Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1317

    Rialachán (AE) 2021/1317 ón gCoimisiún an 9 Lúnasa 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil luaidhe in earraí bia áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/5831

    IO L 286, 10.8.2021, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 24/05/2023; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32023R0915

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1317/oj

    10.8.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 286/1


    RIALACHÁN (AE) 2021/1317 ÓN gCOIMISIÚN

    an 9 Lúnasa 2021

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil luaidhe in earraí bia áirithe

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún (2), socraítear uasleibhéil luaidhe (Pb) i réimse earraí bia.

    (2)

    An 18 Márta 2010, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim maidir le luaidhe i mbia (3). Shainaithin an tÚdarás go bhféadfadh an luaidhe a bheith ina chúis le néaratocsaineacht forbraíochta i measc leanaí óga agus le fadhbanna cardashoithíocha agus le neifreatocsaineacht i measc daoine fásta. Bhí an measúnú riosca ar luaidhe bunaithe ar na héifeachtaí díobhálacha sin a d’fhéadfadh beatha duine a chur i mbaol. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh aon fhianaise ann maidir le tairseach le haghaidh roinnt críochphointí criticiúla, lena n-áirítear néaratocsaineacht forbraíochta agus neifreatocsaineacht i measc daoine fásta. Dá bhrí sin, níorbh iomchuí iontógáil sheachtainiúil infhulaingthe a bhunú. Chuir an tÚdarás in iúl gur cúis imní dó an fhéidearthacht atá ann go ndéanfadh na leibhéil nochta atá ann faoi láthair i mbia difear do néarafhorbairt féatas, naíonán agus leanaí.

    (3)

    Daingníodh conclúidí an Údaráis le conclúidí na tuarascála ón gComhchoiste Saineolaithe EBT/EDS maidir le Breiseáin agus Éilleáin i mBia (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe/an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte) in 2010 (4).

    (4)

    Agus na sonraí minicíochta is déanaí á gcur san áireamh, ag an 41ú Seisiún den Choimisiún Codex Alimentarius (‘CAC41’), rinneadh an uasleibhéal Codex i leith luaidhe i salann a laghdú ó 2 mg/kg go dtí 1 mg/kg (seachas salann ó riasca).

    (5)

    Agus na sonraí minicíochta is déanaí á gcur san áireamh, ag an 42ú Seisiún den Choimisiún Codex Alimentarius (‘CAC42’), rinneadh an uasleibhéal Codex le haghaidh scairteach inite a laghdú ó 0,5 mg/kg go 0,2 mg/kg le haghaidh scairteach eallaigh inite, go 0,15 mg/kg le haghaidh scairteach muc inite agus go 0,1 mg/kg le haghaidh scairteach éineola inite. Ina theannta sin, rinneadh na huasleibhéil le haghaidh ‘fíon déanta as fíonchaora’ a laghdú ó 0,2 mg/kg go 0,1 mg/kg agus socraíodh uasleibhéal le haghaidh ‘fíonta treisithe/licéir déanta as fíonchaora’ ag 0,15 mg/kg. Tá feidhm ag an dá uasleibhéal maidir le fíon déanta as fíonchaora arna mbuain tar éis an dáta a ghlac CAC42 na huasleibhéil.

    (6)

    I bhfianaise na bhforbairtí sin agus i bhfianaise na sonraí minicíochta is déanaí, ba cheart an nochtadh ar luaidhe i mbia a laghdú laistigh den Aontas trí na huasleibhéil atá ann faoi láthair a laghdú nó trí uasleibhéil bhreise a shocrú le haghaidh earraí bia a bhféadfaí, le réasún, leibhéil luaidhe níos ísle iontu a bhaint amach, eadhon scairteach, bianna áirithe le haghaidh naíonán agus leanaí óga, salann agus fungais fhiáine. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart na huasleibhéil luaidhe i bhfíonta a laghdú agus ba cheart uasleibhéal le haghaidh fíon licéir a bhunú a mhéid a bhaineann leis na táirgí sin a tháirgfear i bhfómhair amach anseo. Ar deireadh, ba cheart uasleibhéil le haghaidh spíosraí a bhunú, ar na cúiseanna céanna sin ach ar mhaithe le cuidiú le cleachtais chalaoiseacha a chomhrac freisin, amhail crómáit luaidhe a chur le tuirmiric.

