Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022H0107

    Moladh (AE) 2022/107 ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le cur chuige comhordaithe chun saorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID-19 agus a chuirtear in ionad Mholadh (AE) 2020/1475 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    ST/5400/2022/REV/1

    IO L 18, 27.1.2022, p. 110–123 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 30/06/2023: This act has been changed. Current consolidated version: 22/12/2022

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2022/107/oj

    27.1.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 18/110


    MOLADH (AE) 2022/107 ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Eanáir 2022

    maidir le cur chuige comhordaithe chun saorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID-19 agus a chuirtear in ionad Mholadh (AE) 2020/1475

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 21(2), Airteagal 168(6) agus an chéad agus an dara habairt d’Airteagal 292 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le saoránacht an Aontais, tugtar an ceart chun saorghluaiseachta do shaoránaigh uile an Aontais.

    (2)

    De bhun Airteagal 21(1) den Chonradh, tá an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí agus leis na bearta arna nglacadh chun éifeacht a thabhairt dóibh. Tugtar éifeacht don cheart sin le Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). In Airteagal 45 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), déantar foráil freisin maidir le saoirse gluaiseachta agus saoirse cónaithe. Ós rud é gur gá gníomhaíocht ón Aontas chun an cuspóir a leagtar síos in Airteagal 21 den Chonradh a bhaint amach, agus ós rud nach bhforáiltear do na cumhachtaí is gá sna Conarthaí seachas sin, féadfaidh an Chomhairle forálacha a ghlacadh d’fhonn feidhmiú ceart saoránach chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse a éascú.

    (3)

    De bhun Airteagal 168(1) den Chonradh, ní mór ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú i sainiú agus cur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais.

    (4)

    An 30 Eanáir 2020, d’fhógair Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní idirnáisiúnta í i ngeall ar an ráig dhomhanda de choróinvíreas nua, arb é is cúis le galar choróinvíreas 2019 (COVID-19). An 11 Márta 2020, mheas EDS gur féidir COVID-19 a shaintréithiú mar phaindéim.

    (5)

    Chun srian a chur le leathadh an víris, ghlac na Ballstáit bearta éagsúla, ina measc bearta a raibh tionchar díreach acu ar cheart shaoránaigh an Aontais gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát, amhail srianta ar dhul isteach nó ceanglais ar thaistealaithe trasteorann agus cearta saorghluaiseachta á bhfeidhmiú acu chun tástálacha le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2 a dhéanamh.

    (6)

    Ós rud é gur paindéim COVID-19 is cúis le héigeandáil sláinte nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, tá cosaint na sláinte poiblí mar thosaíocht sháraitheach ag an Aontas agus ag a Bhallstáit. Chun an tsláinte phoiblí a chosaint, féadfaidh na Ballstáit bearta a dhéanamh lena gcuirtear srian ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas. De réir Airteagal 168(7) den Chonradh, tá na Ballstáit freagrach as na beartais sláinte náisiúnta a shainiú, lena n-áirítear seirbhísí sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sholáthar, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé go mbeadh éagsúlachtaí ann ó Bhallstát go Ballstát. Cé go bhfuil na Ballstáit inniúil ar chinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta is iomchuí chun an tsláinte phoiblí a chosaint, is iomchuí comhordú na mbearta sin a áirithiú, d’fhonn feidhmiú an chirt chun saorghluaiseachta a choimirciú agus d’fhonn bagairt thromchúiseach trasteorann ar an tsláinte amhail COVID-19 a chomhrac.

    (7)

    Agus srianta ar shaorghluaiseacht á nglacadh agus á gcur i bhfeidhm acu, ba cheart do na Ballstáit prionsabail dhlí an Aontais a urramú, go háirithe prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe. Tá sé beartaithe leis an Moladh seo cur i bhfeidhm na bprionsabal sin maidir leis an gcás eisceachtúil, arb é paindéim COVID-19 is cúis leis, a éascú ar bhealach comhordaithe.

    (8)

    D’fhéadfadh bearta aontaobhacha sa réimse seo a bheith mar chúis le suaití suntasacha, ar an ábhar go bhfuil ar ghnólachtaí agus ar shaoránaigh dul i ngleic le raidhse leathan beart atá éagsúil óna chéile agus a bhíonn ag athrú go tapa. D’fhéadfadh sin a bheith an-díobhálach do gheilleagar an Aontais, a ndearna an víreas difear mór dó cheana féin.

    (9)

    Is é is aidhm do chur chuige comhordaithe athbhunú na rialuithe teorann inmheánaí a chosc. Níl údar le dúnadh teorainneacha, le toirmisc ghinearálta taistil, ná le heitiltí, iompar talún nó trasnuithe uisce a chur ar fionraí, ós rud é go mbíonn tionchar leordhóthanach ag bearta níos spriocdhírithe agus níos comhordaithe amhail deimhnithe COVID-19 agus tástáil, agus gur lú an cur isteach a bhaineann leo. Le córas na ‘Lánaí Glasa’ (2), ba cheart na sreabha iompair a choinneáil ag gluaiseacht, go háirithe chun saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí a áirithiú, agus ar an gcaoi sin, déanfar suaití sa slabhra soláthair a sheachaint.

    (10)

    Chun comhordú méadaithe i measc na mBallstát a áirithiú, ghlac an Chomhairle Moladh (AE) 2020/1475 (3) an 13 Deireadh Fómhair 2020. Leis an Moladh sin, bunaíodh cur chuige comhordaithe maidir leis na príomhphointí seo a leanas: critéir agus tairseacha coiteanna a chur i bhfeidhm agus cinneadh á dhéanamh ar cheart srianta ar an tsaorghluaiseacht a thabhairt isteach, an riosca i dtaobh tharchur COVID-19 a mhapáil de réir cód dathanna comhaontaithe, agus cur chuige comhordaithe i leith na mbeart más ann dóibh a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm go hiomchuí maidir le daoine atá ag gluaiseacht idir limistéir, ag brath ar leibhéal an riosca tarchuir sna limistéir sin. An 1 Feabhra 2021, ghlac an Chomhairle Moladh (AE) 2021/119 (4) lena leasaítear Moladh (AE) 2020/1475 i bhfianaise leibhéal an-ard tarchuir chomhphobail ar fud an Aontais, tarchur a d’fhéadfadh a bheith nasctha le hin-tarchurthacht mhéadaithe na n-athraitheach nua SARS-CoV-2 ar díol imní iad.

    (11)

    An 14 Meitheamh 2021, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2021/953 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (5). Cuireadh an creat ar bun chun go mbeadh daoine a bhfuil Deimhniú Digiteach COVID AE acu in ann a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le linn phaindéim COVID-19. Rannchuideofar leis an Rialachán sin freisin le héascú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile, ar bhealach comhordaithe, le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú.

    (12)

    Bhí feidhm ag Rialachán (AE) 2021/953 ón 1 Iúil 2021. Ó shin i leith, tá ceart ag daoine atá vacsaínithe, tástáilte nó téarnaithe Deimhniú Digiteach COVID AE a fháil tar éis dóibh vacsaín a fháil, tástáil a dhéanamh, nó téarnamh ón víreas i mBallstát. Chun an leas is fearr a bhaint as an gcreat maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, ghlac an Chomhairle, an 14 Meitheamh 2021, Moladh (AE) 2021/961 (6) lena leasaítear Moladh (AE) 2020/1475.

    (13)

    Ó mhí an Mheithimh 2021, rinneadh dhá fhorbairt thábhachtacha a bhfuil tionchar acu ar an tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas. Ar dtús, tháinig méadú suntasach ar ghlacadh vacsaíní, agus bhí glacadh carnach an vacsaínithe iomláin i measc dhaonra iomlán an Aontais níos mó ná 68 % faoin 10 Eanáir 2022 (7) i gcomparáid le níos lú ná 30 % tráth a glacadh an leasú is déanaí ar Mholadh (AE) 2020/1475 agus Rialachán (AE) 2021/953 (8). Dá bhrí sin, is fearr an chosaint atá ag céatadán i bhfad níos airde den daonra ó bheith an-tinn agus ó bhás ó COVID-19 a bhuí leis na vacsaíní COVID-19 atá ar fáil faoi láthair. Ar an dara dul síos, tá an-dul chun cinn déanta maidir le leathadh amach Dheimhniú Digiteach COVID AE.

