This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1510
Council Implementing Decision (CFSP) 2022/1510 of 9 September 2022 implementing Decision (CFSP) 2016/849 concerning restrictive measures against the Democratic People’s Republic of Korea
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/1510 ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2016/849 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/1510 ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2016/849 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré
ST/11805/2022/INIT
IO L 235, 12.9.2022, p. 37–47
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 1 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 12 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 13 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 17 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 19 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 23 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 24 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 28 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 35 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 36 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 4 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 40 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 41 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 48 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 50 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 53 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 63 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 68 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 78 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn A pointe 8 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 20 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 22 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 23 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 30 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 36 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 4 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 42 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 44 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 45 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 47 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 50 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 56 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 57 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 58 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 61 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 62 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 63 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 64 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 65 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 67 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 68 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 70 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 75 | 13/09/2022 | |
Modifies | 32016D0849 | Athchur | iarscríbhinn I roinn B pointe 8 | 13/09/2022 |
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Corrected by | 32022D1510R(01) | (DA) |
12.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 235/37 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/1510 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Meán Fómhair 2022
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2016/849 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2016/849 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/183/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 33(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 27 Bealtaine 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/849. |
(2) |
An 26 Iúil 2022, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 1718 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, nuashonrú ar an bhfaisnéis a bhaineann le 20 duine agus 24 eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. SÍKELA
IARSCRÍBHINN
(1)
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849, faoin gceannteideal “A. Daoine”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1, 4, 8, 12, 13, 17, 19, 23, 24, 28, 35, 36, 40, 41, 48, 50, 53, 63, 68 agus 78:
|
Ainm |
Ailias |
Dáta breithe |
Dáta ainmniúchán na Náisiún Aontaithe |
Ráiteas ar chúiseanna |
“1. |
Yun Ho-jin |
Yun Ho-chin |
Dáta breithe: 13.10.1944 Náisiúntacht: DPDC Seoladh: Pyongyang, DPRK |
16.7.2009 |
Stiúrthóir Namchongang Trading Corporation; déanann sé maoirseacht ar allmhairiú earraí a theastaíonn don chlár saibhrithe úráiniam. |
4. |
Ri Hong-sop |
|
Dáta breithe: 1940 Náisiúntacht: DPDC Seoladh: Pyongyang, DPRK |
16.7.2009 |
Iarstiúrthóir, Yongbyon Nuclear Research Centre, agus Ceann Nuclear Weapons Institute, rinne sé maoirseacht ar thrí phríomhshaoráid a chabhraíonn le plútóiniam de ghrád armáin a tháirgeadh: an tsaoráid déantúsaíochta breosla, an t-imoibreoir núicléach, agus an gléasra athphróiseála. |
8. |
Ra Ky'ong-Su |
Ra Kyung-Su; Chang, Myong Ho; Chang Myo’ng-Ho; Chang Myong-Ho |
Dáta breithe: 4.6.1954 Pas: 645120196 Náisiúntacht: DPDC |
22.1.2013 |
Is oifigeach de chuid Tanchon Commercial Bank (TCB) é RA Ky’ong-Su. Sa cháil seo d’éascaigh sé idirbhearta le haghaidh TCB. D’ainmnigh an Coiste Smachtbhannaí Tanchon i mí Aibreáin 2009 mar phríomheintiteas airgeadais DPDC a dhíolann gnáth-airm, diúracáin bhalaistíocha agus earraí a bhaineann le cóimeáil agus monarú armán den sórt sin. |
12. |
Mun Cho’ng- Ch’o’l |
|
Náisiúntacht: DPDC Seoladh: C/O Tanchon Commercial Bank, Pyongyang, DPRK, Saemaeul 1-Dong, Pyongchon District |
7.3.2013 |
Is oifigeach de chuid Tanchon Commercial Bank (TCB) é Mun Cho‘ng-Ch’o’l. Sa cháil seo d’éascaigh sé idirbhearta le haghaidh TCB. D’ainmnigh an Coiste Smachtbhannaí Tanchon i mí Aibreáin 2009 mar phríomheintiteas airgeadais DPDC a dhíolann gnáth-airm, diúracáin bhalaistíocha agus earraí a bhaineann le cóimeáil agus monarú armán den sórt sin. |
13. |
Choe Chun-Sik |
Choe Chun Sik; Ch’oe Ch’un Sik |
Dáta breithe: 12.10.1954 Náisiúntacht: DPDC eoladh: DPRK |
2.3.2016 |
Bhí Choe Chun-sik ina stiúrthóir ar Second Academy of Natural Sciences (SANS) agus bhí sé ina cheann ar chlár diúracán fadraoin DPDC. |
17. |
Jang Yong Son |
|
Dáta breithe: 20.2.1957 Náisiúntacht: DPDC Uimhir an phas: 563110024 (arna eisiúint ag DPDC) |
2.3.2016 |
Ionadaí do Korea Mining Development Trading Corporation (KOMID). Bhí sé ina ionadaí do KOMID san Iaráin. |
19. |
Kang Mun Kil |
Jiang Wen-ji; Jian Wenji |
Uimhir an phas: 472330208 (le héag 4.7.2017) Náisiúntacht: DPDC Seoladh: DPRK |
2.3.2016 |
Rinne Kang Mun Kil gníomhaíochtaí soláthair núicléach mar ionadaí ar Namchongang, ar a dtugtar Namhung freisin. |
23. |
Kim Tong My’ong |
Kim Chin-So’k; Kim Tong-Myong; Kim Jin-Sok; Kim, Hyok-Chol; Kim Tong-My’ong; Kim Tong Myong; Kim Hyok Chol |
Dáta breithe: a) 1964 b) 28.8.1962 Náisiúntacht: DPDC Uimhir an phas: 290320764 (arna eisiúint ag DPDC) |
2.3.2016 |