    (7)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a leasú dá réir.

    (8)

    Ós rud é gur carcanaigin ghéineatocsaineach indíreach lag í luaidhe, agus dá thoradh sin go bhfuil riosca don tsláinte phoiblí ag baint léi, níor cheart táirgí nach gcomhlíonann na huasleibhéil nua luaidhe agus a chuirtear ar an margadh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a cheadú chun fanacht ar an margadh ach ar feadh tréimhse ama ghearr.

    (9)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Uimh. (CE) 1881/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Earraí bia a liostaítear san Iarscríbhinn agus a cuireadh ar an margadh go dleathach roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh siad fanacht ar an margadh go dtí an 28 Feabhra 2022.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Lúnasa 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena socraítear uasleibhéil éilleán áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).

    (3)  Painéal CONTAM an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (Painéal maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia), 2010. Scientific Opinion on lead in food [Tuairim Eolaíoch maidir le luaidhe i mbia]. EFSA Journal 2010; 8(4):1570, https://efsa.onlinelibrary.wiley.com/doi/epdf/10.2903/j.efsa.2010.1570

    (4)  Evaluation of Certain Food Additives and Contaminants [Meastóireacht maidir le Breiseáin agus Éilleáin Áirithe i mBia]. An 73ú tuarascáil ón gComhchoiste Saineolaithe EBT/EDS maidir le Breiseáin i mBia. Uimh. 960 den tSraith de Thuarascálacha Teicniúla ó EDS.


    IARSCRÍBHINN

    I Roinn 3 (Miotail) atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhoroinn 3.1. (Luaidhe):

    ‘Earraí bia (1)

    Uasleibhéal

    (fliuchmheáchan mg/kg)

    3.1

    Luaidhe

     

    3.1.1

    Bainne amh (6), bainne teaschóireáilte agus bainne chun táirgí bainnebhunaithe a mhonarú

    0,020

    3.1.2

    bainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach do naíonáin agus bainne foirmle do leanaí óga (57)

     

    a mhargaítear mar phúdar (3) (29)

    0,020

    a mhargaítear mar leacht (3) ( 29)

    0,010

    3.1.3

    Bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga (3) (29) seachas na cinn a liostaítear faoi phointe 3.1.5.

    0,020

    3.1.4

    Bianna chun críoch speisialta míochaine a cheaptar lena n-úsáid mar bhianna do naíonáin agus do leanaí óga

     

    a mhargaítear mar phúdar (3) (29)

    0,020

    a mhargaítear mar leacht (3) (29)

    0,010

    3.1.5

    Deochanna do naíonáin agus do leanaí óga a lipéadaítear agus a dhíoltar ar an mbonn sin, seachas na cinn a luaitear faoi phointí 3.1.2 agus 3.1.4

     

    a mhargaítear mar leachtanna nó atá le hathdhéanamh de réir threoracha an mhonaróra, lena n-áirítear súnna torthaí (4)

    0,020

    atá le hullmhú trí hinsileadh nó trí hurbhruith (29)

    0,50

    3.1.6

    Éineoil agus feoil bó-ainmhithe, caorach agus muc (gan scairteach a áireamh) (6)

    0,10

    3.1.7

    Scairteach (6)

     

    scairteach bó-ainmhithe agus caorach

    0,20

    scairteach muc

    0,15

    scairteach éineola

    0,10

    3.1.8

    Feoil mhatánach éisc (24) (25)

    0,30

    3.1.9

    Ceifealapóid (52)

