EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1628

Cinneadh (AE) 2022/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an ciste don soláthar coiteann le ráthaíochtaí ó Bhallstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201

PE/49/2022/REV/1

IO L 245, 22.9.2022, p. 1–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1628/oj

22.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 245/1


CINNEADH (AE) 2022/1628 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meán Fómhair 2022

lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an ciste don soláthar coiteann le ráthaíochtaí ó Bhallstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 1 Meán Fómhair 2017 tháinig comhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin (2), lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, i bhfeidhm.

(2)

In earrach 2014 thug an Úcráin faoi chlár uaillmhianach um athchóiriú arb é is aidhm dó a geilleagar a chobhsú agus slí bheatha shaoránaigh na tíre a fheabhsú. Ar na príomhthosaíochtaí atá sa chlár oibre, tá an comhrac i gcoinne an éillithe, chomh maith le hathchóirithe bunreachtúla, toghchánacha agus breithiúnacha. Tugadh tacaíocht do chur chun feidhme na n-athchóirithe sin le cláir chúnaimh mhacrairgeadais as a chéile, faoina bhfuair an Úcráin cúnamh i bhfoirm iasachtaí dar luach EUR 6,6 billiún san iomlán. Leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil, a cuireadh ar fáil i gcomhthéacs an teannais a bhí ag méadú ag an teorainn leis an Rúis, de bhun Chinneadh (AE) 2022/313 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tugadh EUR 1,2 billiún d’iasachtaí don Úcráin, a eisíocadh in dhá thráthchuid de EUR 600 milliún, i mí an Mhárta agus mí na Bealtaine 2022. Leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas de suas le EUR 1 bhilliún de bhun Chinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), soláthraíodh tacaíocht mhear phráinneach do bhuiséad na hÚcráine agus eisíocadh ina iomláine é in dhá thráinse an 1 agus an 2 Lúnasa 2022. Ba é an cúnamh sin an chéad chéim den chúnamh macrairgeadais eisceachtúil pleannáilte ón Aontas suas le EUR 9 mbilliún don Úcráin, a d’fhógair an Coimisiún ina Theachtaireacht dar teideal “Fóirithint agus Atógáil na hÚcráine” an 18 Bealtaine 2022 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 23–24 Meitheamh 2022. Is é an Cinneadh seo an dara céim de chur chun feidhme an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil sin ón Aontas atá beartaithe. Déanann sé bunús a leagan síos chun méid breise suas le EUR 5 bhilliún de chúnamh macrairgeadais i bhfoirm iasachtaí a chur ar fáil don Úcráin de réir téarmaí ar ardleibhéal lamháltais. Ba cheart cinneadh breise a chur i bhfeidhm lena gcuirtear chun feidhme an tríú céim den chúnamh macrairgeadais eisceachtúil pleannáilte iomlán ón Aontas go pras i ndiaidh na Treorach seo le haghaidh suas le EUR 3 bhilliún sa bhreis nuair a chinnfear dearadh an chúnaimh sin.

(3)

Is é an cogadh foghach a thug an Rúis gan chúis gan údar faoin Úcráin, ón 24 Feabhra 2022 i leith, is cúis leis an gcailleadh rochtain ar an margadh agus an laghdú ollmhór ar an ioncam poiblí, agus tá méadú suntasach tagtha ar an gcaiteachas poiblí chun aghaidh a thabhairt ar an staid dhaonnúil agus chun leanúnachas na seirbhísí Stáit a choimeád. Sa chás éiginnte agus luaineach sin, is léir ó na meastacháin is fearr maidir le riachtanais chistiúcháin na hÚcráine ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) go bhfuil bearna urghnách mhaoinithe de thart ar USD 39 mbilliún ann in 2022, a bhféadfaí tuairim is leath de a shásamh dá mbeadh an tacaíocht idirnáisiúnta a gealladh go dtí seo eisíoctha go hiomlán. Maidir le soláthar pras den chúnamh macrairgeadais don Úcráin ón Aontas faoin gCinneadh seo, meastar gur freagairt ghearrthéarmach iomchuí é, faoi na himthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair, ar na rioscaí suntasacha do chobhsaíocht mhacrairgeadais na hÚcráine. Tá an méid breise suas le EUR 5 bhilliún den chúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas faoin Treoir seo, le tacú le cobhsaíocht macrairgeadais na hÚcráine, le hathléimneacht láithreach na tíre sin a neartú agus lena cumas i dtreo téarnamh a chothú, agus dá bhrí sin, chuirfí le hinbhuanaitheacht fiachais phoiblí na hÚcráine agus lena cumas a cuid oibleagáidí airgeadais a aisíoc sa deireadh.

