Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1231

    Rialachán (AE) 2021/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

    PE/36/2021/REV/1

    IO L 274, 30.7.2021, p. 32–40 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1231/oj

    30.7.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 274/32


    RIALACHÁN (AE) 2021/1231 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Iúil 2021

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Ó glacadh Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ghlac Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) roinnt cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí de maidir le caomhnú a dhéanamh ar acmhainní iascaigh atá faoina cúram, ag an 41ú agus an 42ú cruinniú bliantúil a bhí aici, in 2019 agus 2020 faoi seach.

    (2)

    Is chuig Pháirtithe Conarthacha NAFO a dhírítear na cinntí sin, ach cuirtear oibleagáidí ar oibreoirí leo chomh maith (mar shampla ar mháistir an tsoithigh). Tá bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe (CEM) nua NAFO atá ina gceangal ar Pháirtithe Conarthacha uile NAFO tagtha i bhfeidhm. Tá siad le hionchorprú i ndlí an Aontais sa mhéid is nach ndéantar foráil dóibhcheana le dlí an Aontais.

    (3)

    Ba cheart Rialachán (AE) 2019/833 a chur in oiriúint chun noirm maidir le mogalltomhais NAFO a chur i bhfeidhm, chun an sainmhíniú a úsáideann NAFO ar “shoitheach iascaireachta” a thabhairt isteach chun go bhféadfadh údaráis rialaithe agus fhorfheidhmithe an Aontais oibriú i gcomhréir le Páirtithe Conarthacha NAFO eile, agus chun an sreabhadh faisnéise idir údaráis na mBallstát, an Coimisiún agus Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO a fheabhsú.

    (4)

    I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), is é an misean atá ag an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA), inter alia, comhordú oibríochtúil na ngníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta iascaigh de chuid Ballstáit a eagrú chun cláir rialaithe agus chigireachta idirnáisiúnta a chur chun feidhme amhail Scéim Cigireachta agus Faireachais Chomhpháirteach NAFO, agus cúnamh a thabhairt do na Ballstáit faisnéis maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta agus gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta a thuairisciú don Choimisiún agus do thríú páirtithe. Is iomchuí, dá bhrí sin, gurb é EFCA an comhlacht a ghlacfaidh faisnéis ó Bhallstáit maidir le rialú agus cigireacht amhail tuarascálacha cigireachta ar muir agus fógraí maidir leis an scéim breathnóirí rialaithe agus is é a tharchuirfidh an fhaisnéis sin chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.

    (5)

    Is éard atá i nós imeachta CEM le haghaidh Páirtithe Conarthacha maidir le faisnéis a tharchur chuig suíomh gréasáin Monatóireachta, Rialála agus Faireachais (MCS) NAFO, faisnéis a sheoladh lena tarchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO. Is gá, dá bhrí sin, na forálacha ábhartha i Rialachán (AE) 2019/833 a thabhairt cothrom le dáta chun an t-athrú sin a léiriú agus chun soiléiriú a dhéanamh ar na bealaigh a úsáidfidh Ballstáit chun an fhaisnéis ábhartha a tharchur.

    (6)

    Is gá freisin forálacha CEM a thabhairt isteach maidir le cosaint an tsiorca bheagcheannaigh (Somniosus microcephalus), chun na forálacha a bhaineann le socruithe maidir le cairtfhostú a ailíniú leis na forálacha i CEM agus chun an gá atá le toiliú Stát Calafoirt an Pháirtithe Conarthaigh a thabhairt do chigirí Pháirtí Conarthaigh eile lena n-imscaradh a shonrú.

    (7)

    Meastar go leasófar roinnt forálacha CEM ag cruinnithe bliantúla NAFO de bharr bearta teicniúla nua arna dtabhairt isteach i ndáil le bithmhais stoic a athrú agus de bharr athbhreithniú ar srianta limistéar maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill. Dá bhrí sin, chun leasuithe ar CEM a dhéanfar amach anseo a ionchorprú go tapa i ndlí an Aontais roimh thús an tséasúir iascaireachta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le: rialáil maidir le mogallmhéideanna, greillí nó grátaí sórtála agus slabhraí scoránaithe in iascaireacht ar an séacla Artach agus i dtaca le srianta limistéar maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (8)

    Ba ceart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/833 a leasú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/833

    Leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 mar a leanas:

    (1)

    Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (6):

    “(6)

