Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1297

    Rialachán (AE) 2021/1297 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haigéid shárfhluaracarbocsaileacha ina bhfuil 9 go 14 adamh carbóin sa slabhra (PFCAnna C9-C14), a salainn agus substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2021/5645

    IO L 282, 5.8.2021, p. 29–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 05/08/2021

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1297/oj

    5.8.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 282/29


    RIALACHÁN (AE) 2021/1297 ÓN gCOIMISIÚN

    an 4 Lúnasa 2021

    lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haigéid shárfhluaracarbocsaileacha ina bhfuil 9 go 14 adamh carbóin sa slabhra (PFCAnna C9-C14), a salainn agus substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA), lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 68 (1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Aigéid shárfhluaracarbocsaileacha líneacha agus bhrainseacha ina bhfuil 9 go 14 adamh carbóin sa slabhra (“PFCAnna C9-C14”), a salainn agus substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara (2), tagann siad chun cinn den chuid is mó san Aontas mar sheachtháirgí neamhbheartaithe i monarú substaintí sárfhluairínithe agus polafluairínithe ina bhfuil slabhra carbóin is lú ná naoi n-adamh carbóin, amhail aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA). Thairis sin, d’fhéadfadh cuideachtaí úsáid PFCAnna C9-C14, a salann agus substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara a mheas mar ionadaigh ar PFOA, a shalainn agus substaintí atá gaolmhar dó amach anseo, go háirithe tar éis theacht i bhfeidhm na srianta le PFOA atá i ndlí an Aontais. Mar sin, is gá monarú agus úsáid a chosc as a bhféadfadh méadú ar scaoileadh isteach sa chomhshaol teacht amach anseo.

    (2)

    An 17 Nollaig 2015 agus an 12 Eanáir 2017 faoi seach, dhá ghrúpa de PFCAnna C9-C14, is é sin aigéad sárfhluaranaonán-1-óch (“PFNA”) ina bhfuil 9 n-adamh carbóin sa slabhra, chomh maith lena shalainn sóidiam agus amóiniam, agus aigéad naonaideacafluaraideacánóch (“PFDA”) ina bhfuil 10 n-adamh carbóin sa slabhra, chomh maith lena shalainn sóidiam agus amóiniam, cuireadh an dá ghrúpa sin san áireamh sa Liosta de Shubstaintí arb Údar Mór Imní iad (“SVHC”) is Iarrthóirí lena gcur san áireamh, b’fhéidir, in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 mar shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh i gcomhréir le hAirteagal 57(c) den Rialachán sin, agus mar shubstaintí atá marthanach, bithbhailitheach agus tocsaineach (“PBT”), i gcomhréir le hAirteagal 57(d) den Rialachán sin. Thairis sin, liostaítear PFNA agus PFDA, chomh maith lena salainn sóidiam agus amóiniam, i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) mar shubstaintí carcanaigineacha, catagóir 2, agus tocsaineach don atáirgeadh, catagóir 1B. An 19 Nollaig 2012, aigéad heanacasafluaraondeacánóch (“PFUnDA”) ina bhfuil 11 adamh carbóin sa slabhra, aigéad tríchasafluaradóideacánóch (“PFDoDA”) ina bhfuil 12 adamh carbóin sa slabhra, aigéad peinteacasafluaraithrídheacánóch (“PFTrDA”) ina bhfuil 13 adamh carbóin sa slabhra agus aigéad heipteacasafluaraiteitreadeacánóch (“PFTDA”) ina bhfuil 14 adamh carbóin sa slabhra, cuireadh san áireamh iad sa Liosta de SVHC is Iarrthóirí mar shubstaintí atá an-mharthanach agus an-bhithbhailitheach (“vPvB”) i gcomhréir le hAirteagal 57(e) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Tá substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara le meas mar shubstaintí PBT nó vPvB faoi seach, de dheasca a dtrasfhoirmithe nó a ndíghrádaithe sa chomhshaol go PFCAnna C9-C14.