    Faoi mhí Eanáir 2022, bhí níos mó ná 1 bhilliún Deimhniú Digiteach COVID eisithe ag an Aontas. Is uirlis í Deimhniú Digiteach COVID AE, mar sin, atá ar fáil go forleathan, atá iontaofa agus inghlactha, chun saorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19. Úsáideann Ballstáit an Aontais, na trí thír den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nach Ballstát den Aontas iad, agus an Eilvéis (9) an creat maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE, agus úsáidtear é i 29 dtríú tír agus críoch eile, agus táthar ag súil go gcuirfear tríú tíortha eile leis an líon sin amach anseo. Ag an am céanna, tá an staid eipidéimeolaíoch laistigh den Aontas fós dúshlánach, rud a thugann údar do na bearta atá dírithe ar an tsláinte phoiblí a chosaint a choinneáil ar bun.

    (14)

    I bhfianaise na bhforbairtí sin, ba cheart an cur chuige coiteann a leagtar amach i Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle a oiriúnú a thuilleadh, mar a iarradh freisin ag an gComhairle Eorpach sna conclúidí uaithi an 22 Deireadh Fómhair 2021 (10). Go háirithe, ba cheart stádas vacsaínithe, tástála nó téarnaimh COVID-19 duine, mar ba léir le Deimhniú Digiteach COVID AE, a bheith mar phríomhchinntitheach. Ós rud é gur féidir Deimhnithe Digiteacha COVID AE a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh go sábháilte, níor cheart go mbeadh taistealaithe a bhfuil Deimhniú Digiteach COVID AE acu faoi réir srianta breise ar shaorghluaiseacht, amhail tástálacha breise le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2. Go háirithe, i bprionsabal, níor cheart go mbeadh ar dhaoine a bhíonn ag taisteal laistigh den Aontas coraintín a dhéanamh, ós rud é go gcuirtear srian suntasach ar an tsaorghluaiseacht leis.

    (15)

    Tacaítear leis sin le moltaí a d’eisigh EDS (11), ina luaitear nár cheart do thaistealaithe atá iomlán vacsaínithe ná taistealaithe atá téarnaithe ó COVID-19 laistigh de 6 mhí roimh thaisteal dóibh, a bheith faoi réir srianta breise. Ba cheart, i bprionsabal, go mbeadh daoine nach bhfuil sa dá chatagóir sin in ann taisteal bunaithe ar thástáil dhiúltach le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2.

    (16)

    Chun an tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas a shimpliú, is gá comhthuiscint a leagan amach ar na coinníollacha ar cheart a bheith comhlíonta leis na trí chineál Dheimhnithe Digiteacha COVID AE chun go nglacfar leo.

    (17)

    An 21 Nollaig 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2288 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tréimhse inghlacthachta na ndeimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint i bhformáid Dheimhniú Digiteach COVID AE lena léirítear gur críochnaíodh an tsraith vacsaínithe phríomhúil (12). Leis an Rialachán Tarmligthe sin, arna bhunú, chun críche taistil, ní ghlacfar le deimhnithe lena léirítear gur críochnaíodh an tsraith phríomhúil vacsaínithe ach amháin i gcás nach bhfuil níos mó ná 270 lá caite ó dháta na dáileoige is deireanaí sa tsraith sin. Ós rud é nárbh fhéidir fós tréimhse inghlacthachta deimhnithe a chinneadh lena léirítear gur tugadh teanndáileoga, tugadh faoi deara sa Rialachán Tarmligthe nár cheart go mbeadh feidhm ag aon tréimhse inghlacthachta, ag an gcéim seo, maidir le deimhnithe lena léirítear gur tugadh teanndáileog.

    (18)

    Ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh láithreach chun rochtain ar vacsaíniú a áirithiú do na grúpaí daonra sin a bhfuil a ndeimhnithe vacsaínithe a eisíodh roimhe sin ag druidim le teorainn na tréimhse inghlacthachta caighdeánaí, agus aird iomlán á tabhairt ar chinntí intíre maidir le tosaíocht a thabhairt do ghrúpaí éagsúla daonra i leathadh amach na vacsaínithe i bhfianaise an bheartais náisiúnta agus na staide eipidéimeolaíche.

    (19)

    Ba cheart iarraidh ar an gCoimisiún faireachán agus athmheastóireacht rialta a dhéanamh ar an gcur chuige maidir leis an tréimhse inghlacthachta chun a mheasúnú an mbeadh oiriúnuithe nó athruithe ag teastáil ar bhonn fianaise eolaíoch nua a bheadh ag teacht chun cinn, lena n-áirítear fianaise i ndáil leis an tréimhse inghlacthachta le haghaidh deimhnithe arna n-eisiúint ar thabhairt teanndáileoige.

    (20)

    Chun saorghluaiseacht laistigh den Aontas a shimpliú, ba cheart na tréimhsí caighdeánacha bailíochta le haghaidh deimhnithe tástála a choinneáil. Ba cheart an tsampláil is gá le haghaidh tástáil aimpliúcháin mhóilínigh aigéid núicléasaigh a dhéanamh, d’fhonn a bheith incháilithe, tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig sula dtagann siad isteach. Tá údar le tréimhse bhailíochta níos giorra nach faide ná 24 uair an chloig i gcás mearthástálacha antaiginí atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le liosta coiteann an Aontais de mhearthástálacha antaiginí COVID-19 arna chomhaontú ag an gCoiste Slándála Sláinte (13) i bhfianaise na dtástálacha sin a bheith ar fáil.

    (21)

    Le cúpla mí anuas, tá feabhas tagtha ar fheidhmíocht chliniciúil na mearthástálacha antaiginí. I mí Bealtaine 2021, rinne an Mheitheal Theicniúil um thástálacha diagnóiseacha COVID-19 arna bunú ag an gCoiste Slándála Sláinte (14), atá freagrach as liosta coiteann an Aontais de mhearthástálacha antaiginí a choinneáil, nós imeachta níos struchtúrtha, níos comhleanúnaí agus níos gasta a chur ar bun chun an liosta a thabhairt cothrom le dáta. Thairis sin, an 21 Meán Fómhair 2021, tháinig an Mheitheal Theicniúil ar chomhaontú maidir le sainmhínithe agus critéir bhreise ar cheart iad a mheas le haghaidh staidéir bhailíochtaithe neamhspleácha lena ndéantar measúnú ar fheidhmíocht chliniciúil na mearthástálacha antaiginí do dhiagnóisiú COVID-19. Níor cheart ach torthaí mearthástálacha antaiginí bunaithe ar eiseamail sróine, bhéalfharaingeach agus/nó shrónfharaingeach a bheith bailí le deimhnithe tástála arna n-eisiúint i bhformáid Deimhniú Digiteach COVID AE. Chomhaontaigh an Mheitheal Theicniúil mearthástálacha antaiginí a eisiamh ón liosta bunaithe ar chineálacha samplacha malartacha amhail seile.

    Ina theannta sin, ní chuirtear mearthástálacha antaiginí comhthiomsaithe ná féin-mhearthástálacha antaiginí ar an liosta, rud a chuireann leis an gcomhsheasmhacht is dócha a bheidh ann maidir le feidhmíocht na dtástálacha atá ar an liosta. Chomhaontaigh an Coiste Slándála Sláinte an seachtú nuashonrú ar an liosta coiteann, arb é an nuashonrú is déanaí é, an 10 Samhain 2021. I bhfianaise na bhfeabhsuithe sin, ba cheart do gach Ballstát, chun críche taistil, glacadh leis an dá dheimhniú tástála arna n-eisiúint tar éis NAAT agus le deimhnithe tástála arna n-eisiúint tar éis mearthástáil antaiginí atá ar liosta coiteann an Aontais.

    (22)

    Ó tharla gurb ann d’fhianaise lena dtacaítear le moladh nach dteastaíonn tástáil bhreise le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2 a bhaineann le taisteal nó féinleithlisiú nó coraintín a bhaineann le taisteal ó dhaoine atá téarnaithe ó COVID-19, ar a laghad laistigh de na chéad 180 lá den chéad tástáil dhearfach NAAT ba cheart sealbhóirí na ndeimhnithe téarnaimh sin a dhíolmhú ó shrianta breise taistil don tréimhse sin.

