EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0591

Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030

PE/83/2021/REV/1

IO L 114, 12.4.2022, p. 22–36 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/591/oj

12.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 114/22


CINNEADH (AE) 2022/591 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Aibreán 2022

maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 192(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), bhí cláir ghinearálta gníomhaíochta comhshaoil leanúnacha ina dtreoir ag forbairt agus comhordú bheartas comhshaoil an Aontais agus leis na cláir sin, soláthraíodh an creat le haghaidh ghníomhaíocht an Aontais i réimse an chomhshaoil agus na haeráide ó bhí 1973 ann.

(2)

Le Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), bunaíodh an 7ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil (“7ú CGC”). Leis an 7ú CGC, leagtar amach clár oibre an Aontais maidir leis an gcomhshaol don tréimhse suas go dtí an 31 Nollaig 2020 chomh maith le fís fhadtéarmach le haghaidh 2050.

(3)

I dtuarascáil ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2019 maidir leis an meastóireacht ar an 7ú CGC, thángthas ar an tátal go raibh an fhís agus na cuspóirí tosaíochta le haghaidh 2050 fós bailí; gur chuidigh an 7ú CGC le gníomhaíocht níos intuartha, níos tapúla agus níos comhordaithe a sholáthar sa bheartas comhshaoil agus gur chuidigh struchtúr agus creat cumasúcháin an 7ú CGC le sineirgí a chruthú, rud a d’fhág an beartas comhshaoil a bheith níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. Ina theannta sin, thángthas ar an tátal sa mheastóireacht gur réamh-mheasadh Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe (“Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe”) sa 7ú CGC trína áitiú go bhfuil an fás eacnamaíoch agus an dea-bhail shóisialta ag brath ar bhonn acmhainní nádúrtha sláintiúil agus leis an meastóireacht, éascaíodh leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a bhaint amach, agus cuireadh ar chumas an Aontais labhairt d’aon ghuth ar an ardán domhanda maidir le cúrsaí aeráide agus comhshaoil, ach thángthas ar an tátal nár leor an dul chun cinn maidir le cosaint an dúlra, maidir leis an tsláinte ná maidir le hábhar imní faoin gcomhshaol a chomhtháthú i réimsí beartais eile. Thángthas ar an tátal sa mheastóireacht freisin go bhféadfaí tuilleadh airde a thabhairt ar shaincheisteanna sóisialta sa 7ú CGC, trí thógáil ar na naisc atá ann cheana idir an comhshaol agus an beartas sóisialta, maidir leis an tionchar ar ghrúpaí leochaileacha, ar phoist, ar an gcuimsiú sóisialta agus ar an neamhionannas, mar shampla. Ina theannta sin, tugadh ar aird sa tuarascáil ón gCoimisiún gurb amhlaidh, ainneoin na spriocanna comhshaoil i roinnt mhaith réimsí beartais a bheith ina spriocanna uaillmhianacha mó sa mhó, atá an caiteachas ar chosaint an chomhshaoil fós leanúnach san Eoraip le roinnt mhaith blianta anuas (thart ar 2 % de OTI) agus go bhfágann an mhainneachtain reachtaíocht chomhshaoil a chur chun feidhme go mbíonn ar gheilleagar an Aontais tuairim is EUR 55 bhilliún a sheasamh gach bliain i gcostais sláinte agus i gcostais dhíreacha don chomhshaol. Sa tuarascáil ón gCoimisiún, tugadh ar aird go bhféadfaí cur chun feidhme an 7ú CGC a neartú trí shásra faireacháin níos láidre.

(4)

De réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) ina tuarascáil dar teideal The European environment – state and outlook 2020, Knowledge for transition to a sustainable Europe [Comhshaol na hEorpa — staid agus forbhreathnú 2020, Eolas ar mhaithe leis an aistriú chuig Eoraip inbhuanaithe] (“SOER 2020”), tá deis shainiúil ann don Aontas sna 10 mbliana atá amach romhainn ceannaireacht dhomhanda a thaispeáint maidir leis an inbhuanaitheacht trí dhul i ngleic leis na dúshláin inbhuanaitheachta phráinneacha a dteastaíonn réitigh shistéamacha ina leith. Is é atá i gceist le hathrú sistéamach ná athrú bunúsach, claochlaitheach agus trasearnálach arb é atá ann ná mórathruithe agus atreorú i spriocanna córas, dreasachtaí, teicneolaíochtaí, cleachtais shóisialta agus noirm shóisialta, agus freisin i gcórais eolais agus i gcineálacha cur chuige rialachais. Mar a luadh in SOER 2020, ceann de na tosca is tábhachtaí is cúis le dúshláin dhianseasmhacha chomhshaoil agus inbhuanaitheachta na hEorpa is ea go bhfuil dlúthbhaint acu le gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus stíleanna maireachtála, go háirithe na córais shochaíocha lena soláthraítear riachtanais do mhuintir na hEorpa amhail bia, fuinneamh agus soghluaisteacht. Dá n-áiritheofaí comhleanúnachas beartais leis na beartais chomhshaoil atá ann cheana, agus dá ndéanfaí iad a chur chun feidhme go hiomlán, ba mhór an cuidiú é don Eoraip a spriocanna aeráide suas go dtí 2030 agus Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus na SDGanna atá ann a bhaint amach.

(5)

Thug an Coimisiún aghaidh ar na dúshláin a sainaithníodh in SOER 2020 trí theachtaireacht an 11 Nollaig 2019 dar teideal “The European Green Deal” [An Comhaontú Glas don Eoraip] a ghlacadh, arb é atá ann straitéis fáis nua don aistriú dúbailte glas agus digiteach a bhfuil sé mar aidhm leis sochaí chothrom agus rathúil a dhéanamh den Aontas, sochaí ina mbeidh geilleagar atá inbhuanaithe, iomaíoch, aeráidneodrach agus tíosach ar acmhainní, agus caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú agus fós feabhas a chur ar cháilíocht saoil na nglúnta atá ann anois agus atá le teacht. Ba cheart tús áite a thabhairt do spriocanna aeráide agus comhshaoil a bhaint amach go tapa agus fós sláinte agus dea-bhail daoine a chosaint ar rioscaí comhshaoil agus ar thionchair chomhshaoil agus aistriú cóir agus cuimsitheach a áirithiú. Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), cumhdaítear sa dlí sprioc an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí.

(6)

I rún uaithi an 28 Samhain 2019 ar an éigeandáil aeráide agus comhshaoil, chuir Parlaimint na hEorpa i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach gníomhaíocht láithreach agus uaillmhianach a dhéanamh agus thathantaigh sí ar an gCoimisiún gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh, lena n-áirítear trína áirithiú go mbeidh na tograí reachtacha agus buiséadacha ábhartha uile a bheidh ann amach anseo ailínithe go hiomlán leis an gcuspóir teorainn faoi bhun 1,5 °C a chur leis an téamh domhanda agus nach mbeidh siad ag cur le cailliúint na bithéagsúlachta, agus trí aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí i mbeartais reatha an Aontais maidir leis an éigeandáil aeráide agus comhshaoil, go háirithe trí athchóiriú forleathan ar a bheartais infheistíochta talmhaíochta, trádála, iompair, fuinnimh agus bonneagair.

(7)

Tá an Comhaontú Glas don Eoraip mar bhonn agus mar thaca le Plean Téarnaimh an Aontais Eorpaigh don Chéad Ghlúin Eile, ina gcuirtear chun cinn infheistíocht in earnálacha atá ríthábhachtach don aistriú glas agus digiteach, chun athléimneacht a thógáil agus chun fás agus poist a chruthú i sochaí chothrom agus chuimsitheach. Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a bheidh ina bonn le téarnamh eacnamaíoch an Aontais ó ghéarchéim COVID-19, mar aon le buiséad an Aontais le haghaidh 2021-2027, bunaithe freisin ar na cuspóirí beartais a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Ina theannta sin, tá na tionscnaimh uile faoi Phlean Téarnaimh an Aontais Eorpaigh don Chéad Ghlúin Eile le hurraim a thabhairt, i gcás inarb infheidhme, don phrionsabal arb é “gan dochar suntasach a dhéanamh” mar a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (an “Rialachán maidir le Tacsanomaíocht”). Le Plean Téarnaimh an Aontais Eorpaigh don Chéad Ghlúin Eile, cuirtear deis thábhachtach ar fáil chun dlús a chur le luas an aistrithe i dtreo na haeráidneodrachta agus chosaint an chomhshaoil.

(8)

Chuaigh an 7ú CGC in éag an 31 Nollaig 2020 agus le hAirteagal 4(3) de, cuireadh de cheangal ar an gCoimisiún, más iomchuí, togra le haghaidh an Ochtú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil (“an 8ú CGC”) a thíolacadh ar bhonn tráthúil d’fhonn bearna idir an 7ú CGC agus an 8ú CGC a sheachaint. I dteachtaireacht uaidh maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, d’fhógair an Coimisiún go n-áireofaí san 8ú CGC sásra faireacháin nua chun a áirithiú go leanfadh an tAontas de bheith ar an mbóthar ceart chun a chuspóirí comhshaoil a bhaint amach.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 192(3) CFAE, leis an 8ú CGC, socraítear cuspóirí tosaíochta atá le baint amach. Na bearta is gá chun an 8ú CGC a chur chun feidhme, tá siad le glacadh faoi Airteagal 192(1) nó (2) CFAE.

