
|
30.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 338/44 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2588 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2019/1241 (‘an Rialachán maidir le Bearta Teicniúla’) maidir leis na bearta caomhnaithe i gcomhair acmhainní iascaigh agus le cosaint éiceachóras muirí trí bhíthin bearta teicniúla, tháinig sé i bhfeidhm an 14 Lúnasa 2019. Rannchuidíonn an Rialachán seo leis na cuspóirí faoi Airteagal 2 de Rialachán CBI, lena n-áirítear cuspóirí comhshaoil a bhaint amach faoi Threoracha 92/43/CEE, 2000/60/CE agus 2008/56/CE. Bunaítear leis in Iarscríbhinn VI forálacha sonracha maidir le bearta teicniúla ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh uiscí an Aontais in Uiscí an Iarthuaiscirt. |
|
(2) |
Chuir Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt (an Bheilg, Éire, an Spáinn, an Fhrainc agus an Ísiltír) moladh comhpháirteach faoi bhráid an Choimisiúin an 10 Meitheamh 2022. Leis an moladh comhpháirteach sin (1) cuirtear síneadh le cur i bhfeidhm na mbeart teicniúil atá ann cheana a tugadh isteach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2324 ón gCoimisiún go dtí an 31 Nollaig 2023, (2) leasaítear sonraíocht theicniúil na coda is uachtaraí den soc-fhoirceann dúbailte in iascach Nephrops i ranna 7b-7e agus 7g-7k ICES (an Mhuir Cheilteach), agus (3) baintear cuid den bheart i Muir Éireann. |
|
(3) |
Bearta teicniúla sonracha a ghlactar chun foghabhálacha trosc agus faoitíní a laghdú sa Mhuir Cheilteach agus i limistéir máguaird, is é is aidhm dóibh cuidiú le cuspóirí na mbeart caomhnaithe, na bpleananna ilbhliantúla agus an phlean maidir le hábhar muirí aischurtha in Uiscí an Iarthuaiscirt a bhaint amach. Sa Mhuir Cheilteach, tá sé beartaithe le bearta ceartaitheacha le haghaidh stoic a bhfuil bithmhais acu ar leibhéil faoi bhun Blim ceanglais Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/472 (ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019) a chur chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic nó an aonaid fheidhmiúil lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal sin atá in ann uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach. |
|
(4) |
Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) measúnú ar an moladh comhpháirteach i mí an Mheithimh 2022. Tar éis na comhairle ó CETEI, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit an moladh comhpháirteach a ailíniú leis an meastóireacht eolaíoch. Dá réir sin, chuir na Ballstáit moladh comhpháirteach athbhreithnithe isteach i mí Lúnasa 2022. |
|
(5) |
Leis na bearta sa Rialachán seo is infheidhme maidir le huiscí an Aontais tá sé beartaithe na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 494(1) agus (2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a bhaint amach, agus baineann siad leis na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 494(3) den Chomhaontú sin. Ní dhéanann siad difear d’aon bheart is infheidhme in uiscí Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann. |
|
(6) |
Rinneadh meastóireacht ar na bearta a áirítear sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/1241. Chuir na Ballstáit fianaise ar fáil chun a léiriú go gcomhlíonann na tograí Airteagal 15(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2019/1241. |
|
(7) |
Chuathas i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe um Iascach maidir leis an moladh comhpháirteach an 14 Meán Fómhair 2022. |
|
(8) |
Sa mholadh comhpháirteach moladh síneadh a chur le bearta teicniúla sonracha chun foghabhálacha trosc agus faoitíní a laghdú sa Mhuir Cheilteach agus i limistéir máguaird, bunaithe ar na bearta ceartaitheacha a bhí i bhfeidhm in 2022 (2). Baineann na bearta teicniúla sonracha sin le hiascaireacht le tráil ghrinnill agus saighní in Uiscí an Aontais i roinn 7g ICES, an chuid sin de roinn 7h ICES ó thuaidh ó dhomhanleithead 49° 30' ó thuaidh agus an chuid sin de roinn 7j ICES ó thuaidh ó dhomhanleithead 49° 30' ó thuaidh agus soir ó dhomhanfhad 11° thiar, chomh maith le soithí a bhíonn ag iascaireacht le tráil ghrinnill arb iad cadóga 20 % ar a laghad dá ngabhálacha arna dtomhas roimh aon ábhar muirí a aischur. Tháinig CETEI ar an gconclúid (3) go bhfuil na trealaimh a mholtar leis na bearta sin níos roghnaíche ná na cinn a moladh leis na bearta a chuimsítear i Rialachán (AE) 2019/1241. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis na bearta atá ann cheana go dtí an 31 Nollaig 2023. |
|
(9) |
Moladh sa mholadh comhpháirteach síneadh a chur le coinníollacha sonracha le haghaidh na Mara Ceiltí i ndáil le comhdhéanamh gabhála, go háirithe nuair nach dtéann foghabhálacha trosc thar 1.5 % de mheáchan na n-acmhainní bitheolaíocha muirí uile a thugtar i dtír tar éis gach turais iascaireachta. Tá drogall ar CETEI go ginearálta coinníollacha a leagan síos bunaithe ar thairseacha foghabhála i bhfianaise dhrochstádas na stoc sna limistéir sin. Mar sin féin, thug CETEI dá aire (4) freisin, go leanfadh na trealaimh mhalartacha a shonraítear sa mholadh comhpháirteach de bheith níos roghnaíche ná na trealaimh bhonnlíne i Rialachán (AE) 2019/1241, fiú mura sárófaí an riail maidir le foghabháil trosc 1,5 % ar turas ar bith. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an gcoinníoll atá ann cheana i ndáil leis an gcomhdhéanamh gabhála go dtí an 31 Nollaig 2023. |