    (23)

    Le córas Dheimhniú Digiteach COVID AE, tugtar an deis rialacha bailíochtaithe a chur i bhfeidhm go huathoibríoch ar thacair shonraí na ndeimhnithe, lena n-áirithítear go gcuirfear rialacha taistil i bhfeidhm go tapa, go hiontaofa agus go hintuartha. Chun cur i bhfeidhm rialacha bailíochtaithe Dheimhniú Digiteach COVID AE a éascú, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as feidhmiúlacht phróiseála na rialacha caighdeánaithe gnó a chuirtear ar fáil le córas Dheimhniú Digiteach COVID AE (15).

    (24)

    Ó glacadh Rialachán (AE) 2021/953, tá roinnt gníomhartha cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún lena suitear go measfar deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tír áirithe do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh a bheith coibhéiseach le deimhnithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit i gcomhréir leis an rialachán sin d’fhonn saorghluaiseacht a sealbhóirí a éascú. I gcás go ndéanfar tagairt sa mholadh sin do Dheimhnithe Digiteacha COVID AE arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart a thuiscint leis sin go gcumhdaítear leis deimhnithe arna n-eisiúint do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh arna gcumhdach leis na gníomhartha cur chun feidhme sin. Chun an tsaorghluaiseacht a éascú, ba cheart na Ballstáit a spreagadh freisin chun Deimhnithe Digiteacha COVID AE a eisiúint de bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2021/953 do dhaoine arna gcumhdach leis an bhforáil sin ós rud é gur vacsaíníodh iad i dtríú tíortha, go háirithe i dtríú tíortha nach gcumhdaítear a ndeimhnithe siúd leis na gníomhartha cur chun feidhme sin.

    (25)

    Mar a luaitear in Airteagal 3(6) de Rialachán (AE) 2021/953, ní réamhchoinníoll í Deimhniú Digiteach COVID AE a bheith ag duine chun an ceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú. Dá bhrí sin, níor cheart cosc taisteal a chur ar dhaoine nach bhfuil Deimhniú Digiteach COVID AE ina seilbh acu, ach d’fhéadfaí, más gá, a cheangal orthu tástáil le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2 dhéanamh sula dtagann siad isteach nó ina dhiaidh sin chun an riosca go dtabharfaí ionfhabhtuithe isteach a laghdú.

    (26)

    Cumhdaítear leis an moladh sin úsáid Dheimhniú Digiteach COVID AE chun saorghluaiseacht a éascú laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID-19. Ní fhorordaítear ná ní thoirmisctear úsáid dheimhnithe COVID-19 chun críocha intíre leis, amhail rochtain ar imeachtaí, ar ionaid nó ar an ionad oibre. Mar a tugadh faoi deara in Aithris 48 de Rialachán (AE) 2021/953, i gcás ina gcinneann Ballstát Deimhnithe Digiteacha COVID AE a úsáid chun críocha eile, ní mór foráil a dhéanamh don bhunús dlí atá leis na húsáidí intíre sin sa dlí náisiúnta, nach mór dó ceanglais cosanta sonraí a chomhlíonadh, i measc nithe eile. Mar a tugadh faoi deara in Aithris 49 de Rialachán (AE) 2021/953, i gcás ina bhfuil córas dheimhnithe COVID-19 bunaithe ag Ballstát chun críocha intíre, ba cheart dó a áirithiú gur féidir Deimhnithe Digiteacha COVID AE a úsáid freisin agus go mbeadh lánghlacadh leo. Déanfar amhlaidh chun a áirithiú nach mbeidh ar shealbhóirí na ndeimhnithe sin, a théann chuig Ballstát agus a gceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu, deimhniú náisiúnta breise a fháil.

    (27)

    I bhfianaise a gcúinsí sonracha nó a bhfeidhme bunriachtanaí, níor cheart a cheangal ar chatagóirí áirithe taistealaithe a bhfuil a gceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu deimhniú digiteach COVID AE a bheith acu. Ag an am céanna, d’fhéadfadh an liosta sin a bheith níos teoranta i gcomparáid le Moladh (AE) 2020/1475, ós rud é go bhfuil an vacsaín faighte ag cuid mhór daoine atá ag taisteal ar mhaithe le feidhm nó riachtanas bunriachtanach cheana féin. Ba cheart go gcumhdófaí leis oibrithe iompair nó soláthraithe seirbhísí iompair, othair atá ag taisteal ar mhórchúiseanna leighis, maraithe, daoine a thrasnaíonn teorainneacha go laethúil nó go minic chun dul chun na hoibre nó ar scoil, chun cuairt a thabhairt ar gharghaolta, chun cúram leighis a lorg, nó chun aire a thabhairt do dhaoine muinteartha, agus do leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois.

    (28)

    I bhfianaise an dul chun cinn atá déanta maidir leis an nglacadh vacsaíne agus leathadh amach rathúil Dheimhniú Digiteach COVID AE, ba cheart bearta taistil COVID-19 a chur i bhfeidhm ar an leibhéal pearsanta seachas ar an leibhéal réigiúnach, rud a chiallaíonn gur cheart stádas vacsaínithe, tástála nó téarnaimh COVID-19 taistealaí, arna fhianú le Deimhniú Digiteach COVID AE bailí, a bheith mar phríomhchinntitheach. Níor cheart, i bprionsabal, do thaistealaithe a bhfuil a gceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu le deimhniú bailí a bheith faoi réir srianta breise. Tá údar leis an gcur chuige sin toisc go bhfuil an víreas i réim ngach réigiún ar fud an Aontais i gcónaí agus go n-athraíonn an staid eipidéimeolaíoch sna réigiúin sin de shíor agus go mear. Le cur chuige duinebhunaithe, simpleofar go mór an creat is infheidhme i leith taisteal san Aontas le linn na paindéime, agus tabharfaidh sé breis soiléireachta agus intuarthachta do thaistealaithe maidir leis na rialacha is infheidhme.

    (29)

    Cionn is gurb úsáideach an uirlis í don phobal agus d’údaráis na mBallstát agus gurb fhurasta í a thuiscint, ba cheart an léarscáil soilse tráchta lena sonraítear an staid eipidéimeolaíoch ar an leibhéal réigiúnach a choinneáil chun críocha faisnéise, cé is moite de limistéir ina bhfuil an víreas ag scaipeadh ar leibhéil an-ard agus ina bhfuil gá le bearta breise. Ba cheart critéir agus tairseacha na léarscáile, mar a leagtar amach iad i Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle, a oiriúnú mar sin féin chun níos mó béime a chur ar chásanna COVID-19 nuafhógartha mar an príomhchritéar chun an riosca go dtabharfadh taistealaí ionfhabhtaithe SARS-CoV-2 isteach a chomhfhogasú. Ba cheart an critéar sin a ualú de réir an ghlactha vacsaíne sa réigiún céanna, lena chur san áireamh go laghdaíonn vacsaíniú an riosca don tsláinte phoiblí a bhaineann le COVID-19.

    Ba cheart dathchód a shannadh don ráta ualaithe a bheidh mar thoradh air sin agus úsáid á baint as tairseacha na samhla measúnaithe riosca arna forbairt ag ECDC, cé is moite de réigiúin nach bhfuil ráta tástála leordhóthanach acu. Ba cheart sonraíochtaí na léarscáile a chur san áireamh in iarscríbhinn a ghabhann leis an moladh. Agus sonraí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit á n-úsáid, ba cheart don Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú an léarscáil a fhoilsiú ar bhonn seachtainiúil.