    (3)

    An 6 Deireadh Fómhair 2017, chuir an Ghearmáin agus an tSualainn sainchomhad (4) faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”), de bhun Airteagal 69(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (“sainchomhad Iarscríbhinn XV”) ina moltar srian a chur le monarú agus le cur ar an margadh PFCAnna C9-C14, a salann agus substaintí PFCA-ghaolmhara C9-C14 nach bhfuil i gcumasc, agus srian a chur lena n-úsáid i dtáirgeadh agus i gcur ar an margadh substaintí eile mar chomhábhar, meascáin agus earraí nó codanna díobh. Chun scaoileadh na substaintí sin isteach sa chomhshaol a laghdú, agus chun a monarú, a gcur ar an margadh agus a n-úsáid mar ionadaigh ar shubstaintí a gcuirtear srian leo le hiontráil 68 in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (5) a chosc, mhol an Ghearmáin agus an tSualainn teorainn tiúchana 25 ppb i gcás na suime de PFCAnna C9-C14 agus a salainn, agus 260 ppb i gcás na suime de shubstaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara. Mhol an Ghearmáin agus an tSualainn díolúintí le haghaidh PFCAnna C9-C14, a salann agus substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara nuair a thagann siad chun cinn mar sheachtháirgí neamhbheartaithe i monarú fluaraiceimiceán ina bhfuil slabhra sárfhluaracarbóin atá cothrom le hocht n-adamh nó níos lú, nó lena n-úsáid mar tháirgí leithlisithe iompartha.

    (4)

    An 14 Meán Fómhair 2018, ghlac Coiste na Gníomhaireachta um Measúnú Riosca (“RAC”) an tuairim ón nGníomhaireacht lenar chinn sé, faoi réir mhodhnú an raon feidhme agus na gcoinníollacha a bheartaítear sa sainchomhad in Iarscríbhinn XV, gurb é srian a chur le monarú, úsáid agus cur ar an margadh PFCAnna C9-C14, a salann agus na substaintí gaolmhara an beart uile-Aontais ab iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a sainaithníodh ó thaobh a éifeachtaí a bheadh siad na rioscaí sin a laghdú. D’aontaigh RAC leis na teorainneacha tiúchana a mhol an Ghearmáin agus an tSualainn. D’aontaigh RAC leis na díolúintí a mhol an Ghearmáin agus an tSualainn ós rud é nach bhfuil sé i gceist leis an srian atá beartaithe cosc a chur ar mhonarú na bhfluaraiceimiceán ag a bhfuil sé adamh carbóin nó níos lú sa slabhra móilíneach. Mhol RAC a n-úsáid i dtáirgeadh análóirí dáileoige méadraithe brúchóirithe atá criticiúil chun cóireáil a chur ar ghalair scamhóg a dhíolmhú ar feadh tréimhse theoranta mar gheall ar an méid íseal, is é sin beagán gram, a úsáidtear agus cóireáil á cur ar ghalair scamhóg. Chuir RAC tuairim in iúl gur cheart díolúine am-theoranta a dheonú do leathsheoltóirí ina bhfuil leibhéil ísle PFCAnna C9-C14 agus i gcás trealamh leictreonach leathchríochnaithe agus críochnaithe ina bhfuil leathsheoltóirí speisialtachta atá le húsáid mar chomhpháirteanna athsholáthair le haghaidh trealamh leictreonach críochnaithe.

    (5)

    Thairis sin, mhol RAC na díolúintí céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis an srian le PFOA in iontráil 68 in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a chur i bhfeidhm maidir leis an srian le PFCAnna C9-C14, a salainn agus substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara.

    (6)

    An 29 Samhain 2018, ghlac Coiste na Gníomhaireachta um Anailís Sho-Eacnamaíoch (“SEAC”) an tuairim ón nGníomhaireacht ina léirítear gurb é an srian atá beartaithe i sainchomhad Iarscríbhinn XV, arna mhodhnú ag RAC, an beart uile-Aontais is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sainaitheanta, ó thaobh na sochar socheacnamaíoch agus na gcostas socheacnamaíoch a bhaineann leis de.

    (7)

    Ar bhonn na ngnéithe socheacnamaíocha dá bhforáiltear i sainchomhad Iarscríbhinn XV agus a cuireadh isteach le linn na gcomhairliúchán poiblí, d’aontaigh SEAC leis na díolúintí a moladh atá i sainchomhad Iarscríbhinn XV agus ag RAC. D’aontaigh SEAC leis an iarchur sriain atá beartaithe, is é sin iarchur 8 mí dhéag. Ina theannta sin, mhol SEAC teorainnluachanna níos airde le haghaidh fluarapolaiméirí ina bhfuil sárfhluaraprópocsa-ghrúpaí nó sárfhluaraimeatocsa-ghrúpaí agus a úsáidtear i ngrúpaí táirgí sonracha chun a dtáirgeadh a cheadú. Mar sin féin, beidh feidhm fós ag an tairseach chineálach 25 ppb maidir leis na críochtháirgí a mhonaraítear as na hábhair sin.