(10)

Leis na bearta lena gcuirtear an 8ú CGC chun feidhme, amhail tionscnaimh, cláir, infheistíochtaí, tionscadail agus comhaontuithe, ba cheart a chur san áireamh an prionsabal arb é “gan dochar suntasach a dhéanamh” a leagtar síos in Airteagal 17 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.

(11)

Leis an 8ú CGC, ba cheart tacú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip i gcomhréir leis an gcuspóir fadtéarmach arb é maireachtáil go maith, laistigh de na teorainneacha pláinéadacha faoi 2050 ar a dhéanaí, i gcomhréir lena bhfuil bunaithe cheana sa 7ú CGC. Téann an 8ú CGC, mar Chlár Gníomhaíochta Comhshaoil foriomlán an Aontais a bheidh i bhfeidhm go dtí 2030, níos faide ná an Comhaontú Glas don Eoraip. Le cuspóirí tosaíochta an 8ú CGC, leagadh amach treoir do cheapadh beartais an Aontais, ag tógáil ar ghealltanais straitéisí agus thionscnaimh an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, amhail Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030, an Plean Gníomhaíochta Nua don Gheilleagar Ciorclach, an Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht agus an Plean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach, ach iad gan bheith teoranta do na gealltanais sin.

(12)

Is é is aidhm do Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (7) (“Comhaontú Pháras”) an fhreagairt dhomhanda ar bhagairt an athraithe aeráide a neartú, lena n-áirítear tríd an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go maith faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh ar an méadú teochta a theorannú do 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, ag aithint go ndéanfadh sé sin rioscaí agus tionchair an athraithe aeráide a laghdú go suntasach.

(13)

Tá an 8ú CGC ina bhunús leis na cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a shainítear faoi Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus na SDGanna atá ann a bhaint amach, agus ba cheart é a ailíniú le spriocanna Chomhaontú Pháras, le Coinbhinsiúin Rio agus le comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha eile. Fágann an 8ú CGC gur féidir athrú sistéamach a dhéanamh ar gheilleagar an Aontais lena ráthaítear an dea-bhail laistigh de theorainneacha pláinéadacha ina bhfuil an fás ina fhás athghiniúnach agus ba cheart a áirithiú leis freisin go mbainfear an t-aistriú glas amach ar bhealach cóir agus cuimsitheach, agus fós rannchuidiú le neamhionannas a laghdú. De réir múnla a d’fhorbair Ionad Athléimneachta Stócólm, tá baint amach na SDGanna a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar bhonn agus mar thaca leis na SDGanna sóisialta agus eacnamaíocha toisc go mbraitheann ár sochaithe agus ár ngeilleagair ar bhithsféar sláintiúil agus toisc nach féidir forbairt inbhuanaithe a dhéanamh ach laistigh de spás oibríochta sábháilte pláinéid chobhsaí agus athléimnigh. Beidh baint amach na SDGanna ag an Aontas agus a thacaíocht do thríú tíortha déanamh amhlaidh bunriachtanach má tá an tAontas le ceannaireacht dhomhanda a léiriú maidir le haistrithe inbhuanaitheachta a bhaint amach.

(14)

Maidir le gníomhaíocht chun cuspóirí comhshaoil agus aeráide an Aontais a bhaint amach, is gá í a dhéanamh i gcomhréir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

(15)

De bhun Airteagal 191(2) CFAE, tá sé le bheith d’aidhm ag beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol ardleibhéal cosanta a bhaint amach, agus éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla an Aontais á cur san áireamh, agus tá sé le bheith fothaithe ar phrionsabal an réamhchúraim agus ar na prionsabail gur cheart beart coisctheach a ghlacadh, go dtabharfar tosaíocht do bhearta chun damáiste don chomhshaol a cheartú ag an bhfoinse agus gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as.

(16)

Leis an 8ú CGC, ba cheart dlús a chur leis an aistriú glas, ar bhealach cóir agus cuimsitheach, chuig geilleagar ciorclach a bheidh aeráidneodrach, inbhuanaithe, neamhthocsaineach, tíosach ar acmhainní, bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite, athléimneach agus iomaíoch a thugann níos mó ar ais don phláinéad ná mar a thógann sé uaidh. Ba cheart don aistriú glas tarlú i gcomhthéacs gheilleagar na dea-bhaile ina bhfuil an fás ina fhás athghiniúnach agus a fhágann gur féidir athrú sistéamach a dhéanamh, a aithníonn go bhfuil dea-bhail agus rathúnas ár sochaithe ag brath ar aeráid chobhsaí, ar thimpeallacht shláintiúil agus ar éiceachórais rathúla agus a sholáthraíonn spás oibríochta sábháilte laistigh de theorainneacha pláinéadacha. De réir mar a leanann an daonra domhanda agus an t-éileamh ar acmhainní nádúrtha de bheith ag fás, ba cheart go bhforbródh an ghníomhaíocht eacnamaíoch ar bhealach inbhuanaithe nach ndéanann aon dochar ach, ina choinne sin, a aisiompaíonn an t-athrú aeráide, a dhéanann an riocht atá ar an gcomhshaol a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú, lena n-áirítear trí stad a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus í a aisiompú, a choisceann díghrádú an chomhshaoil, a chosnaíonn an tsláinte agus an dea-bhail ar rioscaí diúltacha comhshaoil agus tionchair dhiúltacha chomhshaoil, a choisceann agus a íoslaghdaíonn truailliú, agus arb é is toradh air go ndéantar an caipiteal nádúrtha a choinneáil agus a shaibhriú agus go ndéantar bithgheilleagar inbhuanaithe a chur chun cinn, rud a fhágann go n-áirithítear raidhse acmhainní inathnuaite agus neamh-inathnuaite. Trí thaighde agus nuálaíocht leanúnach, trí na patrúin táirgeachta agus tomhaltais a athrú ó bhonn, agus trí dhul in oiriúint do dhúshláin nua agus an chomhchruthaitheacht, neartaíonn geilleagar na dea-bhaile an athléimneacht agus cosnaíonn sé dea-bhail na nglúnta atá ann anois agus atá le teacht.

(17)

San 8ú CGC, ba cheart cuspóirí tosaíochta téamacha a leagan amach i réimsí an mhaolaithe ar an athrú aeráide, an oiriúnaithe don athrú aeráide, chosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta talún agus muirí, an gheilleagair chiorclaigh neamhthocsainigh, na timpeallachta atá saor ó thruailliú agus íoslaghdú na mbrúnna a chuireann an táirgeadh agus an tomhaltas ar an gcomhshaol sna hearnálacha uile den gheilleagar. Tá na cuspóirí tosaíochta téamacha sin, lena dtugtar aghaidh ar na nithe is siocair leis an damáiste don chomhshaol agus ar thionchair an damáiste don chomhshaol, idirnasctha go dlúth le chéile go nádúrtha. Tá gá le cur chuige sistéamach, dá bhrí sin, chun iad a bhaint amach. Thairis sin, leis an 8ú CGC, ba cheart na coinníollacha cumasúcháin a shainaithint chun na cuspóirí tosaíochta fadtéarmacha agus téamacha do na gníomhaithe uile lena mbaineann a bhaint amach ar bhealach comhsheasmhach.

(18)

Sna measúnuithe tionchair a dhéantar i gcomhthéacs an 8ú CGC, ba cheart a chur san áireamh réimse iomlán na dtionchar láithreach agus fadtéarmach ar an gcomhshaol agus ar an aeráid mar chuid d’anailís chomhtháite ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil, lena n-áirítear a n-éifeachtaí carnacha, chomh maith le costais na gníomhaíochta agus na neamhghníomhaíochta. Ba cheart na measúnuithe tionchair sin a bheith bunaithe ar chomhairliúchán leathan agus trédhearcach. Laistigh de 8 seachtaine tar éis clabhsúr a bheith curtha ar chomhairliúchán poiblí, ba cheart don Choimisiún aiseolas mionsonraithe a thabhairt ar fhreagraí na ngeallsealbhóirí ar an gcomhairliúchán, agus idirdhealú á dhéanamh aige idir an t-ionchur ó chineálacha éagsúla geallsealbhóirí.

(19)

Tá an t-aistriú chuig geilleagar na dea-bhaile, ina bhfuil an fás ina fhás athghiniúnach, ina bhunchuid den 8ú CGC agus cumhdaítear i gcuspóirí tosaíochta 2030 agus cuspóirí tosaíochta 2050 araon é. Chun an t-aistriú sin a áirithiú, beidh ar an Aontas cur chuige níos iomlánaíche i leith an cheaptha beartais a fhorbairt trí, inter alia, úsáid a bhaint as deais achomair lena dtomhaistear dul chun cinn eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil “thar OTI”. Le tacar táscairí achomair, mar chuid d’iarrachtaí an Aontais ar Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, thabharfaí achoimre ar na próisis táscaire agus faireacháin atá ann cheana, agus faisnéis á soláthar ag an am céanna freisin faoin ghiorra atáthar do na spriocanna a bhaint amach, i gcás inar féidir, agus is é a bheadh ann, ar deireadh, ná achoimre pholaitiúil chun an ceapadh beartais a threorú. Áirítear, dá bhrí sin, forbairt tacair táscaire den sórt sin mar choinníoll cumasúcháin sa 8ú CGC.

(20)

Le Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus le Fóram Domhanda ECFE maidir leis an gComhshaol, léiríodh go bhfuil tionchar inscne-shonrach ag athruithe comhshaoil. Tá róil inscne-dhifreáilte ina gcúis le leochaileachtaí difreáilte ban agus fear i leith éifeachtaí an athraithe aeráide freisin, agus fágann tionchair an athraithe aeráide an neamhionannas inscne a bheith níos measa. Dá bhrí sin, tá gá le gné inscne maidir le gníomhaíochtaí agus spriocanna a bhaineann le cuspóirí tosaíochta an 8ú CGC a bhaint amach chun cuidiú lena áirithiú nach ndéanfar an neamhionannas inscne a bhuanú.

