Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1416

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1416 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le heitiltí isteach ón Ríocht Aontaithe a eisiamh ó chóras trádála astaíochtaí an Aontais (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/4244

    IO L 305, 31.8.2021, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1416/oj

    31.8.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 305/1


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1416 ÓN gCOIMISIÚN

    an 17 Meitheamh 2021

    lena leasaítear Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le heitiltí isteach ón Ríocht Aontaithe a eisiamh ó chóras trádála astaíochtaí an Aontais

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 25a(1), an dara fomhír, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le hAirteagal 25a de Threoir 2003/87/CE tugtar de chumhacht don Choimisiún forálacha a ghlacadh chun eitiltí a thagann ó thríú tír a eisiamh ó chóras trádála astaíochtaí an Aontais (EU ETS). Ba cheart foráil a dhéanamh sna forálacha sin don idirghníomhaíocht is fearr is féidir idir EU ETS agus do bhearta tríú tír chun tionchar na heitlíochta ar an athrú aeráide a laghdú.

    (2)

    Tháinig an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ar chomhaontú i mí na Nollag 2020 (2). Maidir leis an gConradh Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (“An Comhaontú”), shínigh an tAontas é ar bhonn Chinneadh (AE) 2020/2252 ón gComhairle (3) agus rinne an tAontas é a fhormheas ar bhonn Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle (4). Cuireadh an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach go dtí go dtiocfadh sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021 (5). Foráiltear sa Chomhaontú go mbeidh córas éifeachtach praghsála carbóin i bhfeidhm ag gach páirtí lena gcumhdaítear an eitlíocht agus go ndéanfar eitiltí ó aeradróim atá suite ar chríoch an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) chuig aeradróim atá suite sa Ríocht Aontaithe a rialáil faoi EU ETS. De bhun Airteagal 28a(7) de Threoir 2003/87/CE, maidir leis an maolú in Airteagal 28a(1) de Threoir 2003/87/CE, ar dá bhun sin ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh ceanglais na Treorach sin maidir le hastaíochtaí ó eitiltí áirithe chuig aeradróim agus ó aeradróim atá suite i dtíortha lasmuigh den LEE, ní bheidh feidhm ag an maolú sin ach i gcomhréir le téarmaí an Chomhaontaithe.

    (3)

    Is gá, dá bhrí sin, Treoir 2003/87/CE a leasú chun eitiltí ó aeradróim atá sa Ríocht Aontaithe chuig aeradróim atá suite in LEE a eisiamh ó EU ETS. D’fhonn cobhsaíocht a chothabháil a mhéid a bhaineann le cumhdach oibreoirí aerárthaí ag EU ETS, níor cheart go ndéanfadh eisiamh eitiltí ó aeradróim atá sa Ríocht Aontaithe chuig aeradróim atá suite in LEE difear do na forálacha lena n-eisiatar gníomhaíochtaí eitlíochta áirithe ó EU ETS bunaithe ar thairseacha sonraithe i dtéarmaí líon na n-eitiltí nó líon na n-astaíochtaí in aghaidh an oibreora.

    (4)

    Ba cheart Treoir 2003/87/CE a leasú dá réir.

    (5)

    Ós rud é go raibh an Comhaontú á chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hastaíochtaí a bhíonn ann ón dáta sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    I dTreoir 2003/87/CE, in Iarscríbhinn I, leasaítear an dara mír den iontráil “Eitlíocht” den cholún “Gníomhaíochtaí” sa tábla mar a leanas:

    (1)

    i bpointe (j), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

    “Maidir leis na heitiltí dá dtagraítear i bpointí (l) agus (m) nó a dhéantar go heisiach chun Ríthe agus Banríonacha atá i gcoróin agus a neasteaghlaigh, Cinn Stáit, Cinn Rialtais agus Airí Rialtais Ballstáit a iompar agus iad ar mhisean oifigiúil, ní fhéadfar iad a eisiamh faoin bpointe seo;”

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):

    “(k)

    ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2030, eitiltí a thiocfadh, murach an pointe seo, faoin ngníomhaíocht seo, arna ndéanamh ag oibreoir aerárthaí neamhthráchtála a oibríonn eitiltí ar lú a n-astaíochtaí bliantúla iomlána ná 1 000 tona in aghaidh na bliana (lena n-áirítear astaíochtaí ó eitiltí dá dtagraítear i bpointí (l) agus (m));”

    (3)

    cuirtear pointe (m) seo a leanas isteach:

    “(m)

    eitiltí ó aeradróim atá suite sa Ríocht Aontaithe go haeradróim atá suite in LEE.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón Dé hAoine 1 Eanáir 2021.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Meitheamh 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

    (2)  An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 444, 31.12.2020, lch. 14).

    (3)  Cinneadh (AE) 2020/2252 ón gComhairle an 29 Nollaig 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 444, 31.12.2020, lch. 2).

    (4)  Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.04.2021, lch. 2).

    (5)  Fógra maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.04.2021, lch. 2560).


    Top