    Ciallaíonn ‘soitheach iascaireachta’ aon soitheach de chuid an Aontais atá feistithe nó beartaithe le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta, nó atá páirteach i ngníomhaíochtaí iascaireachta, lena n-áirítear próiseáil éisc, trasloingsiú nó aon ghníomhaíocht eile atá mar ullmhúchán do ghníomhaíochtaí iascaireachta nó a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí iascaireachta turgnamhacha nó taiscéalaíocha;;

    (b)

    cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    “(31)

    Ciallaíonn ‘suíomh gréasáin MSC’ suíomh gréasáin Monatóireachta, Rialála agus Faireachais NAFO a bhfuil faisnéis ábhartha ann le haghaidh cigireachtaí ar muir agus cigireachtaí i gcalafort.”;

    (2)

    Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu iascaireacht a dhéanamh ar stoic nár sannadh cuóta don Aontas ina leith i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm (an cuóta ‘Eile’), más ann don chuóta sin agus murar thug Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO fógra maidir le tréimhse choiscthe.”;

    (b)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    fógra a thabhairt don Choimisiún agus do EFCA maidir le hainmneacha soithí de chuid an Aontais a bhfuil sé beartaithe acu iascaireacht a dhéanamh ar an gcuóta ‘Eile’ 48 n-uair an chloig ar a laghad roimh gach dul isteach, agus tar éis neamhláithreacht 48 n-uair an chloig ar a laghad ón Limistéar Rialála. I gcás inar féidir, cuirfear réamh-mheastachán maidir leis an ngabháil leis an bhfógra sin. I gcás ina measann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha ábhartha a leagtar síos in CEM, tabharfaidh sé fógra do Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.”;

    (3)

    in Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (d) agus (e):

    “(d)

    cosc a chur ar a iascach dírithe ar phéirse mhara i Roinn 3M idir 24.00 AUL an lá a mheasfar gabháil charntha thuairiscithe a bheith cothrom le 50 % de TAC do phéirse mhara i Roinn 3M, faoi mar atá curtha in iúl i gcomhréir le mír 3, agus an 1 Iúil;

    (e)

    cosc a chur ar a iascach dírithe ar phéirse mhara i Roinn 3M ag 24.00 AUL an lá a mheasfar gabháil charntha thuairiscithe a bheith cothrom le 100 % de TAC do phéirse mhara i Roinn 3M, faoi mar atá curtha in iúl i gcomhréir le mír 3.”;

    (4)

    in Airteagal 7(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

    “(a)

    níor sannadh aon chuóta don Aontas maidir leis an stoc sin sa Roinn sin, i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta atá i bhfeidhm;

    (b)

    tá cosc ar iascaireacht a dhéanamh ar an stoc áirithe sin (moratóir); nó”.

    (5)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 9a

    Trosc i Roinn 3M

    1.   Beidh feidhm ag na bearta rialaithe seo a leanas maidir le soithí ag a bhfuil níos mó ná 1 250 kg de ghabhálacha troisc ó Roinn 3M ar bord:

    (a)

    ní dhéanfaidh soithí a ngabhálacha troisc ó Roinn 3M a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú ach amháin i gcalafoirt atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 39;

    (b)

    48 n-uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar a shroicfidh soitheach an calafort, cuirfidh soitheach nó ionadaí thar a cheann an t-am a mheastar a shroicfidh sé an calafort in iúl don údarás calafoirt inniúil, mar aon le cainníocht mheasta gabhálacha troisc ó Roinn 3M atá á coinneáil ar bord, agus faisnéis maidir leis an Roinn nó na Ranna inar gabhadh aon ghabhálacha eile troisc atá á gcoinneáil ar bord;

    (c)

    déanfaidh gach Ballstát cigireacht ar gach gabháil troisc ó Roinn 3M a thabharfar i dtír nó a thrasloingseofar ina gcalafoirt agus ullmhóidh sé tuarascáil chigireachta san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 9 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus cuirfidh sé chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO í, agus an Coimisiún agus EFCA i gcóip, laistigh de 12 lá oibre ón dáta a cuireadh an chigireacht i gcrích. Sa tuarascáil, déanfar aon sárú ar an Rialachán seo a braitheadh le linn na cigireachta sa chalafort a shainaithint agus soláthrófar sonraí maidir leis. Áireofar inti an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil maidir le sáruithe a braitheadh ar muir le linn thuras reatha an tsoithigh ar a ndearnadh an chigireacht.