    (30)

    Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar limistéir ina bhfuil an víreas ag scaipeadh ar leibhéil an-ard, ós rud é gur dóichí go dtabharfaí cásanna isteach ó na limistéir sin, chomh maith leis an mbrú a d’fhéadfadh tréimhsí fada ina bhfuil líon ard cásanna a chur ar chórais sláinte phoiblí na limistéar sin. Chun na rioscaí sin don tsláinte phoiblí a mhaolú, ba cheart do na Ballstáit a mholadh gan a bheith ag taisteal idir na limistéir sin murar bhfuil an taisteal sin riachtanach. Ina theannta sin, ba cheart é a bheith de cheangal ar dhaoine nach bhfuil deimhniú vacsaínithe ná téarnaimh acu tástáil le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2 a dhéanamh roimh imeacht dóibh mar aon le coraintín/féinleithlisiú tar éis dóibh a gceann scríbe a bhaint amach. Ba cheart feidhm a bheith ag eisceachtaí i gcás taistealaithe riachtanacha, go háirithe i gcás oibrithe iompair agus soláthraithe seirbhísí iompair, chun teorainn a chur leis an méid a chuirtear isteach ar an margadh inmheánach agus chun feidhmiú na ‘Lánaí Glasa’ a chaomhnú.

    (31)

    Chun aontacht na dteaghlach atá ag taisteal a áirithiú, níor cheart go mbeadh sé de cheangal ar leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois a bhfuil Deimhniú Digiteach COVID AE bailí ina seilbh acu, bíodh sé ina dheimhniú vacsaínithe, ina dheimhniú tástála, nó ina dheimhniú téarnaimh, nó ina thástáil dhiúltach le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2, coraintín/féinleithlisiú a bhaineann le taisteal a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart leanaí faoi bhun 6 bliana d’aois a bheith díolmhaithe ón gceanglas coraintín/féinleithlisiú nó tástálacha le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2 a bhaineann le taisteal a dhéanamh.

    (32)

    Is cúis imní i gcónaí é teacht chun cinn athraithigh nua SARS-CoV-2, arna fhianú le teacht chun cinn an athraithigh ‘Omicron’, agus ba cheart do na Ballstáit é sin a chur san áireamh i gcomhthéacs srianta ar shaorghluaiseacht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19. Déanann an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú measúnú rialta ar fhianaise nua maidir le athraithigh arna mbrath trí intleacht eipidéime, scagadh géanómaíoch riailbhunaithe a dhéanamh ar athraithigh, nó foinsí eolaíocha eile (16). Cumhdaítear leis sin, go háirithe, athraithigh ar díol imní iad, dá bhfuil fianaise shoiléir ar fáil ina léirítear tionchar suntasach ar in-tarchurthacht, tromchúiseacht agus/nó imdhíonacht ar dócha go mbeidh tionchar acu ar an staid eipidéimeolaíoch san Aontas/LEE, agus athraithigh ar díol spéise iad, dá bhfuil fianaise ar fáil maidir le hairíonna géanómaíocha, fianaise eipidéimeolaíoch nó fianaise in-vitro a d’fhéadfadh tionchar suntasach ar in-tarchurthacht, tromchúiseacht nó imdhíonacht a thabhairt le fios agus a mbeadh tionchar réalaíoch aici ar an staid eipidéimeolaíoch san Aontas/LEE.

    Chun forléargas a thabhairt ar chion na n-athraitheach ar díol imní agus spéise iad san Aontas/LEE agus ar mhéideanna seicheamhaithe, tá léarscáileanna agus sonraí eile á bhfoilsiú ar bhonn seachtainiúil freisin ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (17). Chun faisnéis thráthúil chruinn a fháil faoi theacht chun cinn agus scaipeadh athraithigh SARS-CoV-2 ar díol imní nó spéise iad, tá sé tábhachtach go gcoinneodh na Ballstáit méid seicheamhaithe atá ard a dhóthain nó go mbainfidís sin amach. Murar leor an méid seicheamhaithe, is lag an cumas a bhíonn ann athraithigh ar díol imní iad agus atá ag scaipeadh a bhrath sula mbíonn tionchar acu ar an staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán. Tá sé tábhachtach ag an am céanna go gcuirfeadh na Ballstáit san áireamh na difríochtaí sa mhéid seicheamhaithe, ionas nach ndíspreagfar ardleibhéil seicheamhaithe.

    (33)

    Léiríodh leis na hathraithigh ‘Alpha’, ‘Delta’ agus ‘Omicron’ SARS-CoV-2, arb é an tríú ceann an t-athraitheach is coitianta anois san Aontas, an drochthionchar is féidir a bheith ag athraithigh nua SARS-CoV-2 ar an staid eipidéimeolaíoch. Cé gur féidir leis a bheith an-deacair cosc a chur le leathadh athraithigh a luaithe a bhraithfear é laistigh den Aontas, i bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith aige, is iomchuí mar sin féin nós imeachta coscáin éigeandála a bhunú i gcomhar cur chuige comhordaithe darb aidhm moill a chur ar leathadh athraitheach nua laistigh den Aontas. Chun comhordú i measc na mBallstát a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith aige sin freisin i gcásanna ina bhforchuirfidh na Ballstáit srianta, i gcomhréir le dlí an Aontais, i ngeall ar an staid eipidéimeolaíoch i limistéar a bheith ag dul in olcas go tapa, go háirithe i limistéir dá ndearnadh difear mór cheana féin.

    (34)

    Mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/953, i gcás ina gcuirfidh Ballstát, i gcomhréir le dlí an Aontais, de cheangal ar shealbhóirí Dheimhniú Digiteach COVID AE coraintín a dhéanamh nó féinleithlisiú nó tástáil le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2 a dhéanamh tar éis dóibh dul isteach ina chríoch, nó i gcás ina bhforchuirfidh sé srianta eile ar shealbhóirí na ndeimhnithe sin toisc, mar shampla, go dtéann an staid eipidéimeolaíoch i mBallstát nó i réigiún laistigh de Bhallstát in olcas go tapa, go háirithe mar thoradh ar athraitheach SARS-CoV-2 ar díol imní nó spéise é, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas dá réir sin, 48 uair an chloig sula dtabharfar na srianta nua sin isteach, más féidir. Chuige sin, tá an Ballstát le cúiseanna agus raon feidhme na srianta sin a thabhairt, lena sonrófar na sealbhóirí deimhnithe atá faoi réir na srianta sin nó díolmhaithe uathu, agus dáta agus fad na srianta sin, lena n-áirítear cur síos ar an gcaoi a gcomhlíonann siad prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe.

    (35)

    D’fhéadfadh Ballstát an nós imeachta coscáin éigeandála a thionscnamh, bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh le tíolacadh de bhun Rialachán (AE) 2021/953, nó d’fhéadfadh an Coimisiún é a thionscnamh, bunaithe ar mheasúnú rialta ar fhianaise nua maidir le hathraithigh ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú. D’fhéadfadh comhaontú teacht as sin, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún, maidir le srianta breise a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta ama ar thaisteal ó na limistéir lena mbaineann, amhail ceanglais tástála nó coraintín/féinleithlisithe do thaistealaithe nó iad araon. Ba cheart an creat atá á fhorbairt faoi láthair ag an sainghrúpa Eorpach um athraithigh SARS-CoV-2 (18) maidir le sainiú agus measúnú critéar a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hidirghabhálacha sláinte poiblí i gcoinne athraithigh ar díol imní iad a chur san áireamh a luaithe a bheidh sé ar fáil.

    (36)

    Chun feidhmiú na ‘Lánaí Glasa’ a chaomhnú, ba cheart na ceanglais tástála a fhorchuirtear ar oibrithe iompair agus ar sholáthraithe seirbhísí iompair mar thoradh ar an thionscnamh an choscáin éigeandála a theorannú do mhearthástálacha antaiginí, agus níor cheart ceangal coraintín/féinleithlisithe a chur orthu. Níor cheart go gcuirfí isteach ar sheirbhísí iompair mar gheall ar na ceanglais tástála sin. Dá gcuirfí isteach ar sheirbhísí iompair nó ar an slabhra soláthair, ba cheart aon cheanglais tástála córasacha den sórt sin a bhaint nó a aisghairm láithreach.