|
(10) |
Sa mholadh comhpháirteach moladh na bearta teicniúla sonracha maidir le tráil ghrinnill agus saighní in uiscí an Aontais a leathnú ó roinn 7g go 7k ICES agus sa limistéar thiar ó dhomhanfhad 5° I i roinn 7e ICES. Tháinig CETEI ar an gconclúid go bhfuil na bearta sin níos roghnaíche ná na cinn a moladh leis na bearta a chuimsítear i Rialachán (AE) 2019/1241. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis na bearta sin atá ann cheana go dtí an 31 Nollaig 2023. |
|
(11) |
Sa mholadh comhpháirteach moladh síneadh a chur le coinníollacha sonracha sa Mhuir Cheilteach nuair a bhíonn níos mó ná 30 % de ghliomaigh na hIorua sa ghabháil. Ar an iomlán, tháinig CETEI ar an gconclúid (5) go bhfuil na roghanna atá beartaithe níos roghnaíche ná na trealaimh a shonraítear sna maoluithe le haghaidh iascach dírithe i Rialachán (AE) 2019/1241, nó chomh coibhéiseach leo ar a laghad. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis na bearta sin atá ann cheana go dtí an 31 Nollaig 2023. I ndáil le sonraíochtaí an tsoc-fhoircinn dhúbailte, moladh sa mholadh comhpháirteach go méadófaí mogallmhéid na coda is uachtaraí den soc-fhoirceann dúbailte ó 90 mm go 100 mm i gcás soithí a oibríonn le tráil ghrinnill nó le saighní in iascach Nephrops i ranna 7b-e agus 7g-k ICES (an Mhuir Cheilteach). Rinne CETEI measúnú ar na sonraíochtaí teicniúla nua agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil sé d’acmhainn aige foghabhálacha speiceas nach bhfuil de dhíth a laghdú agus gabhálacha spriocspeiceas á gcoinneáil ar bun an tráth céanna. Ba cheart, dá bhrí sin, an tsonraíocht theicniúil a leasú dá réir. |
|
(12) |
Sa mholadh comhpháirteach moladh síneadh a chur leis na coinníollacha sonracha sa Mhuir Cheilteach nuair a bhíonn níos mó ná 55 % d’fhaoitíní nó 55 % in éineacht de láimhínigh, colmóirí nó scoilteáin sa ghabháil. Cé go bhfuil drogall ar CETEI coinníollacha a thabhairt isteach i ndáil le comhdhéanamh gabhála (6), tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil na bearta atá beartaithe fós níos roghnaíche ná na bearta bonnlíne a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/1241. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis na bearta sin atá ann cheana go dtí an 31 Nollaig 2023. |
|
(13) |
Sa mholadh comhpháirteach moltar síneadh a chur le bearta teicniúla in Iarthar na hAlban. Le glacadh an trealaimh bonnlíne 120 mm in Iarthar na hAlban, tháinig CETEI ar an gconclúid gur dócha go bhfeabhsófaí roghnaíocht trosc, cadóg agus faoitíní dá n-áireofaí maolú atá beartaithe ar threalamh bonnlíne. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis na bearta sin go dtí an 31 Nollaig 2023. |
|
(14) |
Sa mholadh comhpháirteach moladh síneadh a chur le bearta teicniúla sonracha i Muir Éireann le haghaidh iascaireacht le tráil ghrinnill nó saighní a bhfuil mogallmhéid a soc-fhoircinn cothrom le nó níos mó ná 70 mm agus níos lú ná 100 mm agus ina mbíonn níos mó ná 30 % de ghliomaigh na hIorua i ngabhálacha. Tháinig CETEI ar an gconclúid (7) gur dócha go laghdófar gabhálacha trosc, cadóg agus faoitíní leis na trealaimh sin i gcomparáid leis na bearta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1241. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis na bearta sin atá ann cheana go dtí an 31 Nollaig 2023. |
|
(15) |
Chun patrúin saothraithe a bharrfheabhsú, roghnaíocht trealaimh a mhéadú agus gabhálacha de thaisme a laghdú, is iomchuí, dá bhrí sin, na bearta teicniúla arna moladh ag na Ballstáit a ghlacadh. |
|
(16) |
Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta ag soithí agus ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha gaolmhara, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe. Ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2023. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 20 Deireadh Fómhair 2022
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 198, 25.7.2019, lch. 105.
(2) IO L 465, 29.12.2021, lgh. 1–7.
(3) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/25686136/STECF+PLEN+22-02.pdf
(4) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2684997/STECF+PLEN+20-02.pdf
(5) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2684997/STECF+PLEN+20-02.pdf
(6) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2684997/STECF+PLEN+20-02.pdf
(7) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2684997/STECF+PLEN+20-02.pdf
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Cuid B mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear pointe 10.2 de Chuid C mar a leanas: ‘Beidh na bearta i bpointe 10.1 infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2023.’ |