    2.   Déanfaidh gach Ballstát cigireacht ar shoithí ag a bhfuil níos lú ná 1 250 kg de ghabhálacha troisc ó Roinn 3M ar bord ar bhonn bainistithe riosca.

    3.   Áiritheoidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige go dtraschuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO gan mhoill chun go ndéanfar í a phostáil ar shuíomh gréasáin MCS.”.

    (6)

    Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    seolfaidh gach Ballstát chuig an gCoimisiún ainm gach calafoirt atá ainmnithe aige dá réir sin agus déanfaidh an Coimisiún é a tharchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO. Gach athrú a dhéanfar ar an liosta ina dhiaidh sin, fógrófar go gcuirfear é in ionad an tseanliosta tráth nach lú ná 20 lá roimh theacht i bhfeidhm don athrú;”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    “(e)

    déanfaidh gach Ballstát cigireacht ar gach gabháil haileabó Graonlannach a thabharfar i dtír ina gcalafoirt agus cuirfidh sé tuarascáil chigireachta i dtoll a chéile san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 9 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus cuirfidh sé chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO í leis an gCoimisiún agus EFCA i gcóip, laistigh de 14 lá oibre ón dáta a cuireadh an chigireacht i gcrích. Sa tuarascáil, déanfar gach sárú ar an Rialachán seo a braitheadh le linn na cigireachta a shainaithint agus tabharfar ar láimh sonraí ina thaobh. Cuirfear sa tuairisc an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil maidir le sáruithe a braitheadh ar muir le linn thuras reatha an tsoithigh iascaireachta ar a ndearnadh an chigireacht.”;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d)(i):

    “(i)

    ní fhaigheann sé deimhniú laistigh de 72 uair an chloig ón am a tharchuir sé an fógra i gcomhréir le pointe (a); nó”.

    (7)

    in Airteagal 12, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

    “9.   Cuirfear cosc ar iascaireacht spriocdhírithe ar an siorc beagcheannach (Somniosus microcephalus) sa Limistéar Rialála.

    10.   Déanfaidh soithigh iascaireachta a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain acu gach iarracht réasúnta gabháil de thaisme agus básmhaireacht a íoslaghdú, agus, i gcás ina bhfuil siad ina mbeatha, na siorcanna beagcheannacha a scaoileadh saor ar bhealach a ndéanfaidh a laghad díobháil is féidir dóibh.”.

    (8)

    leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Chun críche an Airteagail seo, déanfar mogallmhéid a thomhas i gcomhréir le hIarscríbhinn III.A a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 10 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.”;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    40 mm le haghaidh séaclaí, cloicheáin (PRA) san áireamh.”.

    (9)

    in Airteagal 14, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “3a.   Soithí iascaireachta a bhfuil iascach tráil spriocdhírithe ar throisc i Roinn 3M á seoladh acu, bainfidh siad úsáid as greille shórtála nach mó an spás idir na barraí atá inti ná 55 mm chun laghdú a dhéanamh ar ghabhálacha na n-eiseamal troisc níos lú. Coiméadfar an ghreille shórtála sa phainéal uachtair ar thaobh an tráil os comhair an tsoic-fhoircinn.”.

    (10)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

    “Airteagal 18

    Srianta limistéar maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill

    1.   Go dtí an 31 Nollaig 2021, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill in aon cheann de na limistéir a léirítear i bhFigiúr 3 de CEM dá dtagraítear i bpointe 14 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus a shainítear trí na comhordanáidí a shonraítear i dTábla 5 de CEM dá dtagraítear i bpointe 15 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a cheangal ina n-ord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1.

    2.   Go dtí an 31 Nollaig 2021, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill i limistéar Roinn 3O mar a léirítear i bhFigiúr 4 de CEM dá dtagraítear i bpointe 16 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus mar a shainítear trí na comhordanáidí a shonraítear i dTábla 6 de CEM dá dtagraítear i bpointe 17 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a cheangal ina n-ord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1.

    3.   Go dtí an 31 Nollaig 2021, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill i limistéir 1-13 mar a léirítear i bhFigiúr 5 de CEM dá dtagraítear i bpointe 18 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus mar a shainítear trí na comhordanáidí a shonraítear i dTábla 7 de CEM dá dtagraítear i bpointe 19 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a cheangal ina n-ord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1.’.