(21)

In Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), luaitear go bhfuiltear le gné maidir le dul chun cinn na mBallstát i dtreo fóirdheontais fuinnimh a chéimniú amach, go háirithe le haghaidh breoslaí iontaise, a áireamh sa tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh. Foráiltear le hAirteagal 17 den Rialachán sin go bhfuil an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste Aontais Fuinnimh, le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena n-áirítear modheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar chéimniú amach na bhfóirdheontas fuinnimh, go háirithe le haghaidh breoslaí iontaise. Sa bhreis air sin, bunaithe ar thorthaí staidéir leanúnaigh, tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit fóirdheontais eile atá díobhálach don chomhshaol a chéimniú amach.

(22)

Chun riachtanais Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030 a chomhlíonadh, lena n-áirítear tosaíochtaí infheistíochta do Natura 2000 agus don bhonneagar glas, mheas an Coimisiún gur cheart ar a laghad EUR 20 billiún in aghaidh na bliana a scaoileadh lena chaitheamh ar an dúlra. Leis sin, éileofar go slógfar cistiú príobháideach agus poiblí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear trí réimse clár éagsúil.

(23)

I gcomhréir le teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal “Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment” [Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallachta Saor ó Thocsaineach], leis an 8ú CGC, ba cheart tacú le hiarrachtaí an Aontais chun bainistiú fónta ceimiceán a chur chun cinn tríd an gcomhar idirnáisiúnta agus trí chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, i bhfóraim dhéthaobhacha, réigiúnacha agus iltaobhacha agus freisin i gcomhar le tríú tíortha. Áiritheoidh an tAontas, i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta, nach ndéanfar ceimiceáin ghuaiseacha a bhfuil toirmeasc orthu san Aontas a tháirgeadh lena n-onnmhairiú, lena n-áirítear trí reachtaíocht ábhartha a leasú más gá agus de réir mar is gá.

(24)

San Aontas agus ar fud an domhain, tá an talamh agus an ithir fós á ndíghrádú i ngeall ar réimse leathan gníomhaíochtaí daonna, amhail drochbhainistiú talún, athrú ar thalamhúsáid, cleachtais talmhaíochta neamh-inbhuanaithe, tréigean talún, truailliú, cleachtais foraoiseachta neamh-inbhuanaithe agus séalú ithreach, agus mar gheall ar chailliúint na bithéagsúlachta agus an t-athrú aeráide, go minic i dteannta tosca eile, rud a fhágann go laghdaítear acmhainneacht na talún agus na hithreach seirbhísí agus feidhmeanna éiceachórais a sholáthar.

(25)

Tá an córas bia domhanda, lena n-áirítear an talmhaíocht, an t-iascach agus an dobharshaothrú, fós ar cheann de na príomhchúiseanna atá leis an athrú aeráide agus le díghrádú an chomhshaoil, lena n-áirítear an dífhoraoisiú domhanda. San Aontas, is gá córas bia an Aontais a athrú ó bhonn chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí tosaíochta an 8ú CGC.

(26)

De réir Thuarascáil Cheardlainne an 29 Deireadh Fómhair 2020 ar an mBithéagsúlacht agus ar Phaindéimí arna heisiúint ag Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES), is ionann bunchúiseanna paindéimí agus na hathruithe comhshaoil domhanda céanna is siocair le cailliúint na bithéagsúlachta agus leis an athrú aeráide, lena n-áirítear athrú ar thalamhúsáid, leathnú na talmhaíochta agus diansaothrú na talmhaíochta, agus trádáil fiadhúlra agus tomhaltas fiadhúlra, agus tosca eile. Tá an t-athrú aeráide luaite le teacht chun cinn galar agus is dócha go mbeidh sé ina chúis le riosca suntasach paindéime amach anseo, agus, ag an am céanna, tá baint ag cailliúint na bithéagsúlachta le hathrú ó bhonn a dhéanamh ar an tírdhreach agus is féidir léi, i gcásanna áirithe, a bheith ina chúis le baol níos mó a bheith ann go dtiocfaidh galair chun cinn. De réir na tuarascála, is mó costas na neamhghníomhaíochta ná an costas a bhaineann le straitéisí domhanda a chur chun feidhme chun paindéimí a chosc bunaithe ar an trádáil fiadhúlra agus athrú ar thalamhúsáid a laghdú agus ar fhaireachas na hAon Sláinte Amháin a mhéadú.

(27)

Léiríodh arís le paindéim COVID-19, a bhí ina cúis le géarchéim eacnamaíoch agus sláinte dhomhanda nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, a thábhachtaí atá sé cur chuige ilearnálach na hAon Sláinte Amháin a chur i bhfeidhm sa cheapadh beartas, lena n-aithnítear go bhfuil sláinte an duine ag brath ar an riocht atá ar an gcomhshaol agus go bhfuil sí nasctha lena chodanna agus lena thosca, lena n-áirítear sláinte ainmhithe, agus gur gá, le gníomhaíochtaí chun dul i ngleic le bagairtí ar an tsláinte, castacht idirghaol sláinte agus comhshaoil a chur san áireamh. Leis an 8ú CGC, ba cheart rannchuidiú le comhtháthú iomlán chur chuige na hAon Sláinte Amháin ar fud leibhéil uile an cheaptha beartais.

(28)

Chun cuspóirí tosaíochta an 8ú CGC a bhaint amach, is coinníoll cumasúcháin é dul chun cinn a dhéanamh i dtreo aitheantas a thabhairt don cheart chun comhshaoil ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe, mar a leagtar amach i Rún 48/13 ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine.

(29)

An téarma “cur chuige éiceachórais”, a bunaíodh faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht, is straitéis é chun bainistiú comhtháite a dhéanamh ar thalamh, uisce agus beo-acmhainní lena gcuirtear caomhnú agus úsáid inbhuanaithe chun cinn ar bhealach cothrom chun cuidiú le cothromaíocht a aimsiú idir na trí chuspóir den Choinbhinsiún, eadhon caomhnú, úsáid inbhuanaithe agus comhroinnt tairbhí na bithéagsúlachta.

(30)

De réir na tuarascála ó EEA dar teideal Nature-based solutions in Europe: Policy, knowledge and practice for climate change adaptation and disaster risk reduction [Réitigh Dhúlrabhunaithe san Eoraip: Beartas, eolas agus cleachtadh don oiriúnú don athrú aeráide agus laghdú rioscaí tubaiste], is é atá i gceist le réitigh dhúlrabhunaithe (NBS) maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus laghdú rioscaí tubaiste ná gníomhaíochtaí a oibríonn leis an dúlra, agus a fheabhsaíonn é, chun éiceachórais a athbhunú agus a chosaint agus chun cabhrú leis an tsochaí oiriúnú do thionchair an athraithe aeráide agus tuilleadh téimh a mhoilliú, agus fós tairbhí breise iomadúla a sholáthar. Ba cheart cur chun feidhme NBS a bheith comhleanúnach le cuspóirí tosaíochta an 8ú CGC.

(31)

Le cuntasaíocht an chaipitil nádúrtha, uirlis a bhfuil sé d’aidhm aici tomhas a dhéanamh ar na hathruithe ar stoc an chaipitil nádúrtha ar scálaí éagsúla agus luach na seirbhísí éiceachórais a chomhtháthú i gcórais chuntasaíochta agus tuairiscithe, ba cheart tacú le tomhas a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna agus bearta uaillmhianacha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú, nach féidir léi teacht ina hionad.

(32)

Tá éiceachórais mhuirí agus chósta, amhail mangróibh, sceireacha coiréil, riasca goirt agus móinéir féir mara, á ndíghrádú agus tá tionchar diúltach á imirt orthu trí phróisis dhíobhálacha, truailliú agus próisis amhail eotrófú agus aigéadú, rud a bhfuil tionchar aige ar an mbithéagsúlacht a chothaíonn siad agus ar na seirbhísí éiceachórais agus na feidhmeanna éiceachórais a sholáthraíonn siad, agus ar a n-acmhainneacht gníomhú mar linnte carbóin. Tá gá le gníomhaíocht phráinneach chun éiceachórais mhuirí agus chósta a chosaint agus a athbhunú, lena n-áirítear grinneall an aigéin. Dúshlán domhanda agus freagracht chomhchoiteann is ea cosaint agus caomhnú na n-aigéan, agus is gá feasacht a mhúscailt agus feabhas a chur ar an tuiscint ar na haigéin chun glacadh agus cur chun feidhme beart éifeachtach ar na leibhéil uile den tsochaí, agus ag na gníomhaithe uile sa tsochaí, a chothú.

