This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R2264
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/2264 of 14 November 2022 approving non-minor amendments to the specification for a name entered in the register of protected designations of origin and protected geographical indications [‘Piadina Romagnola/Piada Romagnola’ (PGI)]
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2264 ón gCoimisiún an 14 Samhain 2022 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin, “Piadina Romagnola/Piada Romagnola” (TGFC)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2264 ón gCoimisiún an 14 Samhain 2022 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin, “Piadina Romagnola/Piada Romagnola” (TGFC)
C/2022/8324
IO L 300, 21.11.2022, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
21.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 300/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2264 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Samhain 2022
lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin, “Piadina Romagnola/Piada Romagnola” (TGFC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na hIodáile ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint “Piadina Romagnola/Piada Romagnola” atá cláraithe faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1174/2014 ón gCoimisiún (2). |
(2) |
Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin. |
(3) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Piadina Romagnola/Piada Romagnola” (TGFC), is leasú é atá formheasta anois.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1174/2014 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2014 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Piadina Romagnola/Piada Romagnola (TGFC)) (IO L 316, 4.11.2014, lch. 3).