Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2277

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2277 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2022 lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag Poblacht na hIodáile de bhun Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle gan pointe 4.2.1.5.2, (b) (1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8068) (Is é an téacs Iodáilise amháin atá barántúil)

    C/2022/8068

    IO L 300, 21.11.2022, p. 43–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2277/oj

    21.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 300/43


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2277 ÓN gCOIMISIÚN

    an 15 Samhain 2022

    lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag Poblacht na hIodáile de bhun Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle gan pointe 4.2.1.5.2, (b) (1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8068)

    (Is é an téacs Iodáilise amháin atá barántúil)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (1), agus go háirithe Airteagal 7(4) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 28 Iúil 2022, chuir an Iodáil iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar neamhchur i bhfeidhm phointe 4.2.1.5.2, (b)(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 ón gCoimisiún (2) maidir le tollán Miglionico de chuid líne iarnróid Ferrandina – Matera La Martella. An iarraidh ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2022 ar fhaisnéis bhreise, tugadh freagra uirthi an 16 Lúnasa 2022, agus ar an gcaoi sin cuireadh an iarraidh i gcrích. Cuireadh an iarraidh sin isteach ar bhonn Airteagal 7(1), pointe (c), de Threoir (AE) 2016/797.

    (2)

    Tá an tollán, a bhfuil ráille amháin ann, 6,6 km ar fad agus tá sé ann cheana féin. Rinneadh cuid de na hoibreacha tógála ar líne Ferrandina – Matera La Martella, ach níor críochnaíodh iad, idir 1984 agus 2000 bunaithe ar chaighdeáin náisiúnta. Níor cuireadh an líne i mbun seirbhíse riamh toisc nár tugadh na hoibreacha tógála chun críche mar gheall ar easpa cistí. Seoladh an nós imeachta tairisceana chun líne Ferrandina – Matera La Martella a thabhairt chun críche, a uasghrádú agus a oscailt, tar éis moilleanna móra, agus tá sé beartaithe é a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2022 (“an tionscadal”). Foráiltear le tabhairt chun críche, le huasghrádú agus le hoscailt thollán Miglionico go ndéanfar forálacha ábhartha uile na sonraíochta teicniúla don idir-inoibritheacht (STI) a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 a chur chun feidhme, cé is moite de phointe 4.2.1.5.2, (b)(1) den Iarscríbhinn a ghabhann leis lena gceanglaítear bealaí amach éigeandála taoibh agus/nó ingearacha go dtí an dromchla a chur ar fáil gach 1 000 méadar ar a laghad, ní féidir feidhm a bheith ag an bpointe malartach 4.2.1.5.2, (b)(2) toisc gur tollán feadáin aonair é.

    (3)

    Mar bheart malartach, foráiltear leis an tionscadal go gcruthófar rochtain ar limistéar sábháilte trí bhealach amach éigeandála ingearach go dtí an dromchla 3,895 km tar éis bhealach isteach thollán Miglionico, arb é is cuspóir dó paisinéirí a aslonnú agus rochtain a éascú d’fheithiclí tarrthála. Comhfhreagraíonn an beart beartaithe don cheanglas a leagtar amach faoi Fhoraithne Aireachta na hIodáile an 28 Deireadh Fómhair 2005“sábháilteacht i dtollán iarnróid” (3), lena ndéantar foráil maidir le tógáil bealaigh amach éigeandála tuairim is gach 4 km i gcás tolláin níos faide ná 5 km. Rinne bainisteoir bonneagair na hIodáile anailís riosca shonrach agus mhionsonraithe i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 402/2013 ón gCoimisiún (4), lena léirítear go bhfuil gach riosca a sainaithníodh faoi bhun leibhéal na neamh-inghlacthachta sa chás sin, agus dá bhrí sin, lena socraítear go meastar sábháilteacht an tolláin a bheith inghlactha agus toisc go bhfuil an beart maolaithe i bhfeidhm, nach ndéanfar dochar do shábháilteacht an tolláin le neamhchur i bhfeidhm phointe 4.2.1.5.2, (b)(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014.