    0,30

    3.1.10

    Crústaigh (26) (44)

    0,50

    3.1.11

    Moilisc dhébhlaoscacha (26)

    1,50

    3.1.12

    Gránaigh agus piseánaigh

    0,20

    3.1.13

    Glasraí fréimhe agus glasraí tiúbair (gan salsabh, sinséar úr ná tuirmiric úr a áireamh), glasraí bleibíní, praiseach bhlátha, praiseach chinn, cálráibí, léagúim agus glasraí gais (27) (53)

    0,10

    3.1.14

    Praiseach dhuilleach, salsabh, na fungais seo a leanas: Agaricus bisporus (beacán coiteann), Pleurotus ostreatus (beacán oisreach), Lentinula edodes (beacán síotaicé) agus glasraí duilleacha (gan luibheanna úra a áireamh) (27)

    0,30

    3.1.15

    Fungais fhiáine, tuirmiric úr agus sinséar úr

    0,80

    3.1.16

    Glasraí a thugann torthaí

     

    grán milis (27)

    0,10

    seachas grán milis (27)

    0,05

    3.1.17

    Torthaí, gan mónóga, cuiríní, caora troim ná úll caithne a áireamh (27)

    0,10

    3.1.18

    Mónóga, cuiríní, caora troim, úll caithne (27)

    0,20

    3.1.19

    Saillte agus olaí, lena n-áirítear saill bhainne

    0,10

    3.1.20

    Súnna torthaí, súnna torthaí tiubhaithe athdhéanta agus neachtair torthaí

     

    ó chaora agus torthaí beaga eile amháin (14)

    0,05

    ó thorthaí seachas caora agus torthaí beaga eile (14)

    0,03

    3.1.21

    Fíon (lena n-áirítear fíon súilíneach, gan fíon licéir a áireamh), leann úll, leann piorraí agus fíon torthaí (11)

     

    táirgí arna dtáirgeadh ó fhómhar torthaí 2001 go dtí fómhar torthaí 2015

    0,20

    táirgí arna dtáirgeadh ó fhómhar torthaí 2016 go dtí fómhar torthaí 2021

    0,15

    táirgí arna dtáirgeadh ó fhómhar torthaí 2022 ar aghaidh

    0,10

    3.1.22

    Fíon cumhraithe, deochanna bunaithe ar fhíon cumhraithe agus manglaim táirgí fíona cumhraithe (13)

     

    táirgí arna dtáirgeadh ó fhómhar torthaí 2001 go dtí fómhar torthaí 2015

    0,20

    táirgí arna dtáirgeadh ó fhómhar torthaí 2016 go dtí fómhar torthaí 2021

    0,15

    táirgí arna dtáirgeadh ó fhómhar torthaí 2022 ar aghaidh

    0,10

    3.1.23

    Fíon licéir déanta as fíonchaora  (*1)

     

    táirgí arna dtáirgeadh ó fhómhar torthaí 2022 ar aghaidh

    0,15

    3.1.24

    Forbhianna (39)

    3,0

    3.1.25

    Mil

    0,10

    3.1.26

    Spíosraí triomaithe (29)

     

    Spíosraí ó thorthaí

    0,60

    Spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm

    1,50

    Spíosraí ó choirt

    2,0

    Spíosraí ón mbachlóg agus spíosraí ó phistil bláthanna

    1,0

    Spíosraí ó shíolta

    0,90

    3.1.27

    Salann, seachas na salainn neamhscagtha seo a leanas: ‘fleur de sel’ agus ‘salann liath’ a bhuantar de láimh ó riasca goirt a bhfuil bun cré acu

    1,0

    Na salainn neamhscagtha seo a leanas: ‘fleur de sel’ agus ‘salann liath’ a bhuantar de láimh ó riasca goirt a bhfuil bun cré acu

    2,0


    (*1)  Mar a shainmhínítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).’


    Top