    (37)

    Is cuid lárnach fós é rianú teagmhálaithe den chomhrac ar leathadh an víris, go háirithe i ndáil le teacht chun cinn athraitheach nua. Ag an am céanna, bíonn rianú teagmhálaithe éifeachtach agus tráthúil níos dúshlánaí nuair is gá é a dhéanamh thar theorainneacha agus i gcás líon ard paisinéirí a bhíonn ag taisteal agus iad gar dá chéile. Ar mhaithe leis sin a éascú, forbraíodh foirm dhigiteach choiteann aimsithe paisinéirí (‘PLF’) (19), agus ba cheart a mholadh do na Ballstáit úsáid a bhaint as an bhformáid choiteann sin chun taisteal a éascú. Ba cheart a mholadh do na Ballstáit páirt a ghlacadh in ardán malartaithe PLF, arna bhunú ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/858 ón gCoimisiún (20), chun feabhas a chur ar a gcumais rianaithe teagmhála trasteorann do gach modh iompair. Le hardán malartaithe PLF, is féidir sonraí a mhalartú ar bhealach slán tráthúil éifeachtach idir údaráis inniúla na mBallstát, trína chur ar a gcumas faisnéis a tharchur ó na córais dhigiteacha náisiúnta PLF atá acu cheana féin, mar aon le faisnéis eipidéimeolaíoch ábhartha, chuig údaráis inniúla eile ar bhealach idir-inoibritheach uathoibríoch.

    (38)

    I gcás ina n-úsáidtear PLFanna freisin chun críoch eile seachas rianú teagmhálaithe, amhail lena chinneadh an rachaidh taistealaí atá ag teacht isteach faoi thástáil le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2, níor cheart é a bheith ina thoradh ar mhainneachtain PLF a chur isteach in am roimh theacht isteach go ndiúltófaí cead isteach sa tír lena mbaineann don taistealaí, ós rud é gurbh ionann sin agus srian tromchúiseach ar shaorghluaiseacht. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na taistealaithe sin dul faoi bhearta eile, áfach, amhail tástáil le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2 i ndiaidh dóibh a gceann scríbe a bhaint amach.

    (39)

    Is ríthábhachtach i gcónaí faisnéis shoiléir thráthúil chuimsitheach a thabhairt don phobal chun teorainn a chur leis an tionchar a bheadh ag aon srianta ar shaorghluaiseacht, lena n-áirithítear intuarthacht, deimhneacht dhlíthiúil agus comhlíonadh na saoránach. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis sin a sholáthar go tráthúil, lena n-áirítear tríd an ardán gréasáin ‘Re-open EU’ (21). Ba cheart a mholadh do na Ballstáit freisin faisnéis faoi úsáid intíre Dheimhnithe Digiteacha COVID AE a chur ar fáil ar ‘Re-open EU’, i bhfianaise ábharthacht na faisnéise sin do thaistealaithe ó Bhallstáit eile.

    (40)

    I bhfianaise éabhlóid na staide eipidéimeolaíche, agus de réir mar a bheidh tuilleadh fianaise eolaíche ábhartha ar fáil, ba cheart don Choimisiún, le tacaíocht ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, an Moladh seo a athbhreithniú go rialta, agus a thorthaí a tharchur chuig an gComhairle lena mbreithniú, maille le togra chun an Moladh a leasú, i gcás inar gá. Go háirithe, i gcomhréir le prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, lena bhforáiltear gur cheart aon srianta a bhaint a luaithe is féidir sin i bhfianaise na staide eipidéimeolaíche, iarrtar ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar éabhlóid na staide eipidéimeolaíche agus athmheastóireacht a dhéanamh má tá údar cuí fós leis an gceanglas maidir le Deimhniú Digiteach Covid AE a shealbhú a luaithe a thiocfaidh feabhas ar an staid eipidéimeolaíoch san Aontas ina iomláine nó ar an leibhéal réigiúnach.

    (41)

    Ós rud é go ndéantar, leis an Moladh seo, an cur chuige coiteann a oiriúnú agus a fhorbairt a thuilleadh chun saorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID-19, ba cheart moladh eile a chur in ionad Mholadh (AE) 2020/1475 ón gComhairle.

    (42)

    Ionas go mbeidh go leor ama ann chun an cur chuige comhordaithe a leagtar amach sa Mholadh seo a chur chun feidhme, ba cheart feidhm a bheith ag an Moladh amhail ón 1 Feabhra 2022.

    (43)

    I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart na sásraí a chuirtear ar bun leis an Moladh seo a theorannú go docht, ó thaobh raon feidhme agus ama de, do na srianta a ghlactar mar fhreagairt ar an bpaindéim seo. Nuair a scoirfidh Rialachán (AE) 2021/953 d’fheidhm a bheith aige, ar a dhéanaí, ba cheart don Mholadh seo scor d’fheidhm a bheith aige freisin,

    TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

    Prionsabail Ghinearálta

    Agus bearta á nglacadh agus á gcur i bhfeidhm ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí a chosaint mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, ba cheart do na Ballstáit a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

    1.

    Aon srianta ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas a chuirtear i bhfeidhm chun leathadh COVID-19 a theorannú, ba cheart iad a bhunú ar fhorais shonracha theoranta leasa phoiblí, eadhon an tsláinte phoiblí a chosaint. Is gá srianta den sórt sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, go háirithe prionsabal na comhréireachta agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Níor cheart, dá bhrí sin, go rachadh aon bheart a dhéanfar thar a bhfuil fíor-riachtanach chun an tsláinte phoiblí a chosaint.

    2.

    Ba cheart aon srianta den sórt sin a bhaint a luaithe is féidir i bhfianaise na staide eipidéimeolaíche, lena n-áirítear in ospidéil.

    3.

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go rachaidh aon cheanglais a fhorchuirtear ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí chun tairbhe nithiúil do na hiarrachtaí sláinte poiblí atá á ndéanamh chun an phaindéim a chomhrac agus nach gcruthófar ualach riaracháin míchuí neamhriachtanach leo.

    4.

    Ní fhéadfar aon idirdhealú a dhéanamh idir na Ballstáit, mar shampla trí rialacha níos flaithiúla a chur i bhfeidhm maidir le taisteal chuig Ballstát comharsanach agus uaidh le hais taisteal chuig Ballstáit eile agus uathu.

    5.

    Ní fhéadfaidh na srianta a bheith idirdhealaitheach, is é sin, ba cheart feidhm chomhionann a bheith acu maidir le náisiúnaigh den Bhallstát lena mbaineann a bheith ag filleadh air. Ní fhéadfar srianta a bhunú ar náisiúntacht an duine lena mbaineann.

    6.

    Ba cheart do na Ballstáit cead isteach a thabhairt i gcónaí dá náisiúnaigh féin, do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh atá ina gcónaí ar a gcríoch. I bprionsabal, níor cheart do na Ballstáit cead isteach a dhiúltú do dhaoine eile atá ag taisteal ó Bhallstáit eile, agus ba cheart dóibh idirthuras tapa ar fud a gcríoch a éascú.

    7.

    Ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar shainiúlachtaí na réigiún trasteorann, na réigiún forimeallach, na n-eachtarchríoch agus na limistéar iargúlta agus ar an ngá atá le comhoibriú ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach.

    8.

    Ba cheart do na Ballstáit cur isteach ar shlabhraí soláthair agus ar thaisteal riachtanach a sheachaint agus ba cheart dóibh sreabha iompair a choinneáil ag imeacht i gcomhréir le córas na ‘Lánaí Glasa’.

    9.

    Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a mhalartú le chéile go rialta faoi gach ábhar a chumhdaítear faoi raon feidhme an mholta seo agus na saoránaigh a chur ar an eolas dá réir sin.

    10.

    Níor cheart gur i bhfoirm toirmeasc ar oibriú seirbhísí áirithe iompair a bheadh na srianta.

    Creat comhordaithe chun saorghluaiseacht shábháilte a éascú le linn phaindéim COVID-19

    11.

    Níor cheart do thaistealaithe a bhfuil Deimhniú Digiteach COVID AE bailí acu, arna eisiúint de bhun Rialachán (AE) 2021/953 a chomhlíonann coinníollacha phointe 12, a bheith faoi réir srianta breise ar shaorghluaiseacht. Go sonrach, níor cheart ceangal a chur ar dhaoine atá ag taisteal san Aontas coraintín a dhéanamh.

