EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0203

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/203 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le córais bhainistíochta agus le córais tuairiscithe tarluithe atá le bunú ag na húdaráis inniúla, agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le deimhnithe ar athbhreithniú aeracmhainneachta a eisiúint

C/2022/760

IO L 33, 15.2.2022, p. 46–59 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/203/oj

15.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 33/46


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/203 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Feabhra 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le córais bhainistíochta agus le córais tuairiscithe tarluithe atá le bunú ag na húdaráis inniúla, agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le deimhnithe ar athbhreithniú aeracmhainneachta a eisiúint

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 62(14) agus Airteagal 15 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún (2) ceanglais chomhchoiteanna theicniúla le haghaidh dhearadh agus tháirgeadh na n-aerárthaí sibhialta agus na n-inneall, na lián agus na bpáirteanna a shuiteálfar iontu.

(2)

I gcomhréir le pointe 3.1(b) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139, agus de réir mar is iomchuí don chineál gníomhaíochta a dhéanfaidh an eagraíocht agus do mhéid na heagraíochta féin, ní mór d’eagraíochtaí formheasta a dhearann nó a tháirgeann aerárthaí sibhialta nó na hinnill, na liáin nó na páirteanna a shuiteálfar iontu córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras sin a fheabhsú go leanúnach.

(3)

De bhun Iarscríbhinn 19 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1944 (“Coinbhinsiún Chicago”), cuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar eagraíochtaí deartha agus táirgthe formheasta córas bainistíochta sábháilteachta a chur chun feidhme.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart córas bainistíochta a thabhairt isteach le haghaidh gach eagraíocht deartha agus táirgthe formheasta a thagann faoi raon feidhme Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 chun Caighdeáin Idirnáisiúnta agus Cleachtais Mholta na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (“ICAO”) a leagtar síos in Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago a chomhlíonadh.

(5)

Tá ceanglas ar gach eagraíocht deartha agus táirgthe formheasta córas tuairiscithe tarluithe a bhunú. Dá bhrí sin, ba cheart forálacha Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a leasú chun a áirithiú go mbunófar an córas tuairiscithe tarluithe mar chuid de chóras bainistíochta na n-eagraíochtaí agus go mbeidh na ceanglais ailínithe le ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(6)

Ba cheart go mbeadh idirthréimhse leordhóthanach ann a chuirfidh ar a gcumas do na heagraíochtaí deartha agus táirgthe a áirithiú go gcomhlíonann siad na rialacha agus na nósanna imeachta nua a thugtar isteach leis an Rialachán seo.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a leasú.

(8)

Chuir Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/699 ón gCoimisiún (4) forálacha in ionad phointe (c) de phointe 21.B.325 chun na cásanna a leagan síos inar cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit chláraithe, sa bhreis ar an deimhniú aeracmhainneachta dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) de phointe 21.B.325, deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta a eisiúint freisin, agus é tugtha san áireamh an raibh Cuid-M nó Cuid-ML de Rialachán (AE) 1321/2014 ón gCoimisiún (5) infheidhme maidir leis an aerárthach i gceist. Mar sin féin, sa téacs arna ghlacadh, níor tugadh aghaidh mar is cuí ar chás na n-aerárthaí nua. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a cheartú.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le Tuairim Uimh. 04/2020 (6) ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh a tíolacadh de bhun Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 127(1) de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:

(1)

cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 9:

“5.   De mhaolú ar phointí 21.B.225(d)(1) agus (2) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21), féadfaidh eagraíocht táirgthe ag a bhfuil deimhniú bailí formheasa a eisíodh i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) aon chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a bhaineann leis na ceanglais in Iarscríbhinn I a tugadh isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/203 (*1), ón gCoimisiún a leasú go dtí an 7 Márta 2025.

I gcás nach mbeidh clabhsúr curtha ag an eagraíocht ar na cinntí sin faoin 7 Márta 2025, déanfar an deimhniú formheasa a chúlghairm, a theorannú nó a chur ar fionraí ina iomláine nó go páirteach.

6.   De mhaolú ar phointí 21.B.125(d)(1) agus (2) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21), féadfaidh eagraíocht a tháirgeann táirgí, páirteanna nó fearais gan deimhniú formheasa agus ag a bhfuil litir chomhaontaithe bhailí a eisíodh i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) aon chinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a bhaineann leis na ceanglais in Iarscríbhinn I a tugadh isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/203, ón gCoimisiún a leasú go dtí an 7 Márta 2025.

I gcás nach mbeidh clabhsúr curtha ag an eagraíocht ar na cinntí sin faoin 7 Márta 2025, déanfar an litir chomhaontaithe a chúlghairm, a theorannú nó a chur ar fionraí ina hiomláine nó go páirteach.

(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/203 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le córais bhainistíochta agus le córais tuairiscithe tarluithe atá le bunú ag na húdaráis inniúla, agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le deimhnithe ar athbhreithniú aeracmhainneachta a eisiúint (IO L 33, 15.2.2022, lch. 46).”"

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ceartaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 7 Márta 2023, cé is moite d’Airteagal 2 a mbeidh feidhm aige ón 7 Márt 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh deimhniúchán aeracmhainneachta agus comhshaoil d’aerárthaí agus do tháirgí, pháirteanna agus fhearais ghaolmhara, agus le haghaidh dheimhniúchán na n-eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO L 122, 24.4.2014, lch. 18).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/699 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2020 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann leis na treoracha le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach, táirgeadh páirteanna lena n-úsáid le linn cothabhála agus breithniú a dhéanamh ar ghnéithe aosaithe aerárthaí le linn deimhniúcháin (IO L 145, 28.4.2021, lch. 1)

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na heagraíochtaí agus an pearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1).