(33)

Meastar go dtiocfaidh tuilleadh méadaithe ar dhíghrádú an chomhshaoil agus ar éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide sna blianta amach romhainn, arb iad na tíortha atá i mbéal forbartha agus na pobail leochaileacha is mó a bheidh buailte aige sin. Chun cuidiú le hathléimneacht a thógáil agus chun tacú le tríú tíortha agus iarrachtaí á ndéanamh acu ar an athrú aeráide a mhaolú agus ar oiriúnú don athrú aeráide agus freisin chun an bhithéagsúlacht a chosaint, leis an gcúnamh airgeadais ón Aontas agus ó na Ballstáit do thríú tíortha, ba cheart Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe, Comhaontú Pháras agus creat domhanda Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis mBithéagsúlacht don ré i ndiaidh 2020 a chur chun cinn, agus ba cheart é a bheith i gcomhréir le cuspóirí tosaíochta an 8ú CGC. Thairis sin, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit a áirithiú freisin go ndéanfar Comhaontú Pháras agus comhaontuithe idirnáisiúnta eile maidir leis an aeráid agus maidir leis an gcomhshaol a chur chun feidhme ar bhealaí lena léirítear prionsabal an chothromais agus an prionsabal gur comhchoiteann ach difreáilte atá na freagrachtaí agus na cumais, ar cumais faoi seach iad, mar a leagtar síos in Airteagal 2(2) de Chomhaontú Pháras.

(34)

Tá taidhleoireacht ghlas agus comhar feabhsaithe le tríú tíortha, lena n-áirítear tíortha atá i mbéal forbartha, agus tacaíocht a thabhairt don dea-rialachas comhshaoil domhanda, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí sa chinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a chur chun cinn, ríthábhachtach chun SDGanna mar aon le cuspóirí comhshaoil agus aeráide an Aontais a bhaint amach. Tá sé bunriachtanach freisin go n-áiritheofaí go mbeidh sineirgí agus comhleanúnachas ann idir beartais inmheánacha agus sheachtrach uile an Aontais, lena n-áirítear beartais agus comhaontuithe trádála, agus go gcloífí le Comhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt Inbhuanaithe.

(35)

Toisc go bhfuil an beartas comhshaoil thar a bheith díláraithe, maidir le gníomhaíocht chun cuspóirí tosaíochta an 8ú CGC a ghnóthú, ba cheart í a dhéanamh ar leibhéil éagsúla rialachais, i.e. ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, agus cur chuige comhoibritheach i leith an rialachais il-leibhéil ann. Is bunriachtanach iad faireachán, cur chun feidhme, forfheidhmiú agus cuntasacht éifeachtúil, agus tá gá le rialachas éifeachtach chun comhleanúnachas idir beartais a áirithiú. Ba cheart an cur chuige comhtháite i leith forbairt agus cur chun feidhme beartais a neartú d’fhonn na sineirgí idir cuspóirí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a uasmhéadú trí scagadh córasach agus, i gcás inarb iomchuí, measúnú córasach a dhéanamh ar na comhbhabhtálacha a d’fhéadfadh a bheith ann eatarthu, agus freisin trí mheastóireacht chórasach a dhéanamh ar riachtanais grúpaí leochaileacha agus imeallaithe. Leis an gcur chuige comhtháite sin, ba cheart freastal ar riachtanais shonracha na réigiún uile, lena n-áirítear limistéir uirbeacha agus thuaithe agus na réigiúin is forimeallaí. Thairis sin, tá rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol, an rannpháirtíocht phoiblí sa chinnteoireacht faoin gcomhshaol, agus rochtain ar cheartas, lena n-áirítear rannpháirtíocht thrédhearcach le húdaráis phoiblí, agus idir údaráis phoiblí, ar na leibhéil uile den chinnteoireacht, gníomhaithe neamhrialtasacha agus an pobal i gcoitinne i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (9) (“Coinbhinsiún Aarhus”) tábhachtach chun a áirithiú go mbeidh rath ar an 8ú CGC.

(36)

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn arna dhéanamh ag an Aontas agus ag na Ballstáit maidir le cuspóirí tosaíochta an 8ú CGC a bhaint amach i gcomhthéacs an aistrithe chóir agus chuimsithigh i dtreo na hinbhuanaitheachta, na dea-bhaile agus na hathléimneachta laistigh de theorainneacha pláinéadacha. Tá sé sin i gcomhréir le héilimh Chinn Stáit nó Rialtais na mBallstát i ndearbhú Porto, le héilimh na Comhairle sna conclúidí uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le Geilleagar na Dea-Bhaile agus leis na héilimh ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa sa Pháipéar Machnaimh uaidh dar teideal “Towards a Sustainable Europe by 2030” [I dTreo na hEorpa Inbhuanaithe faoi 2030] go dtomhaisfí an fheidhmíocht eacnamaíoch agus dul chun cinn na sochaí “thar OTI”, agus go ngluaisfí i dtreo an dea-bhail a úsáid mar threoir i gcomhair beartais, rud a dtacaíonn ECFE leis chomh maith.

(37)

An measúnú ar an dul chun cinn i dtreo cuspóirí tosaíochta an 8ú CGC a bhaint amach, ba cheart é a bheith ina léiriú ar na forbairtí is déanaí maidir le hinfhaighteacht agus ábharthacht na sonraí agus na dtáscairí. Ba cheart é a bheith comhsheasmhach le huirlisí faireacháin agus rialachais lena gcumhdaítear gnéithe níos sonraithe den bheartas comhshaoil agus aeráide, amhail, go háirithe, Rialachán (AE) 2018/1999, an tAthbhreithniú ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil, a d’fhógair an Coimisiún sa teachtaireacht uaidh an 27 Bealtaine 2016 dar teideal “Delivering the benefits of EU environmental policies through a regular Environmental Implementation Review” [Tairbhí bheartais chomhshaoil an Aontais Eorpaigh a chur ar fáil trí Athbhreithniú rialta ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil], agus uirlisí faireacháin a bhaineann le geilleagar ciorclach, leis an truailliú nialasach, leis an mbithéagsúlacht, leis an aer, leis an uisce, leis an ithir, leis an dramhaíl, nó le haon bheartais chomhshaoil eile, agus níor cheart gur dhochar é dóibh. In éineacht le huirlisí a úsáidtear faoin Seimeastar Eorpach, Faireachán Eurostat ar SDGanna agus teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2020 dar teideal “2020 Strategic Foresight Report” [Tuarascáil 2020 ar an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach], ba cheart an measúnú ar an dul chun cinn i dtreo bhaint amach chuspóirí tosaíochta an 8ú CGC a bheith ina chuid de thacar trasearnálach, comhtháite agus idirnasctha uirlisí faireacháin agus rialachais, lena gcumhdófaí ní hamháin tosca comhshaoil ach tosca sóisialta agus eacnamaíocha freisin.

(38)

Tá sé tábhachtach tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an mbonn eolais maidir le teorainneacha pláinéadacha agus maidir leis na loirg chomhshaoil, agus forbairt a dhéanamh ar thacair ábhartha táscairí, i bhfianaise chuspóirí tosaíochta an 8ú CGC, go háirithe an cuspóir tosaíochta fadtéarmach atá aige.

(39)

Tá gá le sonraí agus táscairí láidre agus fiúntacha chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo cuspóirí tosaíochta an 8ú CGC a bhaint amach. Ba cheart don Choimisiún, do EEA agus do ghníomhaireachtaí ábhartha eile na sonraí agus na táscairí arna soláthar ag na Ballstáit a rochtain, a athúsáid agus cur leo i gcomhréir le gníomhartha dlí an Aontais is infheidhme. Sa bhreis air sin, ba cheart úsáid a bhaint as foinsí eile sonraí, amhail sonraí satailíte agus faisnéis phróiseáilte a thógtar ó Chlár an Aontais um Fhaire na Cruinne (Copernicus), an Córas Eorpach Faisnéise maidir le Dóiteáin Foraoise, an Córas Faisnéise Bithéagsúlachta don Eoraip, an Córas Aitheantais le haghaidh Dáileachtaí Talaimh agus an Córas Eorpach maidir le Feasacht Tuile, agus ardáin sonraí amhail an Líonra Breathnóireachta agus Sonraí Muirí Eorpach agus an tArdán Faisnéise maidir le Faireachán ar Cheimiceáin. Le huirlisí digiteacha nua-aimseartha agus intleacht shaorga a chur i bhfeidhm, táthar in ann na sonraí a bhainistiú agus a anailísiú ar bhealach éifeachtach, rud a laghdaíonn, dá réir sin, an t-ualach riaracháin, agus a mhéadaíonn an tráthúlacht agus an cháilíocht ag an am céanna. Chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo cuspóirí tosaíochta an 8ú CGC a bhaint amach, d’fhéadfaí spriocanna nach bhfuil ceangailteach ó thaobh an dlí de a úsáid de bhreis ar spriocanna atá ceangailteach ó thaobh an dlí de a leagtar amach i ndlí an Aontais.

(40)

Ina theannta sin, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoracha 2003/4/CE (10), 2007/2/CE (11) agus (AE) 2019/1024 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na sonraí, an fhaisnéis agus na táscairí ábhartha le haghaidh faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an 8ú CGC ar fáil gan bhac, go mbeidh siad neamh-idirdhealaitheach, go mbeidh rochtain oscailte orthu, go mbeidh siad leormhaith, go mbeidh siad ar ardcháilíocht, go mbeidh siad inchomparáide, go mbeidh siad cothrom le dáta, go mbeidh siad soláimhsithe agus go mbeidh siad inrochtana go héasca ar líne.

(41)

Chun cuspóirí beartais an 8ú CGC a bhaint amach, ba cheart inniúlacht leormhaith agus dóthain acmhainní a bheith ag EEA agus ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA), agus freisin ag na Ballstáit, chun bonn eolais agus fianaise fónta, inrochtana agus trédhearcach a áirithiú chun tacú le cur chun feidhme thosaíochtaí straitéiseacha an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus leis an measúnú ar dhul chun cinn faoin 8ú CGC. I gcás inarb ábhartha, ba cheart comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile a bheith rannpháirteach freisin i gcur chun feidhme na dtosaíochtaí straitéiseacha sin agus sa mheasúnú sin ar dhul chun cinn, agus ba cheart dóibh rannchuidiú leo freisin.

