Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0861

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/861 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2022 lena leagtar síos rialacha eisceachtúla maidir le dara hiarrataí ó Bhallstáit le haghaidh cabhair ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna agus ag maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 maidir leis an ath-leithdháileadh, don tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023

    IO L 151, 2.6.2022, p. 42–44 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/861/oj

    2.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 151/42


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/861 ÓN gCOIMISIÚN

    an 1 Meitheamh 2022

    lena leagtar síos rialacha eisceachtúla maidir le dara hiarrataí ó Bhallstáit le haghaidh cabhair ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna agus ag maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 maidir leis an ath-leithdháileadh, don tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 25, an chéad mhír, pointe (d), de,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 lena gcinntear bearta i dtaca le cabhracha agus aisíocaíochtaí áirithe a shocrú a bhaineann le comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta (2), agus go háirithe Airteagal 5(5) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Mar thoradh ar an bhfogha míleata a rinne an Rúis ar an Úcráin ar an 24 Feabhra 2022 tá insreabhadh daoine easáitithe ón Úcráin go dtí an tAontas, ar mná agus leanaí iad a bhformhór. Tá dúshláin nach bhfacthas a leithéidí riamh ag roinnt Ballstát leanaí easáitithe ón Úcráin a imeascadh go tapa lena a gcóras oideachais.

    (2)

    Tá an scéim cúnaimh chun torthaí agus glasraí agus bainne agus táirgí bainne a sholáthar sna bunaíochtaí oideachasúla (“an scéim scoile”) arna leagan amach le Rialachán(AE) Uimh. 1308/2013 dírithe ar pháistí a fhreastalaíonn go rialta ar naíonraí, réamhscoileanna nó ar fhorais oideachais bunscoile nó dara leibhéil sna Ballstáit. Mar sin, tá leanaí easáitithe ón Úcráin a imeascadh le córas oideachais na mBallstát incháilithe le haghaidh rannpháirtíochta sa scéim scoile. Mar gheall ar mhéadú ar líon na leanaí incháilithe, i ndearbhthéarmaí nó mar chéatadán den daonra, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag roinnt Ballstáit atá i dtúslíne na gníomhaíochta a dhéantar mar fhreagairt ar ionradh na Rúise ar an Úcráin chun scéim scoile a chur chun feidhme de réir mar atá beartaithe mura dtagann méadú ar chabhair Aontais.

    (3)

    I gcomhréir le hAirteagal 3, an chéad mhír, pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 (3), chuir na Ballstáit a n-iarrataí isteach le haghaidh cabhair ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna a sholáthar maidir leis an scoilbhliain 2022/2023, a mhaireann ón 1 Lúnasa 2022 go dtí 31 Iúil 2023, chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir 2022. Bunaithe ar na hiarrataí sin, a cuireadh isteach sula ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin, shocraigh an Coimisiún na leithdháiltí críochnaitheacha maidir le cabhair ón Aontas de réir an Bhallstáit i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 ón gCoimisiún (4). Léirítear san fhaisnéis atá le fáil faoin úsáid a bhain roinnt Ballstát as leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas sna scoilbhlianta roimhe sin go bhfuil baol ann nach mbeidh roinnt Ballstát in ann a leithdháileadh críochnaitheach a úsáid san iomlán.

    (4)

    I bhfianaise na riachtanas nua atá tagtha chun cinn agus mar shiombail de dhlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát leis an Úcráin, is iomchuí rialacha eisceachtúla a leagan amach lena gceadaítear do na Ballstáit dara hiarraidh a chur isteach maidir le cabhair ón Aontas i dtaca le torthaí agus glasraí do scoileanna agus i dtaca le bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023 faoin 15 Meitheamh 2022. Ba cheart an fhéidearthacht sin a bheith nasctha leis an ngá le soláthar a dhéanamh le haghaidh na leanaí easáitithe ón Úcráin atá cláraithe i bhforais oideachasúla na mBallstát sa tréimhse sin. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a dtoilteanais a léiriú níos mó ná a leithdháileadh críochnaitheach cabhrach ón Aontas a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 a úsáid nó an méid den leithdháileadh críochnaitheach nár n-iarrtar, i gcás nach bhfuil toilteanas ann an méid iomlán den leithdháileadh a úsáid. Ba cheart an chéad féidearthacht a bheith teoranta go príomha do Bhallstáit a bhfuil siad in ann leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas a ionsú go cuí a léiriú, agus é sin bunaithe ar chur chun feidhme airgeadais sa scoilbhliain 2018/2019, an scoilbhliain dheiridh roimh phaindéim COVID-19. Ba cheart go mbeadh na hiarrataí sin bunaithe ar líon na leanaí easáitithe ón Úcráin amháin a thagann faoin spriocghrúpa a leagtar síos i straitéis na mBallstát de réir Airteagal 2(1), pointe (f), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, a bhfuil údar cuí leo de réir na sonraí atá ar fáil. Ba cheart a mheas gur dheimhnigh na Ballstáit nach bhfuil ag cur dara hiarraidh isteach na leithdháiltí críochnaitheacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493.

