Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0592

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/592 ón gComhairle an 11 Aibreán 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

    ST/6861/2022/INIT

    IO L 114, 12.4.2022, p. 37–43 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/592/oj

    12.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 114/37


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/592 ÓN gCOMHAIRLE

    an 11 Aibreán 2022

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

    (2)

    Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle (2), chinn an Chomhairle gur cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 13 Aibreán 2023.

    (3)

    Tá triúr a ainmnítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 éagtha, agus ba cheart na hiontrálacha a bhaineann leo a bhaint den Iarscríbhinn sin. Chinn an Chomhairle freisin gur cheart na hiontrálacha a bhaineann le 25 dhuine atá san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a nuashonrú.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 11 Aibreán 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)   IO L 100, 14.4.2011, lch. 1

    (2)  Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (IO L 100, 14.4.2011, lch. 51).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 (“Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)”) mar a leanas:

    (1)

    scriostar iontrálacha 27 (a bhaineann le ZARGAR Ahmad), 38 (a bhaineann le FIRUZABADI Maj-Gen Dr Seyyed Hasan) agus 41 (a bhaineann le HEJAZI Mohammad) den liosta dar teideal “Daoine”;

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis na 25 dhuine seo a leanas:

    Daoine

     

    Ainm

    Faisnéis chéannachta

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “1.

    AHMADI- MOQADDAM Esmail

    Áit bhreithe: Tehran (Iran)

    Dáta breithe: 1961

    Inscne: fireann

    Stiúrthóir na hOllscoile agus an Higher National Defence Research Institute ón 20 Meán Fómhair 2021 i leith. IarChomhairleoir Sinsearach Gnóthaí Slándála do Cheannaire Armed Forces General Staff. Ceannaire National Police na hIaráine ó 2005 go dtí go luath in 2015. Chomh maith leis sin, bhí sé ina Cheannaire ar Iranian Cyber Police (liostaithe) ó mhí Eanáir 2011 go dtí go luath in 2015. Bhí fórsaí faoina cheannas chun tosaigh in ionsaithe brúidiúla a rinneadh ar agóidí síochánta, chomh maith le hionsaí foréigneach istoíche ar shuanliosanna Tehran University an 15 Meitheamh 2009. Iarcheannaire ar Cheanncheathrú na hIaráine ag tacú le Muintir Éimin.

    12.4.2011

    20.

    MOGHISSEH Mohammad (ar a dtugtar freisin NASSERIAN)

    Inscne: fireann

    Breitheamh sa Supreme Court ó mhí na Samhna 2020 i leith.Ceann Tehran Revolutionary Court, brainse 28. Meastar freisin go raibh sé freagrach as baill de phobal Baha’i a cháineadh. Dhéileáil sé le cásanna iarthoghcháin. D’eisigh sé téarmaí fada príosúnachta le linn trialacha éagóracha de ghníomhaithe sóisialta agus polaitiúla agus d’iriseoirí, agus roinnt pionóis bháis d’agóideoirí agus do ghníomhaithe sóisialta agus polaitiúla.

    12.4.2011

    21.

    MOHSENI-EJEI Gholam-Hossein

    Áit bhreithe: Ejiyeh (Iran)

    Dáta breithe: circa 1956

    Inscne: fireann

    An Príomh-Bhreitheamh ó mhí Iúil 2021 i leith. Comhalta den Expediency Council. Ionchúisitheoir Ginearálta na hIaráine ó Mheán Fómhair 2009 go dtí 2014. IarLeas-Cheann na mBreithiúna (2014 go dtí mí Iúil 2021) agus urlabhraí thar ceann na mBreithiúna (2010-2019). An tAire Faisnéise ó 2005 go dtí 2009. Fad a bhí sé ina Aire Faisnéise le linn na dtoghchán in 2009, bhí gníomhairí faisnéise faoina cheannas freagrach as an gcoinneáil agus céasadh agus na hadmhálacha bréagacha faoi bhrú a fháil ó na céadta gníomhaí, iriseoir, easaontach agus polaiteoir leasaitheach. Ina theannta sin, cuireadh iallach ar phearsana polaitiúla admhálacha bréagacha a dhéanamh faoi cheistiúcháin dhofhulaingthe lenar áiríodh céasadh, mí-úsáid, dúmhál agus bagairt a chur ar a muintir.

