EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1232

Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/38/2021/REV/1

IO L 274, 30.7.2021, p. 41–51 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 15/05/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1232/oj

30.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 274/41


RIALACHÁN (AE) 2021/1232 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Iúil 2021

maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2), i gcomhar le hAirteagal 114(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) leagtar síos rialacha lena n-áirithítear an ceart chun príobháideachais agus chun rúndachta maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i malartuithe sonraí in earnáil na cumarsáide leictreonaí. Sonrú agus comhlánú ar Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) atá sa Treoir sin.

(2)

Tá feidhm ag Treoir 2002/58/CE maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i dtaca le seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí a sholáthar. Go dtí an 21 Nollaig 2020, bhí feidhm ag an sainmhíniú ar “seirbhís cumarsáide leictreonaí” a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (c), de Threoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). An dáta sin, le Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), rinneadh Treoir 2002/21/CE a aisghairm. Áirítear sa sainmhíniú ar “seirbhís cumarsáide leictreonaí” in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2018/1972 seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), den Treoir sin. Dá bhrí sin, an 21 Nollaig 2020, tugadh seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, lena n-áirítear, mar shampla, Prótacal Idirlín Guthaithe, seirbhísí teachtaireachtaí agus seirbhísí ríomhphoist gréasánbhunaithe, laistigh de raon feidhme Threoir 2002/58/CE.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 6(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), aithníonn an tAontas na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”). Le hAirteagal 7 den Chairt cosnaítear an ceart bunúsach atá ag gach duine go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus a shaol nó a saol teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú, agus áirítear air sin rúndacht na cumarsáide. Tá an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint in Airteagal 8 den Chairt.

(4)

Le hAirteagal 3(1) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, 1989 (UNCRC) agus le hAirteagal 24(2) den Chairt, foráiltear nach mór leas an linbh a bheith ina phríomhthosaíocht i ngach gníomhaíocht a bhaineann le leanaí a dhéanann údaráis phoiblí nó a dhéanann institiúidí príobháideacha. In Airteagal 3(2) UNCRC agus in Airteagal 24(1) den Chairt, tagraítear freisin don cheart atá ag leanaí chun cibé cosaint agus cúram is gá ar mhaithe lena ndea-bhail.

(5)

Tá cosaint leanaí, as líne agus ar líne araon, ar cheann de thosaíochtaí an Aontais. Is sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus cearta bunúsacha iad mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí, go háirithe ar chearta leanaí a bheith cosanta ar gach cineál foréigin, mí-úsáide agus faillí, drochíde nó teacht i dtír, lena n-áirítear mí-úsáid ghnéasach, dá bhforáiltear le UNCRC agus leis an gCairt. Tháinig go leor buntáistí don tsochaí agus don gheilleagar as an digitiú, ach tháinig dúshláin as freisin, lena n-áirítear méadú ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne. An 24 Iúil 2020, ghlac an Coimisiún teachtaireacht dar teideal “Straitéis de chuid an Aontais maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí” (an “Straitéis”). Is é is aidhm don Straitéis freagairt éifeachtach a chur ar fáil, ar leibhéal an Aontais, i dtaca le coir na mí-úsáide gnéasaí leanaí.

(6)

I gcomhréir le Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ní rialaítear leis an Rialachán seo beartais na mBallstát maidir le gníomhaíochtaí gnéasacha comhthoiliúla a bhféadfadh leanaí a bheith rannpháirteach iontu agus ar féidir iad a mheas a bheith ina gcuid den ghnáthphróiseas foghlama gnéasachta le linn fhorbairt an duine, agus aird á tabhairt ar na traidisiúin éagsúla chultúrtha agus dhlíthiúla agus ar dhóigheanna nua chun caidreamh i measc leanaí agus ógánach a bhunú agus a chothú, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide.

(7)

Tá roinnt soláthraithe de sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir áirithe (“soláthraithe”), amhail seirbhísí poist gréasáin agus seirbhísí teachtaireachtaí, ag úsáid teicneolaíochtaí sonracha cheana féin ar bhonn deonach chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a gcuid seirbhísí agus í a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí, trí scanadh a dhéanamh ar an inneachar, amhail íomhánna agus téacs, nó ar shonraí tráchta cumarsáidí trí úsáid a bhaint, i gcásanna áirithe, as sonraí stairiúla. D’fhéadfadh an teicneolaíocht a úsáidtear le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin a bheith ina teicneolaíocht haiseála le haghaidh íomhánna agus físeán agus ina haicmitheoirí agus ina hintleacht shaorga chun anailís a dhéanamh ar shonraí téacs nó tráchta. Agus teicneolaíocht haiseála á húsáid, tuairiscítear an t-ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne nuair a fhaightear amas dearfach, rud a chiallaíonn meaitseáil a eascraíonn as comparáid idir íomhá nó físeán agus síniú digiteach uathúil neamh-ath-intiontaithe (“hais”) ó bhunachar sonraí atá á choimeád ag eagraíocht a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí ina bhfuil ábhar fíoraithe mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne. Téann na soláthraithe sin i dteagmháil le beolínte náisiúnta chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a thuairisciú agus le heagraíochtaí, atá lonnaithe laistigh den Aontas agus eagraíochtaí atá lonnaithe i dtríú tíortha araon, a bhfuil sé d’aidhm acu leanaí a shainaithint, teacht i dtír gnéasach leanaí agus mí-úsáid ghnéasach leanaí a laghdú agus íospairt leanaí a chosc. D’fheadfadh sé nach mbeadh eagraíochtaí den sórt sin faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2016/679. I dteannta a chéile, tá ról luachmhar ag gníomhaíochtaí deonacha den sórt sin chun sainaithint agus tarrtháil íospartach a chumasú, ar íospartaigh iad a sáraítear go mór a gcearta bunúsacha chun dínit an duine agus chun sláine coirp agus meabhraí. Tá gníomhaíochtaí deonacha den sórt sin tábhachtach freisin chun scaipeadh breise ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a laghdú agus chun rannchuidiú le ciontóirí a shainaithint agus a imscrúdú agus le cionta mí-úsáide gnéasaí leanaí a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