Is é Kim Tong My’ong Uachtarán Tanchon Commercial Bank agus bhí poist éagsúla aige laistigh de Tanchon Commercial bank ó 2002 ar a laghad. Bhí ról aige freisin i ngnóthaí Amroggang a bhainistiú. |
24. |
Kim Yong Chol |
Kim Yong-Chol; Kim Young-Chol; Kim Young-Cheol; Young-Chul |
Dáta breithe: 18.2.1962 Náisiúntacht: DPDC Uimhir an phas: 472310168 (arna eisiúint ag DPDC) |
2.3.2016 |
Ionadaí do KOMID. Bhí sé ina ionadaí do KOMID san Iaráin. |
28. |
Yu Chol U |
|
Dáta breithe: 8.8.1959 Náisiúntacht: DPDC Seoladh: DPRK |
2.3.2016 |
Tá Yu Chol U ina Stiúrthóir ar National Aerospace Development Administration. |
35. |
Kim Chol Sam |
Jin Tiesan (金铁三) |
Dáta breithe: 11.3.1971 Náisiúntacht: DPDC Uimhir an phas: 645120378 (arna eisiúint ag DPDC) |
30.11.2016 |
Is ionadaí é Kim Chol Sam do Daedong Credit Bank (DCB), a raibh baint aige le hidirbhearta a bhainistiú thar ceann DCB Finance Limited. Mar ionadaí do DCB atá bunaithe thar lear, meastar gur éascaigh Kim Chol Sam idirbhearta ar fiú na céadta mílte dollar iad agus gur dócha gur bhainistigh sé na milliúin dollar i gcuntais a bhaineann le DPDC a bhfuil naisc fhéideartha acu le cláir núicléacha/diúracán. |
36. |
Kim Sok Chol |
|
Uimhir an phas: 472310082 Dáta breithe: 8.5.1955 Náisiúntacht: DPDC Seoladh: Myanmar |
30.11.2016 |
Ghníomhaigh sé mar Ambasadóir DPDC chuig Maenmar agus feidhmíonn sé mar éascaitheoir KOMID. D’íoc KOMID é as a chúnamh agus eagraíonn sé cruinnithe thar ceann KOMID, lena n-áirítear cruinniú idir KOMID agus daoine a bhaineann le cosaint Mhaenmar chun cúrsaí airgeadais a phlé. |
40. |
Cho Il U |
Cho Il Woo; Cho Ch’o’l; Jo Chol |
Dáta breithe:10.5.1945 Áit bhreithe: Musan, North Hamgyo'ng Province, DPRK Náisiúntacht: DPDC Uimhir an phas: 736410010 Seoladh: DPRK |
2.6.2017 |
Stiúrthóir ar an Fifth Bureau of the Reconnaissance General Bureau. Creidtear go bhfuil Cho i gceannas ar oibríochtaí spiaireachta thar lear agus ar bhailiúchán faisnéise eachtraí do DPDC. |
41. |
Cho Yon Chun |
Jo Yon Jun |
Dáta breithe: 28.9.1937 Náisiúntacht: DPDC Seoladh: DPRK |
2.6.2017 |
Leas-Stiúrthóir ar an Organization and Guidance Department, a stiúrann príomhcheapacháin phearsanra don Workers’ Party of Korea agus d’arm DPDC. |
48. |
Paek Se Bong |
Paek Se Pong |
Dáta breithe: 21.3.1938 Náisiúntacht: DPDC |
2.6.2017 |
Is iarChathaoirleach ar an Second Economic Committee é Paek Se Bong, iarchomhalta den National Defense Commission, agus iarLeas-Stiúrthóir ar Munitions Industry Department (MID). |
50. |
Pak To Chun |
Pak Do Chun; Pak To’-Ch’un |
Dáta breithe: 9.3.1944 Náisiúntacht: DPDC |
2.6.2017 |
Is iar-rúnaí an Munitions Industry Department (MID) é Pak To Chun agus tugann sé comhairle faoi chúrsaí a bhaineann le cláir núicléacha agus diúracán faoi láthair. Is iarbhall den State Affairs Commission agus is ball é den Workers' Party of Korea Political Bureau. |
53. |
Ri Yong Mu |
Ri Yong-Mu |
Dáta breithe: 25.1.1925 Náisiúntacht: DPDC Seoladh: DPRK |
2.6.2017 |
Is Leas-Chathaoirleach é RI Yong Mu ar an State Affairs Commission, a stiúrann agus a threoraíonn gnóthaí míleata, cosanta agus slándála uile DPDC, lena n-áirítear fáil agus soláthar. |
63. |
Pak Yong Sik |
Pak Yo’ng-sik |
Dáta breithe: 1950 Náisiúntacht: DPDC Seoladh: DPRK |
11.9.2017 |
Comhalta den Workers’ Party of Korea Central Military Commission, atá freagrach as forbairt agus cur chun feidhme bheartais mhíleata an Workers’ Party of Korea, a rialaíonn agus atá i gceannas ar arm DPDC, agus a chabhraíonn le tionscail mhíleata na tíre a stiúradh. |
68. |
Kim Tong Chol |
Kim Tong-ch’o’l |
Dáta breithe: 28.1.1966 Náisiúntacht: DPDC Inscne: fireann Uimhir an phas: a) 927234267 b) 108120258 (arna eisiúint ag DPDC an 14 Feabhra 2018; dáta éaga an 14 Feabhra 2023) |
