EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0590

Rialachán (AE) 2022/590 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 a mhéid a bhaineann le cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/84/2021/REV/1

IO L 114, 12.4.2022, p. 1–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/590/oj

12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 114/1


RIALACHÁN (AE) 2022/590 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Aibreán 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 a mhéid a bhaineann le cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), cuirtear ar bun an Córas Cuntas Eorpach 2010 (“CCE 2010”) agus tá an creat tagartha maidir le comhchaighdeáin, comhshainmhínithe, comhaicmithe agus comhrialacha cuntasaíochta maidir le cuntais na mBallstát a tharraingt suas chun críocha cheanglais staidrimh an Aontais le fáil ann.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), cuirtear ar bun cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta (“CET”) san Aontas trí fhoráil a dhéanamh don mhodheolaíocht agus na teorainneacha ama chun na cuntais talmhaíochta a tharchur. Is cuntais satailíte de chuntais náisiúnta iad CET, dá bhforáiltear le CCE 2010, agus é mar aidhm acu torthaí atá comhchuibhithe agus inchomparáide idir na Ballstáit a fháil d’fhonn na cuntais a tharraingt suas chun críocha an Aontais. In 2016, d’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tuarascáil speisialta Uimh. 1/2016 dar teideal Is the Commission’s system for performance measurement in relation to farmers’ incomes well designed and based on sound data? [An bhfuil córas an Choimisiúin maidir le feidhmíocht a thomhas i ndáil le hioncaim feirmeoirí dea-cheaptha agus bunaithe ar shonraí fónta?]. Áirítear sa tuarascáil sin barúlacha agus moltaí fónta agus ábhartha maidir le CET agus Rialachán (CE) Uimh. 138/2004.

(3)

Is oiriúnú ar CET ar an leibhéal réigiúnach iad cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta (“CERT”). Ní féidir le figiúirí náisiúnta iontu féin an pictiúr iomlán, atá sách casta uaireanta, a thabhairt ar an méid atá ag tarlú ar leibhéal níos mionsonraithe. Dá bhrí sin, le sonraí ar an leibhéal réigiúnach, cuidítear chun cur leis an tuiscint maidir leis an éagsúlacht idir réigiúin, comhlánaítear faisnéis don Aontas, don limistéar euro agus do na Ballstáit aonair, ag an am céanna, tugtar freagairt don ghá méadaithe atá ag staidreamh le haghaidh cuntasachta, agus méadaítear leibhéal an chomhchuibhithe, na héifeachtúlachta agus na comhsheasmhachta maidir le staidreamh talmhaíochta an Aontais. Is gá cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta a chomhtháthú, dá bhrí sin, i Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó thaobh na modheolaíochta agus an chláir tarchuir sonraí de.

(4)

Ní mheastar a thuilleadh gur aon fhoinse amháin faisnéise i measc an iliomad foinsí eile atá i staidreamh chun críocha an cheaptha beartas ach go bhfuil ról lárnach aige sa phróiseas cinnteoireachta. Maidir le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise, éilítear léi staidreamh a chomhlíonann critéir ardcháilíochta, mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), i gcomhréir leis na sainchuspóirí a bhfuil siad ag freastal orthu.

(5)

Is uirlis lárnach iad sonraí staidrimh ardcháilíochta ar leibhéal réigiúnach le haghaidh cur chun feidhme, faireachán, meastóireacht, athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta na mbeartas a bhaineann le talmhaíocht san Aontas, go háirithe an comhbheartas talmhaíochta (“CBT”), lena n-áirítear bearta forbartha tuaithe, samhail seachadta nua agus Pleananna náisiúnta Straitéiseacha nua CBT, chomh maith le beartais de chuid an Aontais a bhaineann, inter alia, leis an gcomhshaol, leis an athrú aeráide, leis an mbithéagsúlacht, leis an ngeilleagar ciorclach, le húsáid talún, le forbairt réigiúnach chothrom agus inbhuanaithe, leis an tsláinte phoiblí, le leas ainmhithe, le sábháilteacht agus slándáil bia agus le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Tá CERT ríthábhachtach freisin chun measúnú cruinn a dhéanamh ar an méid a rannchuidíonn earnáil na talmhaíochta le baint amach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, go háirithe an Straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc” agus Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais. Tá méadú ag teacht ar an aitheantas a thugtar do ról na réigiún agus na sonraí réigiúnacha i gcur i bhfeidhm CBT. Le réigiúin, tugtar spreagadh tábhachtach do phoist agus d’fhás eacnamaíoch inbhuanaithe san Aontas agus soláthraítear sonraí níos fearr chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht na hearnála talmhaíochta don chomhshaol, do dhaoine, do réigiúin agus don gheilleagar.

(6)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ba cheart rochtain a thabhairt don phobal ar na sonraí arna mbailiú faoin Rialachán seo nach bhfuil foilsithe.

(7)

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, soláthraítear an creat dlíthiúil maidir le staidreamh Eorpach agus ceanglaítear ar na Ballstáit cloí leis na prionsabail staidrimh agus leis na critéir cháilíochta a leagtar amach sa Rialachán sin. Tá tuarascálacha cáilíochta fíor-riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht an staidrimh Eorpaigh, chun feabhas a chur orthu agus iad a chur in iúl. D’fhormhuinigh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (ESSC) an struchtúr meiteashonraí comhtháite aonair mar chaighdeán an Chórais Staidrimh Eorpaigh le haghaidh tuairisciú cáilíochta, rud lena gcuidítear chun na ceanglais maidir le cáilíocht staidrimh a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 a chomhlíonadh, trí chaighdeáin aonfhoirmeacha agus modhanna comhchuibhithe, go háirithe iad sin a leagtar amach in Airteagal 12(3) de. Ba cheart an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainní agus ba cheart an t-ualach freagartha a íoslaghdú.

(8)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca leis na socruithe le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta agus ábhar na dtuarascálacha sin. Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún freisin i dtaca le maoluithe féideartha ó na ceanglais maidir le CERT. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(9)

Le CET, soláthraítear sonraí maicreacnamaíocha bliantúla tábhachtacha do lucht déanta beartas san Eoraip trí huaire in aghaidh na bliana amhail dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Leis an spriocdháta tarchuir reatha le haghaidh an dara meastacháin de chuid CET, ceann den trí tharchur sonraí atá le déanamh in aghaidh na bliana, ní thugtar go leor ama tar éis dheireadh na tréimhse tagartha chun sonraí feabhsaithe a bhailiú i gcomparáid leis na sonraí a sholáthraítear le haghaidh an chéad mheastacháin de chuid CET. Chun feabhas a chur ar cháilíocht an dara meastachán sin, caithfear an spriocdháta tarchuir ábhartha a chur siar rud beag.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 a leasú dá réir.

(11)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon comhtháthú CERT i gcreat dlíthiúil reatha do staidreamh Eorpach maidir le CET, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr na comhsheasmhachta agus na hinchomparáideachta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(12)

Chuathas i gcomhairle le ESSC,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Déanfar an chéad tarchur sonraí i mí na Samhna 2003.

Tarlóidh an chéad tarchur sonraí le haghaidh chuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta (‘CERT’) ar leibhéal NUTS 2 de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) faoin 30 Meán Fómhair 2023, áfach.

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).”;"

(2)

Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 3a

Scaipeadh staidrimh

Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) agus Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) na sonraí a tharchuirfear chuige i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo, ar líne, saor in aisce.

Airteagal 3b

Measúnú cáilíochta

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí a tharchuirtear a áirithiú.

2.   Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 maidir leis na sonraí a tharchuirfear i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo.

3.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí a tharchuirtear. Chun na críche sin, tarchuirfidh na Ballstáit tuarascáil cháilíochta chuig an gCoimisiún (Eurostat), den chéad uair faoin 31 Nollaig 2025, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, i gcás na dtacar sonraí a tharchuirtear le linn na tréimhse tuairiscithe sin.

4.   Agus na critéir cháilíochta a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 á gcur i bhfeidhm ar na sonraí a bheidh le tarchur i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo, saineoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha mionsonraithe, an struchtúr agus táscairí measúnaithe le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4a(2) den Rialachán seo. Ní fhorchuirfear ualach ná costas suntasach breise ar na Ballstáit leo.

5.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún (Eurostat) gan mhoill, aon fhaisnéis nó aon athrú ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin a bhféadfadh tionchar a bheith acu, ar aon bhealach suntasach, ar cháilíocht na sonraí a tharchuirtear.

6.   Ar iarraidh a mbeidh údar cuí léi a fháil ón gCoimisiún (Eurostat), soláthróidh na Ballstáit aon soiléiriú breise is gá, gan mhoill, chun cáilíocht na sonraí staidrimh a mheas.

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Aontais (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).”;"

(3)

Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 4a

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 4b

Maoluithe

1.   I gcás ina n-éileodh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo oiriúnuithe móra i gcóras staidrimh náisiúnta Ballstáit a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme Chaibidil VII d’Iarscríbhinn I, agus an chláir um tharchur sonraí le haghaidh CERT dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndeonófar maoluithe don Bhallstát sin ar feadh tréimhse uasta 2 bhliain. Ní bheidh an chéad dáta do tharchur na sonraí le haghaidh CERT, in aon chás níos déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2025, áfach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4a(2).

