Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2480

    Rialachán (AE) 2022/2480 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a mhéid a bhaineann le cinntí ó eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a bhaineann le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/58/2022/REV/1

    IO L 323, 19.12.2022, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2480/oj

    19.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 323/1


    RIALACHÁN (AE) 2022/2480 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Nollaig 2022

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a mhéid a bhaineann le cinntí ó eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a bhaineann le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaítear rialacha maidir le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a bhunú le haghaidh táirgí agus seirbhísí chun tacú le reachtaíocht agus beartais de chuid an Aontais.

    (2)

    I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán Eorpach nó táirge Eorpach caighdeánúcháin a dhréachtú.

    (3)

    Tá ról tábhachtach ag caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin sa mhargadh inmheánach agus maidir le cosaint tomhaltóirí. Ní hé amháin gur le caighdeáin a chinntear gnéithe teicniúla na dtáirgí agus na seirbhísí, ach tá ról tábhachtach acu freisin maidir le hoibrithe, saoránaigh agus an comhshaol. Mar shampla, is féidir caighdeáin chomhchuibhithe a úsáid chun toimhde a thabhairt go bhfuil táirgí atá le cur ar fáil ar an margadh i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar síos i reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais i leith na dtáirgí sin, agus cáilíocht agus sábháilteacht táirgí agus seirbhísí do thomhaltóirí á n-áirithiú agus an comhshaol á chosaint acu.

    (4)

    San am a chuaigh thart, tháinig athrú ar cleachtais sna heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú maidir lena nósanna imeachta um rialachas inmheánach agus lena nósanna imeachta cinnteoireachta. Mar thoradh ar na hathruithe sin, mhéadaigh na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a gcomhar le geallsealbhóirí idirnáisiúnta agus Eorpacha. Is díol sásaimh é an comhar sin toisc go rannchuidíonn sé le próiseas um chaighdeánú atá trédhearcach, oscailte agus neamhchlaonta agus atá bunaithe ar chomhthoil. Mar sin féin, tráth a fheidhmíonn eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú iarrataí ar chaighdeánú chun tacú le reachtaíocht agus beartais an Aontais, is den riachtanas é go gcuirfear san áireamh lena gcinntí inmheánacha leasanna, cuspóirí beartais agus luachanna an Aontais agus leasanna an phobail i gcoitinne.

    (5)

    I gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, tá nósanna imeachta fónta agus ionadaíocht chothrom ar leasanna na ngeallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear na geallsealbhóirí sin a dhéanann ionadaíocht ar, inter alia, FBManna agus leasanna comhshaoil, sóisialta agus tomhaltóirí, bunriachtanach, agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a áirithiú. Ba cheart tuairimí agus ionchur ó na geallsealbhóirí ábhartha uile a chur san áireamh in eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú. Thairis sin, ba cheart na tuairimí a nochtar sna comhairliúcháin náisiúnta arna ndéanamh ag comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú a chur san áireamh agus cinntí á ndéanamh maidir le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a iarrtar faoi Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

    (6)

    Tá ról fíor-riachtanach ag comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú sa chóras um chaighdeánú, ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, agus ar leibhéal na mBallstát araon. Is iad na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú, dá bhrí sin, is fearr atá in ann a áirithiú go dtugtar aird chuí in eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú ar leasanna, cuspóirí beartais agus luachanna an Aontais agus ar leasanna an phobail i gcoitinne. Is gá, dá bhrí sin, a ról i gcomhlachtaí cinnteoireachta na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú a neartú nuair a dhéanann na comhlachtaí sin cinntí a bhaineann le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin arna n-iarraidh sin don Choimisiún faoi Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, gan difear a dhéanamh don ról tábhachtach atá ag an mbonn níos leithne geallsealbhóirí i dtaca le caighdeáin éifeachtacha a ullmhú a fhreagraíonn do riachtanais leas an phobail agus do riachtanais an mhargaidh.