22.12.2017 |
Is ionadaí thar lear é Kim Tong Chol don Foreign Trade Bank. |
78. |
Ri Song Hyok |
Li Cheng He |
Dáta breithe: 19.3.1965 Náisiúntacht: DPDC Inscne: fireann Uimhir an phas: 654234735 (arna eisiúint ag DPDC) |
22.12.2017 |
Is ionadaí thar lear é Ri Song Hyok do Koryo Bank agus Koryo Credit Development Bank agus bhunaigh sé cuideachtaí tosaigh chun nithe a sholáthar agus idirbhearta airgeadais a dhéanamh thar ceann na Cóiré Thuaidh.” |
(2)
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849, faoin gceannteideal “B. Eintitis”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 4, 8, 20, 22, 23, 30, 36, 42, 44, 45, 47, 50, 56, 57, 58, 61, 62, 63, 64, 65, 67, 68, 70 agus 75:
|
Ainm |
Ailias |
Suíomh |
Dáta ainmniúchán na Náisiún Aontaithe |
Faisnéis eile |
||
“4. |
Namchongang Trading Corporation |
a) NCG, b) NAMCHONGANG TRADING, c) NAM CHON GANG CORPORATION, d) NOMCHONGANG TRADING CO., e) NAM CHONG GAN TRADING CORPORATION, f) Namhung Trading Corporation, g) Korea Daeryonggang Trading Corporation, h) Korea Tearyonggang Trading Corporation |
a) Chilgol, Pyongyang, Democratic People's Republic of Korea, b) Sengujadong 11-2/(or Kwangbok-dong), Mangyongdae District, Pyongyang, Democratic People's Republic of Korea; Uimhreacha teileafóin: +850-2-18111, 18222 (ext. 8573); Facs +850-2-381-4687 |
16.7.2009 |
Is cuideachta thrádála de chuid DPDC é Namchongang atá faoi réir an General Bureau of Atomic Energy (GBAE). Bhí baint ag Namchongang le soláthar folúischaidéal de thionscnamh Seapánach a sainaithníodh ag saoráid núicléach DPDC, chomh maith le soláthar núicléach a bhaineann le duine Gearmánach. Bhí baint aige freisin le feadáin alúmanaim agus trealamh eile a cheannach atá oiriúnach go sonrach do chlár saibhrithe úráiniam ó na 1990í déanacha. Iarthaidhleoir is ea a ionadaí bhí mar ionadaí DPDC do chigireacht IAEA ar shaoráidí núicléacha Yongbyon in 2007. Is cúis mhór imní iad gníomhaíochtaí iomadaithe Namchongang i bhfianaise ghníomhaíochtaí leata DPDC san am a chuaigh thart. |
||
8. |
Korean Tangun Trading Corporation |
a) Kuryonggang Trading Corporation b) Ryungseng Trading Corporation c) Ryung Seng Trading Corporation d) Ryungsong Trading Corporation e) Kore Kuryonggang Trading Corporation |
Pyongyang, DPRK |
16.7.2009 |
Tá Korea Tangun Trading Corporation faoi réir an Second Academy of Natural Sciences de chuid DPDC agus tá sé freagrach go príomha as soláthar tráchtearraí agus teicneolaíochtaí chun tacú le cláir thaighde agus forbartha cosanta DPDC, lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta dóibh, cláir agus córais soláthair armán ollscriosta agus seachadta, lena n-áirítear ábhair atá rialaithe nó a bhfuil toirmeasc orthu faoi chórais rialúcháin iltaobhacha ábhartha. |
||
20. |
Ocean Maritime Management Company, Limited (OMM) |
a) East Sea Shipping Company; b) Korea Mirae Shipping Co. Ltd c) Haeyang Crew Management Company |
Seoladh: Donghung Dong, Central District. PO BOX 120. Pyongyang, DPRK; Seoladh eile: Dongheung-dong Changwang Street, Chung-Ku, PO Box 125, Pyongyang; Uimhir IMO: 1790183 |
28.7.2014 |
Is oibreoir/bainisteoir an tsoithigh, Chong Chon Gang, é Ocean Maritime Management Company, Limited. Bhí ról aige maidir le lastas ceilte arm agus ábhar gaolmhar a loingsiú ó Chúba go DPDC i mí Iúil 2013. Mar sin, rannchuidigh Ocean Maritime Management Company, Limited le gníomhaíochtaí arna dtoirmeasc leis na rúin, eadhon an trádbhac arm a fhorchuirtear le rún 1718 (2006), arna mhodhnú le rún 1874 (2009), agus rannchuidigh sé leis na bearta a fhorchuirtear leis an rúin sin a sheachaint. |