(4)

Leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas faoin gCinneadh seo, rannchuideofar go mór le riachtanais chistiúcháin na hÚcráine a shásamh, riachtanais arna meas ag CAI agus ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, agus cuirfear san áireamh leis cumas na hÚcráine í féin a mhaoiniú le hacmhainní dá cuid féin. Agus méid an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontais á chinneadh, cuirtear san áireamh freisin na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó dheontóirí déthaobhacha agus ó dheontóirí iltaobhacha agus an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, chomh maith leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh eile de chuid an Aontais san Úcráin agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine. Ba cheart tiomantas údaráis na hÚcráine don dlúthchomhar leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta maidir le bearta éigeandála gearrthéarmacha a cheapadh agus a chur chun feidhme a aithint, mar aon leis an rún atá acu oibriú leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta maidir le clár eacnamaíoch iomchuí, nuair a bheidh na dálaí ann chuige sin. Iarradh clár den sórt sin go foirmiúil i mí Lúnasa 2022. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas cobhsaíocht agus athléimneacht mhacrairgeadais a choimeád ar bun faoi imthosca an chogaidh. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí na mbeart a glacadh laistigh de réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

(5)

Leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, ba cheart tacú le beartas seachtrach an Aontais i dtaca leis an Úcráin. Ba cheart don Choimisiún agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile i rith na hoibríochta cúnaimh macrairgeadais chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú.

(6)

Ba cheart a leagan síos mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a dheonú don Úcráin nach mór don Úcráin sásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, a urramú, agus a ráthú go n-urramófar cearta an duine. Níor cheart, de bharr an chogaidh agus go háirithe staid reatha an dlí airm atá ann faoi láthair, cur isteach ar na prionsabail sin, d’ainneoin chomhchruinniú na cumhachta sa bhrainse feidhmiúcháin.

(7)

Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, ba cheart don Úcráin na bearta iomchuí a dhéanamh a bhaineann le calaois, éilliú agus aon neamhrialtacht eile a chosc agus a chomhrac i dtaca leis an gcúnamh sin. Sa bhreis air sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa chomhaontú iasachta go ndéanfadh an Coimisiún seiceálacha, go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí agus go bhfeidhmeodh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a cuid inniúlachtaí, i gcomhréir le hAirteagail 129 agus 220 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (“an Rialachán Airgeadais”).

(8)

Ba cheart an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a bheith nasctha le ceanglais tuairiscithe dhiana agus le coinníollacha beartais, atá le leagan amach i meabhrán tuisceana (“MT”). Is é is ceart a bheith d’aidhm ag na ceanglais tuairiscithe dhiana sin, faoi imthosca an chogaidh atá ann faoi láthair, a áirithiú go ndéanfar na cistí a úsáid ar bhealach éifeachtach, trédhearcach agus cuntasach. Maidir le coinníollacha beartais, ar ceart é a bheith d’aidhm acu athléimneacht láithreach na hÚcráine a neartú mar aon lena hinbhuanaitheacht fiachais fhadtéarmach, agus ar an gcaoi sin, na rioscaí a bhaineann le haisíoc a hoibleagáidí airgeadais gan íoc, agus na hoibleagáidí airgeadais a bheidh ann amach anseo, a laghdú.

(9)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(10)

Ba cheart meánaibíocht uasta 25 bliana a bheith ag na hiasachtaí a chuirtear ar fáil faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 le chéile.

(11)

Ós rud é go dtugann na hiasachtaí faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 na rioscaí céanna le fios maidir le buiséad an Aontais agus gur cheart an mheánaibíocht 25 bliana a bheith acu, ba cheart méid iomlán de EUR 6 bhilliún de chúnamh macrairgeadais an Aontais don Úcráin faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201, a chumhdach le modheolaíocht chomhchoiteann chun na himpleachtaí airgeadais agus buiséadacha a bhainistiú. Ba cheart, go háirithe, an leibhéal céanna cumhdaigh bhuiséadaigh a bhunú mar chosaint leordhóthanach ar an bhféidearthacht nach ndéanfadh an Úcráin cuid de na hiasachtaí nó na hiasachtaí go léir a aisíoc ag an am sceidealaithe. Na soláthairtí a cuireadh ar fáil ó bhuiséad an Aontais i gcoinne an dá shraith iasachtaí a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, ba cheart iad a bhainistiú mar shraith chomhtháite soláthairtí. Le bainistíocht den sórt sin, cuirfear feabhas ar athléimneacht agus ar sholúbthacht bhuiséad an Aontais mar fhreagairt ar aon chás neamhíocaíochta. Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) 2022/1201 a leasú dá réir.

(12)

Dliteanas airgeadais don Aontas is ea an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 laistigh de mhéid foriomlán na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Maidir le suim iomlán na n-iasachtaí cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas don Úcráin ar luach suas le EUR 6 bhilliún, ba cheart gur chun tairbhe na suime sin an soláthar íoctha 9 % atá ar fáil le haghaidh iasachtaí cúnaimh macrairgeadais faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Ba cheart méid an tsoláthair a mhaoiniú as an imchlúdach airgeadais arna chlárú le haghaidh cúnamh macrairgeadais faoi Rialachán (AE) 2021/947 le haghaidh méid iomlán soláthair de EUR 540 milliún. Ba cheart an méid sin a ghealladh agus a íoc isteach sa chiste don soláthar coiteann faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021–2027, a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (8).