2.   Cuirfidh an Ballstát a chinnfidh iarratas a dhéanamh ar mhaolú dá dtagraítear i mír 1 iarraidh chuí-réasúnaithe isteach maidir le maolú den sórt sin chuig an gCoimisiún faoin 21 Lúnasa 2022.

3.   Féadfaidh an tAontas ranníocaíochtaí airgeadais ó bhuiséad ginearálta an Aontais a sholáthar do na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus d’údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 chun costais chur chun feidhme an Rialacháin seo a chlúdach nuair is gá, chun CERT a chur ar bun, oiriúnuithe móra a dhéanamh ar chóras staidrimh náisiúnta Ballstáit.”;

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(5)

Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna déanamh in Strasbourg, 6 Aibreán 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 29 Márta 2022.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta sa Chomhphobal (IO L 33, 5.2.2004, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle, lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 138/2004 mar a leanas:

(1)

In “Clár”, cuirtear an Chaibidil seo a leanas leis:

“VII.

Cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta (‘CERT’)

A.

Prionsabail ghinearálta

1.

Réamhrá

2.

An geilleagar réigiúnach, an chríoch réigiúnach

3.

An bun-aonad i dtiomsú CERT

4.

Modhanna chun CERT a thiomsú

5.

Coincheapa an chónaithe agus na críche

6.

Tionscal na talmhaíochta agus aonaid shaintréitheacha

B.

Idirbhearta i dtáirgí

1.

Aschur

2.

Tomhaltas idirmheánach

3.

Ollfhoirmiú caipitil

C.

Idirbhearta dáileacháin agus sreafaí eile

1.

Rialacha ginearálta

2.

Breisluach

3.

Úsáid caipitil sheasta

4.

Fóirdheontais

5.

Cánacha

6.

Cúiteamh d’fhostaithe

7.

Glanbharrachas oibriúcháin

8.

Ús, cíosanna

9.

Ioncam fiontraíoch ó thalmhaíocht: rialacha ginearálta maidir le ríomh

D.

Sracfhéachaint ar chur chun feidhme

1.

Réamhrá

2.

An talmhaíocht réigiúnach a shainiú

3.

Aschur talmhaíochta a thomhas

4.

Gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta doscartha

5.

Tomhaltas idirmheánach”;

(2)

I bpointe 1.27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc:

“-

de réir an ghnáis, ní fhéadfar táirgeadh ollfhoirmiú caipitil sheasta táirgí neamhthalmhaíochta (amhail foirgnimh nó meaisíní) a áireamh ar bhonn féinchuntais. Glactar leis gur gníomhaíocht indeighilte é táirgeadh ollfhoirmiú caipitil sheasta táirgí neamhthalmhaíochta sin chun críoch úsáide críochnaithí dílse agus déantar é a thaifeadadh mar tháirgeadh APG áitiúil inaitheanta. Ní mór seirbhísí cóiríochta a chuirtear ar fáil d’fhostaithe mar luach saothair comhchineáil a láimhseáil ar bhealach comhchosúil (déantar iad a thaifeadadh mar luach saothair comhchineáil sa chuntas giniúna ioncaim),”;

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2.006:

“2.006.

In CET, déanfar praghsanna a thaifeadadh go dtí an tslánuimhir is gaire nó atá ceart go dtí áit dheachúlach amháin nó dhá áit dheachúlacha, ag brath ar iontaofacht staidrimh na sonraí praghsanna atá ar fáil. Tá gá le faisnéis ábhartha maidir le praghsanna ar ionchur agus aschur chun CET a thiomsú.”;

(4)

I bpointe 2.108, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

“(g)

luach saothair ar sheirbhísí atá in ollphréimheanna árachais a tógadh amach chun cumhdach a chur ar fáil don ghnóthas le haghaidh rioscaí amhail caillteanas beostoic, damáiste de bharr clocha sneachta, sioc, dóiteán agus gála. Is í an fhuílleach, i.e. an phréimh ghlan, an chomhchuid den phréimh chomhlán a íocadh agus atá ar fáil do chuideachtaí árachais chun éilimh a shocrú.

Ní féidir miondealú cruinn a dhéanamh ar na hollphréimheanna sa dá chomhpháirt ach amháin don gheilleagar náisiúnta trí chéile, mar a dhéantar i gcás na gcuntas náisiúnta. Déantar an leithdháileadh maidir leis an gcomhpháirt seirbhíse idir brainsí táirgeachta go ginearálta ag úsáid eochracha miondealaithe leordhóthanacha, i dtaca le táblaí ionchuir-aschuir a fhorléiriú. Déanfar tagairt dá bhrí sin do na cuntais náisiúnta nuair a bhíonn an mhír sin á comhlánú in CET (chun fóirdheontais a bhaineann le seirbhísí árachais a thaifeadadh, féach 3.063., fonóta 1);”;

(5)

I bpointe 2.136, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc:

“-

athruithe ar aicmiú nó ar struchtúr sócmhainní seasta: e.g. athruithe ar chuspóir eacnamaíoch an talaimh talmhaíochta, an bheostoic déiríochta atá beartaithe le haghaidh táirgeadh feola (cf. 2.149, fonóta 1) nó foirgnimh talmhaíochta a ndearnadh athrú orthu le haghaidh úsáid phríobháideach nó le haghaidh úsáid eacnamaíoch eile.”;

(6)

Cuirtear an chaibidil seo a leanas leis:

“VII.   CUNTAIS EACNAMAÍOCHTA RÉIGIÚNACHA NA TALMHAÍOCHTA (‘CERT’)

A.   PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

1.   Réamhrá

7.01.

Tá ról tábhachtach ag na cuntais réigiúnacha maidir le beartais réigiúnacha a fhoirmliú, a chur chun feidhme agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Táscairí staidrimh réigiúnacha oibiachtúla, iontaofa, comhsheasmhacha, comhleanúnacha, inchomparáide, ábhartha agus comhchuibhithe, is bunchloch láidir iad sin le haghaidh beartais a bhfuil sé mar aidhm acu éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta a laghdú idir réigiúin an Aontais.

7.02.

Is oiriúnú ar CET ar an leibhéal réigiúnach iad CERT.

7.03.

Cuimsítear an tacar céanna cuntas le CET agus a chuimsítear i gcuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta, ach is as fadhbanna coincheapúla agus fadhbanna tomhais a thagann tacar cuntas le haghaidh réigiúin atá níos teoranta ó thaobh raon feidhme de agus a bhfuil níos lú mionsonraí acu i gcomparáid le CET ar an leibhéal náisiúnta.

7.04.

Mar chuntais réigiúnacha, tiomsófar CERT ar bhonn sonraí réigiúnacha a bhaileofar go díreach, agus sonraí náisiúnta lena ngabhann miondealuithe réigiúnacha bunaithe ar thoimhdí. Ní foláir toimhdí a dhéanamh i dtiomsú na gcuntas réigiúnach nuair atá faisnéis réigiúnach atá iomlán, tráthúil agus iontaofa go leor in easnamh. Tugtar le fios leis sin nach léirítear roinnt difríochtaí idir na réigiúin sna cuntais réigiúnacha (CCE 2010, 13.08).

2.   An geilleagar réigiúnach, an chríoch réigiúnach

7.05.

Le haon chuntais réigiúnacha a thiomsaítear, is cuma má dhéantar tagairt iontu do thionscail nó d’earnálacha institiúideacha, bíonn gá le sainmhíniú géar ar an ngeilleagar réigiúnach agus ar an gcríoch réigiúnach. Go teoiriciúil, le tionscal na talmhaíochta i réigiún cumhdaítear na haonaid (na gabháltais talmhaíochta) atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí talmhaíochta (cf. 1.60 go 1.66) ar an gcríoch réigiúnach.

7.06.

Tá geilleagar réigiúnach tíre mar chuid de gheilleagar iomlán na tíre sin. Déantar an geilleagar iomlán a shainiú i dtéarmaí aonad agus earnálacha institiúideacha. Cuimsítear leis na haonaid institiúideacha uile a bhfuil lárionad príomhleasa eacnamaíoch aige i gcríoch eacnamaíoch tíre. Ní bhíonn an chríoch eacnamaíoch i gcomhthráth go beacht leis an gcríoch tíreolaíoch (cf. 7.08). Déantar críoch eacnamaíoch tíre a roinnt i gcríocha réigiúnacha agus sa chríoch sheachréigiúnach (CCE 2010, 13.09).

7.07.

Is éard atá sa chríoch réigiúnach, mar a shainmhínitear in CCE 2010, an chuid sin de chríoch eacnamaíoch tíre atá sannta go díreach do réigiún. Tá saorchriosanna, trádstórais atá faoi bhannaí agus monarchana atá faoi rialú custaim, ceangailte leis na réigiúin ina bhfuil siad suite.

7.08.