||
|
Soithí a bhfuil Uimhir IMO acu: |
|
|
|
|
||
|
8606173 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
8909575 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
8916293 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
9041552 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
8330815 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
8405270 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
8018900 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
8829593 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
8713471 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
9361407 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
8829555 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
8625545 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
9314650 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
8987333 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
8018912 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
8819017 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
8133530 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
8412467 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
7640378 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
9009085 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
7937317 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
|
8661575 |
|
|
2.3.2016 |
|
||
22. |
Chongchongang Shipping Company |
a) Chong Chon Gang Shipping Co. Ltd. b) Chongchongang Shipping Co LTD |
Seoladh: 817 Haeun, Donghung-dong, Central District, Pyongyang, DPRK; Seoladh eile: 817, Haeum, Tonghun-dong, Chung-gu, Pyongyang, DPRK; Uimhir IMO: 5342883 |
2.3.2016 |
Rinne Chongchongang Shipping Company, trína shoitheach, an Chong Chon Gang, iarracht lastas aindleathach gnáth-armán agus gnáth-arm a allmhairiú go díreach chuig DPDC i mí Iúil 2013. |
||
23. |
Daedong Credit Bank (DCB) |
a) DCB b) Taedong Credit Bank c) Dae-Dong Credit Bank |
Seoladh: Suite 401, Potonggang Hotel, Ansan-Dong, Pyongchon District, Pyongyang, DPRK; Seoladh eile: Ansan-dong, Botonggang Hotel, Pongchon, Pyongyang, DPRK; SWIFT: DCBKKPPY |
2.3.2016 |
Chuir Daedong Credit Bank seirbhísí airgeadais ar fáil do Korea Mining Development Trading Corporation (KOMID) agus Tanchon Commercial Bank. Ó 2007 ar a laghad, d’éascaigh DCB na céadta idirbheart airgeadais ar fiú na milliúin dollar iad thar ceann KOMID agus Tanchon Commercial Bank. I gcásanna áirithe, d’éascaigh DCB idirbhearta go feasach trí chleachtais mhealltacha airgeadais a úsáid. |
||
30. |
Office 39 |
Office #39; Office No. 39; Bureau 39; Central Committee Bureau 39; Third Floor; Division 39 |
a) Second KWP Government Building (Korean – Ch’o’ngsa, Urban Town (Korean-Dong), Chung Ward, Pyongyang, DPRK b) Chung-Guyok (Central District), Sosong Street, Kyongrim-Dong, Pyongyang, DPRK c) Changwang Street, Pyongyang DPRK |
2.3.2016 |
Eintiteas rialtais DPDC. |
||
36. |
Singwang Economics and Trading General Corporation |
|
Seoladh: DPRK; Uimhir IMO: 5905801 |
30.11.2016 |
Is gnólacht DPDC é a bhíonn ag trádáil guail. Gineann DPDC sciar shuntasach den airgead dá cláir diúracán núicléach agus balaistíoch trí mhianadóireacht a dhéanamh ar acmhainní nádúrtha agus iad a dhíol thar lear. |
||
42. |
Korea Daesong General Trading Corporation |
Daesong Trading; Daesong Trading Company; Korea Daesong Trading Company; Korea Daesong Trading Corporation |