(6)  https://www.easa.europa.eu/document-library/opinions


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear cuid 21 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.1:

“21.1.   An t-údarás inniúil

Chun críoch na hIarscríbhinne seo, is é a bheidh san ‘údarás inniúil’:

(a)

i gcás Roinn A, Fochuid A,

1.

i gcás eagraíochtaí deartha, an Ghníomhaireacht;

2.

i gcás eagraíochtaí táirgthe a bhfuil a bpríomháit ghnó lonnaithe i gcríoch a bhfuil Ballstát freagrach aisti faoin gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1944 (‘Coinbhinsiún Chicago’), an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát sin nó ag Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) 2018/1139, nó an Ghníomhaireacht i gcás inar athshannadh an fhreagracht ar an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 64 nó le hAirteagal 65 de Rialachán (AE) 2018/1139;

3.

i gcás eagraíochtaí táirgthe a bhfuil a bpríomháit ghnó lonnaithe lasmuigh de chríoch a bhfuil Ballstát freagrach aisti de réir Choinbhinsiún Chicago, an Ghníomhaireacht;

(b)

i gcás Roinn A, Fochodanna B, D, E, J, K, M, O agus Q, an Ghníomhaireacht;

(c)

i gcás Roinn A, Fochodanna F agus G:

1.

i gcás daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil a bpríomháit ghnó lonnaithe i gcríoch a bhfuil Ballstát freagrach aisti faoin gCoinbhinsiún Chicago, an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát sin nó ag Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) 2018/1139, nó an Ghníomhaireacht i gcás inar athshannadh an fhreagracht ar an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 64, nó maidir le Fochuid G, le hAirteagal 65 de Rialachán (AE) 2018/1139;

2.

i gcás daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil a bpríomháit ghnó lonnaithe lasmuigh de chríoch a bhfuil Ballstát freagrach aisti de réir Choinbhinsiún Chicago, an Ghníomhaireacht;

(d)

i gcás Roinn A, Fochuid H agus I, an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát ina bhfuil an t-aerárthach cláraithe nó ina gclárófar é:

(e)

i gcás Roinn A, Fochuid P:

1.

i gcás aerárthaí atá cláraithe i mBallstát, an t-údarás arna ainmniú ag Ballstát an chláraithe;

2.

i gcás aerárthaí neamhchláraithe, an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát a rinne na marcanna sainaitheantais a fhorordú;

3.

i gcás dálaí eitilte a bhaineann le sábháilteacht an deartha a fhormheas, an Ghníomhaireacht.”;

(2)

cuirtear an pointe 21.2 seo a leanas isteach:

“21.2.   Raon feidhme

Le Roinn A den Iarscríbhinn seo, bunaítear na forálacha lena leagtar síos cearta agus oibleagáidí an iarratasóra ar aon deimhniú a eisíodh nó atá le heisiúint i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo agus cearta agus oibleagáidí shealbhóir aon deimhnithe den sórt sin.

Le Roinn B den Iarscríbhinn seo, bunaítear na coinníollacha faoina ndéanfar an deimhniúchán cúraimí maoirseachta agus forfheidhmithe mar aon leis na ceanglais maidir leis an gcóras riaracháin agus bainistíochta a chomhlíonfaidh an t-údarás inniúil atá freagrach as Roinn A den Iarscríbhinn seo a chur chun feidhme.”;

(3)

scriostar pointe 21.B.5;

(4)

cuirtear isteach na pointí 21.B.10 agus 21.B.15 seo a leanas:

“21.B.10   Doiciméadacht maoirseachta

Déanfaidh an t-údarás inniúil na gníomhartha reachtacha, na caighdeáin, na rialacha, na foilseacháin theicniúla agus na doiciméid ghaolmhara uile a sholáthar don phearsanra ábhartha ionas go mbeidh siad in ann a gcúraimí a dhéanamh agus a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh.

21.B.15   Faisnéis don Ghníomhaireacht

(a)

Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit fógra don Ghníomhaireacht i gcás ina mbeidh fadhbanna suntasacha ann maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme laistigh de 30 lá ón tráth a bheidh an t-údarás inniúil ar an eolas faoin bhfadhb.

(b)

Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus dá ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, soláthróidh údarás inniúil an Bhallstáit, a luaithe is féidir, aon fhaisnéis don Ghníomhaireacht atá suntasach ó thaobh na sábháilteachta de agus a eascraíonn as na tuarascálacha ar tharluithe a stóráiltear sa bhunachar sonraí náisiúnta de bhun Airteagal 6(6) de Rialachán (AE) Uimh. 376/2014.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.B.20:

“21.B.20   Freagairt láithreach d’fhadhb shábháilteachta

(a)

Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus dá ghníomhartha tarmligthe agus dá ghníomhartha cur chun feidhme, cuirfidh an t-údarás inniúil córas chun feidhme chun faisnéis sábháilteachta a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh go hiomchuí.

(b)

Cuirfidh an Ghníomhaireacht córas chun feidhme chun anailís iomchuí a dhéanamh ar aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha a fhaightear agus, gan moill mhíchuí, tabharfaidh sí d’údarás ábhartha na mBallstát agus don Choimisiún aon fhaisnéis, lena n-áirítear moltaí nó gníomhaíochtaí ceartaitheacha a bheidh le déanamh, is gá chun gur féidir leo freagairt go tráthúil d’fhadhb shábháilteachta a bhaineann le táirgí, páirteanna, fearais, daoine nó eagraíochtaí atá faoi réir Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme.

(c)

Tar éis don údarás inniúil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a fháil, déanfaidh sé bearta leordhóthanacha chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb shábháilteachta.

(d)

Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra gan mhoill faoi na bearta arna ndéanamh faoi phointe (c) do gach duine nó do gach eagraíocht nach mór dóibh na bearta sin a chomhlíonadh faoi Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme. Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit fógra faoi na bearta sin don Ghníomhaireacht chomh maith agus, nuair a bheidh gá le gníomhaíocht chomhpháirteach, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile lena mbaineann.”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.B.25:

“21.B.25   Córas bainistíochta

(a)

Déanfaidh an t-údarás inniúil córas bainistíochta a bhunú agus a chothabháil, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

1.

beartais agus nósanna imeachta doiciméadaithe chun tuairisc a thabhairt ar a heagrúchán, ar na hacmhainní agus na modhanna chun a shuí go gcomhlíontar Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme. Coimeádfar na nósanna imeachta cothrom le dáta agus úsáidfear iad ina mbundoiciméid oibre laistigh den údarás inniúil sin i gcás a chúraimí gaolmhara uile;

2.

líon leordhóthanach pearsanra chun a gcúraimí a dhéanamh agus a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh. Beidh córas i bhfeidhm chun a phleanáil go mbeidh pearsanra ar fáil d’fhonn a áirithiú go gcuirfear na cúraimí go léir i gcrích mar is cuí;