(8)

D’ainneoin an chuspóra dhlisteanaigh a ghabhann leo, is ionann gníomhaíochtaí deonacha a dhéanann soláthraithe chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus cur isteach ar na cearta bunúsacha go n-ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú agus go ndéanfar sonraí pearsanta úsáideoirí uile seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir (“úsáideoirí”) a chosaint. Ní féidir údar a thabhairt le haon teorannú a dhéanfar ar fheidhmiú an chirt bhunúsaigh go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, lena n-áirítear maidir le rúndacht na cumarsáide, ar na forais go raibh teicneolaíochtaí áirithe in úsáid ag soláthraithe tráth nach raibh seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir ag teacht faoin sainmhíniú ar “seirbhísí cumarsáide leictreonaí”. Níl féidir teorainneacha den sórt sin a dhéanamh ach amháin faoi choinníollacha áirithe. De bhun Airteagal 52(1) den Chairt, ní mór foráil le dlí do theorainneacha den sórt sin agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart maidir le hurraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh agus maidir le cosaint sonraí pearsanta a urramú agus, faoi réir phrionsabal na comhréireachta, caithfear gá a bheith leo agus ní mór dóibh freagairt go hiarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó don ghá atá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. I gcás ina bhfuil faireachán ginearálta agus neamh-idirdhealaitheach agus anailís ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach ar chumarsáid gach úsáideora i gceist le teorainneacha den sórt sin, cuireann siad isteach ar an gceart chun rúndachta cumarsáide.

(9)

Go dtí an 20 Nollaig 2020, is le Rialachán (AE) 2016/679, agus leis an Rialachán sin amháin, a rialaíodh an phróiseáil arna déanamh ag soláthraithe ar shonraí pearsanta trí bhíthin bearta deonacha chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí. Le Treoir (AE) 2018/1972, a bhí le trasuí faoin 20 Nollaig 2020, tugadh soláthraithe laistigh de raon feidhme Threoir 2002/58/CE. Chun leanúint de bhearta deonacha den sórt sin a úsáid tar éis an 20 Nollaig 2020, ba cheart do sholáthraithe na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Leanfaidh Rialachán (AE) 2016/679 d’fheidhm a bheith aige maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar trí bhíthin bearta deonacha den sórt sin.

(10)

Níl aon fhoráil shonrach i dTreoir 2002/58/CE a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann soláthraithe ar shonraí pearsanta i dtaca le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí. Mar sin féin, de bhun Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE, is féidir leis na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh chun srian a chur le raon feidhme na gceart agus na n-oibleagáidí dá bhforáiltear, inter alia, in Airteagail 5 agus 6 den Treoir sin, a bhaineann le rúndacht na cumarsáide agus sonraí tráchta, chun cionta coiriúla a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. In éagmais bearta reachtacha náisiúnta den sórt sin agus go dtí go nglacfar creat dlí fadtéarmach chun dul i ngleic le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar leibhéal an Aontais, ní féidir le soláthraithe a bheith ag brath a thuilleadh ar Rialachán (AE) 2016/679 chun leanúint de bhearta deonacha a úsáid chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí tar éis an 21 Nollaig 2020. Ní dhéantar foráil sa Rialachán seo maidir le foras dlíthiúil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag soláthraithe chun críche mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí, agus chun na críche sin amháin, ach déantar foráil ann maidir le maolú ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE. Leagtar síos leis an Rialachán seo coimircí breise nach mór do na soláthraithe a urramú más mian leo brath air.

(11)

D’fhéadfadh próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 a bheith i gceist le próiseáil sonraí chun críocha an Rialacháin seo. Dá ndéanfaí íomhánna agus físeáin a phróiseáil le modhanna teicniúla sonracha lena gceadaítear duine nádúrtha a shainaithint nó a fhíordheimhniú go huathúil, meastar gur próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta é.

(12)

Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le maolú sealadach ar Airteagail 5(1) agus 6(1) de Threoir 2002/58/CE, lena gcosnaítear rúndacht na cumarsáide agus sonraí tráchta. An úsáid dheonach a bhaineann soláthraithe as teicneolaíochtaí chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil a mhéid is gá chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí, tagann sí faoi raon feidhme an mhaolaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar choinníoll go gcomhlíontar, le húsáid den sórt sin, na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus, dá bhrí sin, go bhfuil sí faoi réir na gcoimircí agus na gcoinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679.