    Sa chomhthéacs sin, ba cheart feidhm a bheith ag na maoluithe seo a leanas maidir leis an gcéad fhomhír:

    (a)

    na díolúintí a leagtar amach i bpointe 16;

    (b)

    bearta breise a leagtar amach i bpointe 19 le haghaidh daoine a thagann isteach ó limistéir ina bhfuil an víreas ag scaipeadh ar leibhéil an-ard agus ar dócha, dá bhrí sin, go n-allmhaireofaí leibhéal suntasach cásanna mar thoradh orthu;

    (c)

    bearta breise arna gcomhaontú de bhun phointe 25 chun moill a chur le leathadh athraithigh nua SARS-CoV-2 ar díol imní nó spéise iad.

    12.

    Ba cheart glacadh le Deimhniú Digiteach COVID AE más féidir a bharántúlacht, a bhailíocht agus a shláine a fhíorú agus má chomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    Deimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 le haghaidh vacsaín COVID-19 a chumhdaítear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 5(5) den Rialachán sin agus lena léirítear go bhfuil an méid seo a leanas faighte ag an sealbhóir:

    an dara dáileog de shraith dhá dháileog;

    vacsaín aon dáileoige;

    aon dáileog de vacsaín dhá dháileog tar éis a bheith ionfhabhtaithe le SARS-CoV-2 roimhe sin, i gcomhréir le straitéis vacsaínithe Bhallstát an vacsaínithe;

    teanndáileog tar éis an tsraith vacsaínithe phríomhúil a chríochnú;

    ar choinníoll nach bhfuil an tréimhse inghlacthachta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/953 caite fós agus, i gcás deimhnithe a thagann faoi phointí (i) go (iii), go bhfuil 14 lá ar a laghad caite ó tugadh an dáileog dheireanach.

    Ina theannta sin, d’fhéadfadh na Ballstáit glacadh le deimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 le haghaidh vacsaíní COVID-19 a chumhdaítear leis an dara fomhír d’Airteagal 5(5) den Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE.

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ar vacsaíniú trí theanndáileoga ag na grúpaí daonra sin a léiríonn a ndeimhnithe vacsaínithe go bhfuil an phríomhshraith vacsaínithe a tugadh dóibh ag tarraingt ar dheireadh na tréimhse caighdeánaí inghlacthachta agus dá bhfuil moladh tugtha ag na húdaráis náisiúnta teanndáileog a fháil.

    Ar bhonn tuilleadh fianaise eolaíche, ba cheart don Choimisiún athmheastóireacht a dhéanamh go rialta ar an gcur chuige a leagtar amach i bpointe (a).

    (b)

    Deimhnithe tástála a eisítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 agus lena léirítear toradh diúltach tástála a fuarthas:

    nach faide ná 72 uair an chloig roimh theacht isteach, i gcás tástáil aimpliúcháin mhóilínigh aigéid núicléasaigh (NAAT); nó

    tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig roimh theacht isteach, i gcás mearthástáil antaiginí a liostaítear sa liosta comhchoiteann agus cothrom le dáta de mhearthástálacha antaiginí COVID-19 (22) arna bhunú ar bhonn Mholadh ón gComhairle an 21 Eanáir 2021 (23).

    Chun críche taistil chun cearta saorghluaiseachta a fheidhmiú, ba cheart do na Ballstáit glacadh leis an dá chineál tástála.

    Ba cheart do na Ballstáit féachaint lena áirithiú go n-eiseofar na deimhnithe tástála a luaithe is féidir tar éis an sampla tástála a bhailiú.

    (c)

    Deimhnithe téarnaimh arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 lena léirítear nach bhfuil níos mó ná 180 lá caite tar éis dháta an chéad toraidh dhearfaigh ar thástáil NAAT.

    13.

    Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as feidhmiúlacht phróiseála na rialacha caighdeánaithe gnó a chuirtear ar fáil le córas Dheimhniú Digiteach COVID AE.

    14.

    I gcás ina ndéantar tagairt sa Mholadh sin do Dheimhnithe Digiteacha COVID AE arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart a thuiscint leis sin freisin go gcumhdaítear deimhnithe arna gcumhdach le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 3(10) nó Airteagal 8(2) den Rialachán sin arna eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh de Aontas agus dá mbaill teaghlaigh. Moltar do na Ballstáit freisin deimhnithe vacsaínithe a eisiúint de bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2021/953.

    15.

    D’fhéadfaí a chur de cheangal ar dhaoine nach bhfuil Deimhniú Digiteach COVID AE acu arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 dul faoi NAAT nó mearthástáil antaiginí mar a liostaítear sa liosta coiteann agus cothrom le dáta sula dtagann siad nó tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig ina dhiaidh sin. Níl feidhm aige sin maidir le daoine atá díolmhaithe ó Dheimhniú Digiteach COVID AE a bheith acu i gcomhréir le pointe 16.

    Díolúintí

    16.

    Níor cheart a cheangal ar na catagóirí taistealaithe seo a leanas Deimhniú Digiteach COVID AE arna eisiúint de bhun Rialachán (AE) 2021/953 a bheith acu:

    (a)

    na taistealaithe seo a leanas ar bunriachtanach a bhfeidhm nó a riachtanas, nuair a bheidh an fheidhm nó an riachtanas sin á bhfeidhmiú acu:

    oibrithe iompair nó soláthraithe seirbhísí iompair, lena n-áirítear tiománaithe agus criú feithiclí lasta atá ag iompar earraí lena n-úsáid sa chríoch chomh maith leo siúd nach bhfuil ach ar idirthuras;

    othair atá ag taisteal ar mhórchúiseanna leighis;

    maraithe.

    (b)

    daoine a bhfuil cónaí orthu i réigiúin teorann agus a thaistealaíonn thar an teorainn go laethúil nó go minic chun críoch oibre, gnó, oideachais, teaghlaigh, cúraim leighis nó cúram a thabhairt;

    (c)

    leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois.

    Léarscáil soilse tráchta an Aontais agus eisceachtaí agus bearta breise atá bunaithe orthu

    17.

    Bunaithe ar na sonraí arna soláthar ag na Ballstáit, ba cheart don Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú léarscáil de na Ballstáit a fhoilsiú, agus í miondealaithe de réir réigiún, ar a léireofar an riosca a d’fhéadfadh a bheith ag duine atá ag taisteal ón réigiún a bheith ionfhabhtaithe le SARS-CoV-2 de réir córas soilse tráchta. Ba cheart sonraí ón Íoslainn, ó Lichtinstéin, ón Iorua agus, a luaithe is féidir (24), ó Chónaidhm na hEilvéise a bheith sa léarscáil sin freisin.

    Ba cheart an léarscáil soilse tráchta a bheith bunaithe ar na critéir, ar na tairseacha agus ar an gcód datha a leagtar amach san Iarscríbhinn.

    18.

    Gach seachtain, ba cheart don Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú leaganacha nuashonraithe de na léarscáileanna agus de na bunsonraí a fhoilsiú.

    19.

    Ba cheart an léarscáil soilse tráchta a úsáid chun faisnéis a chur ar fáil don phobal agus d’údaráis na mBallstát maidir le forbairt na staide eipidéimeolaíche ar fud an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit, bunaithe ar an léarscáil solais tráchta, na bearta seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir le taisteal chuig na limistéir sin ina bhfuil an víreas ag scaipeadh ar leibhéil an-ard agus ó na limistéir sin, agus atá aicmithe mar ‘dúdhearg’ i gcomhréir le pointe 3 (g) den Iarscríbhinn:

    (a)

    Ba cheart do na Ballstáit gach taisteal nach bhfuil riachtanach go dtí na limistéir sin agus uathu a dhíspreagadh;

    (b)

    ba cheart a chur de cheangal ar dhaoine nach bhfuil deimhniú vacsaínithe ná téarnaimh acu agus a thagann ó na limistéir sin dul faoi NAAT nó mearthástáil antaiginí a liostaítear sa liosta coiteann agus cothrom le dáta roimh imeacht dóibh agus coraintín a dhéanamh/féinleithlisiú ar feadh deich i ndiaidh dóibh a gceann scríbe a bhaint amach. Ba cheart deireadh luath a chur leis an gcoraintín/féinleithlisiú má dhéantar tástáil ar an duine lena mbaineann, ar a luaithe ar an gcúigiú lá i ndiaidh dóibh a gceann scríbe a bhaint amach, agus má bhíonn toradh diúltach tástála ar thástáil le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2.