Níl an scaradh críche sin comhsheasmhach go hiomlán, áfach, le coincheap na críche eacnamaíche náisiúnta mar a úsáidtear iad sna cuntais náisiúnta. Tá an chríoch sheachréigiúnach comhdhéanta de chodanna de chríoch eacnamaíoch tíre nach féidir a cheangal le réigiún aonair, agus atá eisiata ó CERT, i.e.:

(a)

an t-aerspás náisiúnta, uiscí críochacha agus an scairbh ilchríochach atá in uiscí idirnáisiúnta, a bhfuil cearta eisiacha ag an tír ina leith;

(b)

iamhchríocha laistigh den chríoch, i.e. críocha geografacha sa chuid eile den domhan atá á n-úsáid, faoi chonarthaí idirnáisiúnta nó faoi chomhaontuithe idir Stáit, ag gníomhaireachtaí rialtais ghinearálta na tíre (ambasáidí, consalachtaí, bunáiteanna míleata, bunáiteanna eolaíochta, etc.);

(c)

fosuithe ola, gáis nádúrtha, etc., in uiscí idirnáisiúnta lasmuigh de scairbh ilchríochach na tíre, arna saothrú ag aonaid atá cónaitheach sa chríoch.

7.09.

Soláthraíonn aicmiú na hAinmníochta Aonad Críochach le haghaidh Staidrimh (NUTS) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) miondealú aonair, uilíoch de chríoch eacnamaíoch an Aontais. Le CERT, éilítear staidreamh ar leibhéal NUTS 2 arna bhunú faoi na socruithe reatha faoin Rialachán sin. Chun críocha náisiúnta, féadfar cuntais réigiúnacha a thiomsú freisin ar leibhéal réigiúnach níos mionsonraithe, eadhon ar leibhéal NUTS 3 i gcás inarb infheidhme (CCE 2010, 13.12).

3.   An bun-aonad i dtiomsú CERT

7.10.

Is APGanna áitiúla iad na haonaid a úsáideann an tionscal le haghaidh na gcuntas náisiúnta. Is é APG áitiúil an fhoirm inbhreathnaithe den aonad táirgthe.

7.11.

Leis an gcur chuige staidrimh (tionscal) ‘glactar’ le haonad inbhreathnaithe fiú má chiallaíonn sé sin go n-imítear ón ngníomhaíocht aonair. Mar a tharla le SNA 2008, roghnaítear an cur chuige staidrimh in CCE 2010 agus tacaítear le APG áitiúil ionas go mbeidh an tionscal in ann na cuntais náisiúnta a thiomsú. Sainmhínítear leo, dá bhrí sin, an t-aonad céanna le haghaidh na dtionscal is cuma cé acu atá cumhdaithe ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta.

7.12.

Amhail CET, le CERT úsáidtear an gabháltas talmhaíochta – ‘curtha in oiriúint’ ag teacht le coinbhinsiúin áirithe chun na cuspóirí lena mbaineann a chomhlíonadh – mar an bun-aonad do thionscal na talmhaíochta. Tá dhá chúis ríthábhachtacha ann a ndéantar an rogha sin. Ar lámh amháin, is éard atá san aonad gabháltas talmhaíochta APG áitiúil le haghaidh na talmhaíochta (cf. 1.09 go 1.17), atá sainmhínithe mar an chuid sin APG lena dtagraítear don leibhéal áitiúil. Is é APG áitiúil an t-aonad is oiriúnaí freisin do thionscal na talmhaíochta, fiú má áirítear gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta leis, nach féidir a thaispeáint ar leithligh ó na gníomhaíochtaí talmhaíochta (cf. 1.15. agus 1.16, 1.25. go 1.32.).

7.13.

Ach an gabháltas talmhaíochta a úsáid mar an bun-aonad ciallaíonn sé sin go n-áirítear gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta na ngabháltas talmhaíochta sin i CERT (cf. 7.12). Ós rud é gurb é aidhm CET giniúint ioncaim ó ghníomhaíocht eacnamaíoch talmhaíochta a thomhas, tuairisc a thabhairt air agus é a anailísiú, déantar aonaid a tháirgeann gníomhaíocht fóillíochta amháin a eisiamh (e.g. gairdíní cistine agus beostoc príobháideach a thógáil). I gcodarsnacht leis sin, áirítear aonaid a bhíonn ag gabháil d’fheirmeoireacht chothaitheach in CET (cf. 1.24).

7.14.

Is é an gabháltas talmhaíochta an t-aonad tagartha le haghaidh suirbhéanna staidrimh a bhaineann leis an talmhaíocht, cibé acu suirbhéanna náisiúnta nó réigiúnacha. Tá sé de bhuntáiste aige sin go bhféadfar meastóireachtaí d’aschur i dtéarmaí cainníochtúla a bhunú go díreach ar na córais staidrimh chun limistéir, torthaí, méideanna tréada, etc., a thomhas. Cruthaítear comhsheasmhacht chuntasaíochta níos fearr freisin de bharr rogha an ghabháltais talmhaíochta.

4.   Modhanna chun CERT a thiomsú

7.15.

Moltar in CCE (CCE 2010, 13.24 go 13.32) dhá mhodh, á gcur i bhfeidhm ar na tionscail nó ar na hearnálacha institiúideacha: na modhanna ón mbun aníos agus ón mbarr anuas. Baineann modhanna ón mbun aníos leis na sonraí a bhailiú ar leibhéal na n-aonad (APGanna áitiúla, aonaid institiúideacha) agus iad a shuimiú ansin chun luach réigiúnach na gcomhiomlán difriúil a fháil. Leis an modh ó bharr anuas déantar na luachanna réigiúnacha a atógáil tríd an bhfigiúr náisiúnta a mhiondealú, ag úsáid táscaire a léiríonn chomh gar agus is féidir dáileadh réigiúnach na hathróige lena mbaineann. Is féidir an dá mhodh sin a chónascadh ar bhealaí éagsúla, teaglaim dá dtagraítear in CCE mar meascán de na modhanna ó bhun aníos agus ó bharr anuas. Seachnófar, áfach, an fhaisnéis chéanna a bhailiú níos mó ná uair amháin, agus ar an gcaoi sin, iomarcaíocht a chruthú sa tuairisciú sonraí. Tugtar tosaíocht do na modhanna ó bhun aníos, cé go bhfeictear i gcuid mhaith cásanna go n-úsáidtear go hiarbhír meascán de mhodhanna ó bhun aníos agus ó bharr anuas. Leagfar amach go hiomlán trédhearcach mionsonraí an mhodha agus na bhfoinsí sonracha sna tuarascálacha cáilíochta, ag léiriú cé acu sonraí réigiúnacha a bailíodh go díreach agus cé acu sonraí atá bunaithe ar shonraí náisiúnta le haicmithe réigiúnacha bunaithe ar bhonn tuisceana.

5.   Coincheapa an chónaithe agus na críche

7.16.

D’fhéadfadh idirbhearta eacnamaíocha fiontar agus teaghlach teorainneacha réigiúnacha a thrasnú. Féadfaidh fiontair feidhmiú freisin i níos mó ná réigiún amháin, ag suíomhanna buana nó ar bhonn sealadach, e.g. féadfaidh feirmeacha móra tabhairt faoi obair i réigiúin éagsúla. Dá bhrí sin, tá gá le prionsabal soiléir chun cuidiú leis na Ballstáit an ghníomhaíocht idir-réigiúnach sin a leithdháileadh go comhsheasmhach ar réigiún.

7.17.

Tá cuntais réigiúnacha na dtionscal bunaithe ar chritéir chónaithe an aonaid táirgthe. Tagraíonn gach tionscal ar an leibhéal réigiúnach don ghrúpa APGanna áitiúla sa phríomhghníomhaíocht eacnamaíoch céanna nó comhchosúil, a bhfuil a lárionad leasa eacnamaíoch acu sa chríoch réigiúnach sin. Níos minice ná a mhalairt, bíonn baint ag an lárionad leasa sin le suíomh fadtéarmach sonrach sa réigiún, cosúil leis na haonaid institiúideacha lena mbaineann APGanna áitiúla.

7.18.

Tá roinnt gnéithe ar leith ag baint leis na cuntais réigiúnacha, áfach. I gcás gníomhaíochtaí áirithe, ní bhíonn sé éasca i gcónaí an réigiún a shainmhíniú mar limistéar sonrach. Cruthaítear fadhb leis an gcaidreamh a bhíonn idir suíomh na ceannoifige agus suíomh fisiciúil an ghabháltais talmhaíochta, toisc go bhféadfadh ceannoifig i réigiún eile fachtóirí maidir le táirgeadh talmhaíochta a bhainistiú. Maidir le CERT, tá sé tábhachtach an dá aonán a roinnt, agus ar an gcúis sin ní mór gabháltas talmhaíochta a shannadh don réigiún san áit ina bhfuil a fhachtóirí táirgeachta lonnaithe agus ní don réigiún ina bhfuil a cheanncheathrú suite. D’fhéadfadh cúpla aonad eascairt as ceannoifig amháin dá bhrí sin de réir bhrí CERT, i.e., an oiread aonad agus atá réigiúin chónaithe le haghaidh APGanna áitiúla atá i bhfad ón réigiún ina bhfuil an cheannoifig.

7.19.

Coincheap malartach, nach gcuirtear i bhfeidhm go ginearálta sna cuntais náisiúnta agus réigiúnacha, a bheadh i gcoincheap a bheadh go hiomlán críochach. Tugtar le fios leis an gcoincheap sin go leithdháiltear gníomhaíochtaí don chríoch ina dtarlaíonn siad go hiarbhír, is cuma cá bhfuil cónaí ar na haonaid atá ag gabháil don ghníomhaíocht.