(13)

I gcomhréir le hAirteagal 210(3) den Rialachán Airgeadais, measfar gur dliteanais inbhuanaithe iad na dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as ráthaíochtaí buiséadacha nó as cúnamh airgeadais arna n-íoc ó bhuiséad an Aontais má tá an t-athrú ilbhliantúil atá tuartha dóibh comhoiriúnach leis na teorainneacha arna socrú le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 agus le huasteorainn na leithreasuithe bliantúla faoi chomhair íocaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 (9). Chun cur ar chumas an Aontais tacaíocht shuntasach a thabhairt don Úcráin tríd an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas i méideanna nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ar bhealach atá sábháilte ó thaobh airgeadais de, agus seasamh ard creidmheasa an Aontais á chaomhnú san am céanna, agus, dá bhrí sin, a chumas maoiniú éifeachtach a chur ar fáil i gcomhthéacs a bheartas inmheánach agus seachtrach araon, tá sé ríthábhachtach buiséad an Aontais a chosaint go leormhaith ar theacht chun cinn na ndliteanas teagmhasach sin agus a áirithiú go mbeidh siad inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de, de réir bhrí Airteagal 210(3) den Rialachán Airgeadais.

(14)

I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, ba cheart an ciste don soláthar coiteann a dhaingniú trí mhodhanna a bheadh i gcomhréir leis na rioscaí a eascraíonn as na dliteanais theagmhasacha a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas seo d’aon tairbhí amháin, cúnamh nach bhfacthas a leithéid riamh cheana. Gan daingniú den sórt sin, ní bheadh buiséad an Aontais in ann, ar bhonn sábháilte ó thaobh airgeadais de, an méid mór cúnaimh a chur ar fáil, cúnamh nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, chun freastal ar riachtanais na hÚcráine de bharr an chogaidh. Chun buiséad an Aontais a chosaint, ba cheart go mbainfeadh na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas don Úcráin ar luach suas le EUR 6 bhilliún tairbhe as cumhdach 70 % trí sholáthar íoctha (ar leibhéal 9 %) a d’fhéadfaí a fhorlíonadh le ráthaíochtaí ó na Ballstáit chun cumhdach buiséadach a chur ar fáil le haghaidh caillteanais suas le 61 % eile de luach na n-iasachtaí.

(15)

Tá na hacmhainní faoi Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 faoi bhrú mór i bhfianaise thosaíochtaí caiteachais foriomlána an Aontais. Is iomchuí, dá bhrí sin, réiteach eile a lorg maidir le hacmhainní breise, réiteach nach ndéanfadh difear don ghnáthchaiteachas dá bhforáiltear i gclárú airgeadais chreat airgeadais ilbhliantúil 2021–2027.

(16)

Táthar tar éis ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit i bhfoirm ráthaíochtaí a shainaithint mar uirlis iomchuí chun cosaint a chur ar fáil sa bhreis ar an soláthar íoctha tosaigh. Ba cheart ráthaíochtaí ó na Ballstáit a chur ar fáil go deonach agus ba cheart na ráthaíochtaí sin a bheith ina gcúlstop iomchuí lena dtacófar le buiséad an Aontais tar éis do na soláthairtí sa chiste don soláthar coiteann i ndáil le dliteanais airgeadais faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 a bheith tarraingthe anuas nó go bhfuil an méid sin le tarraingt anuas ina n-iomláine. Ba cheart na ranníocaíochtaí faoi na ráthaíochtaí sin a áireamh i méid an dliteanais airgeadais údaraithe de mhaolú ar Airteagal 211(1), an chéad fhomhír, den Rialachán Airgeadais. Ba cheart na méideanna sin a chur san áireamh i ríomh an tsoláthair a eascraíonn as an ráta soláthair dá dtagraítear in Airteagal 211(1) den Rialachán Airgeadais, de mhaolú ar Airteagal 211(4), an dara fomhír, den Rialachán Airgeadais.

(17)

Na ráthaíochtaí a sholáthraíonn na Ballstáit, ba cheart a chumhdach leo an iasacht cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 (“cúnamh macrairgeadais faoi chumhdach”). Ba cheart na ráthaíochtaí sin a bheith neamh-inchúlghairthe neamhchoinníollach agus ar éileamh. Ba cheart na ráthaíochtaí sin cumas an Aontais a áirithiú chun na cistí a fuarthas ar iasacht sna margaí caipitil nó ó na hinstitiúidí airgeadais a aisíoc. Níor cheart iad a ghlaoch ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar coinníollacha dochta, a bhaineann le leordhóthanacht na bhforálacha atá ar fáil, agus i gcás nach bhfaigheadh an tAontas íocaíocht ón Úcráin as na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil arna ndeonú faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach in am chun oibleagáidí airgeadais an Aontais ó bhannaí a shásamh nó i gcás ina modhnófaí sceideal íocaíochta na n-iasachtaí arna ndeonú faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach. Ba cheart ráthaíochtaí a sholáthraíonn na mBallstát a ghlaoch le haghaidh méid a chomhfhreagraíonn don mhéid arna eascairt as caillteanais ar chúnamh airgeadais don Úcráin faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach agus chun an ciste don soláthar coiteann a athshlánú go dtí an leibhéal riachtanach soláthair íoctha. Níor cheart na glaonna faoi ráthaíochtaí na mBallstát a dhéanamh ach amháin tar éis an méid an tsoláthair tosaigh a cuireadh i leataobh i ndáil leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach a bheith tarraingthe anuas, nó go bhfuil an méid sin le tarraingt anuas ina n-iomláine. Maidir le méideanna a aisghabhadh faoi na comhaontuithe iasachta i ndáil leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach, ba cheart na méideanna sin a aisíoc leis na Ballstáit a chomhlíon na glaonna ráthaíochta, de mhaolú ar Airteagal 211(4), pointe (c), den Rialachán Airgeadais.