    (11)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

    “Airteagal 23

    Socruithe maidir le cairtfhostú

    1.   Chun críche an Airteagail seo, tagraíonn ‘Páirtí Conarthach um chairtfhostú’ do Pháirtí Conarthach a bhfuil leithdháileadh ina sheilbh aige mar a léirítear in Iarscríbhinn I.A agus in Iarscríbhinn I.B a ghabhann le CEM, nó an Ballstát a bhfuil leithdháileadh deiseanna iascaireachta ina sheilbh aige, agus tagraíonn ‘Páirtí Conarthach Stáit brataí’ don Pháirtí Conarthach nó don Bhallstát ina bhfuil an soitheach cairtfhostaithe cláraithe.

    2.   Is féidir leithdháileadh iomlán iascaireachta Pháirtí Chonarthaigh um chairtfhostú nó cuid de a shaothrú trí shoitheach údaraithe cairtfhostaithe a úsáid (‘soitheach cairtfhostaithe’) a bhfuil bratach Pháirtí Chonarthaigh eile ar foluain air, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

    (a)

    thoiligh an Páirtí Conarthach Stáit brataí i scríbhinn leis an socrú maidir le cairtfhostú;

    (b)

    beidh an socrú maidir le cairtfhostú teoranta d’aon soitheach iascaireachta amháin in aghaidh an Pháirtí Chonarthaigh Stáit brataí in aon bhliain féilire;

    (c)

    ní mhaireann na hoibríochtaí iascaireachta faoin socrú maidir le cairtfhostú níos mó ná 6 mhí san iomlán in aon bhliain féilire; agus

    (d)

    an soitheach atá cairtfhostaithe, níor sainaithníodh é roimhe seo mar shoitheach a chuaigh i mbun iascaireacht NNN.

    3.   Gach gabháil agus foghabháil ar ghabh an soitheach cairtfhostaithe í i gcomhréir leis an socrú maidir le cairtfhostú, fágfar an fhreagracht a ghabhann leo faoin bPáirtí Conarthach um chairtfhostú.

    4.   Ní údaróidh Páirtí Conarthach an Stáit brataí an soitheach cairtfhostaithe, le linn dó oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh faoin socrú maidir le cairtfhostú, iascaireacht a dhéanamh ar aon cheann de leithdháiltí Pháirtí Conarthach an Stáit brataí sin nó faoi chairtfhostú eile ag an am céanna.

    5.   Ní ceadmhach trasloingsiú ar muir a dhéanamh gan údarú roimh ré ón bPáirtí Conarthach um chairtfhostú, a áiritheoidh go ndéanfar é faoi mhaoirseacht breathnóra atá ar bord.

    6.   Tabharfaidh an Páirtí Conarthach Stáit brataí fógra do Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO i scríbhinn sula gcuirfear tús leis an socrú maidir le cairtfhostú go dtoilíonn sé don socrú maidir le cairtfhostú agus cóip den fhógra a d’eisigh Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO ina bhfuil sonraí an chairtfhostaithe a thíolacadh don soitheach cairtfhostaithe.

    6a.   I gcás ina bhfuil an soitheach cairtfhostaithe ina shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais, tabharfaidh an Ballstát brataí fógra don Choimisiún i scríbhinn sula gcuirfear tús leis an socrú maidir le cairtfhostú. I gcás ina measann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha ábhartha a leagtar síos in CEM, tabharfaidh sé fógra do Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO faoin toiliú i ndáil leis an socrú maidir le cairtfhostú.

    6b.   Roimh an dáta ar a mbeidh éifeacht leis an socrú maidir le cairtfhostú, tíolacfaidh an Páirtí Conarthach um chairtfhostú an fhaisnéis seo a leanas i scríbhinn do Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO agus don soitheach cairtfhostaithe a choinneoidh cóip de ar bord gach tráth:

    (a)

    ainm, clárúchán Stáit brataí, uimhir IMO agus Stát brataí an tsoithigh;

    (b)

    ainm nó ainmneacha agus Stát brataí nó Stáit brataí an tsoithigh a bhí ann roimhe, i gcás inarbh ann;

    (c)

    ainmneacha agus seoltaí na n-úinéirí agus oibreoirí an tsoithigh;

    (d)

    cóip an tsocraithe maidir le cairtfhostú agus aon údarú iascaireachta nó ceadúnas arna eisiúint ag an bPáirtí Conarthach um chairtfhostú don soitheach cairtfhostaithe; agus

    (e)

    an leithdháileadh arna shannadh don soitheach.

