Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1851

    Cinneadh (AE) 2022/1851 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile, a bhaineann le Meitheal Speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt a bhunú

    ST/12066/2022/INIT

    IO L 257, 5.10.2022, p. 8–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1851/oj

    5.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 257/8


    CINNEADH (AE) 2022/1851 ÓN gCOMHAIRLE

    an 29 Meán Fómhair 2022

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile, a bhaineann le Meitheal Speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt a bhunú

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Thug an tAontas an Creat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Mhongóil, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2017/2270 (2) ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Samhain 2017.

    (2)

    De bhun an Chomhaontaithe, féadfaidh an Comhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú (“an Comhchoiste”) meithleacha speisialaithe a chur ar bun chun cúnamh a thabhairt dó a chúraimí a chomhlíonadh. Tá na meithleacha sin le tuarascálacha mionsonraithe ar a gcuid gníomhaíochtaí a chur faoi bhráid an Chomhchoiste ag gach ceann dá chruinnithe.

    (3)

    Chuir an tAontas agus an Mhongóil araon in iúl gur spéis leo meitheal speisialaithe um chomhar um fhorbairt a bhunú chun an comhar um fhorbairt idir na Páirtithe a chur ar bhonn foirmiúil agus a dhoimhniú agus ionchur a chur ar fáil don Chomhchoiste freisin.

    (4)

    Tá an Comhchoiste, le linn a cheathrú seisiún nó, más iomchuí, trí nós imeachta i scríbhinn roimh an seisiún sin i gcomhréir lena Rialacha Nós Imeachta, le cinneadh a ghlacadh maidir le meitheal speisialaithe um chomhar um fhorbairt a bhunú agus maidir lena théarmaí tagartha a ghlacadh.

    (5)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú, ós rud é go mbeidh cinneadh an Chomhchoiste ceangailteach ar an Aontas.

    (6)

    Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa cheathrú seisiún den Chomhchoiste, nó, más iomchuí, trí nós imeachta i scríbhinn roimh an seisiúin sin, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

    2.   Féadfaidh ionadaithe an Aontais ar an gComhchoiste mionathruithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste a aontú gan cinneadh eile ón gComhairle.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. SÍKELA


    (1)  IO L 326, 9.12.2017, lch. 7.

    (2)  Cinneadh (AE) 2017/2270 an 9 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chreat-Chomhaontaithe maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Mhongóil, den pháirt eile (IO L 326, 9.12.2017, lch. 5).


    Top