Seoladh: Pulgan Gori Dong 1, Potonggang District, Pyongyang City, DPRK; Teil. +850-2-18111-8208. Facs +850-2-381-4432; R-phost: daesong@star-co.net.kp |
30.11.2016 |
Tá sé cleamhnaithe le Office 39 trí onnmhairí mianraí (ór), miotail, innealra, táirgí talmhaíochta, gingsing, seodra agus táirgí tionscail éadroim. |
||
44. |
Korea Kumsan Trading Corporation |
|
Seoladh: Haeun 2-dong, Pyogchon District, Pyongyang City/Mangyongdae, DPRK; Teil. +850-2-18111-8550. Facs +850-2-381-4410/4416; R-phost: mhs-ip@star-co.net.kp |
2.6.2017 |
Tá Korea Kumsan Trading Corporation faoi úinéireacht nó faoi rialú General Bureau of Atomic Energy, a dhéanann maoirseacht ar chlár núicléach DPDC, nó tá sé ag gníomhú nó ag airbheartú a bheith ag gníomhú dó nó thar a cheann, go díreach nó go hindíreach. |
||
45. |
Koryo Bank |
|
Koryo Bank Building, Pulgun Street, Pyongyang, DPRK |
2.6.2017 |
Oibríonn Koryo Bank i dtionscal na seirbhísí slándála i ngeilleagar DPDC agus tá sé cleamhnaithe le Office 38 agus Office 39 de KWP. |
||
47. |
Foreign Trade Bank |
a) Mooyokbank b) Korea Trading Bank |
Seoladh: FTB Building, Jungsong-dong, Central District, Pyongyang, DPRK; SWIFT/BIC: FTBDKPPY |
4.8.2017 |
Is banc faoi úinéireacht stáit é Foreign Trade Bank a fheidhmíonn mar phríomhbhanc malairte eachtraí DPDC agus tá tacaíocht airgeadais an-tábhachtach tugtha aige do Korea Kwangson Banking Corporation. |
||
50. |
Mansudae Overseas Project Group of Companies |
Mansudae Art Studio |
Yanggakdo International Hotel, RYUS, Pyongyang, DPRK |
4.8.2017 |
Bhí Mansudae Overseas Project Group of Companies ag gabháil d’oibrithe a onnmhairiú ó DPDC chuig náisiúin eile ar mhaithe le gníomhaíochtaí a bhaineann le tógáil, lena n-áirítear dealbha agus séadchomharthaí a thógáil, d’éascaigh sé onnmhairiú na n-oibrithe sin nó bhí sé freagrach as an onnmhairiú, chun ioncam a ghiniúint do Rialtas DPDC nó do Workers' Party of Korea. Tuairiscíodh go ndearna Mansudae Overseas Project Group of Companies gnó i dtíortha san Afraic agus in Oirdheisceart na hÁise lena n-áirítear an Ailgéir, Angóla, Beinin, an Bhotsuáin, an Chambóid, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, an Ghuine Mheánchiorclach, Madagascar, an Mhalaeisia, Mósaimbíc, an Namaib, Sead, an tSiombáib, an tSiria, agus Tóga. |
||
56. |
CHONMYONG SHIPPING CO |
CHON MYONG SHIPPING COMPANY LIMITED |
Seoladh: Kalrimgil 2-dong, Mangyongdae-guyok, Pyongyang, DPRK; Saemaul 2-dong, Pyongchon-guyok, Pyongyang, DPRK; Uimhir IMO: 5571322 |
30.3.2018 |
Úinéir cláraithe an CHON MYONG 1, soitheach a bhfuil bratach DPDC ar foluain aige a d’aistrigh breosla ó long go long ag deireadh mhí na Nollag 2017. |
||
57. |
FIRST OIL JV CO LTD |
|
Seoladh: Jongbaek 1-dong, Rakrang-guyok, Pyongyang, DPRK; Uimhir IMO: 5963351 |
30.3.2018 |
Úinéir thancaer de chuid DPDC, PAEK MA, a raibh baint aige le hoibríochtaí chun ola a aistriú ó long go long i lár mhí Eanáir 2018. |
||
58. |
HAPJANGGANG SHIPPING CORP |
|
Seoladh: Kumsong 3-dong, Mangyongdae-guyok, Pyongyang, DPRK; Uimhir IMO: 5787684 |
30.3.2018 |
Úinéir cláraithe thancaer de chuid DPDC, NAM SAN 8, a mheastar baint a bheith aige le hoibríochtaí chun ola a aistriú ó long go long, agus úinéir an tsoithigh, HAP JANG GANG 6. |
||
61. |
KOREA ACHIM SHIPPING CO |
|
Seoladh: Sochang-dong, Chung-guyok, Pyongyang, DPRK Uimhir IMO: 5936312 |
30.3.2018 |