    12.4.2011

    22.

    MORTAZAVI Said (ar a dtugtar freisin MORTAZAVI Saeed)

    Áit bhreithe: Meybod (Iran)

    Dáta breithe: 1967

    Inscne: fireann

    Ceann an Chórais Leasa ó 2011 go 2013. Ionchúisitheoir Ginearálta Tehran go dtí mí Lúnasa 2009. Mar Ionchúisitheoir Ginearálta Tehran, d’eisigh sé ordú ginearálta a úsáideadh chun na céadta gníomhaithe, iriseoirí agus mac léinn a choinneáil. I mí Eanáir 2010, cuireadh an fhreagracht dhíreach air, in imscrúdú parlaiminteach, as triúr príosúnach a choinneáil a fuair bás i gcoimeád ina dhiaidh sin. Cuireadh ar fionraí óna oifig é i mí Lúnasa 2010 tar éis imscrúdú ag breithiúna na hIaráine ar an ról a bhí aige maidir le bás an triúr fear a bhí á gcoinneáil ar a orduithe tar éis an toghcháin.

    I mí na Samhna 2014, d’aithin údaráis na hIaráine go hoifigiúil an ról a bhí aige i mbás cimí. Fuair cúirt san Iaráin neamhchiontach é an 19 Lúnasa 2015, sna cúisimh a bhain le céasadh agus bás triúr fear óg in Kahrizak Detention Centre in 2009. Daoradh chun príosúin é in 2017 agus scaoileadh saor é i mí Mheán Fómhair 2019. I mí Lúnasa 2021, d’eisigh Supreme Court na hIaráine rialú lenar tacaíodh go hiomlán le Said Mortazavi, agus lenar cuireadh ar ceal an téarma príosúnachta 2 bhliain a gearradh air roimhe sin.

    12.4.2011

    25.

    SALAVATI Abdolghassem

    Inscne: fireann

    Breitheamh den Special Court for Financial Crimes, brainse 4 ó 2019 i leith. Breitheamh, Ceann Tehran Revolutionary Court, brainse 15. Breitheamh Cimithe in Tehran Tribunal. Bhí sé i gceannas ar na cásanna iarthoghcháin, agus ba é an Breitheamh a bhí i gceannas ar na ‘seóthrialacha’ le linn an tsamhraidh in 2009, ghearr sé pionós an bháis ar bheirt mhonarcaithe a bhí i láthair sna seóthrialacha. Tá níos mó ná céad príosúnach polaitiúil, gníomhaí chearta an duine agus léiritheoir curtha faoi théarmaí fada príosúnachta aige.

    In 2018, léirigh tuarascálacha gur lean sé air ag gearradh téarmaí príosúnachta comhchosúla gan nósanna imeachta maidir le héisteacht chóir a chomhlíonadh go cuí.

    12.4.2011

    28.

    YASAGHI Ali-Akbar

    Inscne: fireann

    Breitheamh sa Supreme Court, ceann an 13ú rannóg. Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Setad-e Dieh Foundation. Príomhbhreitheamh, Mashhad Revolutionary Court (2001-2011). Rinneadh trialacha faoina dhlínse go hachomair agus i seisiúin dhúnta, gan cloí le cearta bunúsacha an chúisí. Ós rud é gur eisíodh rialuithe básuithe en masse (suas le 550 idir samhradh na bliana 2009 agus samhradh na bliana 2011), eisíodh pionóis an bháis gan nósanna imeachta maidir le héisteacht chóir a chomhlíonadh go cuí.

    12.4.2011

    30.

    ESMAILI Gholam-Hossein (ar a dtugtar freisin ESMAILI Gholam Hossein)

    Inscne: fireann

    Ceann Foirne Uachtarán Raisi na hIaráine ó mhí Lúnasa 2021 i leith. Urlabhraí breithiúnach ó mhí Aibreán 2019 go mí Iúil 2021. IarCheann na mbreithiúna in Tehran. IarCheann Iran's Prisons Organisation. Sa cháil sin, bhí sé comhpháirteach i líon mór agóideoirí polaitiúla a choinneáil agus i mí-úsáidí a rinneadh sa chóras príosúnachta a chlúdach.