(13)

Glacadh Treoir 2002/58/CE ar bhonn Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). De bhreis air sin, níor ghlac na Ballstáit uile bearta reachtacha i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE chun srian a chur le raon feidhme na gceart agus na n-oibleagáidí a bhaineann le rúndacht na cumarsáide agus na sonraí tráchta a leagtar amach sa Treoir sin, agus, má ghlactar bearta den sórt sin, tá baol suntasach ilroinnte ann is dóigh a mbeidh tionchar diúltach aici ar an margadh inmheánach. Dá bharr sin, ba cheart an Rialachán seo a bheith bunaithe ar Airteagal 114 CFAE.

(14)

Ós rud é go gcáilíonn sonraí a bhaineann le cumarsáid leictreonach lena mbaineann daoine nádúrtha mar shonraí pearsanta de ghnáth, ba cheart an Rialachán seo a bheith bunaithe ar Airteagal 16 CFAE chomh maith, lena dtugtar bunús dlí ar leith chun rialacha a ghlacadh a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus ag na Ballstáit nuair a bhíonn gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, agus na rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht na sonraí sin.

(15)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta i dtaca le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a bheith á soláthar ag soláthraithe chun críche mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí, agus chun na críche sin amháin, a mhéid a thagann an phróiseáil sin faoi raon feidhme an mhaolaithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo.

(16)

Ba cheart na cineálacha teicneolaíochtaí a úsáidtear chun críocha an Rialacháin seo a bheith ar na cinn is lú a chuireann isteach ar an bpríobháideachas i gcomhréir leis an úrscothacht atá in úsáid sa tionscal. Níor cheart na teicneolaíochtaí sin a úsáid chun téacs a scagadh agus a scanadh go córasach i gcumarsáid ach amháin má dhéantar sin chun patrúin a bhrath lena dtugtar le fios go bhféadfadh cúiseanna nithiúla amhrais a bheith ann faoi mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne, agus níor cheart a bheith in ann, leis na teicneolaíochtaí sin, substaint inneachar na cumarsáide a thuiscint. I gcás na teicneolaíochta a úsáidtear chun sirtheoireacht leanaí a shainaithint, ba cheart na cúiseanna nithiúla amhrais sin a bheith bunaithe ar thosca riosca arna sainaithint go hoibiachtúil amhail difríocht aoise agus an bhaint is dócha a bheith ag leanbh sa chumarsáid scanta.

(17)

Ba cheart nósanna imeachta agus sásraí sásaimh iomchuí a chur i bhfeidhm chun a áirithiú gur féidir le daoine aonair gearáin a thaisceadh le soláthraithe. Tá nósanna imeachta agus sásraí den sórt sin ábhartha go háirithe i gcás ina ndearnadh inneachar nach mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne é a bhaint nó a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí nó d’eagraíocht a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí.

(18)

Chun cruinneas agus iontaofacht a áirithiú a mhéid is féidir, ba cheart, leis an teicneolaíocht a úsáidtear chun críocha an Rialacháin seo, i gcomhréir leis an úrscothacht sa tionscadal, líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhneacha) a theorannú a mhéid is féidir agus ba cheart, i gcás inar gá, aon earráid den sórt sin a d’fhéadfadh a bheith ann mar sin féin a cheartú gan mhoill.

(19)

Maidir leis na sonraí inneachair agus na sonraí tráchta a phróiseáiltear agus na sonraí pearsanta a ghintear agus na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo á ndéanamh, agus an tréimhse ar lena linn a stóráiltear na sonraí ina dhiaidh sin i gcás mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta a shainaithint, ba cheart iad a bheith fós teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh. Ba cheart aon sonraí a scriosadh láithreach agus go do-athraithe a luaithe nach mbeidh fíorghá leo a thuilleadh ar mhaithe le ceann de na críocha a shonraítear sa Rialachán seo, lena n-áirítear i gcás nach sainaithnítear aon mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 12 mhí ón dáta ar braitheadh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta. Níor cheart gur dhochar an méid sin don fhéidearthacht sonraí inneachair agus sonraí tráchta ábhartha a stóráil i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE. Ní dhéanann an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm aon oibleagáide dlíthiúla faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta maidir le sonraí a chaomhnú a bhfuil feidhm aici maidir le soláthraithe.

(20)

Ní chuireann an Rialachán seo cosc ar sholáthraí a thuairiscigh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne d’údaráis forfheidhmithe dlí iarraidh ar na húdaráis sin a admháil go bhfuarthas an tuairisc.