(18)

Maidir le híocaíocht oibleagáidí airgeadais an Aontais arna n-eascairt as bannaí le haghaidh cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach, má rinneadh an íocaíocht sin, go sealadach, trí sholáthairtí a cuireadh i leataobh sa chiste don soláthar coiteann chun dliteanais airgeadais eile an Aontais a chumhdach, féadfar an glao ar ráthaíochtaí a sholáthraíonn ag na Ballstát a úsáid chun soláthar na ndliteanas airgeadais sin a athshlánú.

(19)

I bhfianaise chineál eisceachtúil an chúnaimh macrairgeadais a fhaigheann tacaíocht ó na ráthaíochtaí, is iomchuí na soláthairtí arna sealbhú a bhainistiú i gcoinne na ndliteanas airgeadais a eascraíonn as an gcúnamh macrairgeadais faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach agus i gcás aon eisíocaíocht tar éis an 15 Iúil 2022 d’iasachtaí arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus an bainistiú sin a bheith scartha ó bhainistiú aon dliteanais airgeadais eile faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha agus faoin gCiste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha. Tá sé iomchuí, dá bhrí sin, go n-úsáidfear an soláthar arna chur i leataobh sa chiste don soláthar coiteann le haghaidh dliteanais airgeadais ón gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach, agus lena n-aghaidh sin amháin, seachas an riail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 31(6) de Rialachán (AE) 2021/947 a chur i bhfeidhm. Thairis sin, is iomchuí freisin go n-úsáidfear an soláthar arna chur i leataobh sa chiste don soláthar coiteann i ndáil leis na hiasachtaí arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE a íocadh tar éis an 15 Iúil 2022 le haghaidh na ndliteanas airgeadais ó na hiasachtaí sin, agus le haghaidh na ndliteanas sin amháin, agus go gcuirfear rialacha an Rialacháin Airgeadais i bhfeidhm maidir leis an soláthar, seachas an riail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 31(8) de Rialachán (AE) 2021/947 a chur i bhfeidhm. Mar chomhlánú ar an méid sin, ba cheart an soláthar a chuirtear i leataobh i ndáil leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil faoin gCinneadh seo a eisiamh ó chur i bhfeidhm an ráta soláthair éifeachtaigh, de mhaolú ar Airteagal 213 den Rialachán Airgeadais.

(20)

Ba cheart sciar coibhneasta ranníocaíochtaí gach Ballstáit (treoir ranníoca) sa mhéid foriomlán ráthaithe a bheith ag freagairt do sciartha coibhneasta na mBallstát d’ollioncam náisiúnta iomlán an Aontais. Ba cheart na glaonna ar an ráthaíocht a dhéanamh pro rata agus an treoir ranníoca sin á cur i bhfeidhm.

(21)

Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh na Ballstáit a nósanna imeachta náisiúnta i gcrích chun go dtiocfaidh na ráthaíochtaí i bhfeidhm mar ábhar ardtosaíochta. I bhfianaise a phráinní atá an staid, níor cheart go gcuirfeadh an t-am is gá chun na nósanna imeachta sin a chur i gcrích moill ar eisíoc an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin faoin gCinneadh seo, cúnamh a bhfuil géarghá leis. Déanfar na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais breise faoin gCinneadh seo a shocrú go pras ar theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo, ar ghlacadh MT agus ar shíniú an chomhaontaithe iasachta.

(22)

I bhfianaise na staide deacra mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise agus chun tacú leis an Úcráin ar a bealach i dtreo cobhsaíocht fhadtéarmach, is iomchuí maolú ar Airteagal 220(5), pointe (e) den Rialachán Airgeadais agus a cheadú go mbeidh d’fhéidearthacht ag an Aontas na costais ráta úis a bhaineann leis na hiasachtaí faoin gCinneadh seo a chumhdach agus na costais riaracháin a bheadh le hiompar ag an Úcráin murach sin a tharscaoileadh. Ba cheart an fóirdheontas ráta úis a dheonú go heisceachtúil mar ionstraim a mheastar a bheith iomchuí chun éifeachtacht na tacaíochta a áirithiú de réir bhrí Airteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais agus ba cheart é a íoc as buiséad an Aontais, le linn thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 ar a laghad. Le linn na tréimhse ó 2021 go dtí 2027, ba cheart an fóirdheontas ráta úis a íoc as an imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a), an chéad fhleasc, de Rialachán (AE) 2021/947.

(23)

Ba cheart Úcráin a bheith in ann an fóirdheontas ráta úis agus tarscaoileadh na gcostas riaracháin a iarraidh gach bliain faoi dheireadh mhí an Mhárta. Ionas go mbeadh solúbthacht ann maidir le haisíoc na príomhshuime, ba cheart é a bheith indéanta freisin na hiasachtaí gaolmhara a ndearnadh conradh ina leith thar ceann an Aontais a thar-rolladh, de mhaolú ar Airteagal 220(2) den Rialachán Airgeadais.