3.

pearsanra atá cáilithe chun na cúraimí a sannadh dóibh a dhéanamh agus a bhfuil an t-eolas agus an taithí is gá acu, agus a fhaigheann oiliúint tosaigh agus thréimhsiúil chun inniúlacht leanúnach a áirithiú;

4.

saoráidí leordhóthanacha agus cóiríocht oifige leordhóthanach le haghaidh pearsanra ionas gur féidir leo na cúraimí a sannadh dóibh a dhéanamh;

5.

feidhm chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonacht an chórais bainistíochta leis na ceanglais ábhartha, agus ar leordhóthanacht na nósanna imeachta, lena n-áirítear próiseas iniúchóireachta inmheánach agus próiseas um bainistiú rioscaí sábháilteachta a bhunú. Áireofar san fhaireachán ar chomhlíontacht córas aiseolais maidir le torthaí iniúchóireachta a chuirfear faoi bráid bhainistíocht shinsearach an údaráis inniúil chun cur chun feidhme gníomhaíochtaí ceartaitheacha a áirithiú de réir mar is gá;

6.

duine nó grúpa daoine a bhfuil freagracht orthu do bhainistíocht shinsearach an údaráis inniúil maidir leis an bhfeidhm faireacháin ar chomhlíontacht.

(b)

Déanfaidh an t-údarás inniúil, i gcás gach réimse gníomhaíochta, lena n-áirítear an córas bainistíochta, duine amháin nó níos mó a cheapadh a mbeidh an fhreagracht fhoriomlán air nó orthu as an gcúram nó na cúraimí ábhartha a bhainistiú.

(c)

Bunóidh an t-údarás inniúil nósanna imeachta le haghaidh na rannpháirtíochta i malartú frithpháirteach na faisnéise agus an chúnaimh uile is gá le haon údarás inniúil eile lena mbaineann, bíodh sé ón mBallstát céanna nó ó Bhallstáit eile, lena n-áirítear an fhaisnéis seo a leanas:

1.

na torthaí uile a ardaíodh agus aon ghníomhaíocht leantach a rinneadh mar thoradh ar mhaoirseacht daoine agus eagraíochtaí a dhéanann gníomhaíochtaí ar chríoch Bhallstáit, ar daoine agus eagraíochtaí iad atá deimhnithe ag údarás inniúil Ballstáit eile nó ag an nGníomhaireacht;

2.

faisnéis a eascraíonn as tuairisciú éigeantach agus tuairisciú deonach ar tharluithe mar a cheanglaítear le 21.A.3A.

(d)

Déanfar cóip de na nósanna imeachta a bhaineann le córas bainistíochta údarás inniúil an Bhallstáit agus na leasuithe orthu a chur ar fáil don Ghníomhaireacht chun críche caighdeánaithe.”;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.B.30:

“21.B.30   Na cúraimí a leithdháileadh ar eintitis cháilithe

(a)

Féadfaidh an t-údarás inniúil cúraimí a bhaineann leis an deimhniúchán tosaigh nó leis an maoirseacht leanúnach ar tháirgí agus ar pháirteanna, agus ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá faoi réir Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, a shannadh d’eintitis cháilithe. Agus cúraimí á leithdháileadh aige, áiritheoidh an t-údarás inniúil na nithe seo a leanas:

1.

go mbeidh córas curtha i bhfeidhm aige chun measúnú a dhéanamh ó thús agus go leanúnach féachaint an gcomhlíonann an t-eintiteas cáilithe Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139. Déanfar an córas sin agus torthaí na measúnuithe a dhoiciméadú;

2.

go mbeidh comhaontú i scríbhinn bunaithe aige leis an eintiteas cáilithe, comhaontú a d’fhormheas an dá pháirtí ar an leibhéal bainistíochta iomchuí, ina leagtar síos an méid seo a leanas:

(i)

na cúraimí atá le comhlíonadh;

(ii)

na dearbhuithe, na tuarascálacha agus na taifid atá le soláthar;

(iii)

na coinníollacha teicniúla is gá a chomhlíonadh agus na cúraimí sin á ndéanamh;

(iv)

an cumhdach i leith dliteanas lena mbaineann;

(v)

an chosaint a thugtar don fhaisnéis a fhaightear agus na cúraimí sin á ndéanamh.

(b)

Áiritheoidh an t-údarás inniúil go gcumhdófar leis an bpróiseas iniúchóireachta inmheánach agus leis an bpróiseas um bainistiú rioscaí sábháilteachta a bunaíodh de bhun phointe 21.B.25(a)(5) na cúraimí deimhniúcháin agus na cúraimí leanúnacha maoirseachta uile a dhéanann an t-eintiteas cáilithe thar a cheann.”;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.B.35:

“21.B.35   Athruithe sa chóras bainistíochta

(a)

Beidh córas i bhfeidhm ag an údarás inniúil chun athruithe a shainaithint, athruithe a dhéanann difear dá chumas a chúraimí a dhéanamh agus a fhreagrachtaí a chomhlíonadh mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/1139 agus ina ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme. Cuirfidh an córas sin ar a chumas don údarás inniúil an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a áirithiú go leanfaidh a chóras bainistíochta de bheith leordhóthanach agus éifeachtach.

(b)

Déanfaidh an t-údarás inniúil a chóras bainistíochta a thabhairt cothrom le dáta, ar bhealach tráthúil, chun aon athrú ar Rialachán (AE) 2018/1139 agus ar a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a léiriú chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach é.