(21)

Chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú i leith na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun an mhaolaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart do sholáthraithe, faoin 3 Feabhra 2022, agus faoin 31 Eanáir gach bliain ina dhiaidh sin, tuarascálacha a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid an údaráis inniúil maoirseachta arna ainmniú de bhun Rialachán (AE) 2016/679 (“údarás maoirseachta”) agus faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart a chumhdach le tuarascálacha den sórt sin an phróiseáil a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear cineál agus líon na sonraí a phróiseáiltear, na forais shonracha ar a mbeifear ag brath chun sonraí pearsanta a phróiseáil de bhun Rialachán (AE) 2016/679, na forais ar a mbeifear ag brath i gcomhair aon aistriú sonraí pearsanta lasmuigh den Aontas de bhun Chaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679, i gcás inarb infheidhme, líon na gcásanna de mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a sainaithníodh, agus idirdhealú á dhéanamh idir ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne agus sirtheoireacht leanaí, líon na gcásanna inar thaisc úsáideoir gearán leis an sásra sásaimh inmheánaigh nó inar lorg sé nó sí leigheas breithiúnach agus toradh gearán agus imeachtaí breithiúnacha den sórt sin, líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhneacha) na dteicneolaíochtaí éagsúla a úsáidtear, na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun an ráta earráide a theorannú agus an ráta earráide a bhaintear amach leo, an beartas coinneála agus na coimircí cosanta sonraí a chuirtear i bhfeidhm de bhun Rialachán (AE) 2016/679, agus ainmneacha na n-eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí ar roinneadh sonraí leo de bhun an Rialacháin seo.

(22)

Chun tacú leis na húdaráis mhaoirseachta na cúraimí atá orthu a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún a iarraidh ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí treoirlínte a eisiúint maidir le comhlíonadh Rialachán (AE) 2016/679 ag an bpróiseáil a thagann faoi raon feidhme an mhaolaithe a leagtar síos sa Rialachán seo. Nuair a dhéanann na húdaráis mhaoirseachta measúnú i dtaobh an i gcomhréir leis an úrscothacht sa tionscal teicneolaíocht seanbhunaithe nó teicneolaíocht nua atá le húsáid, i dtaobh an í an teicneolaíocht is lú í lena gcuirtear isteach ar an bpríobháideachas agus i dtaobh an oibríonn sí ar bhunús dlí leordhóthanach faoi Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart do na treoirlínte sin cabhrú, go háirithe, leis na húdaráis maoirseachta sin comhairle a chur ar fáil faoi chuimsiú an nós imeachta réamhchomhairliúcháin a leagtar amach sa Rialachán sin.

(23)

Leis an Rialachán seo, cuirtear srian leis an gceart go ndéanfar rúndacht na cumarsáide a chosaint agus maolaítear ar an gcinneadh a glacadh faoi Threoir (AE) 2018/1972 seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a chur faoi réir na rialacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis na seirbhísí cumarsáide leictreonaí eile uile i dtaca leis an bpríobháideachas chun críche mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar na seirbhísí sin agus í a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí nó d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint de na seirbhísí sin, agus chun na críche sin amháin. Dá bhrí sin, ba cheart tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a theorannú go 3 bliana óna dháta cur i bhfeidhm ionas go mbeidh an t-am is gá ann chun creat dlí fadtéarmach nua a ghlacadh. I gcás ina nglactar an creat dlí fadtéarmach agus ina dtiocfaidh sé i bhfeidhm roimh an dáta sin, ba cheart an Rialachán seo a aisghairm leis an gcreat dlí fadtéarmach sin.

(24)

Maidir le gach gníomhaíocht eile a thagann faoi raon feidhme Threoir 2002/58/CE, ba cheart soláthraithe a bheith faoi réir na n-oibleagáidí sonracha a leagtar amach sa Treoir sin agus, dá bhrí sin, faoi réir chumhachtaí faireacháin agus imscrúdaitheacha na n-údarás inniúil arna n-ainmniú de bhun na Treorach sin.

(25)

Is uirlis thábhachtach é criptiú ó cheann go ceann chun slándáil agus rúndacht chumarsáid na n-úsáideoirí a ráthú, lena n-áirítear cumarsáid leanaí. D’fhéadfadh tríú páirtithe mailíseacha mí-úsáid a bhaint as aon lagú ar chriptiú. Níor cheart, dá bhrí sin, aon ní sa Rialachán seo a léiriú mar ní lena gcuirtear toirmeasc nó lena ndéantar lagú ar chriptiú ó cheann go ceann.

(26)

Is ceart bunúsach a ráthaítear faoi Airteagal 7 den Chairt é an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, lena n-áirítear rúndacht na cumarsáide. Dá bhrí sin, is réamhriachtanas é freisin chun go mbeidh cumarsáid shlán idir íospartaigh mí-úsáide gnéasaí leanaí agus duine fásta iontaofa nó eagraíochtaí atá gníomhach sa chomhrac i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí, agus don chumarsáid idir íospartaigh agus a ndlíodóirí.

(27)

Níor cheart gur dhochar an Rialachán seo do na rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil faoin dlí náisiúnta, amhail rialacha maidir le cumarsáid ghairmiúil a chosaint, idir dochtúirí agus a n-othair, idir iriseoirí agus a bhfoinsí, nó idir dlíodóirí agus a gcliaint, go háirithe ós rud é go bhfuil rúndacht na cumarsáide idir dlíodóirí agus a gcliaint ríthábhachtach chun feidhmiú éifeachtach chearta na cosanta a áirithiú mar chuid bhunriachtanach den cheart chun triail chóir a fháil. Ina theannta sin, níor cheart gur dhochar an Rialachán seo do rialacha náisiúnta maidir le cláir d’údaráis phoiblí nó eagraíochtaí a thairgeann comhairleoireacht do dhaoine aonair atá i gcruachás.

