EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0611

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/611 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim “Universal Feed Assurance Scheme (UFAS)” chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/2114

IO L 114, 12.4.2022, p. 209–211 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/611/oj

12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 114/209


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/611 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Aibreán 2022

maidir le haitheantas a thabhairt don scéim “Universal Feed Assurance Scheme (UFAS)” chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte á gcomhlíonadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (1), agus go háirithe Airteagal 30(4) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2018/2001 bunaítear ceanglais le haghaidh breoslaí áirithe, eadhon bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, chun a áirithiú nach féidir iad a áireamh mar chuid de na spriocanna a leagtar amach sa Treoir ach amháin más rud é gur táirgeadh go hinbhuanaithe iad agus go sábháiltear leo líon mór astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le breoslaí iontaise. Ar an gcéad dul síos, le hAirteagal 29 den Treoir leagtar síos critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhithbhreoslaí, do bhithleachtanna agus do bhreoslaí bithmhaise, agus le hAirteagal 26 den Treoir agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/807 ón gCoimisiún (2), bunaítear na critéir chun a chinneadh cé na bunábhair le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid, ar thaobh, agus cé na bithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise a chomhlíonann critéir áirithe ar féidir a dheimhniú ina leith go ngabhann riosca íseal leo maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid, ar an taobh eile. Ar an dara dul síos, le hAirteagal 25(2) den Treoir leagtar síos critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh breoslaí in-athnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a úsáidtear in earnáil an iompair. Ar an tríú dul síos, le hAirteagal 28(2) den Treoir, ceanglaítear ar oibreoirí eacnamaíocha faisnéis a iontráil i mbunachar sonraí de chuid an Aontais maidir leis na hidirbhearta a rinneadh agus maidir le hairíonna inbhuanaitheachta roinnt breoslaí in-athnuaite (bithbhreoslaí, bithghás agus breoslaí in-athnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch) agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a úsáidtear in earnáil an iompair.

(2)

Déantar foráil sa Treoir freisin maidir le rialacha i ndáil leis an gcaoi a ríomhtar rannchuidiú an leictreachais in-athnuaite leis na spriocanna iompair. Go háirithe, foráiltear le hAirteagal 27(3) den Treoir rialacha chun sin a ríomh, nuair a úsáidtear an leictreachas go díreach chun feithiclí leictreacha a chumhachtú agus nuair a úsáidtear é chun breoslaí in-athnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíocha a tháirgeadh, ar breoslaí iad a úsáidtear in earnáil an iompair.

(3)

Chun a sheiceáil go gcomhlíontar na rialacha maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí leachtacha agus gásacha in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, féadfaidh na Ballstáit scéimeanna deonacha a úsáid. Bhí ról tábhachtach ag scéimeanna deonacha i dtaca le fianaise a sholáthar i leith chomhlíonadh na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh bithbhreoslaí agus bithleachtanna faoi Threoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Faoi Threoir (AE) 2018/2001, leathnaíodh ról na scéimeanna deonacha. Ar an gcéad dul síos, is féidir iad a úsáid anois chun a dheimhniú go gcomhlíonann na breoslaí uile a tháirgtear ó bhithmhais, lena n-áirítear breoslaí gásacha agus soladacha, na critéir maidir le hinbhuanaitheacht a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001, agus is féidir sonraí cruinne a sholáthar leo maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis na breoslaí sin. Ar an dara dul síos, is féidir iad a úsáid chun a dheimhniú go gcomhlíonann breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a gcritéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Ar an tríú dul síos, is féidir iad a úsáid chun comhlíonadh na rialacha a chruthú, ar rialacha iad a bhunaítear le hAirteagal 27(3) de Threoir (AE) 2018/2001 chun leictreachas in-athnuaite in earnáil an iompair a ríomh. Ar an gceathrú dul síos, is féidir iad a úsáid chun a chruthú go n-iontrálann oibreoirí eacnamaíocha faisnéis chruinn sa bhunachar sonraí de chuid an Aontais nó sa bhunachar sonraí náisiúnta maidir le breoslaí in-athnuaite agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a úsáidtear in earnáil an iompair i gcomhréir le hAirteagal 28(4) de Threoir (AE) 2018/2001. Ar an gcúigiú dul síos, is féidir iad a úsáid chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a dheimhniú. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh gur féidir na scéimeanna deonacha náisiúnta nó idirnáisiúnta a úsáid chun na gcríoch sin ar fad nó cuid díobh.

(4)

I gcás ina soláthróidh oibreoir eacnamaíoch cruthúnas nó sonraí i dtaca le comhlíonadh na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar cruthúnas nó sonraí iad a fhaightear i gcomhréir le scéim dheonach atá aitheanta ag an gCoimisiún, a mhéid a chumhdaítear leis an gcinneadh aitheantais, níor cheart do Bhallstát a cheangal ar an soláthraí tuilleadh fianaise a sholáthar.

(5)

An 20 Eanáir 2021 a cuireadh an iarraidh ar aitheantas faoi Airteagal 30(4) den Treoir i leith an “Universal Feed Assurance Scheme” [Scéim Uilíoch um Dhearbhú Beatha] faoi bhráid an Choimisiúin ar dtús. De thoradh na hiarrata sin rinne an Coimisiún measúnú ar an scéim, measúnú inar sainaithníodh roinnt saincheisteanna a raibh modhnú ag teastáil ina leith. San athiarraidh an 25 Meitheamh 2021, tugadh aghaidh mar ba cheart ar na saincheisteanna sin leis an scéim.