(c)

Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit fógra don Ghníomhaireacht maidir le haon athrú a dhéanann difear dá chumas a chúraimí a dhéanamh agus a fhreagrachtaí a chomhlíonadh dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/1139 agus ina ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme.’;

(9)

scriostar pointe 21.B.40;

(10)

scriostar pointe 21.B.45;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.B.55:

“21.B.55   Taifid a choimeád

(a)

Bunóidh an t-údarás inniúil córas chun taifid a choimeád, ar córas é a fhágfaidh go bhféadfaidh stóráil leordhóthanach, inrochtaineacht leordhóthanach agus inrianaitheacht iontaofa a bheith ann maidir leis na nithe seo a leanas:

1.

beartais agus nósanna imeachta doiciméadaithe an chórais bainistíochta;

2.

oiliúint, cáilíochtaí agus údarú a phearsanra;

3.

sannadh na gcúraimí, lena gcumhdófar na heilimintí a cheanglaítear le pointe 21.B.30, mar aon le mionsonraí na gcúraimí a shanntar;

4.

próisis deimhniúcháin agus maoirseacht leanúnach ar eagraíochtaí deimhnithe, lena n-áirítear:

(i)

an t-iarratas ar dheimhniú, ar fhormheas, ar údarú agus ar litir chomhaontaithe;

(ii)

clár leanúnach maoirseachta an údaráis inniúil, lena n-áirítear na measúnuithe, na hiniúchtaí agus na taifid chigireachta go léir;

(iii)

na deimhnithe, na formheasanna, na húdaruithe agus na litreacha comhaontuithe a eisíodh, lena n-áirítear aon athrú a dhéanfar orthu;

(iv)

cóip den chlár maoirseachta ina liostaítear na dátaí atá na hiniúchtaí dlite agus na dátaí a rinneadh iniúchtaí;

(v)

cóipeanna de gach comhfhreagras foirmiúil;

(vi)

moltaí maidir le leanúint de dheimhniú, údarú formheasa nó litir chomhaontaithe, nó iad a eisiúint, sonraí na dtorthaí agus na ngníomhaíochtaí a rinne na heagraíochtaí chun na torthaí sin a chur i gcrích, lena n-áirítear an dáta cur i gcrích, gníomhaíochtaí forfheidhmithe agus barúlacha;

(vii)

aon mheasúnú, iniúchadh agus tuarascáil chigireachta arna heisiúint ag údarás inniúil eile de bhun phointí 21.B.120(d), 21.B.221(c) nó 21.B.431(c);

(viii)

cóipeanna de threoirleabhair agus lámhleabhair uile na heagraíochta, agus d’aon leasú orthu;

(ix)

cóipeanna d’aon doiciméad eile a d’fhormheas an t-údarás inniúil;

5.

Ráitis Chomhréireachta (Foirm 52 EASA, féach Foscríbhinn VIII) agus Deimhnithe Údaraithe um Scaoileadh (Foirm 1 EASA, féach Foscríbhinn I) atá bailíochtaithe ag an údarás inniúil i gcás eagraíochtaí a tháirgeann táirgí, páirteanna nó fearais gan deimhniú fhormheas na heagraíochta táirgthe i gcomhréir le Fochuid F de Roinn A den Iarscríbhinn seo.

(b)

Cuirfidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas san áireamh agus taifid á gcoimeád:

1.

doiciméid lena dtugtar tacaíocht d’úsáid modhanna malartacha comhlíontachta

2.

faisnéis sábháilteachta i gcomhréir le pointe 21.B.15 agus bearta leantacha;

3.

forálacha coimirce agus solúbthachta a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 70, le hAirteagal 71(1) agus le hAirteagal 76(4) de Rialachán (AE) 2018/1139.

(c)

Coimeádfaidh an t-údarás inniúil liosta de na deimhnithe, na formheasanna, na húdaruithe agus na litreacha comhaontaithe uile a d’eisigh sé.

(d)

Coinneofar na taifid ar fad dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) ar feadh íostréimhse 5 bliana, faoi réir an dlí is infheidhme maidir le sonraí a chosaint.

(e)

Cuirfear na taifid ar fad dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) ar fáil, arna iarraidh sin, d’údaráis inniúla Ballstáit eile nó don Ghníomhaireacht.”;

(12)

scriostar pointe 21.B.60;

(13)

cuirtear an pointe 21.B.65 seo a leanas isteach:

“21.B.65   Fionraíocht, teorannú agus cúlghairm

Déanfaidh an t-údarás inniúil an méid a leanas:

(a)

deimhniú, formheas, cead eitilte, údarú nó litir chomhaontaithe a chur ar fionraí nuair a mheasann sé go bhfuil forais réasúnacha ann go bhfuil an ghníomhaíocht sin riachtanach chun bagairt inchreidte ar shábháilteacht aerárthaí a chosc;

(b)

deimhniú, formheas, ceadúnas eitilte, údarú nó litir chomhaontaithe a chur ar fionraí, a chúlghairm nó a theorannú más gá gníomhaíocht den sórt sin a dhéanamh de bhun phointí 21.B.125, 21.B.225 nó 21.B.433;

(c)

deimhniú aeracmhainneachta nó deimhniú torainn a chur ar fionraí nó a chúlghairm de bhun fianaise nach gcomhlíontar cuid de na coinníollacha a shonraítear i bpointí 21.A.181(a) nó 21.A.211(a);

(d)

deimhniú, formheas, ceadúnas eitilte, údarú nó litir chomhaontaithe a chur ar fionraí nó a theorannú, go hiomlán nó go páirteach, má chuireann imthosca neamh-intuartha, ar imthosca iad nach bhfuil smacht ag an údarás inniúil orthu, cosc ar chigirí a bhfreagrachtaí maoirseachta maidir leis an timthriall pleanála maoirseachta a chomhlíonadh.”;

(14)

cuirtear an pointe 21.B.115 seo a leanas isteach:

“21.B.115   Modhanna comhlíontachta

(a)

Forbróidh an Ghníomhaireacht modhanna inghlactha comhlíonta (‘AMC’) a d’fhéádfaí a úsáid chun a shuí go gcomhlíontar Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme.

(b)

Féadfar modhanna malartacha comhlíontachta a úsáid chun comhlíontacht an Rialacháin seo a shuí.

(c)

Cuirfidh na húdaráis inniúla an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi aon mhodh malartach comhlíonta a úsáideann eagraíochtaí atá faoina maoirseacht nó a úsáideann siad féin chun comhlíontacht an Rialacháin seo a shuí.”;.

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.B.120:

“21.B.120   An nós imeachta tosaigh maidir le deimhniúchán

(a)

Tar éis don údarás inniúil iarratas a fháil ar eisiúint na litreach comhaontaithe chun comhréireacht na dtáirgí, na bpáirteanna agus na bhfearas aonair a léiriú, fíoróidh sé go gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais is infheidhme.