(28)

Ba cheart do sholáthraithe ainmneacha na n-eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí a ndéanann siad mí-úsáid ghnéasach leanaí fhéideartha ar líne a thuairisciú dóibh faoin Rialachán seo a chur in iúl don Choimisiún. Cé gurb iad na soláthraithe, ag gníomhú mar rialaitheoirí, agus iadsan amháin, atá freagrach as measúnú a dhéanamh i dtaobh cén tríú páirtí ar féidir leo sonraí pearsanta a roinnt leis faoi Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart don Choimisiún trédhearcacht a áirithiú maidir le cásanna féideartha de mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a aistriú trí liosta de na heagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí a chuirtear in iúl dó a phoibliú ar a shuíomh gréasáin. Ba cheart an liosta poiblí sin a bheith inrochtana go héasca. Ba cheart do na soláthraithe a bheith in ann an liosta sin a úsáid freisin chun eagraíochtaí ábhartha a shainaithint sa chomhrac domhanda in aghaidh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne. Níor cheart gur dhochar an liosta sin d’oibleagáidí na soláthraithe atá ag gníomhú mar rialaitheoirí faoi Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear maidir lena n-oibleagáid aon aistriú sonraí pearsanta lasmuigh den Aontas a dhéanamh de bhun Chaibidil V den Rialachán sin agus lena n-oibleagáid na hoibleagáidí uile faoi Chaibidil IV den Rialachán sin a chomhlíonadh.

(29)

An staidreamh atá le soláthar ag na Ballstáit faoin Rialachán seo, is táscairí tábhachtacha é chun meastóireacht a dhéanamh ar bheartais, lena n-áirítear bearta reachtacha. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach go n-aithneofaí an tionchar a bhíonn ag íospairt thánaisteach atá ina dlúthchuid de chomhroinnt íomhánna agus físeán d’íospartaigh mí-úsáide gnéasaí leanaí a d’fhéadfadh a bheith á scaipeadh ar feadh na mblianta agus nach léirítear go hiomlán i staidreamh den sórt sin.

(30)

I gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe an ceanglas go n-áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta na hacmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais atá de dhíth orthu chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha den sórt sin ag na húdaráis mhaoirseachta chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach faoin Rialachán seo.

(31)

I gcás ina ndearna soláthraí measúnú tionchair ar chosaint sonraí agus ina ndeachaigh sé i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta maidir le teicneolaíocht i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar an soláthraí sin faoin Rialachán seo measúnú tionchair breise ar chosaint sonraí nó comhairliúchán breise a dhéanamh ar choinníoll go mbeidh sé curtha in iúl ag na húdaráis mhaoirseachta nach mbeadh ardriosca do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha mar thoradh ar an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí leis an teicneolaíocht sin nó go mbeadh bearta déanta ag an rialaitheoir chun riosca den sórt sin a mhaolú.

(32)

Ba cheart é a bheith de cheart ag úsáideoirí leigheas éifeachtach breithiúnach a fháil i gcás inar sáraíodh a gcearta mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta agus sonraí eile chun na críche mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir agus í a thuairisciú agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint de na seirbhísí sin, mar shampla i gcás inar tuairiscíodh inneachar nó céannacht úsáideora d’eagraíocht a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí nó d’údaráis forfheidhmithe dlí nó i gcás inar baineadh inneachar úsáideora nó ina ndearnadh cuntas úsáideora a bhlocáil nó inar cuireadh seirbhís a thairgtear d’úsáideoir ar fionraí.

(33)

I gcomhréir le Treoir 2002/58/CE agus le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, ba cheart próiseáil sonraí pearsanta agus sonraí eile a bheith teoranta do na catagóirí de shonraí inneachair agus sonraí tráchta gaolmhara, a mhéid is fíorghá chun cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach.

(34)

Leis an maolú dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, ba cheart na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagail 5(1) agus 6(1) de Threoir 2002/58/CE a chuimsiú, atá infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus neamhphearsanta araon a phróiseáiltear i gcomhthéacs seirbhís cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir a sholáthar.

(35)

Is é cuspóir an Rialacháin seo maolú sealadach a chruthú ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE gan ilroinnt sa mhargadh inmheánach a chruthú. Thairis sin, is é is dóichí nárbh fhéidir leis na Ballstáit uile reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh in am. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. Leis an Rialachán seo, tugtar isteach maolú atá sealadach agus a bhfuil teorainn dhocht aige ar infheidhmeacht Airteagail 5(1) agus 6(1) de Threoir 2002/58/CE, mar aon le sraith coimircí chun a áirithiú nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a leagtar síos a ghnóthú.