    (8)

    Chuathas i gcomhairle le an Fóram na Gníomhaireachta um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú, dá dtagraítear in Airteagal 76(1)(f) de Rialachán (CÉ) Uimh. 1907/2006, le linn an phróisis sriain agus cuireadh a chuid tuairimí san áireamh.

    (9)

    An 16 Eanáir 2019, chuir an Ghníomhaireacht tuairimí RAC agus SEAC (6) faoi bhráid an Choimisiúin.

    (10)

    Leasaíodh Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) i gcomhréir leis an gcinneadh a ghlac Comhdháil na bPáirtithe (SC-9/12) sa Choinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha i ndáil le PFOA (8), cinneadh ina bhfuil roinnt de na maoluithe a áirítear in iontráil 68 d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ach ní gach maolú. Cuireadh an leasú thuasluaite ar Rialachán (AE) 2019/1021 in ionad iontráil 68 den Iarscríbhinn sin go héifeachtach. Na díolúintí a bhfuil feidhm acu maidir le húsáid PFOA, a shalann agus comhdhúile PFOA-ghaolmhara sa leasú ar Rialachán (AE) 2019/1021, ba cheart feidhm a bheith acu freisin maidir le PFCAnna C9-C14, a salainn agus substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara faoi na coinníollacha céanna mar gheall ar an bpróiseas monaraithe fluaraiceimiceán a bhfuil an dá ghrúpa substaintí ann mar eisíontais.

    (11)

    Tar éis an tuairim ó RAC agus ó SEAC faoin srian atá beartaithe le haghaidh PFCAnna C9-C14 a thabhairt chun críche, fuair an Coimisiún dhá iarraidh bhreise ar dhíolúintí chun táirgeadh fluarapolaiméirí agus fluaraileaistiméirí a cheadú, chomh maith le micreaphúdair pholaiteitreafluaireitiléine (PTFE) a tháirgeadh agus a n-úsáid i meascáin agus earraí le haghaidh feidhmeanna tionsclaíocha agus gairmiúla freisin. D’iarr an Coimisiún tuairim fhorlíontach ó ECHA, ós rud é go n-úsáidtear na críochtháirgí i bhfeidhmeanna ardluacha (9). Fuair an Coimisiún an tuairim fhorlíontach ó RAC agus SEAC an 15 Nollaig 2020 (10).

    (12)

    Agus sainchomhad Iarscríbhinn XV agus na tuairimí ó RAC agus SEAC á gcur san áireamh, measann an Coimisiún go dtagann riosca do-ghlactha do shláinte an duine agus don chomhshaol as monarú, úsáid agus cur ar an margadh PFCAnna C9-C14 líneacha agus/nó brainseacha, a salann agus substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara nach bhfuil i gcumasc, mar chomhábhar i substaintí eile, i meascáin agus in earraí, rud nach mór aghaidh a thabhairt air ar bhonn uile-Aontais. Measann an Coimisiún gur beart iomchuí uile-Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an riosca atá sainaitheanta é an srian atá beartaithe, arna leasú le tuairimí ó RAC agus ó SEAC, agus a thionchar socheacnamaíoch agus infhaighteacht roghanna malartacha á gcur san áireamh chomh maith le hailíniú cuid de na díolúintí sa srian sin leis na díolúintí sa leasú ar Rialachán (AE) 2019/1021.

    (13)

    Ba cheart am leordhóthanach a thabhairt do gheallsealbhóirí chun bearta iomchuí a dhéanamh chun an srian a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, agus an moladh ó shainchomhad Iarscríbhinn XV á chur san áireamh chomh maith leis na barúlacha ó RAC agus ó SEAC, ba cheart cur i bhfeidhm an tsriain a chur siar ar feadh 18 mí. Ba cheart feidhm a bheith ag iarchur níos faide nó ag díolúintí foriomlána chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ar leith na n-earnálacha sonracha.

    (14)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú dá réir sin.

    (15)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú faoi Airteagal 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Lúnasa 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

    (2)  Is substaintí iad substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara a meastar, bunaithe ar a struchtúr móilíneach, go bhféadfaidís díghrádú nó aistriú go PFCAnna C9-C14.

    (3)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

    (4)  https://www.echa.europa.eu/documents/10162/2ec5dfdd-0e63-0b49-d756-4dc1bae7ec61

    (5)  Rialachán (AE) 2017/1000 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2017 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) i ndáil le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus substaintí atá gaolmhara dó (IO L 150, 14.6.2017, lch. 14).

    (6)  https://echa.europa.eu/documents/10162/13641/rest_pfcas_compiled_racseac_opi_en.pdf/b06db225-3995-13fd-d89a-a9b73ef6bfc2

    (7)  IO L 188I, 15.6.2020, lch. 1.