    (5)

    Leagtar síos in Airteagal 7(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 na rialacha maidir le cabhair ón Aontas a ath-leithdháileadh. Tá an Coimisiún le méid cinntitheach na cabhrach a shocrú trí leithdháiltí táscacha a fhágtar gan iarraidh, nó codanna díobh a fhágtar gan iarraidh, a ath-leithdháileadh. Is iomchuí maolú ar na rialacha sin ionas go mbeidh an Coimisiún in ann iarrataí nua atá nasctha le hionradh na Rúise ar an Úcráin a chur san áireamh chun leithdháileadh críochnaitheach athbhreithnithe cabhrach ón Aontas a shocrú don tréimhse 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023. Tá an t-ath-leithdháileadh d’aon chuid de leithdháiltí críochnaitheacha na cabhrach ón Aontas a fhágtar gan iarraidh le bheith bunaithe ar líon na leanaí idir 6 agus 10 mbliana d’aois atá sa Bhallstát, i gcomhréir le hAirteagal 5(5), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013.

    (6)

    Os rud é go mbeadh gá le leithdháiltí críochnaitheacha na cabhrach ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023 a chur san áireamh chomh luath agus is féidir ionas go mbeadh na Ballstáit in ann na gníomhaíochtaí ullmhúcháin uile is gá a phleanáil agus a chur i bhfeidhm i dtráth cuí le haghaidh chur i bhfeidhm na scéime scoile, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (7)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Don tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí 31 Iúil 2023, d’fhéadfadh Ballstáit dara hiarraidh a chur isteach le haghaidh cabhair ón Aontas faoin 15 Meitheamh 2022, lena léireofar:

    (a)

    a dtoilteanas méid is mó ná an leithdháileadh críochnaitheach atá acu le haghaidh cabhair ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus/nó le haghaidh bainne do scoileanna a sholáthar a úsáid mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 agus an méid breise a iarrtar, i gcás ina mbeadh leithdháileadh breise le fáil; nó

    (b)

    an méid a fhágtar gan iarraidh maidir leis an leithdháileadh críochnaitheacha atá ann maidir le scéim scoile chun torthaí, glasraí agus/nó bainne a sholáthar mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493, i gcás nach bhfuil an toilteanas ann an méid iomlán den leithdháileadh sin a úsáid.

    Ní fhéadfadh na Ballstáit méid breise cabhrach ón Aontas a iarraidh de bhun an chéad fomhír, pointe (a), ach amháin i gcás ina bhfuil an úsáid a bhain an Ballstát sin as leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas don scoilbhliain 2018/2019, is é sin le linn na tréimhse ón 1 Lúnasa 2018 go dtí an 31 Iúil 2019, cothrom le 75 % nó os a chionn, ag cur san áireamh na dearbhuithe caiteachais arna seoladh chuig an gCoimisiún maidir le caiteachas a rinneadh faoin 31 Nollaig 2021 i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún (5). Beidh a n-iarraidh bunaithe ar líon na leanaí easáitithe ón Úcráin amháin a thagann faoin spriocghrúpa a leagtar síos i straitéis na mBallstát de réir Airteagal 2(1), pointe (f), den Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, tráth a cuireadh an iarraidh sin isteach agus tabharfar údar cuí leis bunaithe ar na sonraí atá ar fáil.

    I gcás nach gcuireann Ballstát iarraidh isteach chun cabhair ón Aontas a fháil de bhun na chéad mhíre, measfar gur deimhnigh an Ballstát na leithdháiltí críochnaitheacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493.

    Airteagal 2

    De mhaolú ar Airteagal 7(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh, faoin 15 Iúil 2022, na dara hiarrataí maidir le cabhair ón Aontas a cuireadh isteach a chur san áireamh freisin de bhun Airteagal 1 den Rialachán seo chun na leithdháiltí críochnaitheacha a shocrú maidir le cabhair ón Aontas don tréimhse 1 Lúnasa 2022 do dtí an 31 Iúil 2023.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Meitheamh 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

    (2)  IO L 346, 20.12.2013, lch. 12.

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cabhair ón Aontas chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachais (IO L 5, 10.1.2017, lch. 1).

    (4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 ón gCoimisiún an 21 Márta 2022 lena socraítear leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023 agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/462 (IO L 100, 28.3.2022, lch. 55).

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, rialacha maidir le seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 255, 28.8.2014, lch. 59).


    Top