(36)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus thug sé a thuairim uaidh an 10 Samhain 2020,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha sealadacha atá teoranta go docht lena maolaítear ar oibleagáidí áirithe a leagtar síos i dTreoir 2002/58/CE, nach bhfuil de chuspóir leo ach soláthraithe seirbhísí áirithe cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir (“soláthraithe”) a chumasú chun teicneolaíochtaí sonracha a úsáid, gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil a mhéid is fíorghá chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le scanadh cumarsáide fuaime.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir” seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir (AE) 2018/1972;

(2)

ciallaíonn “ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne”:

(a)

pornagrafaíocht leanaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (c), de Threoir 2011/93/AE;

(b)

taibhiú pornagrafach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (e), de Threoir 2011/93/AE;

(3)

ciallaíonn “sirtheoireacht leanaí” aon iompar intinneach ar cion coiriúil é faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/93/AE;

(4)

ciallaíonn “mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne” ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne agus sirtheoireacht leanaí.

Airteagal 3

Raon feidhme an mhaolaithe

1.   Airteagail 5(1) agus 6(1) de Threoir 2002/58/CE, ní bheidh feidhm acu maidir le rúndacht cumarsáide a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann soláthraithe ar shonraí pearsanta agus sonraí eile i dtaca le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a sholáthar ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is fíor an méid seo a leanas maidir leis an bpróiseáil:

(i)

tá fíorghá léi chun teicneolaíocht shonrach a úsáid chun na críche ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhrath agus a bhaint agus é a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí agus sirtheoireacht leanaí a bhrath agus a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí nó d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí, agus chun na críche sin amháin;

(ii)

tá sí comhréireach agus teoranta do theicneolaíochtaí a úsáideann soláthraithe chun na críche a leagtar amach i bpointe (i):

(iii)

tá sí teoranta do shonraí inneachair agus sonraí tráchta gaolmhara a bhfuil fíorghá leo chun na críche a leagtar amach i bpointe (i);

(iv)

tá sí teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun na críche a leagtar amach i bpointe (i);

(b)

tá na teicneolaíochtaí a úsáidtear chun na críche a leagtar amach i bpointe (a)(i) den mhír seo i gcomhréir leis an úrscothacht atá in úsáid sa tionscal agus is iad na teicneolaíochtaí is lú iad lena gcuirtear isteach ar an bpríobháideachas, lena n-áirítear maidir le prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh agus trí réamhshocrú a leagtar síos in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/679 agus, a mhéid a úsáidtear iad chun téacs i gcumarsáid a scanadh, ní féidir leo substaint inneachar na cumarsáide a bhaint de thátal as agus ní féidir a dhéanamh leo ach patrúin a bhrath lena dtugtar le fios go bhféadfadh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bheith ann;

(c)

i leith aon teicneolaíocht shonrach a úsáidtear chun na críche a leagtar amach i bpointe (a)(i) den mhír seo, rinneadh measúnú tionchair roimh ré ar chosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 agus nós imeachta réamhchomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán sin;

(d)

maidir le teicneolaíocht nua, rud a chiallaíonn teicneolaíocht a úsáidtear chun na críche ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhrath nár bhain aon soláthraí úsáid aisti i ndáil le seirbhísí a soláthraíodh d’úsáideoirí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir (“úsáideoirí”) san Aontas roimh an 2 Lúnasa 2021, agus maidir le teicneolaíocht a úsáideadh chun na críche sirtheoireacht fhéideartha leanaí a shainaithint, tuairiscíonn an soláthraí ar ais don údarás inniúil maidir leis na bearta a rinneadh chun a léiriú go bhfuil comhairle i scríbhinn arna heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 36(2) de Rialachán (AE) 2016/679 á comhlíonadh ag an údarás inniúil maoirseachta arna ainmniú de bhun Chaibidil VI, Roinn 1, den Rialachán sin (“údarás maoirseachta”) le linn an nós imeachta réamhchomhairliúcháin.

(e)

tá na teicneolaíochtaí a úsáidtear iontaofa go leor sa chaoi a dteorannaíonn siad a mhéid is féidir an ráta earráide i dtaca le hinneachar arb é atá ann mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus, i gcás ina dtarlaíonn earráidí den sórt sin ó am go chéile, ceartaítear a n-iarmhairtí gan mhoill;

(f)

tá na teicneolaíochtaí a úsáidtear chun patrúin fhéideartha sirtheoireachta leanaí a bhrath teoranta d’úsáid na bpríomhtháscairí ábhartha agus do thosca riosca arna sainaithint go hoibiachtúil amhail difríocht aoise agus an bhaint is dócha a bheith ag leanbh leis an gcumarsáid scanta, gan dochar don cheart chun athbhreithniú daonna;

(g)

is fíor an méid seo a leanas maidir leis na soláthraithe:

(i)

tá nósanna imeachta inmheánacha bunaithe acu chun mí-úsáid sonraí pearsanta agus sonraí eile, rochtain neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta agus sonraí eile, agus aistrithe neamhúdaraithe de shonraí pearsanta agus sonraí eile, a chosc;

(ii)

áirithíonn siad maoirseacht dhaonna ar an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta agus sonraí eile le teicneolaíochtaí a thagann faoin Rialachán seo agus, i gcás inar gá, idirghabháil dhaonna i bpróiseáil na sonraí sin;

(iii)

