This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R2074
Commission Delegated Regulation (EU) 2022/2074 of 20 July 2022 amending Regulation (EU) No 139/2014, as regards the definition of SNOWTAM
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2074 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 139/2014, a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar SNOWTAM
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2074 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 139/2014, a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar SNOWTAM
C/2022/4957
IO L 280, 28.10.2022, p. 4–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32014R0139 | Athchur | iarscríbhinn I pointe 41b | 17/11/2022 |
28.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 280/4 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2074 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Iúil 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 139/2014, a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar SNOWTAM
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 39(1)(a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún (2), leagtar síos ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeradróim, lena n-áirítear forálacha lena dtugtar aghaidh ar an tuairisciú ar staid dromchla an rúidbhealaigh agus lena n-áirítear fógra a bhunú lena dtugtar fógra go bhfuil dálaí guaiseacha ann de dheasca sneachta, oighir, lathach shneachta nó uisce bodhar (SNOWTAM), nó lena dtugtar fógra nach bhfuil na dálaí sin ann a thuilleadh, mar chuid den fhormáid dhomhanda tuairiscithe. |
(2) |
Ba cheart tús a chur le SNOWTAM faoi choinníollacha áirithe, i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn 15 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh an 7 Nollaig 1944 in Chicago (“Coinbhinsiún Chicago”) agus le forálacha na Nósanna Imeachta le haghaidh Seirbhísí Aerloingseoireachta – Bainistiú Faisnéise Aerloingseoireachta (PANS-AIM, Doc 10066), a ghlac an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO). |
(3) |
Ba cheart an sainmhíniú ar SNOWTAM atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 a leasú i gcomhréir leis an sainmhíniú atá in Iarscríbhinn 15 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago agus i gcomhréir le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais sa réimse, amhail Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún (3). |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 a leasú dá réir. |
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c), agus le hAirteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139, d’ullmhaigh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh Tuairim Uimh. 03/2022 (4) a mhéid a bhaineann le dréachtrialacha cur chun feidhme agus chuir sí faoi bhráid an Choimisiúin í, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 139/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (41b):
“(41b) |
ciallaíonn ‘SNOWTAM’ NOTAM de shraith speisialta, a thugtar i bhformáid chaighdeánach, a sholáthraíonn tuarascáil staide dromchla lena dtugtar fógra go bhfuil dálaí guaiseacha ann de dheasca sneachta, oighir, lathach shneachta, seaca, uisce bodhar nó uisce a bhaineann le sneachta, lathach shneachta, oighear, nó sioc ar an limistéar gluaiseachtaí, nó lena dtugtar fógra nach bhfuil na dálaí sin ann a thuilleadh;”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2014 lena leagtar síos ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeradróim de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 44, 14.2.2014. lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra eile a bhaineann le bainistiú agus maoirseacht an aerthráchta, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 (IO L 62, 8.3.2017, lch. 1).
(4) https://www.easa.europa.eu/document-library/opinions