    (8)  http://www.pops.int/TheConvention/ConferenceoftheParties/Meetings/COP9/tabid/7521/Default.aspx

    (9)  https://echa.europa.eu/documents/10162/034d97c3-7975-19f5-3739-76c288ad2b0c

    (10)  https://echa.europa.eu/documents/10162/13579/art77_3c_pfoa_pfca_derogations_compiled_rac_seac_opinions_en.pdf/6582d9a1-56b2-3e88-a70f-cdf3ab33d421


    IARSCRÍBHINN

    In Iarscríbhinn XVII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 68:

    “68.

    Aigéid shárfhluaracarbocsaileacha líneacha agus bhrainseacha den fhoirmle CnF2n +1-C(= O)OH nuair atá n = 8, 9, 10, 11, 12, nó 13 (PFCAnna C9-C14),

    lena n-áirítear a salainn, agus aon chuingir díobh;

    Aon substaint PFCA C9-C14-ghaolmhara ag a bhfuil sárfhluaraghrúpa ag a bhfuil an fhoirmle CnF2n +1- ceangailte go díreach le hadamh carbóin eile, nuair atá n = 8, 9, 10, 11, 12, nó 13, lena n-áirítear a salainn agus aon chuingir díobh;

    Aon substaint PFCA C9-C14-ghaolmhara ag a bhfuil sárfhluaraghrúpa nach bhfuil an fhoirmle CnF2n +1- ceangailte go díreach le hadamh carbóin eile, nuair atá n = 9, 10, 11, 12, 13 nó 14 mar cheann amháin de na heilimintí struchtúracha, lena n-áirítear a salainn agus aon chuingir díobh.

    Fágtar na substaintí seo a leanas as an ainmniú seo

    CnF2n +1-X, nuair atá X = F, Cl, nó Br

    nuair atá n = 9, 10, 11, 12, 13 nó 14, lena n-áirítear aon chuingir díobh;

    CnF2n +1-C(= O)OX’ nuair atá n> 13 agus X’=aon ghrúpa, lena n-áirítear salainn.

    ______________________________

    1.

    Ní dhéanfar iad a mhonarú, ná a chur ar an margadh mar shubstaintí leo féin ón 25 Feabhra 2023.

    2.

    Ón 25 Feabhra 2023, ní úsáidfear iad sna nithe seo a leanas ná ní chuirfear ar an margadh iad sna nithe seo a leanas:

    (a)

    substaint eile, mar chomhábhar;

    (b)

    meascán;

    (c)

    earra,

    Seachas más faoi bhun 25 ppb atá an tiúchan sa tsubstaint, sa mheasán nó san earra maidir le suim na PFCAnna C9-C14 agus a salainn, nó faoi bhun 260 ppb maidir le suim na substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara.

    3.

    De mhaolú ar mhír 2, is é 10 ppm an teorainn tiúchana maidir le suim na PFCAnna C9-C14, a salainn agus substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara, i gcás ina bhfuil siad ann i substaint a bhfuiltear lena húsáid mar idirmheánach aonraithe iompartha, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha i bpointe (a) go pointe (f) d’Airteagal 18 (4) den Rialachán seo i dtaca le monarú fluaraiceimiceán a bhfuil fad slabhra sárfhluaracarbóin acu atá cothrom le 6 adamh nó níos lú. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an teorainn sin tráth nach déanaí ná 25 Lúnasa 2023.

    4.

    Beidh feidhm ag mír 2 ón 4 Iúil 2023 maidir leis na nithe seo a leanas:

    (i)

    teicstílí ruaigthe ola nó uisce chun oibrithe a chosaint ar leachtanna contúirteacha is rioscaí dá sláinte agus dá sábháilteacht;

    (ii)

    monarú polaiteitreafluaireitiléine (PTFE) agus fluairíde polaivinilídéine (PVDF) chun na nithe seo a leanas a tháirgeadh:

    Scannáin fhrithchreimneacha ardfheidhmíochta le haghaidh scagairí gáis, scagairí uisce agus scannáin le haghaidh teicstílí leighis;

    trealamh teasmhalartóra dramhaíola tionsclaíche;

    Séaltáin thionsclaíocha atá in ann sceitheadh comhdhúile orgánacha so-ghalaithe agus cáithníní PM 2.5 a chosc

    5.

