This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0019
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/19 of 7 January 2022 renewing the approval of the active substance Purpureocillium lilacinum strain 251 in accordance with Regulation (EC) No 1107/2009 of the European Parliament and of the Council concerning the placing of plant protection products on the market, and amending the Annex to Commission Implementing Regulation (EU) No 540/2011 (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/19 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí Purpureocillium lilacinum tréithchineál 251 a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/19 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2022 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí Purpureocillium lilacinum tréithchineál 251 a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/11
IO L 5, 10.1.2022, p. 9–13
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32011R0540 | Scriosadh | iarscríbhinn cuid A pointe 167 | 01/03/2022 | |
Modifies | 32011R0540 | Cur le | iarscríbhinn cuid B pointe 148 | 01/03/2022 |
10.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 5/9 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/19 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Eanáir 2022
lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí Purpureocillium lilacinum tréithchineál 251 a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) i gcomhar le hAirteagal 22(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir 2008/44/CE ón gCoimisiún (2) áiríodh Purpureocillium lilacinum tréithchineál 251 (ar a dtugtaí Paecilomyces lilacinus tréithchineál 251 roimhe seo) mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3). |
(2) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4). |
(3) |
Formheas na substainte gníomhaí Purpureocillium lilacinum tréithchineál 251, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 31 Iúil 2022. |
(4) |
Cuireadh isteach iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí Purpureocillium lilacinum tréithchineál 251 i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin. |
(5) |
Chuir an t-iarratasóir isteach na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith comhlánaithe ina iomláine. |
(6) |
D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) í agus faoi bhráid an Choimisiúin í an 30 Iúil 2018. |
(7) |
Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit chomh maith chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
(8) |
An 21 Lúnasa 2020, chuir an tÚdarás a chonclúid in iúl don Choimisiún maidir le cé acu is féidir nó nach féidir coinne (6) a bheith leis go gcomhlíonfaidh Purpureocillium lilacinum tréithchineál 251 na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(9) |
Chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana agus dréacht-Rialachán maidir le Purpureocillium lilacinum tréithchineál 251 faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 26 Eanáir 2021 agus an 5 Iúil 2021, faoi seach. |
(10) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir barúlacha a chur isteach maidir le conclúid an Údaráis agus, i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, barúlacha maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir barúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu. |
(11) |
Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach Purpureocillium lilacinum tréithchineál 251, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(12) |
An measúnú riosca maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí Purpureocillium lilacinum tréithchineál 251, tá sé bunaithe ar líon teoranta úsáidí ionadaíocha, úsáidí nach gcuireann srian, áfach, ar na húsáidí lena bhféadfar táirgí cosanta plandaí ina bhfuil Purpureocillium lilacinum tréithchineál 251 a údarú. |
(13) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha agus an eolais theicniúil reatha, is gá, mar sin féin, foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha áirithe. |
(14) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir sin. |
(15) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/745 ón gCoimisiún (7), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa Purpureocillium lilacinum tréithchineál 251 go dtí an 31 Iúil 2022 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, beidh feidhm ag an Rialachán seo a luaithe is féidir. |
(16) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan
Déantar formheas na substainte gníomhaí Purpureocillium lilacinum tréithchineál 251 a athnuachan mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Treoir 2008/44/CE ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun beintiavalacarb, boscailid, carvón, fluocsastróibin, Purpureocillium lilacinum agus próitiaconasól a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 94, 5.4.2008, lch. 13).
(3) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh. (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).
(6) EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2020. Conclusion on the Peer review of the pesticide risk assessment of the active substance Purpureocillium lilacinum strain 251 [Conclúidí maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach Purpureocillium lilacinum tréithchineál 251]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(9):6238. Ar fáil ar líne: www.efsa.europa.eu.
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/745 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sulfáit amóiniam alúmanaim, sileacáit alúmanaim, beaflubútaimíd, beintiavalacarb, défheineasáit, boscailid, carbónáit chailciam, captan, dé-ocsaíd charbóin, ciamocsainil, démheatomorf, eiteafón, úsc as crann tae, famocsadón, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, flumocsaisín, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, aigéad gibriline, gibriliní, heipteamalocsalaglúcan, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, meatasaclór, meitríbhúisín, milbimeictin, tréithchineál 251 Paecilomyces lilacinus, feinmeideafam, foismeit, pirimeafos-meitil, olaí planda/ola ráibe, hidrigincharbónáit photaisiam, própamacarb, próitiaconasól, gaineamh grianchloiche, ola éisc, éarthaigh bholaidh de thionscnamh ainmhí nó planda/saill caoireola, S-meitileaclór, fearamóin léipidipteire Slabhra Dhírigh, teabúconasól agus úiré (IO L 160, 7.5.2021, lch. 89).
IARSCRÍBHINN I
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag an fhormheasa |
Forálacha sonracha |
||||
Purpureocillium lilacinum tréithchineál 251 |
Ní bhaineann le hábhar |
Gan aon eisíontas ábhartha |
an 1 Márta 2022 |
an 28 Feabhra 2037 |
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le Purpureocillium lilacinum tréithchineál 251, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi. Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:
Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí. |
(1) Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.
(2) https://ec.europa.eu/food/sites/food/files/plant/docs/pesticides_ppp_app-proc_guide_phys-chem-ana_microbial-contaminant-limits.pdf
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún mar a leanas:
(1) |
i gCuid A, scriostar iontráil 167 maidir le Purpureocillium lilacinum tréithchineál 251; |
(2) |
i gCuid B, cuirtear an iontráil seo a leanas léi:
|
(*1) https://ec.europa.eu/food/sites/food/files/plant/docs/pesticides_ppp_app-proc_guide_phys-chem-ana_microbial-contaminant-limits.pdf