    6c.   I gcás inarb é an tAontas an Páirtí Conarthach um chairtfhostú, cuirfidh an Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6b in iúl don Choimisiún sula mbeidh feidhm ag an socrú maidir le cairtfhostú. I gcás ina measann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha ábhartha a leagtar síos i CEM, tarchuirfidh sé an fhaisnéis chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.

    7.   I gcás ina bhfuil an soitheach cairtfhostaithe ina shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais, tabharfaidh an Ballstát brataí fógra don Choimisiún láithreach tráth a tharlaíonn aon cheann de na teagmhais seo a leanas:

    (a)

    tús a bheith curtha le hoibríochtaí iascaireachta faoin socrú maidir le cairtfhostú;

    (b)

    oibríochtaí iascaireachta a bheith curtha ar fionraí faoin socrú maidir le cairtfhostú;

    (c)

    atosú oibríochtaí iascaireachta faoi shocrú maidir le cairtfhostú ar cuireadh ar fionraí é;

    (d)

    deireadh oibríochtaí iascaireachta faoin socrú maidir le cairtfhostú.

    8.   Coinneoidh an Páirtí Conarthach Stáit brataí taifead leithleach ar shonraí gabhála agus foghabhála ar toradh oibríochtaí iascaireachta iad i gcomhréir le cairtfhostú gach soithigh atá faoina bhratach agus tabharfaidh siad tuairisc orthu don Choimisiún a tharchuirfidh í chuig an bPáirtí Conarthach um chairtfhostú agus chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.”;

    (12)

    leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

    (a)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    go gcoinneofar ann taifead cruinn ar gach tarraingt/cur de réir Ranna;”;

    (b)

    leasaítear mír 3 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    go ndéanfar taifead ar an táirgiúlacht maidir le gach speiceas agus gach cineál táirge de réir Ranna;”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    “(d)

    go ndéanfar taifead ar gach iontráil i gcomhréir le hAirteagal 24; agus”;

    (iii)

    cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    “(e)

    i gcás ina mbíonn táirgiúlacht ann ar lá cigireachta, go gcuirtear ar fáil don chigire arna iarraidh sin aige, an t-eolas a bhaineann le haon ghabháil a phróiseáiltear an lá sin.”;

    (c)

    leasaítear mír 6 mar a leanas:

    (i)

    sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    tuarascáil maidir le gabhálacha (CAT): cainníocht na gabhála arna coinneáil agus cainníocht na speiceas arna haischur don lá roimh an tuarascáil, de réir Ranna, agus lena n-áirítear i gcás nárbh ann d’aon ghabháil, agus seolfar na sonraí sin go laethúil roimh 12:00 AUL, mura gcuirtear isteach i dtuarascáil COX iad; gabhálacha nialais a choinnítear agus aischuir nialais de gach speiceas, déanfar iad a thuairisciú mar chód 3 alfa MZZ (speiceas muirí gan sonrú) agus mar chainníocht ‘0’ faoi mar a léirítear sna samplaí seo a leanas (//CA/MZZ 0//agus//RJ/MZZ 0//);”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Déanfar gabháil a thuairisciú ar leibhéal speiceas faoina chód 3-alfa comhfhreagrach a chuirtear i láthair in Iarscríbhinn I.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 11 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo nó, murab ann di in Iarscríbhinn I.C a ghabhann le CEM, bainfear úsáid as Liosta Speiceas EBT i ndáil le hEolaíocht Uisceach agus Córas Faisnéise Iascaigh chun críocha Staidrimh Iascaigh. Déanfar meáchan measta siorcanna a ghabhtar in aghaidh an dola nó an chuir a thaifeadadh freisin.”;

    (d)

    i mír 9, cuirtear an fomhír seo a leanas leis:

    “Ní bheidh feidhm ag pointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo má tuairiscíodh gach gabháil i gcomhréir le mír 6.”;

    (13)

    leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

    (a)

    i mír 5, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    “(g)

    go leictreonach agus gan mhoill tar éis í a fháil, tuarascáil laethúil an bhreathnóra dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 11 a tharchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

    “7.   Soláthróidh gach Ballstát:

    (a)

    tráth nach déanaí ná 24 uair a chloig sula rachaidh breathnóir ar bord soithigh iascaireachta, ainm agus glao-chomhartha raidió idirnáisiúnta an tsoithigh iascaireachta, mar aon le hainm agus aitheantas (más infheidhme) an bhreathnóra lena mbaineann;