(42)

Foráiltear le hAirteagal 192(3), an chéad fhomhír, CFAE gur faoi Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle atá sé, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, cláir ghníomhaíochta ghinearálta a ghlacadh ina leagtar amach na cuspóirí tosaíochta atá le baint amach i réimse bheartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol. Ós rud é go bhfuil treochlár príomhghníomhaíochtaí atá ábhartha do réimse an chomhshaoil agus na haeráide sna blianta amach romhainn sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, ní shainítear sa Chinneadh seo, ar bhonn eisceachtúil, gníomhaíochtaí chun a chuspóirí tosaíochta don tréimhse go dtí 2025 a bhaint amach. Beidh gá lena dhéanamh, áfach, don tréimhse tar éis a mheastar a bheidh príomhghníomhaíochtaí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip curtha i bhfeidhm faoi 2024, chun a áirithiú gur féidir na cuspóirí tosaíochta téamacha a leagtar amach sa Chinneadh seo a bhaint amach agus go leanfaidh an 8ú CGC de bheith ina bhonn leis an bhfís uileghabhálach atá ina bunsraith faoi bheartas comhshaoil an Aontais. Tá an méid sin riachtanach freisin chun urraim a thabhairt do shainchúraim Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 192(3), an chéad fhomhír, CFAE, gan dochar do shainchúraim an Choimisiúin de bhun Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú meántéarma a dhéanamh faoin 31 Márta 2024, agus, i gcás inarb iomchuí, chun na cuspóirí tosaíochta téamacha a bhaint amach, faoin 31 Márta 2025, ba cheart togra reachtach a thíolacadh ina dhiaidh sin lena gcuirfí iarscríbhinn leis an gCinneadh seo.

(43)

Chun na cuspóirí beartais atá ag athrú agus an dul chun cinn atá déanta go dtí seo a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an 8ú CGC in 2029. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina mbeidh torthaí na meastóireachta sin, agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart dó togra reachtach a thíolacadh ina dhiaidh sin don chéad chlár gníomhaíochta comhshaoil eile. Ba cheart an togra reachtach sin a thíolacadh ar bhealach tráthúil, d’fhonn bearna idir an 8ú CGC agus an 9ú CGC a sheachaint.

(44)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Chinnidh seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an chláir gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an gCinneadh seo, leagtar amach clár gníomhaíochta ginearálta i réimse an chomhshaoil le haghaidh na tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2030 (an “8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil” nó an “8ú CGC”). Leagtar síos leis cuspóirí tosaíochta an 8ú CGC agus sainaithnítear leis na coinníollacha cumasúcháin is gá chun na cuspóirí tosaíochta sin a bhaint amach. Bunaítear leis creat faireacháin chun tomhas a dhéanamh ar dhul chun cinn an Aontais agus na mBallstát i dtreo bhaint amach chuspóirí tosaíochta an 8ú CGC agus sásra rialachais chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí tosaíochta sin.

2.   Tá sé d’aidhm ag an 8ú CGC dlús a chur leis an aistriú glas chuig geilleagar ciorclach a bheidh aeráidneodrach, inbhuanaithe, neamhthocsaineach, tíosach ar acmhainní, bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite, athléimneach agus iomaíoch ar bhealach cóir, cothrom agus cuimsitheach, agus an riocht atá ar an gcomhshaol a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú trí, inter alia, stad a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus í a aisiompú. Tacaítear leis le cur chuige comhtháite i leith beartais agus i leith cur chun feidhme, agus neartaítear leis an cur chuige sin, ag tógáil ar an gComhaontú Glas don Eoraip.

3.   Tá an 8ú CGC ina bhunús chun na cuspóirí comhshaoil agus aeráide a shainítear faoi Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus na SDGanna atá ann a bhaint amach mar aon leosan a shaothraítear i gcomhaontuithe iltaobhacha maidir leis an gcomhshaol agus maidir leis an aeráid.

4.   Le creat faireacháin an 8ú CGC, rannchuideofar le hiarrachtaí an Aontais ar dhul chun cinn i dtreo na hinbhuanaitheachta, na dea-bhaile agus na hinbhuanaitheachta a thomhas.

5.   Beidh an 8ú CGC bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim, ar phrionsabal an bhirt choiscthigh, ar phrionsabal cheartú an truaillithe ag an bhfoinse agus ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as.

Airteagal 2

Cuspóirí tosaíochta

1.   Beidh sé mar chuspóir tosaíochta fadtéarmach ag an 8ú CGC gurb amhlaidh, faoi 2050 ar a dhéanaí, a bheidh daoine ag maireachtáil go maith, laistigh de na teorainneacha pláinéadacha i ngeilleagar na dea-bhaile nach gcuirfear aon ní amú ann, ina mbeidh an fás ina fhás athghiniúnach, ina mbeidh aeráidneodracht san Aontas bainte amach agus ina mbeidh an neamhionannas laghdaithe go suntasach. Tá timpeallacht shláintiúil mar bhonn agus mar thaca le dea-bhail an uile dhuine agus is timpeallacht í ina gcaomhnaítear an bhithéagsúlacht, ina mbíonn rath ar éiceachórais, agus ina gcosnaítear agus ina n-athbhunaítear an dúlra, rud a fhágann athléimneacht mhéadaithe a bheith ann i leith an athraithe aeráide, i leith tubaistí a bhaineann leis an aimsir agus leis an aeráid agus i leith rioscaí eile comhshaoil. Socraíonn an tAontas an luas chun rathúnas na nglúnta atá ann anois agus atá le teacht a áirithiú ar fud an domhain, faoi threoir na freagrachta idirghlúine.

2.   Beidh na sé chuspóir tosaíochta théamacha idirnasctha seo a leanas ag an 8ú CGC don tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2030:

(a)

laghdú tapa agus intuartha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus, ag an am céanna, feabhsú ar aistriú linnte nádúrtha san Aontas chun go mbainfí amach sprioc 2030 maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119, i gcomhréir le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais, agus fós aistriú cothrom nach bhfágfar aon duine ar lár ann a áirithiú;

(b)

dul chun cinn leanúnach i ndáil le hacmhainneacht oiriúnaitheach a fheabhsú agus a phríomhshruthú, lena n-áirítear ar bhonn cineálacha cur chuige éiceachórais, athléimneacht agus oiriúnú a neartú agus leochaileacht an chomhshaoil, na sochaí agus earnálacha uile an gheilleagair i leith an athraithe aeráide a laghdú, agus fós feabhas a chur ar chosc tubaistí a bhaineann leis an aimsir agus leis an gcomhshaol, agus ar an ullmhacht i leith na dtubaistí sin;

(c)

dul chun cinn a dhéanamh i dtreo gheilleagar na dea-bhaile a thugann níos mó ar ais don phláinéad ná mar a thógann sé uaidh agus dlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach neamhthocsaineach, ina bhfuil an fás ina fhás athghiniúnach, ina n-úsáidtear acmhainní go héifeachtúil agus go hinbhuanaithe, agus ina gcuirtear ord na réiteach dramhaíola i bhfeidhm;

(d)

truailliú nialasach a shaothrú, lena n-áirítear i ndáil le ceimiceáin dhíobhálacha, chun go mbainfí amach timpeallacht atá saor ó thocsainí, lena n-áirítear don aer, don uisce agus don ithir, agus freisin i ndáil le truailliú solais agus truailliú torainn, agus sláinte agus dea-bhail daoine, ainmhithe agus éiceachóras a chosaint ar rioscaí agus tionchair dhiúltacha a bhaineann leis an gcomhshaol;

(e)

an bhithéagsúlacht mhuirí agus talún agus bithéagsúlacht na n-uiscí intíre a chosaint, a chaomhnú agus a athbhunú laistigh de limistéir faoi chosaint, agus lasmuigh díobh, trí, inter alia, stad a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus í a aisiompú agus feabhas a chur ar an riocht atá ar na héiceachórais agus ar a bhfeidhmeanna agus ar na seirbhísí a sholáthraíonn siad, agus tríd an riocht atá ar an gcomhshaol a fheabhsú, go háirithe an t-aer, an t-uisce agus an ithir, agus freisin trí fhású agus díghrádú ithreach a chomhrac;

(f)

gnéithe comhshaoil den inbhuanaitheacht a chur chun cinn agus na príomhbhrúnna ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a bhaineann le táirgeadh agus tomhaltas an Aontais a laghdú go suntasach, go háirithe i réimsí an fhuinnimh, an tionscail, na bhfoirgneamh agus an bhonneagair, na soghluaisteachta, na turasóireachta, na trádála idirnáisiúnta agus an chórais bia.