áirithíonn siad nach ndéantar ábhar nár sainaithníodh roimhe sin mar ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne nó sirtheoireacht leanaí a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí nó d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí gan deimhniú ó dhuine a fháil roimh ré;

(iv)

tá nósanna imeachta agus sásraí iomchuí bunaithe acu chun a áirithiú gur féidir le húsáideoirí gearáin a thaisceadh leo laistigh de thréimhse ama réasúnta chun a dtuairimí a chur i láthair;

(v)

cuireann siad úsáideoirí ar an eolas ar bhealach soiléir, feiceálach agus sothuigthe gur agair siad, i gcomhréir leis an Rialachán seo, an maolú ar Airteagail 5(1) agus 6(1) de Threoir 2002/58/CE maidir le rúndacht cumarsáide úsáideoirí chun na críche a leagtar amach i bpointe (a)(i) den mhír seo, agus chun na críche sin amháin, faoin loighic atá taobh thiar de na bearta a ghlac siad faoin maolú agus faoin tionchar ar rúndacht cumarsáide úsáideoirí, lena n-áirítear an fhéidearthacht go roinntear sonraí pearsanta le húdaráis forfheidhmithe dlí agus le heagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí;

(vi)

cuireann siad an méid seo a leanas in iúl d’úsáideoirí, i gcás inar baineadh a n-inneachar nó ina ndearnadh a gcuntas a bhlocáil nó inar cuireadh seirbhís a thairgtear dóibh ar fionraí:

(1)

na bealaí chun sásamh a lorg uathu;

(2)

an fhéidearthacht chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta; agus

(3)

an ceart chun leigheas breithiúnach a fháil;

(vii)

faoin 3 Feabhra 2022, agus faoin 31 Eanáir gach bliain ina dhiaidh sin, déanann siad tuarascáil a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid an údaráis inniúil maoirseachta agus faoi bhráid an Choimisiúin maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo, lena n-áirítear maidir leis an méid seo a leanas:

(1)

cineál agus méideanna na sonraí a phróiseáiltear;

(2)

an foras sonrach a bhfuiltear ag brath air don phróiseáil de bhun Rialachán (AE) 2016/679;

(3)

an foras a bhfuiltear ag brath air chun sonraí pearsanta a aistriú lasmuigh den Aontas de bhun Chaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679, i gcás inarb infheidhme,

(4)

líon na gcásanna de mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a sainaithníodh, agus idirdhealú á dhéanamh idir ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne agus sirtheoireacht leanaí;

(5)

líon na gcásanna inar thaisc úsáideoir gearán leis an sásra sásaimh inmheánaigh nó le húdarás breithiúnach agus toradh na ngearán sin;

(6)

líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhneacha) na dteicneolaíochtaí éagsúla a úsáidtear;

(7)

na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun an ráta earráide a theorannú agus an ráta earráide a bhaintear amach leo;

(8)

an beartas coinneála agus na coimircí cosanta sonraí a chuirtear i bhfeidhm de bhun Rialachán (AE) 2016/679;

(9)

ainmneacha na n-eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí ar roinneadh sonraí leo de bhun an Rialacháin seo;

(h)

i gcás inar sainaithníodh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta, déantar na sonraí inneachair agus na sonraí tráchta gaolmhara a phróiseáiltear chun na críche a leagtar amach i bpointe (a)(i), agus sonraí pearsanta a ghintear trí phróiseáil den sórt sin, a stóráil ar bhealach slán, chun na gcríoch seo a leanas, agus chun na gcríoch seo a leanas amháin:

(i)

an mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta a thuairisciú gan mhoill d’údaráis inniúla forfheidhmithe dlí agus d’údaráis bhreithiúnacha nó d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí;

(ii)

cuntas an úsáideora lena mbaineann a bhlocáil nó soláthar na seirbhíse don úsáideoir lena mbaineann a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh;

(iii)

síniú digiteach uathúil neamh-ath-intiontaithe (“hais”) a chruthú de shonraí a shainaithnítear go hiontaofa mar ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne;

(iv)

cur ar chumas an úsáideora lena mbaineann sásamh a lorg ón soláthraí nó athbhreithniú riaracháin nó leigheasanna breithiúnacha a fháil ar ábhair a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta; nó

(v)

freagairt d’iarrataí arna n-eisiúint ag údaráis inniúla forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha i gcomhréir leis an dlí is infheidhme chun na sonraí is gá a sholáthar dóibh chun cionta coiriúla a leagtar amach i dTreoir 2011/93/AE a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh;

(i)

ní stóráiltear na sonraí níos faide ná mar is fíorghá chun na críche ábhartha a leagtar amach i bpointe (h) agus, in aon chás, tráth nach faide ná 12 mhí ón dáta ar sainaithníodh an mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta;

(j)

déantar gach cás ina bhfuil amhras réasúnaithe agus fíoraithe ann i dtaobh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a thuairisciú gan mhoill do na húdaráis náisiúnta inniúla forfheidhmithe dlí nó d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí.