    12.4.2011

    33.

    ABBASZADEH- MESHKINI, Mahmoud

    Inscne: fireann

    Comhalta den Pharlaimint (ó mhí Feabhra 2020 i leith) agus Spéicéir Committee for National Security and Foreign Affairs na Parlaiminte. Iar-chomhairleoir do High Council for Human Rights na hIaráine (go dtí 2019). Iar-rúnaí don High Council for Human Rights. Iarghobharnóir Ilam Province. Iarstiúrthóir polaitiúil an Interior Ministry. Mar Cheann ar Article 10 Committee of the Law on Activities of Political Parties and Groups, bhí sé i gceannas ar léirsithe agus imeachtaí poiblí eile a údarú agus páirtithe polaitiúla a chlárú.

    Sa bhliain 2010, chuir sé gníomhaíochtaí dhá pháirtí pholaitiúla leasaitheacha a bhí nasctha le Mousavi — Islamic Iran Participation Front agus Islamic Revolution Mujahedeen Organisation — ar fionraí. Ó 2009 ar aghaidh, tá toirmeasc comhsheasmhach, leanúnach á chur aige ar na cruinnithe neamhrialtasacha go léir, rud a shéanann ceart bunreachtúil chun agóid a dhéanamh agus gabhadh go leor léirsitheoirí síochánta dá bharr sin, de shárú ar an gceart chun saoirse comhthionóil.

    In 2009, dhiúltaigh sé freisin cead don fhreasúra searmanas a eagrú chun brón a dhéanamh ar dhaoine a maraíodh le linn agóidí de bharr thoghcháin an Uachtaráin.

    10.10.2011

    35.

    AKHARIAN Hassan

    Inscne: fireann

    Ceann Bharda 5 agus i gceannas ar ghaibhniú aonair i Rajaee Shahr Prison, atá ar liosta an Aontais, ó 2015 i leith; Coimeádaí Bharda 1, Rajaee Shahr Prison, Karadj, go dtí Iúil 2010. Cháin roinnt iarchimí an úsáid a bhain sé as an gcéasadh, chomh maith le horduithe a thug sé gan cúnamh leighis a thabhairt do phríosúnaigh. De réir tras-scríbhinn ó chime éigin i Rajaee Shahr Prison, thug gardaí príosúin léasadh fíordhona dó, agus Akharian go hiomlán ar an eolas faoi. Tuairiscítear cás amháin ar a laghad de dhrochíde agus bás cime, Mohsen Beikvand, faoi choimircíocht Akharian. Fuair Beikvand bás i mí Mheán Fómhair 2010. Maíonn príosúnaigh eile ar bhealach inchreidte gur maraíodh é le treoracha ó Hassan Akharian.

    10.10.2011

    36.

    AVAEE Seyyed Ali-Reza (ar a dtugtar freisin: AVAEE Seyyed Alireza, AVAIE Alireza)

    Áit bhreithe: Dezful (Iran)

    Dáta breithe: 20.5.1956

    Inscne: fireann

    An tAire Dlí agus Cirt go dtí an 25 Lúnasa 2021. IarStiúrthóir na hoifige imscrúduithe speisialta. Leas-Aire Gnóthaí Baile agus Ceann an Chláir Phoiblí go dtí mí Iúil 2016. Comhairleoir don Disciplinary Court for Judges i mí Aibreáin 2014. IarUachtarán na mBreithiúna in Tehran. Ina cháil mar Uachtarán na mBreithiúna in Tehran, bhí sé freagrach as sáruithe ar chearta an duine, as gabhálacha treallacha, as diúltú do chearta na bpríosúnach agus as líon ard básuithe.

    10.10.2011

    46.