7.20.

Cé go dtugtar tosaíocht don chur chuige cónaithe nuair atá idirbhearta d’aonaid chónaitheacha á leithdháileadh ar bhonn réigiúnach, foráiltear le CCE 2010 do roinnt spáis theoranta chun an cur chuige críochach a chur i bhfeidhm (ESA 2010, 13.21). Tarlaíonn sé sin i gcás ina gcruthaítear aonaid bharúlacha le haghaidh talaimh agus foirgneamh sa réigiún nó sa tír ina bhfuil an talamh nó na foirgnimh lonnaithe.

7.21.

Sa chás hipitéiseach nach bhfuil ach gníomhaíochtaí laistigh dá gcríoch réigiúnach ag aonaid atá cónaitheach i réigiún, tagann coincheap an chónaithe le coincheap na críche. Tá sé sin amhlaidh freisin maidir leis an leithdháileadh réigiúnach bunaithe ar aonaid bharúlacha a chruthaítear le haghaidh talaimh agus foirgneamh agus le haghaidh fiontair neamhchorpraithe i dtíortha nó i réigiúin eile atá difriúil le réigiún cónaitheach an úinéara.

6.   Tionscal na talmhaíochta agus aonaid shaintréitheacha

7.22.

Tá APGanna uile cuimsithe sa tionscal, lena ndéantar gníomhaíocht eacnamaíoch chomhionann nó chomhchosúil (cf. 1.59). Le tionscal na talmhaíochta, mar a thugtar tuairisc air in CET, comhfhreagraítear, i bprionsabal, do Rannán 01 in Athbhreithniú NACE 2, agus taispeántar na difríochtaí i 1.62 go 1.66. Sainmhínítear raon feidhme CERT ar bhonn an liosta de ghníomhaíochtaí saintréitheacha a tarraingíodh suas do CET. Tá roinnt difríochtaí idir tionscal na talmhaíochta in CET, agus dá bharr sin in CERT, agus sa tionscal a bunaíodh le haghaidh chreat lárnach na gcuntas náisiúnta (cf. 1.93).

B.   IDIRBHEARTA I dTÁIRGÍ

7.23.

Cruthaítear roinnt fadhbanna sonracha nuair a bhíonn an t-aschur talmhaíochta á luacháil. Baineann na cinn is tábhachtaí le táirgí séasúracha, táirgeadh beostoic agus uainiú na n-iontrálacha sna cuntais. Le modheolaíocht CET, cuirtear rialacha beachta chun cinn lena rialaítear conas ba cheart éifeachtaí stórála táirgí séasúracha a chur san áireamh, conas a dhéanfar aschur beostoic a thomhas agus conas a dhéanfar táirgí ar a bhfuil obair idir lámha á déanamh a thaifeadadh. Déanfar na prionsabail sin a chomhlíonadh le linn do CERT a bheith á dtiomsú. Leis sin áfach, ní chuirtear oiriúnuithe áirithe ar an leibhéal réigiúnach as an áireamh, mar shampla i gcás táirgeadh beostoic. Ba cheart a thabhairt chun suntais gur gá iomlán na luachála réigiúnaí a bheith comhionann le luachálacha CET.

1.   Aschur

(a)   Aschur a thomhas

7.24.

In CERT, léirítear le haschur réigiúin gach táirge atá laistigh de raon feidhme CET a tháirgtear leis na haonaid go léir den tionscal talmhaíochta thar an tréimhse cuntasaíochta sa réigiún sin, cibé acu atá siad beartaithe i gcomhair margaíochta lasmuigh den tionscal, le díol le gabháltais talmhaíochta eile nó, i gcásanna áirithe, le húsáid ag an ngabháltas talmhaíochta céanna. Dá dhroim sin:

(a)

déanfar aon táirge talmhaíochta lena bhfágtar gabháltas talmhaíochta sa réigiún a thaifeadadh mar chuid d’aschur an réigiúin, gan beann ar a cheann scríbe nó ar an aonad a bhíonn á cheannach;

(b)

déanfar táirgí talmhaíochta áirithe lena n-úsáidtear an gabháltas talmhaíochta céanna mar thomhaltas idirmheánach a áireamh in aischur an réigiúin (cf. 2.056).

7.25.

Tógann próiseas táirgthe beostoic cúpla bliain go ginearálta. Nuair a dhéantar beostoc a luacháil, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir ainmhithe a aicmítear mar shócmhainní seasta (ainmhithe pórúcháin agus ainmhithe tarraingthe, ba bainne, etc.) agus iad sin a aicmítear mar stoic (ainmhithe atá beartaithe go príomha i gcomhair feola). Dá réir sin, d’fhonn comhaireamh dúbailte a sheachaint, láimhseáiltear idirbhearta a bhaineann le hainmhithe idir gabháltais talmhaíochta (a nglactar leo mar dhíolacháin dhearfacha maidir leis na gabháltais talmhaíochta a dhíolann an beostoc agus mar dhíolacháin dhiúltacha le haghaidh na gabháltas talmhaíochta a bhíonn ag ceannach), mar a leagtar amach thíos;

(a)

déantar idirbhearta idir gabháltais talmhaíochta sa réigiún céanna ina bhfuil ainmhithe a aicmítear mar shócmhainní seasta a chéile a chealú, seachas costas a bhaineann le haistriú úinéireachta (*2); ní chuirtear isteach iad mar dhíolacháin na ngabháltas talmhaíochta agus dá bhrí sin ní áirítear iad in aschur an réigiúin lena mbaineann;

(b)

láimhseáiltear ainmhithe a aicmítear mar stoc agus atá faoi réir idirbhirt idir réigiúin mar dhíolacháin dhearfacha (mar aon le honnmhairí) don réigiún tionscnaimh agus láimhseáiltear ainmhithe ó réigiúin eile mar dhíolacháin dhiúltacha (mar aon le hallmhairí) (*3);

(c)

nuair a bhaineann na costais maidir le haistriú úinéireachta (iompar, corrlaigh thrádála, etc.) le trádáil ainmhithe a aicmítear mar stoc, déantar iad a asbhaint ón aschur; tarlaíonn sé sin go huathoibríoch nuair a bhíonn ceannacháin ó ghabháltais talmhaíochta i réigiúin eile i gceist, toisc go mbíonn na costais mar chuid de dhíolacháin dhiúltacha, cé nach mór coigeartú a dhéanamh i ndíolacháin, agus in aschur dá réir sin, i gcás trádála in ainmhithe idir gabháltais talmhaíochta sa réigiún céanna.

(b)   An t-aschur a luacháil

7.26.

Déanfar an t-aschur a luacháil ag bunphraghsanna (cf. 2.082), i.e. lena n-áirítear fóirdheontais ar tháirgí, lúide cánacha ar tháirgí. Ciallaíonn an modh ríofa sin go gcaithfear cánacha agus fóirdheontais ar tháirgí a mhiondealú de réir réigiúin.

2.   Tomhaltas idirmheánach

(a)   Sainmhíniú

7.27.

Is éard atá i dtomhaltas idirmheánach na hearraí (seachas sócmhainní seasta) agus seirbhísí margaidh arna dtomhailt i rith an phróisis táirgthe chun earraí eile a tháirgeadh (cf. 2.097 go 2.109).

7.28.

Le linn do CERT a bheith á dtiomsú, áirítear leis an tomhaltas idirmheánach:

(a)

táirgí talmhaíochta a ceannaíodh lena dtomhailt le linn an phróisis táirgthe ó ghabháltais talmhaíochta eile (cibé acu sa réigiún céanna nó i réigiún eile);

(b)

táirgí áirithe a úsáidtear mar thomhaltas idir aonaid agus a chuirtear isteach mar aschur (cf. 2.054 go 2.058 agus 7.24).

7.29.

Sa chás áirithe a bhaineann le FISIM caitear leo sna cuntais réigiúnacha ar an mbealach céanna agus a chaitear leo sna cuntais náisiúnta. Má tá an meastachán ar stoic iasachtaí agus éarlaisí ar fáil de réir réigiúin, is féidir an modh ón mbun aníos a úsáid. Ní bhíonn meastacháin ar stoic iasachtaí agus éarlaisí ar fáil de réir réigiúin de ghnáth, áfach. I gcás inarb amhlaidh, déantar an leithdháileadh ar sheirbhísí idirghabhála airgeadais arna dtomhas go hindíreach leis an dara modh is fearr: úsáidtear oll-aschur réigiúnach nó oll-bhreisluach de réir tionscail mar tháscairí dáileacháin (ESA 2010, 13.40).

(b)   Tomhaltas idirmheánach a luacháil

7.30.

Déanfar na táirgí agus na seirbhísí uile a úsáidtear le haghaidh tomhaltas idirmheánach a luacháil ag praghas an cheannaitheora (gan CBL in-asbhainte san áireamh) (cf. 2.110 go 2.114).

3.   Ollfhoirmiú caipitil

7.31.

Déantar ollfhoirmiú caipitil i gcomhair talmhaíochta a fhoroinnt iontu seo a leanas:

(a)

ollfhoirmiú caipitil sheasta;

(b)

athruithe ar fhardail.