(24)

Agus aghaidh á tabhairt aige ar riachtanais phráinneacha mhaoinithe na hÚcráine, chomhaontaigh an Coimisiún, i mí Iúil 2022, athrú cuspóra a dhéanamh maidir le hiasachtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta de EUR 1,59 billiún sa bhreis agus iad a eisíoc don Úcráin, iasachtaí arna ráthú faoin Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh 2014-2020. Mar sin féin, ós rud é gur iasachtaí iad sin le haghaidh eintitis cheannasacha na hÚcráine agus le haghaidh eintitis atá faoi úinéireacht stáit, tá an leibhéal céanna riosca ag baint leo maidir le buiséad an Aontais agus atá ag baint le hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart buiséad an Aontais an cur chuige céanna réamhchúraim a ghlacadh i leith na neamhchosanta sin is a ghlacann sé i leith na n-iasachtaí cúnaimh macrairgeadais faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach. Dá bhrí sin, cuireann an Cinneadh seo ráta soláthair 70 % i bhfeidhm maidir leis an EUR 1,59 billiún d’iasachtaí Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh ar athraíodh a gcuspóir agus maidir le haon eisíocaíocht eile d’iasachtaí Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh leis an Úcráin. Ba cheart feidhm a bheith ag an ráta soláthair sin in ionad an ráta soláthair atá ann a leagtar amach in Airteagal 31(8), an tríú habairt, de Rialacháin (AE) 2021/947. Is ó bhuiséad an Aontais a mhaoineofar an soláthar 70 % d’eisíocaíocht na n-iasachtaí Bainc Eorpaigh Infheistíochta de EUR 1,59 billiún leis an Úcráin.

(25)

Ba cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an soláthar le haghaidh na n-iasachtaí cúnaimh macrairgeadais agus na n-iasachtaí Bainc Eorpaigh Infheistíochta faoi seach gach 6 mhí, agus tús a chur leis sin an 30 Meitheamh 2023 nó níos luaithe, más iomchuí. Ba cheart a mheas san athbhreithniú sin, go háirithe, cé acu atá nó nach bhfuil athrú tagtha ar staid na hÚcráine ar bhealach a d’fhágfadh go mbeadh gá leis an ráta soláthair a mhéadú nó a laghdú. D’fhéadfadh an Coimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar an ráta soláthair ar bhonn ad hoc, go háirithe má tá teagmhas suntasach ábhartha ina údar leis sin. Chun a áirithiú go mbeidh an ráta soláthair leordhóthanach fós maidir leis na rioscaí airgeadais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an ráta soláthair a mhéadú nó a laghdú, de réir mar is iomchuí. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(26)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a sholáthar don Úcráin d’fhonn tacú, go háirithe, le hathléimneacht agus cobhsaíocht eacnamaíoch na tíre sin agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(27)

I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla atá ann mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a agairt.

(28)

I bhfianaise na staide san Úcráin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

CÚNAMH MACRAIRGEADAIS EISCEACHTÚIL ÓN AONTAS

Airteagal 1

An cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a chur ar fáil

1.   Déanfaidh an tAontas cúnamh macrairgeadais eisceachtúil d’uasmhéid EUR 5 000 000 000 a chur ar fáil don Úcráin (“an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas”) d’fhonn tacú le cobhsaíocht mhacrairgeadais na hÚcráine. Is i bhfoirm iasachtaí a sholáthrófar an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas don Úcráin. Rannchuideofar leis le bearna mhaoinithe na hÚcráine a chumhdach mar a shainaithnítear í i gcomhar le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais.

2.   Chun an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil Aontas a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht sna margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus iad a thabhairt ar aghaidh ar iasacht don Úcráin. Beidh meánaibíocht uasta 25 bliana ag gabháil leis na hiasachtaí a sholáthraítear faoi mhír 1 den Airteagal seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 le chéile.

3.   Cuirfear an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas ar fáil ag tosú ar an lá tar éis theacht i bhfeidhm MT dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus le linn na tréimhse infhaighteachta a leagtar amach ann, fiú mura bhfuil na ráthaíochtaí a leagtar amach i gCaibidil II, Roinn 1, den Chinneadh seo soláthartha go fóill.

4.   Más rud é, le linn na tréimhse ina mbeidh cúnamh macrairgeadais eisceachtúil an Aontais á eisíoc, go dtagann laghdú suntasach ar riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, déanfaidh an Coimisiún méid an chúnaimh a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal.

Airteagal 2

Réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas

1.   Mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a dheonú don Úcráin, ní mór di sásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta a urramú, agus a ráthú go n-urramófar cearta an duine.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1 le linn shaolré an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, go háirithe sula ndéanfar eisíocaíochtaí, agus na himthosca san Úcráin agus na hiarmhairtí a bhaineann le cur i bhfeidhm an dlí airm ann á gcur san áireamh freisin.

3.   Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (12).

Airteagal 3

Meabhrán Tuisceana

1.   Comhaontóidh an Coimisiún i gcomhar leis an Úcráin coinníollacha beartais a bhfuil an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas nasctha leo. Déanfar na coinníollacha beartais a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Déanfar na coinníollacha beartais sin a leagan amach sa Mheabhrán Tuisceana (“MT”).

2.   Áireofar in MT na ceanglais tuairiscithe a glacadh faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 agus áiritheofar leo, go háirithe, éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na húsáide a bhainfear as an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas.

3.   Is i gcomhaontú iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin a leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas.

4.   Fíoróidh an Coimisiún, go eatraimh thráthrialta, cur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe agus an dul chun cinn arna dhéanamh i gcomhlíonadh na gcoinníollacha beartais a leagtar amach in MT. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas mar gheall ar thorthaí an fhíoraithe sin.