Airteagal 3

Coinníollacha cumasúcháin chun na cuspóirí tosaíochta a bhaint amach

Chun na cuspóirí tosaíochta a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach, beidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit, ar údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus ar gheallsealbhóirí na nithe seo a leanas a dhéanamh, de réir mar is iomchuí:

(a)

a áirithiú go ndéanfar reachtaíocht agus straitéisí an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus maidir leis an aeráid a chur chun feidhme go héifeachtach, go tapa agus go hiomlán agus iarracht a dhéanamh ar shármhaitheas a bhaint amach san fheidhmíocht chomhshaoil ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear trí dhóthain inniúlachta riaracháin agus dearbhuithe comhlíontachta a sholáthar, mar a leagtar amach san Athbhreithniú rialta ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil, tacú agus comhoibriú le líonraí cleachtóirí, amhail Líonra an Aontais Eorpaigh maidir le Dlí an Chomhshaoil a Chur Chun Feidhme agus a Fhorfheidhmiú, Líonra Eorpach na nIonchúisitheoirí don Chomhshaol, Fóram Breithiúna an Aontais Eorpaigh don Chomhshaol agus an Líonra Eorpach don Choireacht Chomhshaoil;

(b)

tosaíocht a thabhairt d’fhorfheidhmiú dhlí comhshaoil an Aontais i gcás ina bhfuil an cur chun feidhme in easnamh, lena n-áirítear trí imeachtaí um shárú, agus freisin trína áirithiú go leithdháilfear dóthain acmhainní airgeadais agus daonna chun na críche sin agus go mbeidh faisnéis faoi na himeachtaí sin iomlán agus go mbeidh sí inrochtana go héasca, agus dlí an Aontais á urramú ag an am céanna;

(c)

feabhas a chur ar threoir agus ar mholtaí, lena n-áirítear maidir le pionóis éifeachtacha, athchomhairleacha agus chomhréireacha chun an baol nach gcomhlíonfar dlí comhshaoil an Aontais a laghdú, agus freisin dlús a chur leis an ngníomhaíocht i réimse an dliteanais comhshaoil agus le freagairtí ar neamhchomhlíonadh, agus neartú a dhéanamh ar an gcomhar breithiúnach i réimse na coireachta comhshaoil, agus ar fhorfheidhmiú an dlí i gcoinne na coireachta comhshaoil, mar a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais, amhail Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13);

(d)

an cur chuige comhtháite i leith forbairt agus cur chun feidhme beartais a neartú, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

na cuspóirí tosaíochta a leagtar amach in Airteagal 2, agus, i gcás inarb ábhartha, na SDGanna, a phríomhshruthú sna straitéisí, tionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha, cláir, infheistíochtaí agus tionscadail ábhartha uile ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, agus freisin i gcomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha arna dtabhairt i gcrích ag an Aontais tar éis an 2 Bealtaine 2022, chun a áirithiú go mbeidh na straitéisí, tionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha, cláir, infheistíochtaí, tionscadail agus comhaontuithe idirnáisiúnta sin, agus cur chun feidhme na straitéisí, na dtionscnamh reachtach agus neamhreachtach, na gclár, na n-infheistíochtaí, na dtionscadal agus na gcomhaontuithe idirnáisiúnta sin comhsheasmhach leis na cuspóirí tosaíochta a leagtar amach in Airteagal 2, go rannchuideoidh siad leo, i gcás inarb ábhartha, agus nach ndéanfaidh siad aon dochar d’aon cheann díobh;

(ii)

an leas is mó is féidir a bhaint as na sochair atá le baint as Treoracha 2011/92/AE (14) agus 2001/42/CE (15) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme;

(iii)

scagadh córasach agus, i gcás inarb iomchuí, measúnú córasach a dhéanamh ar shineirgí agus ar chomhbhabhtálacha a d’fhéadfadh a bheith ann idir cuspóirí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha i gcomhair na dtionscnamh uile, ionas go n-áiritheofar go ndéanfar dea-bhail daoine, agus go háirithe an gá atá acu le timpeallacht shláintiúil, aer glan agus bia inacmhainne, inrochtana agus ardcháilíochta, uisce, fhuinneamh, tithíocht, bonneagar glas agus soghluaisteacht, a chomhlíonadh ar bhealach inbhuanaithe nach bhfágfaidh aon duine ar lár;

(iv)

cur chuige arb é “Bíodh Tús Áite ag an Inbhuanaitheacht” a ghlacadh, lena n-áirítear trí na SDGanna a chomhtháthú, i gcás inarb ábhartha, sna treoirlínte maidir le “rialáil níos fearr” agus sa bhosca uirlisí maidir le “rialáil níos fearr”, agus an prionsabal arb é “gan dochar a dhéanamh” a chuíchóiriú agus a oibríochtú freisin;

(v)

meastóireacht rialta a dhéanamh ar bheartais atá ann cheana agus, i gcás inarb iomchuí, reachtaíocht nua a mholadh, bunaithe, i gcás inarb ábhartha, ar mheasúnuithe tionchair lena dtógtar ar chomhairliúcháin leathana agus thrédhearcacha — tar éis nósanna imeachta atá cuntasach, cuimsitheach, feasach agus éasca le cur chun feidhme — agus lena gcuirtear san áireamh réimse iomlán na dtionchar láithreach agus fadtéarmach ar an gcomhshaol agus ar an aeráid mar chuid d’anailís chomhtháite ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil, lena n-áirítear a n-éifeachtaí carnacha, agus ar chostais na gníomhaíochta agus na neamhghníomhaíochta freisin;

(vi)

laistigh de 8 seachtaine tar éis don Choimisiún clabhsúr a chur ar chomhairliúchán poiblí, aiseolas mionsonraithe a thabhairt ar fhreagraí na ngeallsealbhóirí ar an gcomhairliúchán, agus idirdhealú á dhéanamh idir an t-ionchur ó chineálacha éagsúla geallsealbhóirí;

(e)

deais achomair agus tacar táscairí a fhorbairt lena dtomhaistear “thar OTI”, bunaithe, inter alia, ar chomhairliúchán spriocdhírithe leis na geallsealbhóirí ábhartha uile mar aon le tuarascáil ina sainaithnítear na hidirnaisc idir na tacair táscairí, na creataí faireacháin agus na próisis atá ann cheana ar leibhéal an Aontais lena dtomhaistear an dul chun cinn sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil agus lena moltar gníomhaíocht maidir le conas is féidir na deaiseanna agus na tacair táscairí atá ann cheana a chuíchóiriú;

(f)

a áirithiú go n-íoslaghdófar an neamhionannas sóisialta a eascraíonn as tionchair agus beartais a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus go ndéanfar bearta arna nglacadh chun an comhshaol agus an aeráid a chosaint ar bhealach atá cothrom agus cuimsitheach go sóisialta;

(g)

príomhshruthú inscne sna beartais uile maidir leis an aeráid agus maidir leis an gcomhshaol, lena n-áirítear trí ghné na hinscne a ionchorprú ag gach céim den phróiseas ceaptha beartais;

(h)

dreasachtaí atá dearfach ó thaobh an chomhshaoil de a neartú agus fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol a chéimniú amach, go háirithe fóirdheontais breosla iontaise, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, gan mhoill, inter alia, tríd an méid seo a leanas:

(i)

creat ceangailteach de chuid an Aontais chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo fóirdheontais breosla iontaise a chéimniú amach bunaithe ar mhodheolaíocht chomhaontaithe;

(ii)

spriocdháta a shocrú do chéimniú amach fóirdheontas breosla iontaise, i gcomhréir leis an uaillmhian an téamh domhanda a theorannú go 1,5 °C;

(iii)

modheolaíocht atá leagtha amach ag an gCoimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, faoi 2023, chun fóirdheontais eile atá díobhálach don chomhshaol a shainaithint; ar bhonn na modheolaíochta sin, sainaithneoidh na Ballstáit fóirdheontais eile atá díobhálach don chomhshaol agus tuairisceoidh siad iad go rialta don Choimisiún, rud a fhágfaidh go mbeidh an Coimisiún in ann tuarascáil ar leibhéal agus cineál na bhfóirdheontas sin san Aontas, agus ar an dul chun cinn arna dhéanamh maidir lena gcéimniú amach, a chur le chéile;

(i)

gníomhaíocht i leith na bithéagsúlachta a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus rannchuidiú leis an uaillmhian fhoriomlán 7,5 % den chaiteachas bliantúil faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 a sholáthar do chuspóirí bithéagsúlachta in 2024 agus 10 % den chaiteachas bliantúil sin a sholáthar in 2026 agus in 2027, agus caiteachas den sórt sin le rianú trí úsáid a bhaint as modheolaíocht éifeachtach, thrédhearcach agus chuimsitheach, agus an forluí atá ann cheana idir cuspóirí aeráide agus comhshaoil á mheas ag an am céanna;

(j)

a áirithiú go ndéanfar príomhshruthú agus díonadh aeráide agus bithéagsúlachta éifeachtach ar bhuiséad an Aontais agus go mbeidh comhsheasmhacht ann idir an cistiú don aeráid agus don bhithéagsúlacht;

(k)

bainistiú fónta ceimiceán a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus céimniú amach domhanda substaintí nach bhfuil údaraithe san Aontas á chur chun cinn ag an am céanna;

(l)

substaintí atá ina n-údar imní a ionadú go tapa, lena n-áirítear substaintí atá ina n-údar mór imní, suaiteoirí inchríneacha, ceimiceáin an-mharthanacha, néaratocsainí agus imdhíontocsainí, agus freisin dul i ngleic le héifeachtaí comhcheangailte ceimiceán, nanafhoirmeacha substaintí agus nochtadh do cheimiceáin ghuaiseacha ó tháirgí, measúnú a dhéanamh ar a dtionchair ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol, lena n-áirítear an aeráid, agus an bhithéagsúlacht, agus, ag an am céanna ceimiceáin agus ábhair trí dhearadh atá sábhailte agus inbhuanaithe á gcur chun cinn agus dlús á chur le hiarrachtaí chun forbairt agus bailíochtú roghanna malartacha ar thástáil ainmhithe a chur chun cinn, agus na hiarrachtaí sin á gcomhordú;