(b)

Déanfaidh an t-údarás inniúil taifead de na torthaí ar fad a eisíodh, de na gníomhaíochtaí clabhsúir mar aon le moltaí maidir le heisiúint na litreach comhaontaithe.

(c)

Déanfaidh an t-údarás inniúil na torthaí ar fad a ardaíodh le linn an fhíoraithe a dhearbhú i scríbhinn don iarratasóir. I gcás an chéad deimhniúcháin, ní mór na torthaí ar fad a cheartú chun sástacht an údaráis inniúil sula bhféadfar an litir chomhaontaithe a eisiúint.

(d)

Nuair atá sé sásta go gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais is infheidhme, eiseoidh an t-údarás inniúil an litir chomhaontaithe (Foirm 65 EASA, féach Aguisín XI).

(e)

Beidh raon feidhme an chomhaontaithe, dáta foirceanta agus, i gcás inarb infheidhme, na teorainneacha iomchuí sa litir chomhaontaithe.

(f)

Ní rachaidh fad na litreach comhaontaithe thar aon bhliain amháin.”;

(16)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.B.125:

“21.B.125   Torthaí agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha; barúlacha

(a)

Beidh córas i bhfeidhm ag an údarás inniúil chun anailís a dhéanamh ar thorthaí i ndáil lena dtábhacht ó thaobh sábháilteachta de.

(b)

Eiseoidh an t-údarás inniúil toradh ar leibhéal 1 nuair a bhraitear aon neamhchomhlíonatacht suntasach i ndáil leis na ceanglais is infheidhme i Rialachán (AE) 2018/1139 agus ina ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, le nósanna imeachta agus lámhleabhair na heagraíochta, nó le téarmaí na litreach comhaontaithe, ar neamhchomhlíontacht é a laghdaíonn an tsábháilteacht nó a chuireann sábháilteacht na heitilte i mbaol go mór.

Áireofar an méid seo a leanas freisin sna torthaí ar Leibhéal 1:

1.

aon mhainneachtain rochtain a thabhairt don údarás inniúil ar shaoráidí na heagraíochta dá dtagraítear i bpointe 21.A.9 le linn gnáthuaireanta oibriúcháin agus tar éis dhá iarraidh i scríbhinn;

2.

an litir chomhaontaithe a fháil nó bailíocht na litreach a choinneáil ar bun trí fhalsú a dhéanamh ar an bhfianaise dhoiciméadach a cuireadh isteach; agus

3.

aon fhianaise ar mhíchleachtas nó ar úsáid chalaoiseach na litreach comhaontaithe.

(c)

Eiseoidh an t-údarás inniúil torthaí ar leibhéal 2 nuair a bhraitear aon neamhchomhlíontacht i ndáil leis na ceanglais is infheidhme i Rialachán (AE) 2018/1139 agus ina ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, le nósanna imeachta agus lámhleabhair na heagraíochta, nó le téarmaí na litreach comhaontaithe, rud nach n-aicmítear mar thoradh ar leibhéal 1.

(d)

I gcás ina mbraitear toradh le linn maoirseachta nó ar aon mhodh eile, déanfaidh an t-údarás inniúil, gan dochar d’aon ghníomhaíocht bhreise a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1139 agus lena ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, an toradh a chur in iúl i scríbhinn don eagraíocht agus gníomhaíocht cheartaitheach a iarraidh chun aghaidh a thabhairt ar na neamhchomhlíontachtaí a sainaithníodh. I gcás ina mbeidh baint dhíreach ag toradh ar leibhéal 1 le haerárthach, cuirfidh an t-údarás inniúil údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-aerárthach cláraithe ar an eolas.

1.

Má tá aon toradh ar leibhéal 1 ann, déanfaidh an t-údarás inniúil gníomhaíocht láithreach iomchuí chun gníomhaíochtaí na heagraíochta lena mbaineann a thoirmeasc nó a theorannú agus, más iomchuí, gníomhóidh sé chun an litir chomhaontaithe a chúlghairm nó a theorannú nó a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach, ag brath ar mhéid an toraidh ar leibhéal 1, go dtí go ndéanfaidh an eagraíocht beart ceartaitheach rathúil.

2.

Má tá aon toradh ar leibhéal 2 ann, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:

(i)

tréimhse chun gníomhaíocht cheartaitheach a chur chun feidhme a dheonú don eagraíocht, tréimhse is iomchuí do chineál an toraidh agus nach mbeidh in aon chás níos faide ná 3 mhí ar dtús. Tosóidh an tréimhse ón dáta a dhéanfar an toradh a chur in iúl i scríbhinn don eagraíocht, ina n-iarrtar gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíontacht a sainaithníodh. Ag deireadh na tréimhse sin, agus faoi réir chineál an toraidh, féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh a chur leis an tréimhse 3 mhí ar choinníoll gur comhaontaíodh plean gníomhaíochta ceartaithí leis an údarás inniúil;

(ii)

measúnú a dhéanamh ar an bplean gníomhaíochta ceartaithí agus ar an bplean cur chun feidhme atá beartaithe ag an eagraíocht, agus má chinntear sa mheasúnú gur leor iad sin chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíontacht, glacadh leo;

(iii)

má theipeann ar an eagraíocht plean gníomhaíochta ceartaithí atá inghlactha a chur isteach, nó má theipeann uirthi an ghníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh laistigh den tréimhse ama ar ghlac an t-údarás inniúil léi nó ar chuir sé síneadh léi, ardófar an toradh go leibhéal 1 agus déanfar gníomhaíocht mar a leagtar síos i bpointe (f)(1)(i).

(e)

Féadfaidh an t-údarás inniúil barúlacha a eisiúint le haghaidh aon cheann de na cásanna seo a leanas nach n-éilítear leo torthaí ar leibhéal 1 ná leibhéal 2:

1.

i gcás aon ítim ar measadh a feidhmíocht a bheith neamhéifeachtach;

2.

nuair a sainaithníodh go bhfuil sé de chumas ag ítim a bheith ina cúis le neamhchomhlíonadh faoi phointí (b) nó (c);

3.

nuair a bhíonn moltaí nó feabhsuithe ina n-ábhar spéise le haghaidh fheidhmíocht sábháilteachta fhoriomlán na heagraíochta.