Airteagal 4

An cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a scaoileadh

1.   Faoi réir na gceanglas dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a chur ar fáil i dtráthchodanna, a mbeidh gach ceann díobh ina hiasacht. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an tráthchlár chun gach tráthchuid a eisíoc. Féadfar tráthchuid a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó.

2.   Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an chaoi a scaoilfear an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas ar bhealach a bheidh comhsheasmhach le MT dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

3.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le scaoileadh na dtráthchodanna faoi réir a mheasúnaithe ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(1) a urramú;

(b)

cur chun feidhme sásúil na gceanglas tuairiscithe mar a chomhaontaítear in MT;

(c)

i gcás an dara tráthchuid agus na dtráthchodanna ina dhiaidh sin, dul chun cinn sásúil i gcur chun feidhme na gcoinníollacha beartais a leagtar amach in MT.

Sula ndéanfar uasmhéid chúnamh macrairgeadais an Aontais a eisíoc, dearbhóidh an Coimisiún gur comhlíonadh gach coinníoll beartais a leagtar amach in MT.

4.   I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 3, déanfaidh an Coimisiún eisíoc an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na cúiseanna a bhí aige leis an bhfionraí nó leis an gcealú.

5.   Is le Banc Náisiúnta na hÚcráine, i bprionsabal, a eisíocfar an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas. Faoi réir na bhforálacha atá le comhaontú in MT, lena n-áirítear deimhniú na riachtanas maoiniúcháin bhuiséadaigh iarmharach, féadfar cistí an Aontais a eisíoc chuig Aireacht Airgeadais na hÚcráine ina cáil mar an tairbhí deiridh.

Airteagal 5

Oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe

1.   Déanfar na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe i gcomhréir le hAirteagal 220 den Rialachán Airgeadais.

2.   I gcás inar gá, de mhaolú ar Airteagal 220(2) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Coimisiún na hiasachtaí gaolmhara arna ndéanamh conradh ina leith thar ceann an Aontais a thar-rolladh.

Airteagal 6

Fóirdheontas ráta úis

1.   De mhaolú ar Airteagal 220(5), pointe (e), den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an tAontas ús a iompar trí fhóirdheontas ráta úis a dheonú agus trí chostais riaracháin a bhaineann le hiasacht a fháil agus a thabhairt a chumhdach, cé is moite de chostais a bhaineann le haisíoc luath na hiasachta, i leith na n-iasachtaí faoin gCinneadh seo.

2.   Féadfaidh an Úcráin fóirdheontas ráta úis agus cumhdach na gcostas riaracháin a iarraidh ar an Aontas faoi dheireadh mhí an Mhárta gach bliain.

3.   Déanfar an t-imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a), an chéad fhleasc, de Rialachán (AE) 2021/947 a úsáid chun costais na n-íocaíochtaí úis a bhaineann le cúnamh macrairgeadais ón Aontas le linn thréimhse chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 a chumhdach mar fhóirdheontas ráta úis.

Airteagal 7

Faisnéis chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí maidir leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, lena n-áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin agus forbairtí maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha do na hinstitiúidí sin in am trátha.

Airteagal 8

Measúnú ar chur chun feidhme an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas

Le linn chur chun feidhme an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, déanfaidh an Coimisiún a athmheasúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, a fhónta agus atá socruithe airgeadais na hÚcráine, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánacha agus seachtracha is ábhartha maidir leis an gcúnamh. Féadfar an measúnú oibríochtúil sin a dhéanamh in éineacht leis an measúnú oibríochtúil dá bhforáiltear faoi Chinneadh (AE) 2022/1201.

CAIBIDIL II

AN CISTE DON SOLÁTHAR COITEANN A DHAINGNIÚ

Roinn 1

Ráthaíochtaí ó na Ballstáit le haghaidh an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas faoin gCinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201

Airteagal 9

Ranníocaíochtaí i bhfoirm ráthaíochtaí ó na Ballstáit

1.   Féadfaidh na Ballstáit an soláthar i leith cúnamh macrairgeadais a choimeádtar sa Chiste don Soláthar Coiteann a chomhlánú trí ráthaíochtaí a sholáthar suas le méid iomlán EUR 3 660 000 000 i leith an chúnaimh mhacrairgeadais eisceachtúil ón Aontas don Úcráin faoi Airteagal 1 den Chinneadh seo agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1201 (“an cúnamh macrairgeadais faoi chumhdach”).

2.   Má dhéantar ranníocaíochtaí ó na Ballstáit, soláthrófar iad i bhfoirm ráthaíochtaí neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollacha agus ar éileamh trí chomhaontú ráthaíochta a bheidh le tabhairt i gcrích leis an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10.

3.   Beidh sciar coibhneasta ranníocaíocht an Bhallstáit lena mbaineann (treoir ranníoca) den mhéid dá dtagraítear i mír 1 ag freagairt do sciar coibhneasta an Bhallstáit sin d’ollioncam náisiúnta iomlán an Aontais, de thoradh ar cheannteideal “Ioncam Ginearálta” an bhuiséid do 2022, Cuid A, (“Buiséad bliantúil an Aontais a mhaoiniú, Réamhrá”), Tábla 4, colún (1), a leagtar amach i mbuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2022, mar a glacadh go cinntitheach an 24 Samhain 2021 (13).