    (b)

    laistigh de 20 lá tar éis don soitheach teacht isteach sa chalafort, tuarascáil ar thuras an bhreathnóra dá dtagraítear i mír 11;

    (c)

    faoin 15 Feabhra gach bliain don bhliain féilire roimhe sin, tuarascáil maidir lena mhéid a bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo á gcomhlíonadh aige.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 15:

    “15.   Maidir leis an bhfaisnéis a gceanglaítear ar Bhallstáit í a chur ar fáil, i gcomhréir le pointí (c) agus (d) de mhír 3, le pointe (a) de mhír 5, le pointe (c) de mhír 6 agus de mhír 7, tarchuirfear í chuig EFCA agus cuirfear an gCoimisiún i gcóip. Áiritheoidh EFCA go dtarchuirfear an fhaisnéis seo chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO gan mhoill, le go ndéanfar í a phostáil ar shuíomh gréasáin MCS.”;

    (14)

    leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Na cigirí a bheidh sannta ag na Ballstáit ag EFCA agus ag an Coimisiún, déanfaidh siad cigireacht agus faireachas. Tabharfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún fógra do EFCA maidir le cigirí tríd an Scéim.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

    “7.   Tabharfaidh cigirí a thugann cuairt ar shoitheach taighde stádas an tsoithigh dá n-aire agus déanfaidh siad na nósanna imeachta cigireachta a theorannú do na nósanna imeachta sin atá riachtanach chun a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí á ndéanamh ag an soitheach atá comhsheasmhach lena phlean taighde. I gcás ina mbeidh forais réasúnta ag na cigirí chun amhras a bheith orthu go bhfuil gníomhaíochtaí á ndéanamh ag an soitheach nach bhfuil comhsheasmhach lena phlean taighde, cuirfear an Coimisiún agus EFCA ar an eolas láithreach faoi sin agus beidh feidhm iomlán ag CEM.”;

    (15)

    leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:

    (a)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    go dtarchuirfear an tuarascáil faireachais chuig EFCA agus, gan mhoill, cuirfidh EFCA í faoi bhráid Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO lena tarchur chuig Páirtí Conarthach Stáit brataí an tsoithigh;”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Cuirfidh gach Ballstát an tuarascáil imscrúdaithe chuig EFCA agus cuirfidh EFCA í chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO agus chuig an gCoimisiún.”;

    (16)

    leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

    (a)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c)(ii):

    “(ii)

    go ndéanfar taifead d’achoimrí agus d’éagsúlachtaí idir an ghabháil arna taifeadadh agus a meastacháin ar an ngabháil ar bord sna ranna iomchuí den tuarascáil cigireachta;”;

    (b)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    go gcuirfear an tuarascáil cigireachta ar muir chuig EFCA, más féidir laistigh de 20 lá ó rinneadh an chigireacht agus cuirfidh an EFCA í chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO;”;

    (17)

    leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:

    (a)

    i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

    “(g)

    fógra a thabhairt d’aon bhreathnóir ar bord faoin sárú.”;

    (b)

    leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (i)

    sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    laistigh de 24 uair an chloig ón tráth a bhraitear sárú, fógra i scríbhinn faoin sárú arna thuairisciú ag a chigirí a tharchur chuig an gCoimisiún agus EFCA, a tharchuirfidh é chuig údarás inniúil Pháirtí Conarthaigh an Stáit brataí nó chuig an mBallstát murab ionann é agus an Ballstát is cigire, agus chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO. Áireofar leis an bhfógra i scríbhinn an fhaisnéis arna hiontráil sa roinn maidir le Sárú den tuarascáil cigireachta in Iarscríbhinn IV.B a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 41 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo; luafar na bearta ábhartha ann agus tabharfar tuairisc mhionsonraithe ar an mbonn atá leis an bhfógra sáraithe a eisiúint, agus an fhianaise tacaíochta a ghabhann leis an bhfógra; agus i gcás inar féidir, beidh íomhánna d’aon fhearas, gabháil nó fianaise eile a bhaineann leis an sárú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag gabháil leis;”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    “Cuirfidh EFCA an tuarascáil cigireachta isteach chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.”;

    (18)

    leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

    (a)

    leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    iascaireacht a dhéanamh ar chuóta Eile gan fógra a thabhairt roimh ré don Choimisiún agus EFCA de shárú ar Airteagal 5;”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    “(e)

    iascaireacht a dhéanamh i limistéar coiscthe, de shárú ar Airteagal 9(5) nó Airteagal 18”;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