    KAMALIAN Behrouz (ar a dtugtar freisin Hackers Brain, Behrooz_Ice)

    Áit bhreithe: Tehran (Iran)

    Dáta breithe: 1983

    Inscne: fireann

    Ceannaire ar an gcibearghrúpa ‘Ashiyaneh’ a bhfuil nasc aige le réimeas na hIaráine. Tá ‘Ashiyaneh’ Digital Security’, arna bhunú ag Behrouz Kamalian, freagrach as dian-chibirionsaithe ar an lucht freasúra intíre, ar leasaitheoirí intíre agus ar institiúidí eachtracha. Chuidigh obair ‘Ashiyaneh’ (eagraíocht Kamalian) le cniogbheartaíocht an réimis i gcoinne an fhreasúra a raibh go leor sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gceist léi in 2009. Lean Kamalian agus an cibearghrúpa ‘Ashiyaneh’ dá gcuid gníomhaíochtaí go dtí mí na Nollag 2021 ar a laghad.

    10.10.2011

    47.

    KHALILOLLAHI Moussa (ar a dtugtar freisin KHALILOLLAHI Mousa, ELAHI Mousa Khalil)

    Áit bhreithe: Tabriz (Iran)

    Dáta breithe: 1963

    Inscne: fireann

    Príomh-Bhreitheamh East Azerbaijan province. Iar-ionchúisitheoir Tabriz ó 2010 go 2019. Bhí baint aige le cás Sakineh Mohammadi-Ashtiani agus bhí sé comhpháirteach i sáruithe tromchúiseacha ar an gceart chun próise cuí.

    10.10.2011

    53.

    TALA Hossein (ar a dtugtar freisin TALA Hosseyn)

    Áit bhreithe: Tehran (Iran)

    Dáta breithe: 1969

    Inscne: fireann

    Méara Eslamshahr go dtí 2020. IarFheisire den Pharlaimint san Iaráin. IarArd-Ghobharnóir (‘Farmandar’) in Tehran Province go dtí mí Mheán Fómhair 2010, bhí sé freagrach as gníomhú na bhfórsaí póilíneachta agus dá bhrí sin as léirsithe a chur faoi chois. Fuair sé duais i mí na Nollag 2010 mar gheall ar a ról sa chur faoi chois tar éis an toghcháin.

    10.10.2011

    55.

    ZEBHI Hossein

    Inscne: fireann

    Céad Leas-Chomhairleoir do bhreithiúna agus do bhreitheamh an Supreme Court (ceann bhrainse 41 den Supreme Court, ag déileáil go háirithe le coireanna slándála agus drugaí). Ionadaí do Phríomh-Ionchúisitheoir na hIaráine (2007-2015). Ina cháil sa ról sin, bhí sé freagrach as cásanna breithiúnacha a tugadh tar éis agóidí iarthoghcháin in 2009 a rinneadh de shárú ar chearta an duine. Ina cháil sa ról sin freisin, tá sé tar éis glacadh le pionóis iomarcacha do chionta drugaí.

    10.10.2011

    56.

    BAHRAMI Mohammad-Kazem

    Inscne: fireann

    Ceann an administrative justice court go dtí mí Aibreáin 2021. Bhí sé comhpháirteach i léirsitheoirí síochánta a chur faoi chois in 2009 mar cheannaire ar an mbrainse breithiúnach de na fórsaí armtha.

    10.10.2011

    60.

    HOSSEINI Dr Mohammad (ar a dtugtar freisin HOSSEYNI Dr Seyyed Mohammad; Seyed, Sayyed agus Sayyid)

    Áit bhreithe: Rafsanjan, Kerman (Iran)

    Dáta breithe: 23.7.1961

    Inscne: fireann

    Leas-Uachtarán gnóthaí parlaiminte faoin Uachtarán Raisi ó mhí Lúnasa 2021 i leith. Comhairleoir don IarUachtarán Mahmoud Ahmadinejad agus urlabhraí don fhaicsean docht polaitiúil YEKTA. An tAire Cultúir agus Treoraíochta Ioslamaí (2009-2013). Iarchomhalta den IRGC, bhí sé comhpháirteach i gcur faoi chois iriseoirí.

    10.10.2011

    62.

    ZARGHAMI Ezzatollah

    Áit bhreithe: Dezful (Iran)

    Dáta breithe: 22.7.1959

    Inscne: fireann

    Aire Cultúir, Ceardaíochta agus Turasóireachta ón 25 Lúnasa 2021 i leith. Comhalta den Supreme Cyberspace Council agus den Cultural Revolution Council ó 2014 i leith. IarCheann ar an Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB) go dtí mí na Samhna 2014. Bhí sé freagrach as gach cinneadh clársceidealaithe le linn a théarma oifige in IRIB. Chraol IRIB admhálacha éigeantacha ó dhaoine faoi choinneáil agus sraith seóthrialacha i mí Lúnasa 2009 agus i mí na Nollag 2011. Is ionann sin agus sárú glan ar fhorálacha idirnáisiúnta maidir le triail chóir agus an ceart chun próise cuí.