4.   Tiocfaidh na ráthaíochtaí i bhfeidhm maidir le gach Ballstát ó dháta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe ráthaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 10, idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann.

Airteagal 10

Comhaontuithe ráthaíochta

Tabharfaidh an Coimisiún i gcrích comhaontú ráthaíochta le gach Ballstát a sholáthraíonn ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 9. Leis an gcomhaontú sin, leagfar amach na rialacha lena rialófar an ráthaíocht, rialacha a bheith mar an gcéanna i gcás na mBallstát uile, lena n-áirítear, go háirithe, forálacha:

(a)

lena leagtar síos an oibleagáid ar na mBallstát glaonna ráthaíochta arna ndéanamh ag an gCoimisiún a urramú i leith an chúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach, nuair a bheidh méideanna iomlána an tsoláthair tosaigh nó athshlánaithe ina dhiaidh sin, a cuireadh ar leataobh sa chiste don soláthar coiteann i leith an dliteantais airgeadais a eascraíonn as an gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach tarraingthe anuas nó nuair a bheidh na méideanna sin le tarraingt anuas go hiomlán;

(b)

lena n-áirithítear go ndéantar na glaonna ráthaíochta pro rata agus an treoir ranníoca dá dtagraítear in Airteagal 9(3) á cur i bhfeidhm;

(c)

ar coinníoll go n-áirithíonn na glaonna ráthaíochta cumas an Aontais na cistí a fuarthas ar iasacht, de bhun Airteagal 1(2), sna margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais, a aisíoc tar éis neamhíocaíocht ar thaobh na hÚcráine, fiú má bhí coinne leis an neamhíocaíocht, lena n-áirítear cásanna ina ndéantar athruithe ar sceideal íocaíochta, cibé cúis atá leis sin, chomh maith le neamhíocaíochtaí a bhfuil coinne leo;

(d)

lena n-áirithítear go bhféadfar na glaonna ráthaíochta a úsáid chun an ciste don soláthar coiteann a athshlánú le haghaidh soláthar i gcás inar tarraingíodh anuas é i leith an chúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach;

(e)

lena n-áirithítear go leanann Ballstát nár urramaigh glao de bheith faoi dhliteanas é a urramú;

(f)

maidir leis na coinníollacha íocaíochta.

Roinn 2

Soláthar an chúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach agus roinnt dliteanas airgeadais Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh san Úcráin

Airteagal 11

Soláthar an chúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach

1.   I gcás an chúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach, beidh feidhm ag ráta soláthair 70 % in ionad na rialach ginearálta a leagtar amach in Airteagal 31(5), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/947. Mar sin féin, coinneofar leibhéal an tsoláthair a íoctar isteach sa chiste don soláthar coiteann ag 9 % den dliteanas gan íoc ón gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach, agus má tharraingítear anuas é, déanfar é a athshlánú, gan dochar d’Airteagal 10, pointe (a), den Chinneadh seo, go dtí go dtarraingeofar go hiomlán ar na ráthaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 9.

2.   Beidh méideanna a thagann ó ghlaonna ar na ráthaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 9 ina n-ioncam sannta seachtrach maidir leis na dliteanais airgeadais ón gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach a aisíoc agus le haghaidh íocaíochtaí leis an gciste don soláthar coiteann i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (a)(ii) den Rialachán Airgeadais.

3.   De mhaolú ar Airteagal 211(1), an chéad fhomhír, an dara habairt, den Rialachán Airgeadais, áireofar méid na ráthaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) i méid an dliteanais airgeadais údaraithe. De mhaolú ar Airteagal 211(4), an dara fomhír, den Rialachán Airgeadais, cuirfear méideanna an tsoláthair dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo san áireamh maidir le ríomh an tsoláthair a eascraíonn as an ráta soláthair i leith an chúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach.

4.   De mhaolú ar Airteagal 211(4), pointe (c), den Rialachán Airgeadais, maidir leis na méideanna a aisghabhtar ón Úcráin i ndáil leis na cúnaimh macrairgeadais faoi chumhdach, leis na méideanna sin, ní rannchuideofar leis an soláthar suas le méid na nglaonna ráthaíochta a chomhlíonann na Ballstáit de bhun Airteagal 10, pointe (a), den Chinneadh seo. Déanfar na méideanna sin a aisíoc leis na Ballstáit sin.

Airteagal 12

An soláthar a dhaingniú i leith roinnt dliteanas airgeadais san Úcráin arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE

1.   De mhaolú ar an tríú habairt d’Airteagal 31(8) de Rialachán (AE) 2021/947, beidh feidhm ag an ráta soláthair 70 % maidir le méideanna iasachta arna eisíoc tar éis an 15 Iúil 2022 faoi oibríochtaí maoiniúcháin de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) san Úcráin arna síniú ag BEI roimh an 31 Nollaig 2021 agus arna ráthú ag an Aontas i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 466/2014/AE (“an dliteanais airgeadais Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh faoi chumhdach san Úcráin”) agus beidh feidhm ag Airteagail 211, 212 agus 213 den Rialachán Airgeadais, faoi réir Airteagail 13 agus 14 den Chinneadh seo.