(a)   Ollfhoirmiú caipitil sheasta

7.32.

Bíonn foirmiú caipitil sheasta sa talmhaíocht aon uair a fhaigheann sealbhóir sócmhainní seasta nó aon uair a tháirgeann sé sócmhainní seasta atá beartaithe lena n-úsáid ar feadh tréimhse breis agus 1 bhliain amháin mar mhodh táirgeachta sa phróiseas táirgthe talmhaíochta. Tagraíonn na critéir leithdháilte chun ollfhoirmiú caipitil sheasta a thaifeadadh do thionscail úsáideoirí agus ní don tionscal lena mbaineann an t-úinéir dlíthiúil.

7.33.

Leithdháiltear sócmhainní seasta faoi úinéireacht aonaid ilréigiúnaigh ar APGanna áitiúla ina n-úsáidtear iad. Déantar na sócmhainní seasta a úsáidtear faoi léas oibriúcháin a thaifeadadh i réigiún úinéir na sócmhainní, agus déantar na sócmhainní seasta a úsáidtear faoi léas airgeadais a thaifeadadh i réigiún an úsáideora (CCE 2010, 13.33).

7.34.

Déantar sócmhainní nua atá á n-áireamh i gcaipiteal seasta a iontráil comhlán, i.e. gan ídiú an chaipitil sheasta sin a asbhaint. Sa bhreis air sin, ríomhtar ídiú an chaipitil sheasta go ginearálta ar na sócmhainní sin. Faightear glanfhoirmiú caipitil trí ídiú sócmhainní seasta a asbhaint ó ollfhoirmiú caipitil.

7.35.

Is féidir le haonaid táirgthe sócmhainní a dhíol le chéile, e.g. innealra athláimhe. Nuair a bhogtar sócmhainní idir tionscail agus réigiúin, aireofar an praghas iomlán in ollfhoirmiú caipitil sheasta i dtionscal nó i réigiún amháin agus déanfar an praghas a fhaightear a asbhaint ó ollfhoirmiú caipitil sheasta sa tionscal nó sa réigiún eile. Déanann an faighteoir na costais a bhaineann le haistriú úinéireachta na sócmhainní, amhail táillí dlí ar dhíolacháin talaimh agus foirgneamh reatha, a chomhaireamh mar ollfhoirmiú caipitil sheasta bhreise, fiú amháin má íocann an díoltóir roinnt de na costais.

7.36.

Ní mór ollfhoirmiú caipitil sheasta le haghaidh beostoc réigiúin a thiomsú i gcomhréir le CEC 2010 (3.124 go 3.138) agus 2.149 go 2.161 den Iarscríbhinn seo. Tá ollfhoirmiú caipitil sheasta do bheostoc coibhéiseach leis an difríocht idir éadálacha beostoic i rith na bliana (fás nádúrtha agus ceannacháin lasmuigh den réigiún lena n-áirítear allmhairí), lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as táirgeadh féinchuntais, agus diúscairtí beostoic (lena mharú, díolacháin chuig réigiúin eile, lena n-áirítear onnmhairí, nó aon úsáid deiridh eile). Nuair a dhéantar na réigiúin go léir a chomhiomlánú, tá sé tábhachtach a chinntiú go gcealaíonn sreafaí idir-réigiúnacha a chéile (gan na costais a bhaineann le haistriú úinéireachta san áireamh) ionas go mbeidh suim ollfhoirmithe caipitil seasta réigiúnacha go léir mar an gcéanna le ollfhoirmiú caipitil sheasta i ndáil leis na cuntais náisiúnta talmhaíochta. Nuair a úsáidtear an modh ón mbun aníos, bíonn feidhm ag an méid seo a leanas: is ollfhoirmiú caipitil sheasta diúltach iad díolacháin ainmhithe le gabháltais talmhaíochta i réigiúin eile cé gur ollfhoirmiú caipitil sheasta dearfach iad na ceannacháin ó réigiúin eile. I gcás ríomh ollfhoirmiú caipitil sheasta do bheostoc réigiún, féadfar an modh indíreach arna mholadh a úsáid (cf. 2.156).

(b)   Athruithe ar fhardail

7.37.

Cuimsítear sna fardail na sócmhainní go léir nach bhfuil mar chuid den chaipiteal seasta agus atá á sealbhú go sealadach, ag tráth ar leith, ag aonaid táirgthe. Déantar idirdhealú idir dhá chineál fardal: fardail ionchuir agus fardail aschuir (cf. 2.171).

7.38.

I gcás ainmhithe a aicmítear mar fhardail, áirítear leis an trádáil a chuirfear san áireamh nuair a bheidh athruithe ar fhardail á ríomh díolacháin le réigiúin eile agus ceannacháin ó réigiúin eile chomh maith le hallmhairí agus onnmhairí.

C   IDIRBHEARTA DÁILEACHÁIN AGUS SREAFAÍ EILE

7.39.

Mínítear leis na deacrachtaí praiticiúla a bhaineann le faisnéis iontaofa réigiúnach a fháil maidir le hidirbhearta dáileacháin i gcásanna áirithe, go háirithe nuair a dhéanann aonaid gníomhaíochtaí i níos mó ná réigiún amháin, nó nuair nach limistéar atá sainmhínithe go soiléir é an réigiún ina ndéantar gníomhaíochtaí áirithe i gcónaí, an chúis nach gcumhdaítear in CCE ach cuntais réigiúnacha thionscal na talmhaíochta amháin i dtaca le roinnt comhiomlán: breisluach, fóirdheontais, cánacha, cúiteamh d’fhostaithe, cíosanna agus ioncam eile, ús agus ollfhoirmiú caipitil sheasta.

1.   Rialacha ginearálta

7.40.

Déantar na hidirbhearta dáileacháin a thaifeadadh ar bhonn fabhruithe, i.e. ag an tráth a dhéantar luach eacnamaíoch, méid dlite nó éileamh a chruthú, a aistriú nó a chealú nó nuair nach ann dó níos mó, agus ní nuair a dhéantar an íocaíocht go hiarbhír. Cuirtear an prionsabal taifeadta sin (bunaithe ar chearta agus ar oibleagáidí) i bhfeidhm maidir le gach sreabhadh, gan beann ar cibé an sreafaí airgid iad, nó ar tharla siad idir aonaid nó laistigh d’aonad aonair.

7.41.

Nuair nach féidir an dáta ar a fhaightear an t-éileamh (fiachas) a chinneadh go beacht, áfach, féadfar an dáta íocaíochta nó comhfhogasú inghlactha eile den bhunús fabhraithe a úsáid (cf. 3.007).

2.   Breisluach

(a)   Rialacha ginearálta

7.42.

Cruthaítear breisluach de bharr gníomhaíocht táirgthe geilleagair nó ceann dá chuid tionscal i rith tréimhse ar leith, agus is í an ítim chomhardaithe den chuntas táirgthe í. Is ionann é agus an difríocht idir luach an aschuir agus luach an tomhaltais idirmheánaigh. Is príomh-ítim é chun táirgiúlacht geilleagair nó tionscail a thomhas (cf. 3.013) nó táirgiúlacht réigiúin nó tionscail laistigh de réigiún.

(b)   Breisluach a luacháil

7.43.

Féadfar breisluach a iontráil ar bhonn comhlán (oll-bhreisluach ag bunphraghsanna) nó glan (breisluach glan ag bunphraghsanna), i.e. sula ndéantar tomhaltas an chaipitil sheasta a asbhaint nó ina dhiaidh sin. Ag teacht leis an modh chun aschur (bunphraghas) agus tomhaltas idirmheánach a luacháil (praghsanna na gceannaitheoirí), déantar an breisluach a thomhas ag na bunphraghsanna (cf. 3.013).

7.44.

Ciallaíonn an úsáid a bhaintear as bunphraghsanna nach mór na cánacha ar tháirgí agus ar fhóirdheontais ar tháirgí a shannadh d’earraí agus do sheirbhísí sonracha, agus ansin caithfear iad a leithdháileadh i measc na réigiún.

7.45.

Ach cánacha eile ar tháirgeadh a asbhaint ón mbreisluach ag na bunphraghsanna, agus fóirdheontais eile a chur ar an táirgeadh, faightear an breisluach ag costas fachtóra. Is éard é an breisluach glan ag costas fachtóra ioncam na bhfachtóirí táirgthe (cf. 3.014).

3.   Úsáid caipitil sheasta

7.46.

In CERT, i gcás earraí agus seirbhísí lena gcomhdhéantar caipiteal seasta an ghabháltais talmhaíochta (amhail plandálacha a mbíonn táirgí athuaire mar thoradh orthu, innealra agus foirgnimh, feabhsuithe móra ar thalamh, bogearraí, na costais a ghabhann le haistriú úinéireachta ar shócmhainní neamhtháirgthe) baineann caitheamh agus cuimilt agus seandacht dóibh mar mhodhanna táirgthe sa phróiseas táirgthe. Déantar caitheamh agus cuimilt agus seandacht den sórt sin a thomhas mar ídiú an chaipitil sheasta. Cosúil le CET, ní dhéanfar ídiú an chaipitil sheasta a ríomh le haghaidh ainmhithe táirgthe.

4.   Fóirdheontais

7.47.

Cuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm in CERT agus a chuirtear in CET: déantar sreafaí a aicmítear mar fhóirdheontais oibriúcháin in CET a aicmiú ar an mbealach céanna in CERT, agus láimhseáiltear sreafaí i bhfoirm aistrithe caipitil ar an gcaoi chéanna.

5.   Cánacha

7.48.

Cuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm in CERT agus a chuirtear in CET: déantar an cineál difriúil cánacha a aicmiú ar an mbealach céanna in CERT agus a dhéantar iad a aicmiú in CET.

6.   Cúiteamh d’fhostaithe

7.49.

Maidir le táirgeoirí, déantar cúiteamh d’fhostaithe a leithdháileadh ar APGanna áitiúla ina bhfuil na daoine fostaithe. I gcás nach bhfuil na sonraí sin ar fáil, déantar cúiteamh d’fhostaithe a leithdháileadh mar an dara modh is fearr, bunaithe ar na huaireanta a oibríodh. Mura bhfuil cúiteamh d’fhostaithe ná uaireanta an chloig a oibríodh ar fáil, úsáidtear an líon fostaithe de réir APG áitiúil (cf. CCE 2010, 13.42).

7.   Glanbharrachas oibriúcháin

7.50.

Faightear glanbharrachas oibriúcháin ón mbreisluach glan ag na bunphraghsanna tríd an gcúiteamh d’fhostaithe agus cánacha eile ar tháirgeadh a asbhaint agus fóirdheontais eile ar tháirgeadh a chur leis.

8.   Ús, cíosanna

7.51.

Cuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm in CERT agus a chuirtear in CET: déantar sreafaí a aicmítear mar ús, cíosanna in CET a aicmiú ar an mbealach céanna in CERT.

9.   Ioncam fiontraíoch ó thalmhaíocht: rialacha ginearálta maidir le ríomh

7.52.

Déantar ioncam ó mhaoin atá iníoctha go díreach a eascraíonn as gníomhaíochtaí talmhaíochta agus gníomhaíochtaí tánaisteacha neamhthalmhaíochta, i.e. ús a íoctar ar iasachtaí a thógtar amach maidir leis na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear chun talamh talmhaíochta a cheannach, agus cíosanna a íoctar le húinéirí talún, a asbhaint ó bharrachas oibriúcháin (cf. 3.070 go 3.087).

D.   SRACFHÉACHAINT AR CHUR CHUN FEIDHME

1.   Réamhrá

7.53.

Tá sé mar aidhm leis an roinn seo roinnt gnéithe den mhodheolaíocht a léiriú, go háirithe an rogha gabháltais talmhaíochta talmhaíochta agus an tomhas a dhéantar ar aschur.

7.54.

Is é an gabháltas talmhaíochta an t-aonad tagartha a úsáidtear le haghaidh suirbhéanna staidrimh maidir leis an talmhaíocht, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fo-náisiúnta. Is buntáiste mór é sin do CERT toisc go gciallaíonn sé gur féidir luacháil na gcainníochtaí aschuir a bheith bunaithe go díreach ar chórais staidrimh chun limistéir talún, táirgeacht, méideanna tréada etc. a thomhas. Ach an gabháltas talmhaíochta a roghnú freisin, tá sé de bhuntáiste aige sin gur féidir na cuntais a bheith níos comhsheasmhaí. Baineann aschur agus costais, go deimhin, le tacair aonad chomhionanna, fiú má bhíonn éagsúlacht idir na modhanna eachtarshuímh ó fhoinse amháin go chéile. Ar deireadh, ach an gabháltas talmhaíochta a roghnú, mar aon leis na coincheapa maidir le gníomhaíochtaí agus aonaid shaintréitheacha, seachnaítear an gá coigeartuithe a dhéanamh a d’fhéadfadh a bheith conspóideach, a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh i gcás gairdíní cistine agus tógáil beostoic phríobháidigh nach leis an sealbhóir é. Fágann an gnás sin go mbíonn sé níos éasca comparáidí a dhéanamh idir tíortha. Go deimhin, beidh an nasc le sonraí staidrimh i gcainníochtaí fisiceacha, atá ríthábhachtach don talmhaíocht agus lena ráthaítear go mbeidh na toisí ar iontrálacha cuntasaíochta comhsheasmhach toisc go bhfuil coigeartuithe nó ceartúcháin ‘seach-staidrimh’ srianta dá bhrí sin, rudaí ar ndóigh lena simplítear agus lena gcuirtear feabhas ar na ríomhanna. Tá na gnéithe sin comhsheasmhach freisin leis an aidhm maidir le tosaíocht a thabhairt don chur chuige ó bhun aníos in CERT.

2.   An talmhaíocht réigiúnach a shainmhíniú

7.55.

Maidir le gach réigiún, is éard atá i dtionscal na talmhaíochta na gabháltais talmhaíochta ar fad a bhfuil a gcuid fachtóirí táirgthe lonnaithe sa réigiún. Leis an bprionsabal sin, atá comhsheasmhach leis an gcoincheap maidir le háit chónaithe na n-aonad táirgthe, féadfar roinnt fadhbanna a chruthú: leis an staidreamh talmhaíochta, sainmhínítear suíomh na ngabháltas talmhaíochta de ghnáth de réir a gceanncheathrún agus ní díreach de réir shuíomh na bhfachtóirí táirgthe. Ní hionann an dá shuíomh sin i gcónaí agus is dócha go dtarlóidh an feiniméan sin níos minice de réir mar a éiríonn gabháltais talmhaíochta níos mó. Nuair a thiomsaítear CERT, dá bhrí sin, déanfar roinnt gabháltas talmhaíochta a athaicmiú idir réigiúin agus fiú, i roinnt cásanna, iad a roinnt. Seans go mbeidh sé sin sách deacair a dhéanamh i gcleachtas, agus má bhíonn, b’fhéidir go mb’fhearr an suíomh céanna a choimeád le haghaidh na ngabháltas talmhaíochta agus atá sna suirbhéanna staidrimh. Tá an moladh sin, áfach, ag brath ar dhá choinníoll: ar an gcéad dul síos, ní mór an modh lena ndéanfar an suíomh a shainmhíniú a bheith comhionann le haghaidh na réigiún go léir sa tír agus ansin ní mór na hiontrálacha cuntasaíochta go léir a luacháil ó fhoinsí lena n-úsáidtear na rialacha céanna chun suíomh na ngabháltas talmhaíochta a shainmhíniú.

3.   Aschur talmhaíochta a thomhas

7.56.

Áirítear le haschur talmhaíochta táirgí barr áirithe lena n-úsáidtear an gabháltas talmhaíochta céanna arís i bhfoirm tomhaltais idirmheánaigh; baineann sé sin go príomha le táirgí le haghaidh beatha ainmhithe. I gcás na mbarr curaíochta go háirithe, féadfar aschur réigiúnach a chinneadh go minic ar bhonn na gcainníochtaí a bhaintear i ngach réigiún, a dtugtar luach dóibh ansin trí phraghsanna. Sa chás sin, déantar an t-aschur go léir a luacháil, cibé acu atá sé beartaithe i gcomhair margaíochta lasmuigh den tionscal, le díol le gabháltais talmhaíochta eile nó le húsáid ag an ngabháltas talmhaíochta céanna. Faightear aschur gach réigiúin go díreach dá réir sin, ag teacht leis an gcoincheap arna ghlacadh in CET agus CERT. D’fhéadfaí na praghsanna faoina ndéantar luacháil ar aschur trína gcruthaítear tomhaltas idir aonaid a bhunú ar shonraí réigiúnacha freisin, ag comhfhreagairt do na praghsanna ag a ndéantar aschur a mhargú. Mar sin féin, de dheasa easpa sonraí maidir le praghsanna réigiúnacha cruthaítear fadhb ghinearálta fad a bhaineann sé le haschur a luacháil, idir aschur (réigiúnach) a mhargaítear agus aschur atá mar chuid den tomhaltas idir aonaid. Dá réir sin ardaíonn an luacháil CERT ar tháirgí atá mar chuid den tomhaltas idir aonaid na deacrachtaí céanna leis an luacháil a dhéantar ar tháirgí a mhargaítear. Ar ndóigh, is ceist dhifriúil ar fad é nuair nach féidir na cainníochtaí a luacháil ar an leibhéal réigiúnach. Sa chás sin, is é an modh ó bharr anuas bunaithe ar luachálacha ar an leibhéal náisiúnta an t-aon cheann is féidir a úsáid (*4).

7.57.

A mhéid a bhaineann le hainmhithe, cibé acu a n-aicmítear iad mar fhardail nó mar chaipiteal seasta, déanfar na pointí seo a leanas a chur san áireamh:

luachálacha ar an leibhéal réigiúnach maidir le hathruithe ar fhardail agus in ollfhoirmiú caipitil sheasta a bhaineann le hainmhithe, agus gur comhpháirteanna den mhodh indíreach maidir le haschur a ríomh iad an dá shreabhadh sin go hiarbhír;

luachálacha trádála ainmhithe idir réigiúin, ar comhpháirt í an trádáil sin den mhodh indíreach maidir le haschur a ríomh;

an miondealú idir réigiúin sreafaí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin ainmhithe;

an láimhseáil iomchuí ar chostais a bhaineann le haistriú úinéireachta;

an modh maidir le CERT a choigeartú in aghaidh CET.