Na barúlacha a eisíodh faoin bpointe seo, déanfar iad a chur in iúl don eagraíocht i scríbhinn agus déanfaidh an t-údarás inniúil taifead orthu.”;

(17)

scriostar pointí 21.B.130, 21.B.145 agus 21.B.150;

(18)

cuirtear an pointe 21.B.215 seo a leanas isteach:

“21.B.215   Modhanna comhlíontachta

(a)

Forbróidh an Ghníomhaireacht modhanna inghlactha comhlíontachta (‘AMC’) a d’fhéádfaí a úsáid chun a shuí go gcomhlíontar Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme.

(b)

Féadfar modhanna malartacha comhlíontachta a úsáid chun comhlíonadh an Rialacháin seo a shuí.

(c)

Cuirfidh na húdaráis inniúla an Ghníomhaireacht ar an eolas maidir le haon mhodh malartach comhlíontachta a úsáideann eagraíochtaí atá faoina maoirseacht nó a úsáideann siad féin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a shuí.”;

(19)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.B.220:

“21.B.220   An nós imeachta tosaigh maidir le deimhniúchán

(a)

Tar éis don údarás inniúil iarratas a fháil ar dheimhniú formheasa na heagraíochta táirgthe a eisiúint den chéad uair, fíoróidh sé go gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais is infheidhme.

(b)

Tionólfar cruinniú le bainisteoir cuntasach an iarratasóra uair amháin ar a laghad le linn an imscrúdaithe ar dheimhniúchán tosaigh chun a áirithiú go dtuigeann an duine sin a ról agus a chuntasacht.

(c)

Déanfaidh an t-údarás inniúil taifead de na torthaí ar fad a eisíodh, de na gníomhaíochtaí clabhsúir mar aon leis na moltaí maidir le deimhniú formheasa na heagraíochta táirgthe a eisiúint.

(d)

Déanfaidh an t-údarás inniúil na torthaí ar fad a ardaíodh le linn an fhíoraithe a dhearbhú i scríbhinn don iarratasóir. I gcás an chéad deimhniúcháin, ní mór na torthaí ar fad a cheartú chun sástacht an údaráis inniúil sula bhféadfar an deimhniú a eisiúint.

(e)

Nuair atá sé sásta go gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais is infheidhme, eiseoidh an t-údarás inniúil deimhniú formheasa na heagraíochta táirgthe (Foirm 55 EASA, féach Foscríbhinn X).

(f)

Áireofar uimhir thagartha an deimhnithe ar Fhoirm 55 EASA ar bhealach a shonróidh an Ghníomhaireacht.

(g)

Eiseofar an deimhniú ar feadh tréimhse neamhtheoranta. Maidir le pribhléidí agus raon feidhme na ngníomhaíochtaí a fhormheastar don eagraíocht a dhéanamh, lena n-áirítear aon teorainn de réir mar is infheidhme, déanfar iad a shonrú i dtéarmaí an fhormheasa a ghabhann leis an deimhniú.”;

(20)

cuirtear isteach na pointí 21.B.221 agus 21.B.222 seo a leanas:

“21.B.221   Prionsabail mhaoirseachta

(a)

Fíoróidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:

1.

comhlíontacht na gceanglas is infheidhme maidir le heagraíochtaí, sula n-eiseofar deimhniú formheasa na heagraíochta táirgthe;

2.

comhlíontacht leanúnach na gceanglas is infheidhme maidir leis na heagraíochtaí atá deimhnithe aige;

3.

cur chun feidhme beart sábháilteachta iomchuí arna sainordú ag an údarás inniúil i gcomhréir le pointí 21.B.20(c) agus (d).

(b)

Maidir leis an bhfíorú sin:

1.

gheobhaidh sé tacaíocht ó dhoiciméadacht atá beartaithe go sonrach chun treoir a chur ar fáil don phearsanra atá freagrach as an maoirseacht, ar treoir í maidir lena bhfeidhmeanna a chomhlíonadh;

2.

cuirfidh sé torthaí na ngníomhaíochtaí maoirseachta ar fáil do na heagraíochtaí lena mbaineann;

3.

beidh sé bunaithe ar mheasúnuithe, iniúchtaí, cigireachtaí agus, más gá, cigireachtaí neamhfhógartha;

4.

cuirfidh sé an fhianaise is gá ar fáil don údarás inniúil i gcás ina mbeidh gá le tuilleadh gníomhaíochta, lena n-áirítear na bearta dá bhforáiltear i bpointe 21.B.225.

(c)

Is é an t-údarás inniúil a bhunóidh raon feidhme na maoirseachta a shainmhínítear i bpointí (a) agus (b) agus torthaí na ngníomhaíochtaí maoirseachta a rinneadh roimhe sin agus na tosaíochtaí sábháilteachta á gcur san áireamh.

(d)

I gcás ina mbeidh saoráidí eagraíochta lonnaithe i níos mó ná Stát amháin, féadfaidh an t-údarás inniúil, mar a shainmhínítear i bpointe 21.1, a chomhaontú go ndéanfaidh údarás inniúil nó údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ina bhfuil na saoráidí lonnaithe na cúraimí maoirseachta sin, é sin nó, i gcás saoráidí atá lonnaithe lasmuigh de chríoch atá faoi fhreagracht na mBallstát faoi Choinbhinsiún Chicago, go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht iad. Déanfar aon eagraíocht atá faoi réir comhaontú den sórt sin a chur ar an eolas gurb ann dó agus maidir lena raon feidhme.

(e)

Maidir le haon ghníomhaíocht mhaoirseachta a dhéantar i saoráidí atá lonnaithe i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil a príomháit ghnó ag an eagraíocht, cuirfidh an t-údarás inniúil, mar a shainmhínítear i bpointe 21.1, údarás inniúil an Bhallstáit sin ar an eolas sula ndéanfaidh sé aon iniúchadh nó cigireacht ar an láthair ar na saoráidí.

(f)

Baileoidh agus próiseálfaidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis a mheastar a bheith riachtanach chun gníomhaíochtaí maoirseachta a dhéanamh.

21.B.222   Clár maoirseachta

(a)

Déanfaidh an t-údarás inniúil clár maoirseachta a bhunú agus a chothabháil lena gcumhdófar na gníomhaíochtaí maoirseachta a cheanglaítear le pointe 21.B.221(a).