2.   Chun críocha Airteagal 211(1), an dara fomhír, den Rialachán Airgeadais, faoin 31 Nollaig 2027, sroichfidh an soláthar an leibhéal a chomhfhreagraíonn don ráta soláthair arna chur i bhfeidhm maidir le méid iomlán na ndliteanas gan íoc ó dhliteanais airgeadais Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh faoi chumhdach san Úcráin.

Airteagal 13

Measúnú ar leordhóthanacht an ráta soláthair agus nós imeachta athbhreithnithe

1.   Gach 6 mhí ag tosú an 30 Meitheamh 2023 ar aghaidh, agus aon uair a thagann an Coimisiún ar an gconclúid go léirítear le cúiseanna nó imeachtaí eile gur gá é a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an bhfuil forbairtí nua ann a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar leordhóthanacht an ráta soláthair ar bhealach marthanach agus fóinteach, lena n-áirítear ráta an tsoláthair íoctha, dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12. Sainaithneoidh an Coimisiún go háirithe gurb ann d’athrú mór leanúnach ar phróifíl riosca creidmheasa na neamhchosaintí sin trí bhíthin sonraí a bhaineann le tréimhse 2 bhliain ar a laghad.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun Airteagail 11 agus 12 a leasú chun an ráta soláthair a choigeartú, go háirithe chun na forbairtí dá dtagraítear i mír 1 a léiriú.

Airteagal 14

Soláthar arna choinneáil sa chiste don soláthar coiteann

1.   In ionad na rialach ginearálta a leagtar amach in Airteagal 31(6) de Rialachán (AE) 2021/947, cumhdófar an dliteanas airgeadais ón gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach ar leithligh ó dhliteanais airgeadais eile faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, agus ní úsáidfear an soláthar arna chur i leataobh sa chiste don soláthar coiteann i leith an chúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach ach amháin le haghaidh dliteanais airgeadais faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach.

In ionad na rialach ginearálta a leagtar amach in Airteagal 31(8) de Rialachán (AE) 2021/947, cumhdófar an dliteanas airgeadais ó na dliteanais airgeadais Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh san Úcráin ar leithligh ó dhliteanais airgeadais eile faoin gCiste Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, agus ní úsáidfear an soláthar arna chur i leataobh sa chiste don soláthar coiteann i ndáil leis na dliteanais airgeadais Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh faoi chumhdach san Úcráin ach amháin le haghaidh dliteanais airgeadais faoin gcúnamh macrairgeadais faoi chumhdach.

2.   De mhaolú ar Airteagal 213 den Rialachán Airgeadais, ní bheidh feidhm ag an ráta soláthair iarbhír maidir leis an soláthar arna chur i leataobh sa choiste don soláthar coiteann i leith an chúnaimh mhacrairgeadais faoi chumhdach agus na ndliteanas airgeadais Sainordaithe Iasachtaithe Sheachtraigh faoi chumhdach san Úcráin.

3.   De mhaolú ar Airteagal 213(4), pointe (a), den Rialachán Airgeadais, is é a bheidh in aon bharrachas soláthair dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Chinneadh seo ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais, ar ioncam é den chlár cúnaimh sheachtraigh faoina bhfuil an Úcráin incháilithe.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 23 Meán Fómhair 2022.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 17

Tuarascáil bhliantúil

1.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, déanfaidh an Coimisiún, mar chuid dá thuarascáil bhliantúil, measúnú a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme Chaibidil I an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil sin, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

scrúdú ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas a chur chun feidhme;

(b)

measúnú ar an staid eacnamaíoch agus ionchais na hÚcráine, chomh maith le measúnú ar chur chun feidhme na gceanglas agus na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2);

(c)

léiriú a thabhairt ar an nasc idir na ceanglais agus na coinníollacha a leagtar amach in MT, staid mhacrairgeadais leanúnach na hÚcráine agus cinntí an Choimisiúin maidir le tráthchodanna chúnamh macrairgeadais eisceachtúil an Aontais a scaoileadh.

2.   Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dheireadh na tréimhse infhaighteachta, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex-post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht an chúnaimh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidigh sé le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.

CAIBIDIL IV

LEASUITHE AR CHINNEADH (AE) 2022/1201 AGUS FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

Airteagal 18

Leasuithe ar Chinneadh (AE) 2022/1201

Leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(2), an dara habairt:

“Beidh meánaibíocht uasta 25 bliana ag gabháil leis na hiasachtaí faoi mhír 1 agus faoi Chinneadh (AE) 2022/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) le chéile.”.

(*1)  Cinneadh (AE) 2022/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an ciste don soláthar coiteann le ráthaíochtaí ó na Ballstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201 (IO L 245, 21.9.2022, lch. 1).;"

(2)

scriostar Airteagal 7.

Airteagal 19

Foráil chríochnaitheach

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2022.

(2)  Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 161, 29.5.2014, lch. 3).

(3)  Cinneadh (AE) 2022/313 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais don Úcráin (IO L 55, 28.2.2022, lch. 4).

(4)  Cinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin (IO L 186, 13.7.2022, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

(9)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

(10)  Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena dtugtar ráthaíocht ón Aontas Eorpach don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanais faoi oibríochtaí um maoiniú a thacaíonn le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas (IO L 135, 8.5.2014, lch. 1).

(11)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(12)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(13)  IO L 45, 24.2.2022.


Top