Úinéir cláraithe thancaer de chuid DPDC, an CHON MA SAN. Rinne an CHON MA SAN, a raibh bratach DPDC ar foluain aige, ullmhúcháin le haghaidh oibríochtaí ar dócha gur le haghaidh aistrithe ó long go long iad ag deireadh mhí Eanáir 2018. Thuairiscigh máistir an tancaeir mhótair, an YU JONG 2, a raibh bratach DPDC ar foluain aige, an 18 Samhain 2017, do rialaitheoir neamhaitheanta a bhí bunaithe in DPDC go raibh stoirm á seachaint ag an soitheach roimh aistriú ó long go long a dhéanamh. Mhol an máistir ola bhreosla a lódáil ar an YU JONG 2 sula ndéanfaí an CHON MA SAN, tancaer a raibh bratach DPDC ar foluain aige, a lódáil, ó tharla go raibh an CHON MA SAN — ós rud é go raibh a mhéid níos mó — níos oiriúnaí chun aistrithe ó long go long a dhéanamh le linn stoirme. Nuair a lódáil an CHON MA SAN ola bhreosla ó shoitheach, lódáil an YU JONG 2 1 168 gcililítear d’ola bhreosla an 19 Samhain 2017 trí oibríocht aistrithe ó long go long. |
||
62. |
KOREA ANSAN SHIPPING COMPANY |
a) KOREA ANSAN SHPG COMPANY b) Korea Ansan SHPG CO |
Seoladh: Pyongchon 1-dong, Pyongchon-guyok, Pyongyang, DPRK; Uimhir IMO: 5676084 |
30.3.2018 |
Úinéir cláraithe thancaer de chuid DPDC, AN SAN 1, a mheastar baint a bheith aige le hoibríochtaí chun ola a aistriú ó long go long. |
||
63. |
KOREA MYONGDOK SHIPPING CO |
|
Seoladh: Chilgol 2-dong, Mangyongdae-guyok, Pyongyang, DPRK; Uimhir IMO: 5985863 |
30.3.2018 |
Úinéir cláraithe an YU PHYONG 5. Ag deireadh mhí na Samhna 2017, rinne an YU PHUONG 5 ola bhreosla (1 721 tonna méadrach) a aistriú ó long go long. |
||
64. |
KOREA SAMJONG SHIPPING |
|
Seoladh: Tonghung-dong, Chung-guyok, Pyongyang, DPRK; Uimhir IMO: 5954061 |
30.3.2018 |
Úinéir cláraithe thancaeir de chuid DPDC, an SAM JONG 1 agus an SAM JONG 2. Meastar go ndearna an dá shoitheach peitriliam scagtha a allmhairiú chuig DPDC de shárú ar smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe ag deireadh mhí Eanáir 2018. |
||
65. |
KOREA SAMMA SHIPPING CO |
Korea Samma SHPG CO |
Seoladh: Rakrang 3-dong, Rakrang-guyok, Pyongyang, DPRK; Uimhir IMO: 5145892 |
30.3.2018 |
D'aistrigh tancaer a bhfuil bratach DPDC ar foluain aige, an SAM MA 2, faoi úinéireacht Korea Samma Shipping Company, ola agus doiciméid bhréagacha ó long go long i lár mhí Dheireadh Fómhair 2017, agus lódáil sé beagnach 1 600 tonna méadrach d’ola bhreosla in aon idirbheart amháin. Ordaíodh don mháistir loinge SAMMA SHIPPING agus na focail Chóiréise a bhí ar shéala na loinge a scriosadh agus ‘Hai Xin You 606’ a chur ina n-ionad chun nach n-aithneofaí gur soitheach de chuid DPDC a bhí ann. |
||
67. |
KOTI CORP |
|
Seoladh: Panama City, Panama; Uimhir IMO: 5982254 |
30.3.2018 |
Bainisteoir loinge agus bainisteoir tráchtála an KOTI, soitheach a bhfuil bratach Phanama ar foluain aige, a d'aistrigh táirge ó long go long ar dócha gur peitriliam é chuig an KUM UN SAN 3, a raibh bratach DPDC ar foluain aige, an 9 Nollaig 2017. |
||
68. |
MYOHYANG SHIPPING CO |
|
Seoladh: Kumsong 3-dong, Mangyondae-guyok, Pyongyang, DPRK; Uimhir IMO: 5988369 |
30.3.2018 |
Bainisteoir loinge thancaer táirgí ola de chuid DPDC, an YU SON, a mheastar baint a bheith aige le hoibríochtaí chun ola a aistriú ó long go long. |
||
70. |
PHYONGCHON SHIPPING & MARINE |
PHYONGCHON SHIPPING AND MARINE |
Seoladh: Otan-dong, Chung-guyok, Pyongyang, DPRK; Uimhir IMO: 5878561 |
30.3.2018 |
Úinéir cláraithe thancaer de chuid DPDC, an JI SONG 6, a mheastar baint a bheith aige le hoibríochtaí chun ola a aistriú ó long go long i ndeireadh mhí Eanáir 2018. Is leis an gcuideachta an JI SONG 8 agus an WOORY STAR freisin. |
||
75. |
YUK TUNG ENERGY PTE LTD |
|
Seoladh: 80 Raffles Place, #17-22 UOB Plaza, Singapore, 048624, Singapore; Uimhir IMO: 5987860 |
30.3.2018 |
Bainisteoir loinge agus bainisteoir tráchtála an YUK TUNG, a rinne táirgí peitriliam scagtha a aistriú ó long go long.” |