7.58.

I gcásanna áirithe, is féidir an modh indíreach maidir le haschur ainmhithe a ríomh a bheith ródheacair ar an leibhéal réigiúnach. I gcásanna den sórt sin, is fearr an t-aschur a ríomh ar bhonn múnla ina n-úsáidtear sonraí fisiceacha agus ansin na luachanna a choigeartú leo sin in CET.

4.   Gníomhaíochtaí tánaisteacha neamh-thalmhaíochta doscartha

7.59.

Tá bealaí éagsúla ann chun gníomhaíochtaí tánaisteacha neamh-thalmhaíochta doscartha a ionchorprú in CERT, ag brath ar an gcineál gníomhaíochta. Tá roinnt de na gníomhaíochtaí tánaisteacha sin comhchruinnithe go mór ar an leibhéal réigiúnach, mar shampla, próiseáil táirgí talmhaíochta. Sa chás sin, is féidir le luachálacha aschuir cainníochtaí agus praghsanna araon a bheith ag brath ar shonraí staidrimh áitiúla. I gcás an aschuir sin, tá na luachanna in CET mar an gcéanna de facto leo sin in CERT. D’fhéadfadh cásanna eile, áfach, a bheith níos deacra. Mar shampla, d’fhéadfadh sé nach bhfuil aon fhoinse réigiúnach ann le haghaidh roinnt gníomhaíochtaí, go háirithe mura bhfuil siad comhchruinnithe i réigiúin ar leith ón tús. I gcás gníomhaíochtaí eile, soláthraítear sonraí réigiúnacha trí shuirbhéanna staidrimh nó trí fhaisnéis na gcuntas micr-eacnamaíoch (mar shampla an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme) ach níl aon ráthaíocht ann go bhfuil siad sin ionadaíoch ar bhonn réigiúnach. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na sonraí a bheith sean gan aon fhoinsí ar fáil lena dtabhairt chun dáta ar bhealach iontaofa. Ar deireadh, uaireanta ní bhíonn táscairí cáilíochtúla ar fáil ar an leibhéal réigiúnach. I ngach ceann de na cásanna sin, is iad luachanna CET an túsphointe do CERT agus ní mór an modh ó bharr anuas a úsáid go minic.

5.   Tomhaltas idirmheánach

7.60.

Áirítear le tomhaltas idirmheánach in CERT táirgí talmhaíochta lena n-úsáidtear gabháltais talmhaíochta, cibé acu iad sin a thrádáiltear go díreach idir sealbhóirí sa réigiún céanna nó i réigiúin dhifriúla nó lena n-athraítear úinéireacht trí idirghabhálaithe a d’fhéadfadh a bheith nó gan a bheith ina n-úinéirí ar na táirgí sula ndéantar iad a athdhíol. Thairis sin, déantar roinnt táirgí talmhaíochta de thomhaltas idir aonaid a iontráil freisin mar thomhaltas idirmheánach, go bunúsach barra áirithe a úsáidtear mar bheatha ainmhithe. Ní dhéanfar aon cheannacháin ainmhithe, fiú iad sin a allmhairítear, a iontráil mar thomhaltas idirmheánach.

7.61.

Is é an chéad mhodh maidir le tomhaltas idirmheánach táirgí talmhaíochta a ríomh ar an leibhéal réigiúnach an difríocht idir aschur CERT agus an chuid sin den aschur atá beartaithe an tionscal a fhágáil a ríomh, ar bhonn táirge ar tháirge (*5). Mar sin féin, ní léiriú iomlán cruinn é ar thomhaltas idirmheánach táirgí talmhaíochta i ngach réigiún, toisc cé go n-áirítear táirgí talmhaíochta atá beartaithe le haghaidh tomhaltas idirmheánach ag gabháltais talmhaíochta i réigiúin eile, ní áirítear táirgí talmhaíochta a thagann ó ghabháltais talmhaíochta i réigiúin eile. Ní mór an tomhaltas idirmheánach a choigeartú, dá bhrí sin, ar aon dul leis na luachanna in CET.

7.62.

Tá modh ríofa eile indéanta freisin, ag úsáid an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme mar fhoinse faisnéise. Leis an bhfoinse sin bítear in ann luacháil a dhéanamh ar thomhaltas idirmheánach táirgí talmhaíochta, is cuma cé acu a dtagann siad ó dhíolacháin lena ndéantar gabháltais talmhaíochta eile nó ó fhoinsí amhail allmhairí. Mar sin féin, ní chumhdaítear sa Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme ar an mbealach céanna na táirgí lena n-úsáidtear an gabháltas talmhaíochta céanna mar thomhaltas idirmheánach, agus dá bhrí sin tá gá le ceartúcháin. Ar an gcaoi chéanna, dá bhrí sin, ní mór tomhaltas idirmheánach a choigeartú ag teacht leis na luachanna in CET.

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1)."

(*2)  A fhad go dtarlaíonn na díolacháin agus na ceannacháin chomhfhreagracha sa tréimhse chuntasaíochta chéanna."

(*3)  Ní dhéanfar ceannach ainmhí a thaifeadadh riamh mar thomhaltas idirmheánach (go bunúsach, is éadáil oibre idir lámha atá i gceist leis, cf. 2.067) agus ní féidir an ríomh a dhéantar ar aschur ainmhí a ríomh ach go hindíreach amháin, ar bhonn na ndíolachán, an ollfhoirmithe caipitil sheasta agus athruithe ar stoc."

(*4)  I gcomhréir leis an modh a úsáidtear, déanfar an tomhaltas idir aonaid a choigeartú do luachanna CET."

(*5)  Eisiater táirgí talmhaíochta allmhairithe (seachas ainmhithe).”."


(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).

(*2)  A fhad go dtarlaíonn na díolacháin agus na ceannacháin chomhfhreagracha sa tréimhse chuntasaíochta chéanna.

(*3)  Ní dhéanfar ceannach ainmhí a thaifeadadh riamh mar thomhaltas idirmheánach (go bunúsach, is éadáil oibre idir lámha atá i gceist leis, cf. 2.067) agus ní féidir an ríomh a dhéantar ar aschur ainmhí a ríomh ach go hindíreach amháin, ar bhonn na ndíolachán, an ollfhoirmithe caipitil sheasta agus athruithe ar stoc.

(*4)  I gcomhréir leis an modh a úsáidtear, déanfar an tomhaltas idir aonaid a choigeartú do luachanna CET.

(*5)  Eisiater táirgí talmhaíochta allmhairithe (seachas ainmhithe).”.”


IARSCRÍBHINN II

“IARSCRÍBHINN II

CLÁR UM THARCHUR SONRAÍ

Maidir le gach ceann de na hítimí aschuir (ítimí 01 go 18, lena n-áirítear fo-ítimí), déanfar an luach ag na bunphraghsanna chomh maith lena chomhpháirteanna (an luach ag praghsanna na dtáirgeoirí, fóirdheontais ar tháirgí agus cánacha ar tháirgí) a tharchur.

Déanfar na sonraí maidir leis an gcuntas táirgeachta agus maidir leis an ollfhoirmiú caipitil sheasta a tharchur ag na praghsanna reatha agus ag praghsanna na bliana roimhe sin araon.

Sloinnfear na luachanna uile i milliúin aonad den airgeadra náisiúnta. Sloinnfear ionchur saothair in 1 000 aonad oibre bliantúil.

Soláthrófar na sonraí le haghaidh chuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta (‘CERT’) ag leibhéal NUTS 2 agus a tharchur ag praghsanna reatha amháin.

1.   Cuntas táirgeachta

 

 

Tarchur a bhaineann leis an mbliain tagartha n

a

b

c

d

Mír

Liosta athróg

Samhain

bliain n (meastacháin CET)

Márta

bliain n+ 1 (meastacháin CET)

Meán

Fómhair bliain n+ 1 (sonraí CET)

Meán

Fómhair bliain n+ +2 (sonraí CERT)

01

GRÁNAIGH (lena n-áirítear síolta)

X

X

X

X

01.1

Cruithneacht agus speilt

X

X

X

X

01.1/1

Cruithneacht agus speilt bhog

X

X

01.1/2

Cruithneacht chrua (dúram)

X

X

01.2

Seagal agus maislín

X

X

X

X

01.3

Eorna

X

X

X

X

01.4

Coirce agus meascáin de ghránaigh shamhraidh

X

X

X

X

01.5

Grán buí

X

X

X

X

01.6

Rís

X

X

X

X

01.7

Gránaigh eile

X

X

X

X

02

BARRA TIONSCLAÍOCHA

X

X

X

X

02.1

Síolta ola agus torthaí olúla (lena n-áirítear síolta)

X

X

X

X

02.1/1

Síolta ráibe agus ráibe tornapa

X

X

02.1/2

Lus na gréine

X

X

02.1/3

Soighe

X

X

02.1/4

Táirgí olúla eile

X

X

02.2

Barra próitéine (lena n-áirítear síolta)