(b)

Cuirfear san áireamh sa chlár maoirseachta cineál sonrach na heagraíochta, castacht a gníomhaíochtaí, torthaí na ngníomhaíochtaí deimhniúcháin agus/nó na ngníomhaíochtaí maoirseachta a rinneadh roimhe seo, agus beidh sé bunaithe ar an measúnú ar na rioscaí a bhaineann leis sin. Áireofar ann na nithe seo a leanas, laistigh de gach timthriall pleanála maoirseachta:

1.

measúnuithe, iniúchtaí agus cigireachtaí, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí:

(i)

measúnuithe ar chórais bhainistíochta agus iniúchtaí ar phróisis;

(ii)

iniúchtaí táirge ar shampla ábhartha de na táirgí, na páirteanna agus na fearais a thagann faoi raon feidhme na heagraíochta;

(iii)

sampláil ar an obair a dhéantar; agus

(iv)

cigireachtaí neamhfhógartha;

2.

cruinnithe a tionóladh idir an bainisteoir cuntasach agus an t-údarás inniúil chun a áirithiú go gcoinneofar an dá pháirtí ar an eolas maidir le gach saincheist shuntasach.

(c)

Ní mhairfidh an timthriall pleanála maoirseachta níos faide ná 24 mhí.

(d)

D’ainneoin phointe (c), féadfar an timthriall pleanála maoirseachta a shíneadh go 36 mhí más rud é gur bhunaigh an t-údarás inniúil an méid a leanas le linn na 24 mhí roimhe sin:

1.

go bhfuil sé léirithe ag an eagraíocht gur féidir léi guaiseacha sábháilteachta eitlíochta a shainaithint go héifeachtach agus na rioscaí gaolmhara a bhainistiú;

2.

go bhfuil sé léirithe go leanúnach ag an eagraíocht go bhfuil pointí 21.A.147 agus 21.A.148 á gcomhlíonadh agus go bhfuil smacht iomlán aici ar na hathruithe ar fad ar an gcóras bainistíochta táirgthe;

3.

nár eisíodh aon toradh ar leibhéal 1;

4.

gur cuireadh gach gníomhaíocht cheartaitheach chun feidhme laistigh den tréimhse ama ar ghlac an t-údarás inniúil léi nó ar chuir sé síneadh léi mar a shainmhínítear i bpointe 21.B.225.

D’ainneoin phointe (c), féadfar síneadh breise nach faide ná 48 mí a chur leis an timthriall pleanála maoirseachta más rud é, sa bhreis ar na coinníollacha dá bhforáiltear i bpointí (1) go (4) thuas, go bhfuil córas éifeachtach leanúnach bunaithe ag an eagraíocht chun tuairisc a thabhairt don údarás inniúil ar fheidhmíocht sábháilteachta agus ar chomhlíontacht rialála na heagraíochta féin, agus go bhfuil an córas sin formheasta ag an údarás inniúil.

(e)

Is féidir an timthriall pleanála maoirseachta a laghdú má tá fianaise ann gur tháinig laghdú ar fheidhmíocht sábháilteachta na heagraíochta.

(f)

Áireofar sa chlár maoirseachta taifid de na dátaí atá na measúnuithe, iniúchtaí, cigireachtaí agus cruinnithe dlite, agus na dátaí a cuireadh na measúnuithe, iniúchtaí, cigireachtaí agus cruinnithe i gcrích go héifeachtach.

(g)

Tráth a chuirfear gach timthriall pleanála maoirseachta i gcrích, eiseoidh an t-údarás inniúil tuarascáil ar mholtaí maidir le leanúint den fhormheas, ina léireofar torthaí na maoirseachta.”;

(21)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.B.225:

“21.B.225   Torthaí agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha; barúlacha

(a)

Beidh córas i bhfeidhm ag an údarás inniúil chun anailís a dhéanamh ar thorthaí i ndáil lena dtábhacht ó thaobh sábháilteachta de.

(b)

Eiseoidh an t-údarás inniúil toradh ar leibhéal 1 nuair a bhraitear aon neamhchomhlíontacht shuntasach i ndáil leis na ceanglais is infheidhme i Rialachán (AE) 2018/1139 agus ina ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, le nósanna imeachta agus lámhleabhair na heagraíochta, nó leis an deimhniú, lena n-áirítear téarmaí an fhormheasa a laghdaíonn an tsábháilteacht nó a chuireann sábháilteacht na heitilte i mbaol go mór.

Áireofar an méid seo a leanas freisin sna torthaí ar Leibhéal 1:

1.

aon mhainneachtain rochtain a thabhairt don údarás inniúil ar shaoráidí na heagraíochta dá dtagraítear i bpointe 21.A.9 le linn gnáthuaireanta oibriúcháin agus tar éis dhá iarraidh i scríbhinn;

2.

deimhniú formheasa na heagraíochta táirgthe a fháil nó a bhailíocht a choinneáil ar bun trí fhalsú a dhéanamh ar an bhfianaise dhoiciméadach a cuireadh isteach;

3.

aon fhianaise ar mhíchleachtas nó ar úsáid chalaoiseach a bhaineann le deimhniú formheasa na heagraíochta táirgthe; agus

4.

mainneachtain bainisteoir cuntasach a cheapadh de bhun phointe 21.A.245(a).

(c)

Eiseoidh an t-údarás inniúil toradh ar leibhéal 2 nuair a bhraitear aon neamhchomhlíontacht i ndáil leis na ceanglais is infheidhme i Rialachán (AE) 2018/1139 agus ina ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, le nósanna imeachta agus lámhleabhair na heagraíochta, nó leis an deimhniú, lena n-áirítear téarmaí an fhormheasa, rud nach n-aicmítear ina thoradh ar leibhéal 1.

(d)

I gcás ina mbraithfear toradh le linn maoirseachta nó ar aon mhodh eile, déanfaidh an t-údarás inniúil, gan dochar d’aon ghníomhaíocht bhreise a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1139 agus lena ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, an toradh a chur in iúl i scríbhinn don eagraíocht agus gníomhaíocht cheartaitheach a iarraidh chun aghaidh a thabhairt ar na neamhchomhlíonachtaí- a sainaithníodh. I gcás ina mbeidh baint dhíreach ag toradh ar leibhéal 1 le haerárthach, cuirfidh an t-údarás inniúil údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-aerárthach cláraithe ar an eolas.