(m)

aghaidh a thabhairt ar dhíghrádú talún agus a áirithiú go ndéanfar ithir a chosaint agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe, lena n-áirítear trí bhíthin togra reachtach tiomnaithe maidir le sláinte na hithreach faoi 2023;

(n)

córas bia an Aontais a athrú ó bhonn, ionas go rannchuideoidh sé, inter alia, leis an mbithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú laistigh den Aontas, agus lasmuigh de, agus go n-áiritheoidh sé ardleibhéal leasa ainmhithe, agus aistriú cothrom do gheallsealbhóirí dá ndéantar difear á áirithiú ag an am céanna;

(o)

na hidirnaisc idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus an comhshaol a aithint go hiomlánaíoch trí chur chuige na hAon Sláinte Amháin a chomhtháthú sa cheapadh beartais;

(p)

dul chun cinn a dhéanamh i dtreo an ceart chun comhshaoil ghlan, shláintiúil agus inbhuanaithe a aithint go hidirnáisiúnta;

(q)

lánúsáid a bhaint as cineálacha cur chuige éiceachórais agus as bonneagar glas, lena n-áirítear réitigh dhúlrabhunaithe atá fabhrach don bhithéagsúlacht, agus á áirithiú ag an am céanna go ndéanfar, trína gcur chun feidhme, an bhithéagsúlacht a athbhunú agus sláine agus nascacht an éiceachórais a fheabhsú, go mbeidh comhthairbhí sochaíocha soiléire aige, ar ina leith a éileofar rannpháirtíocht iomlán le pobail dhúchasacha agus le pobail áitiúla, agus toiliú na bpobal sin, agus nach n-ionadófar bearta arna ndéanamh chun an bhithéagsúlacht a chosaint nó chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú laistigh den Aontas, ná nach ndéanfar an bonn a bhaint de bhearta den sórt sin;

(r)

úsáid a bhaint as na huirlisí agus na modheolaíochtaí atá ann cheana agus freisin feabhas breise a chur ar mhodhanna faireacháin, ar uirlisí meastóireachta agus ar tháscairí intomhaiste do réitigh dhúlrabhunaithe;

(s)

laghdú suntasach a dhéanamh ar loirg amhábhair agus tomhaltais an Aontais chun iad a thabhairt isteach faoi theorainneacha pláinéadacha a luaithe is féidir, lena n-áirítear trí spriocanna laghdaithe de chuid an Aontais do 2030 a thabhairt isteach, de réir mar is iomchuí;

(t)

na SDGanna mar aon le cuspóirí aeráide agus comhshaoil a chomhtháthú go héifeachtach sa Seimeastar Eorpach um rialachas eacnamaíoch, gan dochar dá chríoch bhunaidh, lena n-áirítear sna Cláir Athchóirithe Náisiúnta agus sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta;

(u)

acmhainní a shlógadh agus infheistíochtaí inbhuanaithe leordhóthanacha ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha a áirithiú, lena n-áirítear na cistí agus na hionstraimí atá ar fáil faoi bhuiséad an Aontais, tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta agus ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le clár oibre airgeadais inbhuanaithe an Aontais;

(v)

an úsáid is fearr a bhaint as an gcánachas comhshaoil, as ionstraimí margadhbhunaithe agus as uirlisí buiséadaithe ghlais agus maoinithe ghlais, lena n-áirítear iad sin a theastaíonn chun aistriú atá cothrom go sóisialta a áirithiú, agus tacú le gnólachtaí agus le geallsealbhóirí eile cleachtais chaighdeánaithe maidir le cuntasaíocht an chaipitil nádúrtha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm;

(w)

a áirithiú go mbeidh beartais chomhshaoil agus gníomhaíocht chomhshaoil ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil bunaithe ar an eolas eolaíoch agus na teicneolaíochtaí eolaíochta is fearr atá ar fáil, agus an bonn eolais comhshaoil, lena n-áirítear eolas dúchasach agus áitiúil, agus glacadh an bhoinn eolais comhshaoil sin, a neartú, lena n-áirítear trí thaighde, nuálaíocht, scileanna glasa a chothú, oiliúint agus athoiliúint, agus cuntasaíocht chomhshaoil agus éiceachórais a fhorbairt tuilleadh;

(x)

an bonn eolais ar, inter alia, na ceanglais i gcomhair athrú sistéamach, ar conas aistriú ó dhíriú ar bheartais neamh-chomhtháite agus earnáilbhunaithe go cur chuige córasach maidir le comhleanúnachas beartais, agus freisin ar acmhainneacht éiceachóras éagsúil gníomhú mar linnte agus stoic gás ceaptha teasa, a fhorbairt agus a chomhdhlúthú;

(y)

leas a bhaint as an acmhainneacht atá ag teicneolaíochtaí digiteacha agus teicneolaíochtaí sonraí tacú leis an mbeartas comhshaoil, lena n-áirítear trí shonraí fíor-ama, i gcás inar féidir, agus faisnéis faoi staid na n-éiceachóras a sholáthar, agus breis iarrachtaí á ndéanamh ag an am céanna lorg comhshaoil na dteicneolaíochtaí sin a íoslaghdú, agus trédhearcacht, barántúlacht, idir-inoibritheacht agus inrochtaineacht phoiblí na sonraí agus na faisnéise a áirithiú;

(z)

bearnaí sna tacair táscairí ábhartha a dhúnadh, agus iad a bharrfheabhsú, amhail iad siúd a bhaineann le hathrú sistéamach, teorainneacha pláinéadacha agus loirg táirgthe agus tomhaltais an Aontais, mar aon leo siúd a thugann aghaidh ar an gcomhéadan idir tosca comhshaoil agus tosca socheacnamaíocha, amhail neamhionannas a eascraíonn as athrú comhshaoil, agus á áirithiú ag an am céanna go mbeidh tacair táscairí inchomparáide ar na leibhéil uile den cheapadh beartais;

(aa)

tacaíocht leathan a ghríosú ón tsochaí shibhialta, oibriú le gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, comhpháirtithe sóisialta, saoránaigh, pobail agus geallsealbhóirí eile;

(ab)

feasacht a mhúscailt faoina thábhachtaí atá sé na cuspóirí tosaíochta a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach, agus freisin acmhainneacht na saoránach gníomhú a neartú trí, inter alia, díospóireacht agus cumarsáid ar na leibhéil uile, oideachas comhshaoil ar feadh an tsaoil, rannpháirtíocht shibhialta agus gníomhaíocht faoi stiúir an phobail a chur chun cinn;

(ac)

rannchuidiú le tacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta, d’údaráis phoiblí, do shaoránaigh agus do phobail, do chomhpháirtithe sóisialta agus don earnáil phríobháideach rioscaí aeráide agus comhshaoil a shainaithint, measúnú a dhéanamh ar a dtionchar agus gníomhaíocht a dhéanamh chun na rioscaí sin a chosc agus a mhaolú agus chun oiriúnú dóibh, agus freisin cothú a dhéanamh ar a rannpháirtíocht i mbearnaí eolais a dhúnadh, inter alia, trí bhreathnóireacht na saoránach ar shaincheisteanna comhshaoil agus bearnaí comhlíonta, agus tuairisciú a bheith á dhéanamh ag na saoránaigh ar na saincheisteanna sin, a spreagadh, lena n-áirítear trí dhea-chleachtais eolaíocht na saoránach a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha;

(ad)

a mholadh go ndéanfaí comhar i bhforbairt agus cur chun feidhme na straitéisí, na mbeartas nó na reachtaíochta a bhaineann leis an 8ú CGC agus a áirithiú go mbeidh na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla i limistéir uirbeacha agus thuaithe, lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí, rannpháirteach go hiomlán sna gnéithe uile den cheapadh beartas comhshaoil trí chur chuige comhoibríoch agus il-leibhéil agus a áirithiú go mbeidh acmhainní leormhaithe ag pobail réigiúnacha agus áitiúla don chur chun feidhme ar an láthair;

(ae)

an comhar idir institiúidí uile an Aontais maidir leis an mbeartas aeráide agus comhshaoil a neartú, lena n-áirítear idir an Coimisiún agus Coiste na Réigiún faoi chuimsiú a gcomhair fheabhsaithe, agus féachaint conas feabhas a chur ar an idirphlé agus ar an gcomhthiomsú faisnéise;

(af)

caighdeáin arda maidir le trédhearcacht, maidir leis an rannpháirtíocht phoiblí agus maidir le rochtain ar an gceartas a chur i bhfeidhm go héifeachtach i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon;

(ag)

na sonraí agus an fhianaise atá nasctha le cur chun feidhme an 8ú CGC a chur ar fáil go poiblí, agus a áirithiú go mbeidh siad inrochtana go héasca agus sothuigthe, gan dochar do na forálacha maidir le rúndacht i reachtaíocht réimse-shonrach;

(ah)

tacú le glacadh domhanda na gcuspóirí tosaíochta a leagtar amach in Airteagal 2, a áirithiú go mbeidh comhleanúnachas idir cineálacha cur chuige inmheánacha agus seachtracha agus go mbeidh gníomhaíocht chomhordaithe ann, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

oibriú i gcomhar le tríú tíortha maidir le gníomhaíocht aeráide agus chomhshaoil, iad a spreagadh agus tacú leo chun rialacha sna réimsí sin a ghlacadh agus a chur chun feidhme, ar rialacha iad atá ar a laghad chomh huaillmhianach céanna leo sin atá ag an Aontas, agus a áirithiú go ndéanfaidh na táirgí uile a chuirtear ar mhargadh an Aontais ceanglais ábhartha an Aontais a chomhlíonadh go hiomlán i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, lena n-áirítear maidir le stad a chur leis an dífhoraoisiú agus le díghrádú talún;