    23.3.2012

    64.

    KAZEMI Toraj

    Inscne: fireann

    Ceannaire ar an Greater Tehran division den Cyber Police arna ainmniú ag an Aontas ó mhí an Mheithimh 2020. Sa cháil sin, d’fhógair sé feachtas chun haiceálaithe rialtais a earcú chun go mbeifí in ann faisnéis ar an idirlíon a rialú níos fearr agus chun suíomhanna gréasáin ‘dainséaracha’ a ionsaí.

    23.3.2012

    65.

    LARIJANI Sadeq

    Áit bhreithe: Najaf (Iraq)

    Dáta breithe: 1960 nó mí Lúnasa 1961

    Inscne: fireann

    Ceann ar an Expediency Council ón 29 Nollaig 2018 i leith. Iarchomhalta den Guardian Council (go dtí mí Mheán Fómhair 2021). IarCheann na mbreithiúna (2009-2019). Ceanglaítear ar Cheann na mBreithiúna toiliú a thabhairt do gach pionós qisas (cúiteamh), hodoud (coireanna i gcoinne Dé) agus ta’zirat (coireanna i gcoinne an stáit) agus iad a fhaomhadh. Áirítear leis sin pianbhreitheanna lena ngearrtar pionós an bháis, lascadh agus teascadh. I ndáil leis sin, tá séala curtha aige le roinnt pianbhreitheanna phionós an bháis, rud a sháraíonn caighdeáin idirnáisiúnta, lena n-áirítear bású le clocha, bású trí thachtadh (crochadh), ógánaigh a chur chun báis, agus básuithe poiblí amhail bású príosúnach a crochadh de dhroichid os comhair na mílte. Bhí baint aige, dá bhrí sin, le líon mór básuithe. Ina theannta sin, cheadaigh sé pianbhreitheanna pionóis coirp amhail teascadh agus aigéad a shileadh isteach i súile an duine a chiontaítear. Ó tháinig Sadeq Larijani i réim, tá méadú suntasach tagtha ar líon na bpríosúnach polaitiúil, na gcosantóirí ar chearta an duine agus na ndaoine ó mhionlaigh a bheith á ngabháil go treallach. Tá Sadeq Larijani freagrach as teipeanna sistéamacha i bpróiseas breithiúnach na hIaráine i ndáil leis an gceart chun triail chóir a fháil.

    23.3.2012

    69.

    MORTAZAVI Seyyed Solat

    Áit bhreithe: Farsan, Tchar Mahal-o-Bakhtiari (South) – (Iran)

    Dáta breithe: 1967

    Inscne: fireann

    Ón 5 Meán Fómhair 2021, is é Leas-Uachtarán do Ghnóthaí Feidhmiúcháin na hIaráine agus Ceann Oifig an Uachtaráin é. Ón 16 Meán Fómhair 2019 go dtí mí Mheán Fómhair 2021, is é ceann bhrainse réadmhaoine an Mostazafan Foundation, a raibh á reáchtáil go díreach ag an Supreme Leader Khamenei. Stiúrthóir ar chraobh Tehran den Foundation Astan Qods Razavi, go dtí mí na Samhna 2019. Iar-mhéara Mashhad, an dara cathair is mó san Iaráin, áit a dtarlaíonn básuithe poiblí go rialta. IarLeas-Aire Gnóthaí Baile le freagracht as gnóthaí polaitiúla, a ceapadh in 2009. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as daoine a labhair amach mar chosaint ar a gcearta dlisteanacha, lena n-áirítear saoirse chun tuairimí a nochtadh, a chur faoi chois. Ina dhiaidh sin, ceapadh é ina Cheann ar an Iranian Election Committee do thoghcháin pharlaiminteacha in 2012 agus do na toghcháin uachtaránachta in 2013.