    De mhaolú ar mhír 2, ceadófar PFCAnna C9-C14, a salainn agus substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara a úsáid go dtí an 4 Iúil 2025 i gcás na nithe seo a leanas

    (i)

    fótailiteagrafaíocht nó próisis eitseála i monarú leathsheoltóirí;

    (ii)

    bratú fótagrafach a chuirtear ar scannáin;

    (iii)

    feistí leighis ionracha agus so-ionchlannaithe;

    (iv)

    cúr comhraicthe dóiteáin chun gal breosla leachtaigh a scothadh agus chun dóiteáin ó bhreosla leachtach (dóiteáin d’Aicme B) a chomhrac atá ann cheana féin sna córais, lena n-áirítear córais shoghluaiste agus córais, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

    ní úsáidfear cúr comhraicthe dóiteáin ina bhfuil PFCAnna C9-C14, a salainn, nó substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara, nó ina bhfeadfaidís a bheith ann, chun críocha traenála;

    ní úsáidfear cúr comhraicthe dóiteáin ina bhfuil PFCAnna C9-C14, a salainn, nó substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara, nó ina bhfeadfaidís a bheith ann, chun tástálacha a dhéanamh ach amháin má tá gach scaoileadh coinnithe faoi smacht;

    on 1 Eanáir 2023, ní cheadófar úsáid cúir comhraicthe dóiteáin ina bhfuil PFCAnna C9-C14, a salainn, nó substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara ach ar láithreáin inar féidir gach scaoileadh a choinneáil faoi smacht;

    bainisteofar stoic-charn cúir comhraicthe dóiteáin ina bhfuil PFCAnna C9-C14, a salainn, nó substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/1021.

    6.

    Ní bheidh feidhm ag mír 2(c) maidir le hearraí a chuirtear ar an margadh roimh an 25 Feabhra 2023.

    7.

    Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir leis an gcannabhratú le haghaidh análóirí dáileoige méadraithe brúchóirithe go dtí an 25 Lúnasa 2028.

    8.

    Beidh feidhm ag mír 2 (c) ón 31 Nollaig 2023 maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    leathsheoltóirí astu féin;

    (b)

    leathsheoltóirí a ionchorpraítear i dtrealamh leictreonach leathchríochnaithe agus críochnaithe.

    9.

    Beidh feidhm ag mír 2(c) ón 31 Nollaig 2030 maidir le leathsheoltóirí a úsáidtear i bpáirteanna spártha nó páirteanna athsholáthair le haghaidh trealamh leictreonach críochnaithe a cuireadh ar an margadh roimh an 31 Nollaig 2023.

    10.

    An 25 Lúnasa 2024, is é 2 000 ppb an teorainn tiúchana dá dtagraítear i mír 2 maidir le suim na PFCAnna C9-C14, i bhfluaraplaistigh agus i bhfluaraileaistiméirí ina bhfuil sárfhluaralcocsaghrúpaí. Ón 25 Lúnasa 2024, is é 100 ppb an teorainn tiúchana maidir le suim na PFCAnna C9-C14, i bhfluaraplaistigh agus i bhfluaraileaistiméirí ina bhfuil sárfhluaralcocsaghrúpaí. Ba cheart gach astaíocht PFCAnna C9-C14 a scaoiltear i monarú agus úsáid fluaraplaisteach agus i bhfluaraileaistiméirí ina bhfuil sárfhluaralcocsaghrúpaí a sheachaint agus, mura féidir sin a dhéanamh, ba cheart iad a laghdú a mhéid is féidir go teicniúil agus go praiticiúil. Ní bheidh feidhm ag an maolú sin maidir leis na hearraí dá dtagraítear i mír 2(c). Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an maolú sin tráth nach déanaí ná 25 Lúnasa 2024.

    11.

    Is é 1 000 ppb an teorainn tiúchana dá dtagraítear i mír 2 maidir le suim na PFCAnna C9-C14, nuair atá siad ann i micreaphúdair PTFE a tháirgtear trí ionradaíocht ianúcháin nó trí dhíghrádú teirmeach, agus i meascáin agus earraí a bhfuiltear lena n-úsáid go tionsclaíoch agus go gairmiúil a bhfuil micreaphúdair PTFE iontu. Ba cheart gach astaíocht PFCAnna C9-C14 a scaoiltear i monarú agus úsáid micreaphúdar PTFE a sheachaint agus, mura féidir sin a dhéanamh, ba cheart iad a laghdú a mhéid is féidir go teicniúil agus go praiticiúil. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an maolú sin tráth nach déanaí ná 25 Lúnasa 2024.

    12.

    Chun críocha na hiontrála seo, is substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara iad substaintí a mheastar, bunaithe ar a struchtúr móilíneach, go bhféadfaidís díghrádú nó aistriú go PFCAnna C9-C14.”


    Top