    (7)

    Tá comhlachtaí cinnteoireachta na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú oscailte do rannpháirtíocht ní hamháin ag comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú ach freisin, inter alia, ag eagraíochtaí náisiúnta um chaighdeánú ó thíortha aontacha, ó thíortha is iarrthóirí agus ó thíortha eile ar comhaltaí foirmiúla iad anois de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú atá i gceist agus a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích acu leis an Aontas chun cóineasú rialála a áirithiú. Ionas nach n-eisiafar na heagraíochtaí sin ó bheith rannpháirteach in obair na gcomhlachtaí cinnteoireachta lena mbaineann, ní gá ach a fhoráil gurb iad ionadaithe ó chomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú go heisiach a dhéanfaidh na cinntí sna comhlachtaí sin, ar cinntí iad a bhaineann le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a iarrtar faoi Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, gan aon cheanglas eile a fhorchur ar obair chomhlachtaí cinnteoireachta na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú. Le rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí náisiúnta um chaighdeánú ó thríú tíortha in obair na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, níor cheart cosc a chur ar ghlacadh aon chinnidh a bhaineann le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin arna iarraidh sin don Choimisiún i gcás nach bhfuil tacaíocht ag cinneadh den sórt sin ach ó na comhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú ó na Ballstáit agus ó thíortha LEE.

    (8)

    Chun go mbeidh éifeacht leis an gceanglas gurb iad ionadaithe ó chomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú go heisiach a dhéanfaidh cinntí i gcomhlachtaí cinnteoireachta na n-eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, ar cinntí iad a bhaineann le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin arna n-iarraidh sin don Choimisiún faoi Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, is gá a fhoráil nár cheart don Choimisiún iarrataí den sórt sin a dhéanamh ach ar eagraíocht Eorpach um chaighdeánú a chomhlíonann an ceanglas sin.

    (9)

    Is é atá i gceist le nósanna imeachta um chaighdeánú cinntí a dteastaíonn sruthanna oibre sonracha ina leith, ar sruthanna oibre iad ba cheart a mheas mar ítimí oibre ar leithligh. Cuirtear tús le hítimí oibre den sórt sin chun caighdeán Eorpach nó táirge Eorpach caighdeánúcháin nua a fhorbairt nó chun caighdeán Eorpach nó táirge Eorpach caighdeánúcháin atá ann cheana a athbhreithniú, a chumasc, a leasú nó a cheartú.

    (10)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a leasú dá réir sin.

    (11)

    Chun go mbeidh na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú in ann a rialacha nós imeachta inmheánacha a oiriúnú, i gcás inar gá, ionas go mbeidh siad ag comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Féadfaidh an Coimisiún, laistigh de na teorainneacha ar na hinniúlachtaí a leagtar síos sna Conarthaí, a iarraidh ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán Eorpach nó táirge Eorpach caighdeánúcháin a dhréachtú faoi sprioc-am socraithe, ar choinníoll go gcomhlíontar mír 2a leis an eagraíocht Eorpach um chaighdeánú lena mbaineann. Beidh na caighdeáin Eorpacha agus na táirgí Eorpacha caighdeánúcháin faoi thionchar an mhargaidh, tabharfaidh siad aird ar leas an phobail agus ar na cuspóirí beartais a bheidh luaite go soiléir san iarraidh ón gCoimisiún agus beidh siad bunaithe ar chomhthoil. Cinnfidh an Coimisiún na ceanglais maidir le hinneachar a bheidh le comhlíonadh leis an doiciméad iarrtha agus cinnfidh sé sprioc-am lena ghlacadh.”

    ;

    (2)

    cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “2a.   Gan dochar do thuairimí comhairleacha eile, áiritheoidh gach eagraíocht Eorpach um chaighdeánú gurb iad ionadaithe ó chomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú go heisiach, atá laistigh de chomhlacht cinnteoireachta inniúil na heagraíochta sin, a dhéanfaidh na cinntí seo a leanas a bhaineann le caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin dá dtagraítear i mír 1:

    (a)

    cinntí maidir le glacadh le hiarrataí ar chaighdeánú agus diúltú dóibh;

    (b)

    cinntí maidir le glacadh le hítimí nua oibre a bhfuil gá leo chun an iarraidh ar chaighdeánú a chomhlíonadh; agus

    (c)

    cinntí maidir le caighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a ghlacadh, a athbhreithniú agus a tharraingt siar.”

    .

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 9 Iúil 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Nollaig 2022.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. BEK


    (1)  IO C 323, 26.8.2022, lch. 43.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Nollaig 2022.

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).


    Top