(6)

Cumhdaítear leis an scéim bithbhreoslaí a dhíorthaítear ó bharra in-chomhbhuainte agus ó bhiatas siúcra (cé is moite de dhramhaíl, iarmhair, ábhair ligniceallalósacha agus ábhair cheallalósacha neamhbhia), ar bithbhreoslaí iad a tháirgtear sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn. Cumhdaítear léi na céimeanna trádála, iompair agus stórála ó gheata na feirme go dtí an chéad phróiseálaí ina bhfuil modúil shonracha lena gcumhdaítear monaróirí trádála ceannaíochta agus beatha cumaisc. Ní chuirtear san áireamh leis an measúnú sin an gníomh cur chun feidhme atá le teacht agus atá le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 30(8) de Threoir (AE) 2018/2001, ar gníomh é a bhaineann le rialacha lena bhfíoraítear critéir maidir le hinbhuanaitheacht, maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus critéir i ndáil le riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid. Dá bhrí sin, déanfar athmheasúnú ar an scéim “Universal Feed Assurance Scheme”, nuair a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme sin.

(7)

Ní chumhdaítear go díreach leis an scéim seo iniúchadh agus deimhniú feirmeoirí i gcomhréir leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht a leagtar síos in Airteagal 29(3) go (5) de Threoir (AE) 2018/2001. I dtaca leis na gnéithe sin, tá an scéim ag brath ar scéimeanna deonacha eile atá aitheanta ag an gCoimisiún. Dá bhrí sin, tá sé de fhreagracht ar an scéim “Universal Feed Assurance Scheme”, a áirithiú, maidir leis an aitheantas a eisíonn an Coimisiún i leith na scéimeanna sin lena n-oibríonn sé go comhpháirteach, go bhfanfaidh an t-aitheantas sin bailí le linn an chomhair.

(8)

Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an scéim “Universal Feed Assurance Scheme”, chinn sé go gcumhdaítear léi go leormhaith na critéir maidir le hinbhuanaitheacht a leagtar síos in Airteagal 29(3) go (5) de Threoir (AE) 2018/2001 agus go gcuirtear modheolaíocht maidir le cothromaíocht mhaise i bhfeidhm léi i gcomhréir le ceanglais Airteagal 30(1) agus (2) de Threoir (AE) 2018/2001.

(9)

Sa mheasúnú ar an scéim “Universal Feed Assurance Scheme”, fuarthas amach go gcomhlíonann sé caighdeáin leordhóthanacha iontaofachta, trédhearcachta agus iniúchóireachta neamhspleáiche i gcomhréir le hAirteagal 30(8) de Threoir (AE) 2018/2001.

(10)

Ba cheart an scéim aitheanta a chur ar fáil sa roinn atá dírithe ar scéimeanna deonacha ar shuíomh gréasáin EUROPA an Choimisiúin.

(11)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Inbhuanaitheacht Bithbhreoslaí, Bithleachtanna agus Breoslaí Bithmhaise,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis an “Universal Feed Assurance Scheme” (“an scéim”), ar cuireadh iarraidh ar aitheantas ina leith faoi bhráid an Choimisiúin an 25 Meitheamh 2021, léirítear, i gcás na mbreoslaí a ndéantar iniúchadh orthu faoin scéim, na heilimintí seo a leanas:

(a)

comhlíontacht na gcoinsíneachtaí bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht a leagtar síos in Airteagal 29(3) go (5) de Threoir (AE) 2018/2001;

(b)

comhlíontacht oibreoirí eacnamaíocha leis an oibleagáid faisnéis chruinn a iontráil sa bhunachar sonraí de chuid an Aontais nó sa bhunachar sonraí náisiúnta maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a úsáidtear in earnáil an iompair i gcomhréir le hAirteagal 28(4) de Threoir (AE) 2018/2001.

Airteagal 2

Tá an Cinneadh bailí go ceann tréimhse 5 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm. I gcás ina ndéanfar athrú ar ábhar na scéime, mar a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin í san iarraidh ar aitheantas an 25 Meitheamh 2021, arb athrú é a d”fhéadfadh difear a dhéanamh do bhunús an Chinnidh seo, cuirfear na hathruithe sin in iúl don Choimisiún gan mhoill. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hathruithe faoina dtugtar fógra d’fhonn a shuí cé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leormhaith fós leis an scéim na critéir maidir le hinbhuanaitheacht a bhfuil sí aitheanta ina leith.

Airteagal 3

Féadfaidh an Coimisiún an Cinneadh seo a aisghairm, inter alia, sna cúinsí seo a leanas:

(a)

má léirítear go soiléir nach bhfuil eilimintí curtha chun feidhme leis an scéim, arb eilimintí iad a mheastar a bheith tábhachtach don Chinneadh seo nó má dhéantar sárú tromchúiseach agus struchtúrach ar na heilimintí sin;

(b)

mura gcuireann an scéim tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 30(5) de Threoir (AE) 2018/2001;

(c)

mura gcuirtear chun feidhme leis an scéim na caighdeáin iniúchóireachta neamhspleáiche agus ceanglais eile a shonraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 30(8) de Threoir (AE) 2018/2001 nó mura gcuirtear chun feidhme léi feabhsuithe ar eilimintí eile den scéim a mheastar a bheith tábhachtach maidir le haitheantas leanúnach.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/807 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunábhar lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a chinneadh ina ndéantar síneadh suntasach a chur leis an limistéar táirgthe le go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin ann chomh maith le deimhniú bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann ísealriosca maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid (IO L 133, 21.5.2019, lch. 1-7).

(3)  Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/77/CE agus Treoir 2003/30/CE (IO L 140 5.6.2009, lch. 16).


Top