(ii)

rialachas corparáideach inbhuanaithe a chothú, lena n-áirítear ceanglais díchill chuí éigeantacha a bhunú ar leibhéal an Aontais, agus glacadh iompair gnó fhreagraigh a chur chun cinn i mbeartais sheachtracha an Aontais, lena n-áirítear sa bheartas trádála;

(iii)

an comhar a fheabhsú le rialtais, le gnólachtaí, le comhpháirtithe sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta chun comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí maidir le cosaint an chomhshaoil agus na haeráide a chruthú, agus comhar maidir leis an gcomhshaol agus maidir leis an athrú aeráide a chur chun cinn, lena n-áirítear in G7 agus in G20;

(iv)

ceannaireacht a léiriú i bhfóraim idirnáisiúnta trí, inter alia, na SDGanna, mar aon leis na cuspóirí a leagtar síos i gComhaontú Pháras, sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, sa Choinbhinsiún chun an Fású a Chomhrac agus i gcomhaontuithe comhshaoil iltaobhacha eile, a bheith á mbaint amach ag an Aontas, go háirithe trína gcur chun feidhme a neartú, agus tacú le tríú tíortha déanamh amhlaidh, lena n-áirítear trí thrédhearcacht agus cuntasacht a mhéadú i dtaca le dul chun cinn ar na gealltanais a rinneadh faoi na comhaontuithe sin;

(v)

an rialachas comhshaoil idirnáisiúnta a neartú trí na bearnaí atá fós ann a dhúnadh agus an urraim do phrionsabail chomhshaoil idirnáisiúnta aitheanta, agus cur i bhfeidhm na bprionsabal sin, a neartú;

(vi)

a áirithiú go gcuirfear Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe chun cinn trí bhíthin chúnamh airgeadais an Aontais agus na mBallstát do thríú tíortha.

Airteagal 4

Creat faireacháin agus rialachas

1.   Déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) agus ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA), gan dochar dá neamhspleáchas, faireachán, measúnú agus tuairisciú ar dhul chun cinn an Aontais agus na mBallstát maidir leis na cuspóirí tosaíochta a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach, ar bhonn bliantúil, agus na coinníollacha cumasúcháin a leagtar síos in Airteagal 3 agus an sprioc fhoriomlán athrú sistéamach a bhaint amach á gcur san áireamh. Déanfar an fhaisnéis a eascraíonn as an bhfaireachán, an measúnú agus an tuairisciú sin a chur ar fáil don phobal agus beidh sí inrochtana go héasca.

2.   Beidh sé d’aidhm ag an bhfaireachán, an measúnú agus an tuairisciú dá dtagraítear i mír 1 cumarsáid pholaitiúil straitéiseach ardleibhéil a éascú. Tar éis próiseas comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, déanfaidh an Coimisiún, faoin 2 Bealtaine 2022, creat faireacháin a thíolacadh, bunaithe ar líon teoranta táscairí ceannlíne, ar a n-áireofar, i gcás ina mbeidh fáil orthu, táscairí sistéamacha lena dtugtar aghaidh, inter alia, ar an nasc idir an comhshaol agus an tsochaí agus an nasc idir an comhshaol agus an geilleagar. Leanfaidh liosta na dtáscairí ceannlíne de bheith cobhsaí chun cuntasacht a áirithiú. Tabharfar cothrom le dáta é, áfach, chun na forbairtí is déanaí maidir le beartas agus maidir le táscairí a léiriú, i gcás inarb iomchuí.

3.   San fhaireachán agus sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, léireofar na forbairtí is déanaí maidir le hinfhaighteacht agus ábharthacht sonraí agus táscairí, agus tógfaidh siad ar shonraí atá ar fáil sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, go háirithe sonraí agus táscairí a tháirgeann EEA agus an Córas Staidrimh Eorpach, d’fhonn an t-ualach riaracháin a íoslaghdú. Beidh siad comhsheasmhach le creataí agus cleachtaí faireacháin, tuairiscithe agus rialachais eile lena gcumhdaítear an beartas comhshaoil agus aeráide, agus ní dochar iad dóibh. Beidh siad bunaithe ar mhodheolaíocht lena gcumasaítear, i gcás inar féidir, tomhas a dhéanamh ar a ghiorra atáthar do na spriocanna maidir leis na cuspóirí tosaíochta a leagtar amach in Airteagal 2 agus maidir le táscairí ceannlíne roghnaithe a bhaint amach.

4.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an measúnú dá dtagraítear i mír 1, mar aon le gníomhaíochtaí arna ndéanamh agus gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo, a chur san áireamh, agus malartóidh siad tuairimí ina leith ar bhonn bliantúil.

5.   Tacóidh EEA agus ECHA leis an gCoimisiún feabhas a chur ar infhaighteacht agus ábharthacht sonraí, táscairí agus eolais, go háirithe trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

sonraí agus fianaise a bhailiú, a phróiseáil agus a thuairisciú trí úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha nua-aimseartha, agus, ag an am céanna, feabhas á chur ar mhodheolaíochtaí maidir le bailiú agus cóireáil sonraí agus maidir le táscairí comhchuibhithe a fhorbairt;

(b)

taighde, mapáil agus faireachán bunúsach a neartú agus tacaíocht a sholáthar dóibh;

(c)

oibriú i dtreo na bearnaí ábhartha sna sonraí faireacháin a dhúnadh, in éineacht leis na Ballstáit agus an gá atá le hathrú sistéamach á chur san áireamh;

(d)

anailísí atá ábhartha ó thaobh beartais de agus anailísí sistéamacha a sholáthar, agus rannchuidiú le cuspóirí beartais a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear trí mholtaí a dhéanamh go bhfeabhsófaí an dul chun cinn i ndáil leis na cuspóirí a bhaint amach;

(e)

sonraí maidir le tionchair chomhshaoil, sláinte, shóisialta agus eacnamaíocha a chomhtháthú, agus leas iomlán a bhaint as sonraí agus seirbhísí eile atá ar fáil, amhail iad sin a sholáthraítear trí Copernicus;

(f)

rannchuidiú le bearnaí eolais chriticiúil maidir le pointí iompaithe éiceolaíochta a dhúnadh, agus éagsúlachtaí geografacha agus éiceolaíochta ar fud na réigiún á gcur san áireamh ag an am céanna;

(g)

uirlisí cainníochtúla agus cáilíochtúla a fhorbairt, lena n-áirítear fadbhreathnaitheacht agus samhlacha, lena bhféadfaí, inter alia, faisnéis a sholáthar faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag beartais a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid ar an gcóras ina iomláine amach anseo agus maidir faoina “ghiorra atáthar do na spriocanna a bhaint amach”;

(h)

tuilleadh feabhais a chur ar infhaighteacht agus idir-inoibritheacht sonraí, agus ar an rochtain orthu, trí chláir an Aontais;

(i)

trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú.

6.   Déanfaidh an Coimisiún scrúdú go rialta ar riachtanais sonraí agus eolais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear acmhainneacht EEA agus ECHA mar aon le hacmhainneacht comhlachtaí agus gníomhaireachtaí Eorpacha eile, i gcás inarb ábhartha, na cúraimí dá dtagraítear i mír 5 a dhéanamh.

Airteagal 5

Athbhreithniú meántéarma

1.   Faoin 31 Márta 2024, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú meántéarma ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis na cuspóirí tosaíochta téamacha a leagtar amach in Airteagal 2(2) a bhaint amach, agus stádas na gcoinníollacha cumasúcháin a leagtar síos in Airteagal 3 á chur san áireamh, agus ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo faireachán agus measúnú a dhéanamh ar athrú sistéamach. Molfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, athruithe ar na táscairí ceannlíne dá dtagraítear in Airteagal 4(2) i bhfianaise thoradh an athbhreithnithe mheántéarma. Beidh an t-athbhreithniú meántéarma bunaithe ar na measúnuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 4(1) agus ar aon torthaí ábhartha eile. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar an athbhreithniú meántéarma faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   I bhfianaise an athbhreithnithe mheántéarma dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, fhreagairtí féideartha Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an athbhreithniú sin, forbairtí eile beartais ábhartha agus na tuarascála is déanaí ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil maidir le staid agus forbhreathnú chomhshaol na hEorpa, chun na cuspóirí tosaíochta téamacha a leagtar amach in Airteagal 2(2) a bhaint amach, tíolacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach chun iarscríbhinn a chur leis an 8ú CGC, don tréimhse tar éis 2025, ina mbeidh liosta gníomhaíochtaí d’fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach, maille le hamlíne i leith na ngníomhaíochtaí sin.

Airteagal 6

Meastóireacht

Faoin 31 Márta 2029, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an 8ú CGC. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ina mbeidh príomhthorthaí na meastóireachta sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus ina diaidh sin, i gcás inarb iomchuí, tíolacfaidh sé togra le haghaidh an chéad chláir gníomhaíochta comhshaoil eile faoin 31 Nollaig 2029.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 6 Aibreán 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  IO C 123, 9.4.2021, lch. 76.

(2)  IO C 106, 26.3.2021, lch. 44.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 29 Márta 2022.

(4)  Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2020 dar teideal “Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid” (IO L 354, 28.12.2013, lch. 171).

(5)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(7)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(8)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(9)  IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.

(10)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).

(11)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

(12)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).

(13)  Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).

(14)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

(15)  Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag pleananna agus cláir áirithe ar an gcomhshaol (IO L 197, 21.7.2001. lch. 30).


Top