    23.3.2012

    74.

    REZVANMA-NESH Ali

    Inscne: fireann

    Leas-ionchúisitheoir i gcúige Karaj, réigiún Alborz sa tréimhse ó 2010 go 2016. Freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, agus as baint a bheith aige le hóganach a chur chun báis.

    23.3.2012

    79.

    RASHIDI AGHDAM Ali Ashraf Inscne:

    Inscne: fireann

    Leas-Stiúrthóir Sláinte, Ceartúcháin agus Oideachais Tehran Prisons. IarCheann Evin Prison (2012-2015). Tháinig meath ar dhálaí sa phríosún, le linn a théarma, agus rinneadh tagairt do dhrochíde níos déine a bheith á tabhairt do phríosúnaigh. I mí Dheireadh Fómhair 2012, chuaigh naonúr príosúnach baineann ar stailc ocrais mar agóid i gcoinne shárú a gceart agus i gcoinne na cóireála foréigní ó ghardaí príosúin.

    12.3.2013

    80.

    KIASATI Morteza

    Inscne: fireann

    Breitheamh den Revolutionary Court of Tehran, brainse 54 agus den Ahwaz Revolutionary Court, brainse 4; ghearr sé pionóis an bháis ar cheathrar príosúnach polaitiúil Arabach, Taha Heidarian, Abbas Heidarian, Abd al-Rahman Heidarian (triúr deartháireacha) agus Ali Sharifi. Gabhadh na daoine sin, rinne céasadh orthu agus crochadh iad gan aon phróis chuí. Rinne Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe um chearta an duine sa Iaráin tagairt do na cásanna sin agus don easpa próis chuí i dtuarascáil dar dáta an 13 Meán Fómhair 2012 agus i dtuarascáil ó Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe an 22 Lúnasa 2012 maidir leis an Iaráin.

    12.3.2013

    83.

    JAFARI Asadollah

    Inscne: fireann

    Ard-Aighne Isfahan faoi láthair. Sa phost sin, d’ordaigh sé frithghníomhartha foréigneacha i gcoinne lucht agóide a thug faoi na sráideanna i mí na Samhna 2021 chun agóid a dhéanamh in aghaidh ganntanais uisce. De réir roinnt tuarascálacha, d’fhógair Jafari go rabhthas chun oifig speisialta a chur ar bun chun imscrúdú a dhéanamh ar na hagóideoirí a gabhadh.

    Ina cháil mar Ionchúisitheoir Mazandaran Province, mhol Jafari go ngearrfaí pionós an bháis i gcásanna a thug sé os comhair na cúirte, ar tháinig básuithe iomadúla dá thoradh lena n-áirítear básuithe poiblí ina sáraítear, trí phionós an bháis a ghearradh, cearta idirnáisiúnta an duine, lena n-áirítear trí bhíthin pionós díréireach agus iomarcach. Tá Jafari freagrach as gabháil mhídhleathach agus sáruithe ar chearta na gcoinneálaithe Baha’i ó ghabhtar iad an chéad uair go dtí go gcoinnítear ina n-aonar iad san Intelligence Detention Centre.

    12.3.2013

    95.

    VASEGHI Leyla (ar a dtugtar freisin VASEQI Layla, VASEGHI Leila, VASEGHI Layla)

    Áit bhreithe: Sari, Mazandaran Province (Iran)

    Dáta breithe: 1352 (féilire Hijri na hIaráine), 1972 nó 1973 (féilire Ghréagóra)

    Inscne: baineann

    Post: Iarghobharnóir Shahr-e Qods agus Ceann an City Security Council

    Mar ghobharnóir Shahr-e Qods agus Ceann an City Security Council ó mhí Mheán Fómhair 2019 go dtí mí na Samhna 2021, d’ordaigh Leyla Vaseghi do na póilíní agus d’fhórsaí armtha eile leas a bhaint as modhanna marfacha le linn agóidí i mí na Samhna 2019, rud a d’fhág gur maraíodh agus gur gortaíodh lucht agóide neamh-armtha agus sibhialtaigh eile. Mar ghobharnóir Shahr-e Qods agus Ceann an City Security Council, tá Leyla Vaseghi freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    12.4.2021”


    Top