    I gcás ina gcumhdaítear daoine den sórt sin faoi phointe 16(a) nó (b), níor cheart ceangal a chur orthu coraintín a dhéanamh/féinleithlisiú ach d’fhéadfadh sé go mbeadh ceangal orthu deimhniú tástála diúltach a bheith acu. De mhaolú air sin, níor cheart a cheangal ar oibrithe iompair ná ar sholáthraithe seirbhísí iompair féinleithlisiú/coraintín a dhéanamh ná deimhniú diúltach tástála a bheith acu agus an fheidhm bhunriachtanach sin á feidhmiú acu.

    Níor cheart é a bheith de cheangal ar leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois a bhfuil Deimhniú Digiteach COVID AE nó tástáil dhiúltach le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2 acu agus a thagann ó limistéir atá aicmithe mar ‘dúdhearg’, coraintín a dhéanamh/féinleithlisiú. Ina theannta sin, níor cheart é a bheith de cheangal ar leanaí faoi bhun 6 bliana d’aois coraintín a dhéanamh/féinleithlisiú nó tástálacha le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2 a bhaineann le taisteal a dhéanamh.

    Aghaidh a thabhairt ar athraithigh ar díol imní nó spéise iad agus ar choscán éigeandála

    20.

    Ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar leathadh athraithigh nua de SARS-CoV-2 ar díol imní nó spéise iad, go háirithe athraithigh a mhéadaíonn in-tarchurthacht nó tromchúiseacht galar nó a dhéanann difear d’éifeachtúlacht vacsaíní. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na sonraí agus as na measúnuithe riosca a fhoilsíonn an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú maidir le hathraithigh ar díol imní nó spéise iad san AE/LEE.

    Chun tacú leis na Ballstáit, ba cheart don Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú leanúint d’fhaisnéis agus léarscáileanna a fhoilsiú maidir le hathraithigh SARS-CoV-2 ar díol imní nó spéise iad, go háirithe maidir le méideanna seicheamhaithe agus dáileadh athraitheach.

    21.

    Chun faisnéis thráthúil chruinn a fháil faoi theacht chun cinn agus scaipeadh athraithigh SARS-CoV-2 ar díol imní nó spéise iad, ba cheart do na Ballstáit méideanna arda seicheamhaithe a bhaint amach nó a choimeád, go hidéalach ar leibhéal a cheadaíonn athraithigh a bhrath arb ionann iad agus 1 % nó níos lú de na víris a scaiptear.

    Ba cheart do na Ballstáit, ar bhonn seachtainiúil, sonraí a sholáthar maidir leis na torthaí ar sheicheamhú cásanna dearfacha SARS-CoV-2 agus ar an méid seicheamhaithe, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach, chun a áirithiú gur féidir aon bhearta a dhíriú ar na réigiúin sin ina bhfuil fíorghá leo.

    22.

    I gcás ina gceanglóidh Ballstát ar thaistealaithe, lena n-áirítear sealbhóirí Deimhnithe Digiteacha COVID AE, coraintín a dhéanamh/féinleithlisiú nó tástáil le haghaidh ionfhabhtú SARS-CoV-2 a dhéanamh tar éis dóibh teacht isteach ina chríoch, nó i gcás ina bhforchuireann sé srianta eile ar shealbhóirí deimhnithe den sórt sin, mar fhreagairt ar theacht chun cinn athraitheach nua SARS-CoV-2 ar díol imní nó spéise é, ba cheart dó an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas dá réir sin, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a chur ar fáil. Más féidir, ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar 48 uair an chloig sula dtugtar isteach srianta nua mar sin. I gcás inar féidir, ba cheart bearta den sórt sin a theorannú go dtí an leibhéal réigiúnach.

    Ba cheart feidhm a bheith aige sin freisin maidir le cásanna ina bhforchuireann Ballstát ceanglais bhreise choraintín/féinleithlisithe nó tástála, i gcomhréir le dlí an Aontais, toisc go bhfuil an staid eipidéimeolaíoch i mBallstát nó i limistéar laistigh de Bhallstát ag dul in olcas go tapa, go háirithe i limistéir atá aicmithe mar ‘dúdhearg’ cheana féin. Sa chás sin, ba cheart a léiriú go soiléir san fhaisnéis a chuirfear ar fáil cén fáth a bhfuil na bearta breise riachtanach agus comhréireach.

    23.

    I gcás ina ngníomhachtaíonn Ballstát an coscán éigeandála agus, mar thoradh air sin, i gcás ina gcuireann sé de cheangal ar oibrithe iompair agus ar sholáthraithe seirbhísí iompair tabhairt faoi thástáil le haghaidh ionfhabhtú COVID-19, ba cheart mearthástálacha antaiginí a úsáid agus níor cheart go mbeadh gá le haon choraintín, rud nár cheart cur isteach ar iompar. Má chuirtear isteach ar an slabhra iompair nó soláthair, ba cheart do na Ballstáit aon cheanglais tástála córasacha den sórt sin a chur i leataobh nó a aisghairm láithreach chun feidhmiú na ‘Lánaí Glasa’ a chaomhnú. Níor cheart aon tástálacha a bheith riachtanach i gcás ina dtionscnaítear an coscán éigeandála de bhun an dara fomhír de phointe 22.

    24.

    Bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le pointe 22, ba cheart don Chomhairle, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus le tacaíocht ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás ar bhealach comhordaithe. Le linn an chruinnithe comhordúcháin sin, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann an réasúnú atá thaobh thiar dá bhearta a leagan amach.

    Bunaithe ar mheasúnú rialta ar fhianaise nua ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, agus, a luaithe a bheidh sé ar fáil, féadfaidh an Coimisiún an creat a d’fhorbair an Sainghrúpa Eorpach maidir le hathraithigh SARS-CoV-2, plé sa Chomhairle a mholadh freisin maidir le hathraitheach nua SARS-CoV-2 ar díol imní nó spéise é nó maidir le staid eipidéimeolaíoch atá ag dul in olcas go tapa i mBallstát nó i réigiún laistigh de Bhallstát.

    25.

    Le linn an phlé de bhun phointe 24, d’fhéadfadh an Coimisiún a mholadh, i gcás inar gá agus de réir mar is iomchuí, go gcomhaontóidh an Chomhairle ar chur chuige comhordaithe maidir le taisteal ó na limistéir lena mbaineann a bhfuil sé d’aidhm aige, go háirithe, moill a chur ar leathadh an athraithigh laistigh den Aontas, amhail ceanglais tástála agus/nó coraintín/féinleithlisithe do thaistealaithe.

    26.

    Ba cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh ar aon chás a mbeidh glacadh beart de bhun an phointe sin mar thoradh air. Féadfaidh an Coimisiún nó na Ballstáit a mholadh go gcuirfí deireadh leis na bearta a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcur chuige comhordaithe maidir le hathraithigh SARS- CoV-2 nua ar díol imní nó spéise iad.

    Foirmeacha Aimsithe Paisinéirí agus rianú teagmhálaithe

    27.

    D’fhéadfadh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar cheangal a chur ar dhaoine atá ag taisteal chuig a gcríoch trí mhodhanna iompair comhchoiteanna a bhfuil suíochán nó cábán réamhshainithe acu Foirmeacha Aimsithe Paisinéirí a chur isteach i gcomhréir le ceanglais cosanta sonraí. Chun na críche sin, d’fhéadfadh na Ballstáit úsáid a bhaint as an bhfoirm choiteann Dhigiteach Aimsithe Paisinéirí a d’fhorbair ‘Healthy Gateways EU’ (25) agus ba cheart dóibh páirt a ghlacadh san ardán malartaithe foirmeacha aimsithe paisinéirí (ardán malartaithe PLF) chun feabhas a chur ar a gcumais rianú teagmhálaithe trasteorann do gach modh iompair a neartú.

    28.

    Má thagann comharthaí sóirt ar dhuine nuair a bhaineann sé a cheann scríbe amach, ba cheart tástáil, diagnóis, leithlisiú agus rianú teagmhála a dhéanamh i gcomhréir leis an gcleachtas áitiúil, agus níor cheart cead isteach a dhiúltú. Ba cheart faisnéis faoi chásanna a bhraitear ar theacht isteach dóibh a roinnt láithreach le húdaráis sláinte poiblí na dtíortha inar chónaigh an duine lena mbaineann i rith na 14 lá roimhe sin chun críocha rianú teagmhálaithe, trí leas a bhaint, nuair is infheidhme, as an ardán malartaithe PLF, nó as an gcóras luathrabhaidh agus freagartha.