1.

Má tá aon toradh ar leibhéal 1 ann, déanfaidh an t-údarás inniúil beart láithreach iomchuí chun gníomhaíochtaí na heagraíochta lena mbaineann a thoirmeasc nó a theorannú agus, más iomchuí, gníomhóidh sé chun deimhniú formheasa na heagraíochta táirgthe a chúlghairm nó a theorannú nó a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach, ag brath ar mhéid an toraidh ar leibhéal 1, go dtí go ndéanfaidh an eagraíocht beart ceartaitheach rathúil.

2.

Má tá aon toradh ar leibhéal 2 ann, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:

(i)

tréimhse chun gníomhaíocht cheartaitheach a chur chun feidhme a dheonú don eagraíocht, tréimhse is iomchuí do chineál an toraidh agus nach mbeidh in aon chás níos faide ná 3 mhí ar dtús. Tosóidh an tréimhse ón dáta a dhéanfar an toradh a chur in iúl i scríbhinn don eagraíocht ina n-iarrtar gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíontacht- a sainaithníodh. Ag deireadh na tréimhse sin, agus faoi réir chineál an toraidh, féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh a chur leis an tréimhse 3 mhí ar choinníoll gur chomhaontaigh an t-údarás inniúil plean gníomhaíochta ceartaithí;

(ii)

measúnú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht cheartaitheach agus ar an bplean cur chun feidhme atá beartaithe ag an eagraíocht, agus má chinntear sa mheasúnú gur leor iad chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíontacht, glacadh leo;

(iii)

má theipeann ar an eagraíocht plean gníomhaíochta ceartaithí atá inghlactha a chur isteach, nó má theipeann uirthi an ghníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh laistigh den tréimhse ama ar ghlac an t-údarás inniúil léi nó ar chuir sé síneadh léi, ardófar an toradh go leibhéal 1 agus déanfar gníomhaíocht mar a leagtar síos i bpointe (d)(1).

(e)

Féadfaidh an t-údarás inniúil barúlacha a eisiúint le haghaidh aon cheann de na cásanna seo a leanas nach n-éilítear leo torthaí ar leibhéal 1 ná leibhéal 2:

1.

i gcás aon ítime ar measadh a feidhmíocht a bheith neamhéifeachtach; nó

2.

nuair a sainaithníodh go bhfuil sé de chumas ag ítim a bheith ina cúis le neamhchomhlíontacht faoi phointí (b) nó (c); nó

3.

nuair a bhíonn moltaí nó feabhsuithe ina n-ábhar spéise le haghaidh fheidhmíocht sábháilteachta fhoriomlán na heagraíochta.

Na barúlacha a eisíodh faoin bpointe seo, déanfar iad a chur in iúl don eagraíocht i scríbhinn agus déanfaidh an t-údarás inniúil taifead orthu.”;

(22)

scriostar pointí 21.B.230 agus 21.B.235;

(23)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.B.240:

“21.B.240   Athruithe ar an gcórasbainistíochta táirgthe

(a)

Tar éis don údarás inniúil iarratas a fháil ar athrú suntasach ar an gcóras bainistíochta táirge, fíoróidh sé go gcomhlíonann an eagraíocht na ceanglais is infheidhme san Iarscríbhinn seo sula n-eiseofar an formheas.

(b)

Bunóidh an t-údarás inniúil na coinníollacha faoina bhféadfaidh an eagraíocht oibriú le linn na meastóireachta ar athrú mura rud é go gcinneann an t-údarás inniúil gur gá deimhniú formheasa na heagraíochta táirgthe a chur ar fionraí.

(c)

I gcás gur deimhin leis an údarás inniúil go gcomhlíonann an eagraíocht na ceanglais is infheidhme, formheasfaidh sé an t-athrú.

(d)

Gan dochar d’aon bheart forfheidhmithe breise, má chuireann an eagraíocht athrú suntasach ar an gcóras bainistíochta táirgthe chun feidhme gan formheas an údaráis inniúil a fháil de bhun phointe (c), breithneoidh an t-údarás inniúil an gá deimhniú na heagraíochta a chur ar fionraí, a theorannú nó a chúlghairm.

(e)

I gcás athruithe neamhshuntasacha ar an gcóras bainistíochta táirgthe, cuirfidh an t-údarás inniúil an t-athbhreithniú ar na hathruithe sin san áireamh ina mhaoirseacht leanúnach i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i bpointe 21.B.221. Má aimsítear aon neamhchomhlíontacht, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don eagraíocht, iarrfaidh sé tuilleadh athruithe agus gníomhóidh sé i gcomhréir le pointe 21.B.225.”;

(24)

scriostar pointí 21.B.245 agus 21.B.260,

(25)

i bpointe 21.B.325, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil;

“21.B.325   Deimhniú aeracmhainneachta a eisiúint”

(26)

scriostar pointí 21.B.330 agus 21.B.345,

(27)

i bpointe 21.B.525, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil;

“21.B.525   Cead eitilte a eisiúint;”

(28)

scriostar 21.B.530 agus 21.B.545.


IARSCRÍBHINN II

Ceartaítear cuid 21 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:

(1)

I bpointe 21.B.325, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

I gcás aerárthaí nua nó aerárthaí athláimhe a thagann ó Stát nach Ballstát é, sa bhreis ar an deimhniú aeracmhainneachta iomchuí dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b), eiseoidh údarás inniúil an Bhallstáit chláraithe an méid seo a leanas:

1.

i gcás aerárthaí atá faoi réir Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún, deimhniú tosaigh ar athbhreithniú aeracmhainneachta (Foirm 15a EASA, Foscríbhinn II);

2.

i gcás aerárthaí nua atá faoi réir Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún, deimhniú tosaigh ar athbhreithniú aeracmhainneachta (Foirm 15c EASA, Foscríbhinn II);

3.

i gcás aerárthaí athláimhe a thagann ó Stát nach ballstát é agus atá faoi réir Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún, deimhniú tosaigh ar athbhreithniú aeracmhainneachta (Foirm 15c EASA, Foscríbhinn II), nuair a bheidh an deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta déanta ag an údarás inniúil.”


Top