X

X

X

X

02.3

Tobac amh

X

X

X

X

02.4

Biatas siúcra

X

X

X

X

02.5

Barra tionsclaíocha eile

X

X

X

X

02.5/1

Plandaí snáithíneacha

X

02.5/2

Leannlusanna

X

02.5/3

Barra tionsclaíocha eile: eile

X

03

PLANDAÍ FORÁISTE

X

X

X

X

03.1

Grán buí farae

X

X

03.2

Meacain farae (lena n-áirítear biatas foráiste)

X

X

03.3

Plandaí foráiste eile

X

X

04

TÁIRGÍ GLASRAÍ AGUS GAIRNEOIREACHTA

X

X

X

X

04.1

Glasraí úra

X

X

X

X

04.1/1

Cóilis

X

04.1/2

Trátaí

X

04.1/3

Glasraí úra eile

X

04.2

Plandaí agus bláthanna

X

X

X

X

04.2/1

Plandaí plandlainne

X

04.2/2

Plandaí agus bláthanna ornáideacha (lena n-áirítear crainn Nollag)

X

04.2/3

Plandálacha

X

05

PRÁTAÍ (lena n-áirítear síolta)

X

X

X

X

06

TORTHAÍ

X

X

X

X

06.1

Torthaí úra

X

X

X

X

06.1/1

Úlla milseoige

X

06.1/2

Piorraí milseoige

X

06.1/3

Péitseoga

X

06.1/4

Torthaí úra eile

X

06.2

Torthaí citris

X

X

X

X

06.2/1

Oráistí milse

X

06.2/2

Mandairíní

X

06.2/3

Líomóidí

X

06.2/4

Torthaí citris eile

X

06.3

Torthaí trópaiceacha

X

X

X

X

06.4

Fíonchaora

X

X

X

X

06.4/1

Fíonchaora milseoige

X

06.4/2

Fíonchaora eile

X

06.5

Ológa

X

X

X

X

06.5/1

Ológa boird

X

06.5/2

Ológa eile

X

07

FÍON

X

X

X

X

07.1

Fíon boird

X

07.2

Fíon ar ardchaighdeán

X

08

OLA OLÓIGE

X

X

X

X

09

TÁIRGÍ BARR EILE

X

X

X

X

09.1

Ábhair glasraí a úsáidtear go príomha do thrilseánú

X

09.2

Síolta

X

09.3

Táirgí barr eile: eile

X

10

ASCHUR BARR (01 GO 09)

X

X

X

X

11

AINMHITHE

X

X

X

X

11.1

Eallach

X

X

X

X

11.2

Muca

X

X

X

X

11.3

Eachaithe

X

X

X

X

11.4

Caoirigh agus gabhair

X

X

X

X

11.5

Éanlaith chlóis

X

X

X

X

11.6

Ainmhithe eile

X

X

X

X

12

TÁIRGÍ AINMHITHE

X

X

X

X

12.1

Bainne

X

X

X

X

12.2

Uibheacha

X

X

X

X

12.3

Táirgí ainmhithe eile

X

X

X

X

12.3/1

Amh-olann

X

12.3/2

Cocúin seiriceáin

X

12.3/3

Táirgí ainmhithe eile: eile

X

13

ASCHUR AINMHITHE (11 +12)

X

X

X

X

14

ASCHUR EARRAÍ TALMHAÍOCHTA (10+13)

X

X

X

X

15

ASCHUR SEIRBHÍSÍ TALMHAÍOCHTA

X

X

X

X

15.1

Seribhísí talmhaíochta

X

15.2

Cuóta bainne ar cíos

X

16

ASCHUR TALMHAÍOCHTA (14+15)

X

X

X

X

17

GNÍOMHAÍOCHTAÍ TÁNAISTEACHA NEAMHTHALMHAÍOCHTA (DOSCARTHA)

X

X

X

X

17.1

Próiseáil táirgí talmhaíochta

X

X

X

X

17.2

Gníomhaíochtaí tánaisteacha doscartha eile (earraí agus seirbhísí)

X

X

X

X

18

ASCHUR THIONSCAL NA TALMHAÍOCHTA (16+17)

X

X

X

X

19

TOMHALTAS IDIRMHEÁNACH IOMLÁN

X

X

X

X

19.01

Fardal síolta agus plandála

X

X

X

X

19.02

Fuinneamh; bealaí

X

X

X

X

19.02/1

leictreachas

X

19.02/2

gás

X

19.02/3

breoslaí agus tiomántáin eile

X

19.02/4

eile

X

19.03

Leasaithigh agus feabhsaitheoirí ithreach

X

X

X

X

19.04

Táirgí cosanta plandaí agus lotnaidicídí

X

X

X

X

19.05

Costais tréidliachta

X

X

X

X

19.06

Beatha ainmhithe

X

X

X

X

19.06/1

beatha arna soláthar ag gabháltais talmhaíochta eile

X

X

X

X

19.06/2

beatha a cheannaítear ó áit lasmuigh de thionscal na talmhaíochta

X

X

X

X

19.06/3

beatha arna táirgeadh agus arna hídiú ag an ngabháltas talmhaíochta céanna

X

X

X

X

19.07

Cothabháil ábhar

X

X

X

X

19.08

Cothabháil foirgneamh

X

X

X

X

19.09

Seirbhísí talmhaíochta

X

X

X

X

19.10

Seirbhísí idirghabhála airgeadais arna dtomhas go hindíreach (FISIM)

X

X

X

X

19.11

Earraí agus seirbhísí eile

X

X

X

X

20

OLL-BHREISLUACH AG BUNPHRAGHSANNA (18-19)

X

X

X

X

21

TOMHALTAS CAIPITIL SHEASTA

X

X

X

X

21.1

Trealamh

X

21.2

Foirgnimh

X

21.3

Plandálacha

X

21.4

Eile

X

22

GLANBHREISLUACH AG BUNPHRAGHSANNA (20-21)

X

X

X

X

2.   Giniúint an chuntais ioncaim

 

 

Tarchur a bhaineann leis an mbliain tagartha n

a

b

c

d

Mír

Liosta athróg

Samhain

bliain n (meastacháin CET)

Márta

bliain n+ 1 (meastacháin CET)

Meán

Fómhair bliain n+ 1(sonraí CET)

Meán

Fómhair bliain n+ +2 (sonraí CERT)

23

CÚITEAMH D’FHOSTAITHE

X

X

X

X

24

CÁNACHA EILE AR THÁIRGEADH

X

X

X

X

25

FÓIRDHEONTAIS EILE AR THÁIRGEADH

X

X

X

X

26

IONCAM FACHTÓRA (22-24+ 25)

X

X

X

X

27

BARRACHAS OIBRIÚCHÁIN / IONCAM MEASCTHA (22-23-24+ 25)

X

X

X

X

3.   Cuntas ioncaim fiontraíochta

 

 

Tarchur a bhaineann leis an mbliain tagartha n

a

b

c

d

Mír

Liosta athróg

Samhain

bliain n (meastacháin CET)

Márta

bliain n+ 1 (meastacháin CET)

Meán

Fómhair bliain n+ 1 (sonraí CET)

Meán

Fómhai bliain n+ +2 (sonraí CERT)

28

CÍOSANNA AGUS MUIRIR CHÍOSA EILE EASTÁIT RÉADAIGH ATÁ LE hÍOC

X

X

X

X

29

ÚS INÍOCTHA

X

X

X

X

30

ÚS INFHAIGHTE

X

X

X

X

31

IONCAM FIONTRAÍOCHTA (27-28-29+30)

X

X

X

X

4.   Gnéithe den chuntas caipitil

 

 

Tarchur a bhaineann leis an mbliain tagartha n

a

b

c

d

Mír

Liosta athróg

Samhain

bliain n (meastacháin CET)

Márta

bliain n+ 1 (meastacháin CET)

Meán

Fómhair bliain n+ 1 (sonraí CET)

Meán

Fómhair bliain n+ +2 (sonraí CERT)

32

OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA I dTÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA

X

X

32.1

Ollfhoirmiú caipitil sheasta i bplandálacha

X

32.2

Ollfhoirmiú caipitil sheasta in ainmhithe

X

33

OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA I dTÁIRGÍ NEAMHTHALMHAÍOCHTA

X

X

33.1

OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA IN ÁBHAIR

X

33.2

OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA I bhFOIRGNIMH

X

33.3

OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA EILE

X

34

OLLFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA (GAN CBL IN-ASBHAINTE SAN ÁIREAMH) (32+33)

X

X

35

GLANFHOIRMIÚ CAIPITIL SHEASTA (GAN CBL IN-ASBHAINTE SAN ÁIREAMH) (3421)

X

X

36

ATHRUITHE AR FHARDAIL

X

X

37

AISTRITHE CAIPIITL

X

X

37.1

Deontais infheistíochta

X

37.2

Aistrithe caipitil eile

X

5.   Ionchur saothair talmhaíochta

 

 

Tarchur a bhaineann leis an mbliain tagartha n

a

b

C

Mír

Liosta athróg

Samhain

bliain n (meastacháin CET)

Márta

bliain n+ 1 (meastacháin CET)

Meán

Fómhair bliain n+ 1 (sonraí CET)

38

IONCHUR SAOTHAIR TALMHAÍOCHTA IOMLÁN

X

X

X

38.1

Ionchur saohtair talmhaíochta neamh-thuarastail

X

X

X

38.2

Ionchur saohtair talmhaíochta tuarastail

X

X

X


Top