2.   Go dtí an 3 Aibreán 2022, ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll a leagtar amach i mír 1, pointe (c), maidir le soláthraithe ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

bhí úsáid á baint acu as teicneolaíocht shonrach roimh an 2 Lúnasa 2021 chun na críche a leagtar amach i mír 1, pointe (a)(i), gan nós imeachta réamhchomhairliúcháin a bheith curtha i gcrích acu i leith na teicneolaíochta sin;

(b)

tosaíonn siad nós imeachta réamhchomhairliúcháin roimh an 3 Meán Fómhair 2021; agus

(c)

comhoibríonn siad go cuí leis an údarás inniúil maoirseachta i dtaca leis an nós imeachta réamhchomhairliúcháin dá dtagraítear i bpointe (b).

3.   Go dtí an 3 Aibreán 2022, ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll a leagtar amach i mír 1, pointe (d), maidir le soláthraithe ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

bhí úsáid á baint acu as teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), roimh an 2 Lúnasa 2021 gan nós imeachta réamhchomhairliúcháin a bheith curtha i gcrích acu i leith na teicneolaíochta sin;

(b)

tosaíonn siad nós imeachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), roimh an 3 Meán Fómhair 2021; agus

(c)

comhoibríonn siad go cuí leis an údarás inniúil maoirseachta i dtaca leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (d).

Airteagal 4

Treoirlínte ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí

Faoin 3 Meán Fómhair 2021, agus de bhun Airteagal 70 de Rialachán (AE) 2016/679, iarrfaidh an Coimisiún ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí treoirlínte a eisiúint chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíontar Rialachán (AE) 2016/679 leis an bpróiseáil a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, i gcás na dteicneolaíochtaí atá ann cheana agus na dteicneolaíochtaí nua arna n-úsáid chun na críche a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (a)(i), den Rialachán seo.

Airteagal 5

Leigheasanna breithiúnacha éifeachtacha

I gcomhréir le hAirteagal 79 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 15(2) de Threoir 2002/58/CE, beidh sé de cheart ag úsáideoirí leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcás ina measann siad gur sáraíodh a gcearta mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta agus sonraí eile chun na críche a leagtar amach Airteagal 3(1), pointe (a)(i), den Rialachán seo.

Airteagal 6

Údaráis mhaoirseachta

Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta arna n-ainmniú de bhun Chaibidil VI, Roinn 1, de Rialachán (AE) 2016/679 faireachán ar an bpróiseáil a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir lena n-inniúlachtaí agus lena gcumhachtaí faoin gCaibidil sin.

Airteagal 7

Liosta poiblí d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí

1.   Faoin 3 Meán Fómhair 2021, déanfaidh soláthraithe liosta d’ainmneacha na n-eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí a dtuairiscíonn siad mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne dóibh faoin Rialachán seo a chur in iúl don Choimisiún. Déanfaidh soláthraithe aon athruithe ar an liosta sin a chur in iúl don Choimisiún ar bhonn rialta.

2.   Faoin 3 Deireadh Fómhair 2021, poibleoidh an Coimisiún liosta d’ainmneacha na n-eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí arna gcur in iúl dó faoi mhír 1. Coimeádfaidh an Coimisiún an liosta poiblí sin cothrom le dáta.

Airteagal 8

Staidreamh

1.   Faoin 3 Lúnasa 2022, agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit ar fáil go poiblí agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin tuarascálacha ina mbeidh staidreamh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

líon iomlán na dtuarascálacha ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a braitheadh agus a thíolaic soláthraithe agus eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí do na húdaráis náisiúnta inniúla forfheidhmithe dlí, agus idirdhealú á dhéanamh, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil, ar líon absalóideach na gcásanna agus na cásanna sin a tuairiscíodh roinnt uaireanta agus an cineál soláthraí ar braitheadh an mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne ar a sheirbhís;

(b)

líon na leanaí a sainaithníodh trí ghníomhaíochtaí de bhun Airteagal 3, arna idirdhealú de réir inscne;

(c)

líon na ndéantóirí coire a ciontaíodh.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhiomlánú agus cuirfidh sé san áireamh é nuair a bheidh an tuarascáil cur chun feidhme de bhun Airteagal 9 á hullmhú.

Airteagal 9

Tuarascáil cur chun feidhme

1.   Ar bhonn na dtuarascálacha arna dtíolacadh de bhun Airteagal 3(1), pointe (g)(vii), agus ar bhonn an staidrimh arna sholáthar de bhun Airteagal 8, déanfaidh an Coimisiún, faoin 3 Lúnasa 2023, tuarascáil a ullmhú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í.

2.   Sa tuarascáil cur chun feidhme, breithneoidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

na coinníollacha a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus sonraí eile a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (a)(ii), agus pointí (b), (c) agus (d);

(b)

comhréireacht an mhaolaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear measúnú ar an staidreamh arna thíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 8;

(c)

forbairtí sa dul chun cinn teicneolaíoch maidir leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus a mhéid a fheabhsaítear cruinneas agus a laghdaítear líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhneacha) de bharr na bhforbairtí sin.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an 3 Lúnasa 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 10, 11.1.2021, lch. 63.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Iúil 2021.

(3)  Treoir 2002/58/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(5)  Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Chreat-Treoir) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 33).

(6)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(7)  Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


Top