    (4)

    Mura nglacfaí leis an iarraidh a chuir Poblacht na hIodáile isteach, chuirfí inmharthanacht eacnamaíoch an tionscadail i mbaol. De réir na faisnéise a chuir Bainisteoir bonneagair na hIodáile ar fáil, is é EUR 315,49 milliún costas iomlán an tionscadail reatha, rinneadh costas na n-oibreacha breise chun comhlíonadh phointe 4.2.1.5.2 (b)(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 a áirithiú a chainníochtú ag EUR 165 mhilliún, as a ndearnadh EUR 137 milliún chun na hoibreacha a dhéanamh agus an chuid eile le haghaidh staidéir agus tacaíochta. Leis sin, mhéadófaí costas infheistíochta an tionscadail os cionn 50 %, méid is fiú EUR 500 milliún. I gcomhréir le hAirteagal 2(2), pointe (b)(i) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/424 ón gCoimisiún (5), san anailís ar inmharthanacht eacnamaíoch, a rinne bainisteoir bonneagair na hIodáile agus a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin, cuireadh san áireamh ioncam saothraithe an neamhchuir i bhfeidhm lenar féidir an tionscadal a chur in úsáid níos luaithe agus lena gcumasaítear inmharthanacht eacnamaíoch an tionscadail san fhadtéarma laistigh den chóras iarnróid náisiúnta agus an córas iarnróid Eorpach. Bunaithe ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil, ní bheadh an líne ina cuid de ghréasán cuimsitheach TEN-T agus d’fhreastalófaí léi den chuid is mó ar fheidhmeanna iompair áitiúla chun baile Matera a nascadh le príomhghréasán iarnróid na hIodáile. Má ghlactar leis an iarraidh ar neamhchur i bhfeidhm phointe 4.2.1.5.2 (b)(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014, tá coinne leis go gcruthófar leis an tionscadal tairbhí don phobal atá níos mó ná úsáid na n-acmhainní. A mhalairt ar fad, tá coinne leis, má dhiúltaítear don iarratas, nach gcruthófar leis an tionscadal tairbhí atá níos mó ná na costais.

    (5)

    Ar na cúiseanna sin, is féidir a mheas go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7(1), pointe (c) agus Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797 comhlíonta.

    (6)

    Ba cheart neamhchur i bhfeidhm phointe 4.2.1.5.2, (b)(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 a cheadú go dtí an chéad uasghrádú nó athnuachan eile ar an tollán.

    (7)

    Go dtí go gcuirfear an maolú i bhfeidhm, d’fhéadfadh athrú teacht ar na toimhdí foluiteacha nó ar na breithnithe foluiteacha ar a bhfuil an anailís riosca dá dtagraítear in aithris (3) bunaithe. Dá bhrí sin, sa chás sin, is iomchuí a iarraidh ar Phoblacht na hIodáile an Coimisiún a chur ar an eolas go pras faoi athruithe den sórt sin agus faoi aon bheart maolaithe eile a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm.

    (8)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Threoir (AE) 2016/797.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    An iarraidh ó Phoblacht na hIodáile gan pointe 4.2.1.5.2, (b)(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 a chur i bhfeidhm maidir le tollán Miglionico, glactar léi go dtí an chéad uasghrádú nó athnuachan eile ar an tollán ar choinníoll go gcuirfear i bhfeidhm an beart malartach atá molta ag Poblacht na hIodáile.

    Cuirfidh Poblacht na hIodáile an Coimisiún ar an eolas go pras i gcás ina bhfuil faisnéis aici lena bhféadfaí amhras réasúnta a chaitheamh ar an gcinneadh nach ndéantar dochar do shábháilteacht thollán Miglionico le neamhchur i bhfeidhm phointe 4.2.1.5.2, (b)(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014.

    Airteagal 2

    Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Samhain 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Adina VĂLEAN

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 138, 26.5.2016, lch. 44.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le “sábháilteacht i dtolláin iarnróid” de chuid chóras iarnróid an Aontais Eorpaigh (IO L 356, 12.12.2014, lch. 394).

    (3)  Tá Foraithne Aireachta na hIodáile an 28 Deireadh Fómhair 2005“sábháilteacht i dtollán iarnróid” faoi athbhreithniú tar éis measúnú diúltach a rinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 (IO L 138, 26.5.2016, lch. 1).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 402/2013 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2013 maidir leis an modh comhchoiteann sábháilteachta chun meastóireacht agus measúnú riosca a dhéanamh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 352/2009 (IO L 121, 3.5.2013, lch. 8).

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/424 ón gCoimisiún an 19 Márta 2020 maidir le faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin a mhéid a bhaineann le neamhchur i bhfeidhm sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797 (IO L 84, 20.3.2020, lch. 20).


    Top