    Comhordú agus faisnéis don phobal

    29.

    I gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart do na Ballstáit faisnéis shoiléir chuimsitheach thráthúil a sholáthar do gheallsealbhóirí ábhartha agus don phobal i gcoitinne maidir le haon bhearta a dhéanann difear don cheart chun saorghluaiseachta agus aon cheanglais a ghabhann leo, amhail an gá le foirm aimsithe paisinéirí a thíolacadh, a luaithe is féidir sula dtiocfaidh bearta nua i bhfeidhm. Mar riail ghinearálta, ba cheart an fhaisnéis sin a fhoilsiú go poiblí 24 uair an chloig ar a laghad roimh theacht i bhfeidhm na mbeart nua, agus é á chur san áireamh go bhfuil gá le solúbthacht áirithe i gcás aon éigeandálaí eipidéimeolaíocha. Ba cheart an fhaisnéis a fhoilsiú i bhformáid meaisín-inléite freisin.

    30.

    Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus í a chur ar fáil freisin ar an ardán gréasáin ‘Re-open EU’, ar cheart go mbeadh an léarscáil ann a fhoilsíonn an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú de bhun phointe 17. I gcás inarb infheidhme, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar freisin, maidir le ‘Re-open EU’, i ndáil le húsáid intíre Dheimhnithe Digiteacha COVID AE.

    31.

    Ba cheart tuairisc shoiléir a thabhairt ar shubstaint na mbeart, ar a raon feidhme geografach agus ar chatagóirí na ndaoine a mbeidh feidhm acu maidir leo.

    Forálacha deiridh

    32.

    Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an Moladh seo, le tacaíocht ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú. Ba cheart don Choimisiún an méid sin a thuairisciú go tráthrialta don Chomhairle.

    33.

    Cuirtear an Moladh seo in ionad Mholadh (AE) 2020/1475.

    34.

    Ba cheart feidhm a bheith ag an Moladh seo ón 1 Feabhra 2022.

    35.

    Scoirfidh an Moladh seo d’fheidhm a bheith aige ar a dhéanaí ag an am céanna le Rialachán (AE) 2021/953.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    C. BEAUNE


    (1)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

    (2)  Communication from the Commission on upgrading the transport Green Lanes to keep the economy going during the COVID-19 pandemic resurgence [Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le huasghrádú na ‘Lánaí Glasa’ iompair chun an geilleagar a choinneáil ag imeacht le linn athbheochan phaindéim COVID-19 (COM(2020) 685 final)].

    (3)  Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le cur chuige comhordaithe i leith an tsaorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (IO L 337, 14.10.2020, lch. 3).

    (4)  Moladh (AE) 2021/119 ón gComhairle an 1 Feabhra 2021 lena leasaítear Moladh (AE) 2020/1475 maidir le cur chuige comhordaithe i leith saorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (IO L 36 I, 2.2.2021, lch. 1).

    (5)  IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

    (6)  Moladh (AE) 2021/961 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena leasaítear Moladh (AE) 2020/1475 maidir le cur chuige comhordaithe i leith saorghluaiseacht a shrianadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (IO L 213I, 16.6.2021, lch. 1).

    (7)  https://vaccinetracker.ecdc.europa.eu/public/extensions/COVID-19/vaccine-tracker.html#summary-tab

    (8)  https://vaccinetracker.ecdc.europa.eu/public/extensions/COVID-19/vaccine-tracker.html#uptake-tab

    (9)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1126 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2021 lena mbunaítear gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag an Eilvéis leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 243, 9.7.2021, lch. 49).

    (10)  EUCO 17/21.

    (11)  WHO-2019-nCoV-Policy-Brief-Risk-based-international-travel-2021,1, ar fáil ag: https://www.who.int/publications/i/item/WHO-2019-nCoV-Policy-Brief-Risk-based-international-travel-2021,1

    (12)  IO L 458, 22.12.2021, lch. 459.

    (13)  Ar fáil ag: https://ec.europa.eu/health/sites/default/files/preparedness_response/docs/covid-19_rat_common-list_en.pdf

    (14)  https://ec.europa.eu/health/security/crisis-management/twg_covid-19_diagnostic_tests_en

    (15)  https://ec.europa.eu/health/sites/default/files/ehealth/docs/eu-dcc_validation-rules_en.pdf

    (16)  https://www.ecdc.europa.eu/en/covid-19/variants-concern

    (17)  https://covid19-country-overviews.ecdc.europa.eu/#4_EUEEA:_variants_of_concern

    (18)  https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/expert-groups/consult?lang=en&groupId=3791&fromMeetings=true&meetingId=27935

    (19)  https://www.euplf.eu/en/home/index.html

    (20)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/858 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 maidir le foláirimh a fhógraítear de bharr bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus maidir le rianú teagmhálaithe paisinéirí a shainaithnítear trí Fhoirmeacha Aimsithe Paisinéirí (IO L 188, 28.5.2021, lch. 106).

    (21)  https://reopen.europa.eu/ga

    (22)  Ar fáil ag: https://ec.europa.eu/health/sites/default/files/preparedness_response/docs/covid- -19_rat_common-list_en.pdf

    (23)  Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2021 maidir le creat comhchoiteann maidir le húsáid agus bailíochtú mearthástálacha antaiginí agus le haitheantas frithpháirteach do thorthaí tástála COVID-19 in AE (IO C 24, 22.1.2021, lch. 1).

    (24)  Faoi réir comhaontaithe a tugadh i gcrích idir an tAontas agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhar i ndáil leis an tsláinte phoiblí, lena n-áirítear maidir le rannpháirtíocht Chónaidhm na hEilvéise leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú de réir Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (IO L 142, 30.4.2004, lch. 1).

    (25)  https://www.euplf.eu/en/home/index.html


    IARSCRÍBHINN

    Léarscáil soilse tráchta an Aontais

    1.   

    Ba cheart an léarscáil soilse tráchta a bheith bunaithe ar na critéir seo a leanas:

    (a)

    an ‘ráta fógartha cásanna le haghaidh tréimhse 14 lá’, is é sin, líon iomlán na gcásanna COVID-19 nuafhógartha in aghaidh 100 000 duine le 14 lá anuas ar an leibhéal réigiúnach;

    (b)

    an ‘glacadh vacsaínithe’, is é sin, ráta glactha vacsaínithe carnach le cúrsa vacsaínithe príomhúil iomlán sa daonra iomlán ar an leibhéal réigiúnach;

    (c)

    an ‘ráta tástála’, is é sin, líon na dtástálacha le haghaidh ionfhabhtú COVID-19 in aghaidh 100 000 duine a rinneadh le seachtain anuas.

    2.   

    Chun teacht ar scór foriomlán, ba cheart an ráta fógartha cásanna le haghaidh tréimhse 14 lá (C) a ualú de réir an ghlactha vacsaínithe (V) i réigiún ar leith. Mura bhfuil an luach le haghaidh aon cheann den dá chritéar ar fáil ar an leibhéal réigiúnach, ba cheart an luach ar an leibhéal náisiúnta a úsáid.

    Chun na críche sin, ba cheart an fhoirmle seo a leanas a úsáid:

    (C+C*(100-V)/100)/2 = ráta ualaithe

    3.   

    Sa léarscáil soilse tráchta, ba cheart limistéar a mharcáil sna dathanna seo a leanas:

    (d)

    glas, má tá an ráta ualaithe níos lú ná 40;

    (e)

    oráiste, má tá an ráta ualaithe níos lú ná 100 ach ag 40 nó níos mó;

    (f)

    dearg, má tá an ráta ualaithe níos lú ná 300 ach ag 100 nó níos mó;

    (g)

    dúdhearg, má tá an ráta ualaithe ag 300 nó níos mó;

    (h)

    dúliath, má tá an ráta tástála ag 600 nó níos lú;

    (i)

    liath mura bhfuil dóthain sonraí ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar phointí (a) go (e).


    Top