    “(g)

    mogallmhéid nó méid greille neamhúdaraithe a úsáid de shárú ar Airteagal 13 nó Airteagal 14;”;

    (iv)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):

    “(k)

    gan teachtaireachtaí a bhaineann le gabháil a chur in iúl, de shárú ar Airteagal 12(1) nó Airteagal 25;”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    “5.   Chun críocha míreanna 3 agus 4, ciallaíonn ‘taifead neamhchruinn a dhéanamh ar ghabhálacha’ difear 10 dtonna nó 20 % ar a laghad a bheith i gceist, pé acu is mó, idir meastacháin na gcigirí ar an ngabháil arna próiseáil ar bord, de réir speicis nó san iomlán, agus na figiúirí arna dtaifeadadh sa logleabhar táirgeachta, arna ríomh mar chéatadán de na figiúirí sa logleabhar táirgeachta.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    “6.   Faoi réir thoiliú an Bhallstáit brataí agus toiliú Pháirtí Chonarthaigh Stáit an chalafoirt murab ionann é, féadfaidh cigirí de chuid an Pháirtí Chonarthaigh nó cigirí Bhallstáit eile páirt a ghlacadh i gcigireacht iomlán agus áireamh a dhéanamh ar an ngabháil.”;

    (19)

    leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:

    “1.   Tabharfaidh an Ballstát calafoirt liosta don Choimisiún ar liosta de na calafoirt ainmnithe é a bhféadfar cead isteach iontu a thabhairt do shoithí iascaireachta chun críche tabhairt i dtír, trasloingsiú agus/nó seirbhísí calafoirt a sholáthar, agus áiritheoidh sé a mhéid agus is féidir go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach ag gach calafort ainmnithe cigireachtaí a dhéanamh de bhun na Caibidle seo. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO faoin liosta calafort ainmnithe. Aon athruithe a dhéanfar ar an liosta ina dhiaidh sin, foilseofar in ionad an liosta roimhe sin iad ar a laghad 15 lá sula dtiocfaidh an t-athrú i bhfeidhm.

    2.   Déanfaidh an Ballstát calafoirt íostréimhse réamhiarrata a leagan síos. Trí lá oibre a bheidh san íostréimhse réamhiarrata roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach. Mar sin féin, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, féadfaidh an Ballstát calafoirt forálacha a dhéanamh maidir le tréimhse réamhiarrata eile, agus cineál táirgthe na gabhála nó an t-achar idir meánna agus a chalafoirt, inter alia, á gcur san áireamh. Tabharfaidh an Ballstát calafoirt an fhaisnéis faoin tréimhse réamhiarrata don Choimisiún, agus tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.

    3.   Ainmneoidh an Ballstát calafoirt an t-údarás inniúil a ghníomhóidh mar an pointe teagmhála chun iarrataí a fháil i gcomhréir le hAirteagal 41, dearbhuithe a fháil i gcomhréir le hAirteagal 40(2) agus údaruithe a eisiúint i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo. Tabharfaidh an Ballstát calafoirt ainm an údaráis inniúil agus a fhaisnéis teagmhála don Choimisiún agus tabharfaidh an Coimisiún fógra do Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 8 agus 9:

    “8.   Tabharfaidh an Ballstát calafoirt fógra do mháistir an tsoithigh gan mhoill faoina chinneadh i dtaobh dul isteach i gcalafort a údarú nó a dhiúltú, nó más rud é go mbeidh an soitheach i gcalafort, i dtaobh tabhairt i dtír, trasloingsiú agus aon úsáid eile a bhainfí as calafort a údarú nó a dhiúltú. Má údaraítear dul isteach i gcalafort cuirfidh an Ballstát calafoirt cóip den Fhoirm Réamhiarrata ar Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt ar ais chuig máistir an tsoithigh ar cóip í atá in Iarscríbhinn II.L a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 43 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus Cuid C comhlánaithe go cuí. Cuirfear an chóip sin chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO freisin agus cuirfear an Coimisiún agus EFCA i gcóip. I gcás diúltú, tabharfaidh an Ballstát calafoirt fógra don Pháirtí Conarthach brataí de chuid NAFO freisin.’;

    9.   I gcás ina gcuirfear an réamhiarraidh dá dtagraítear in Airteagal 41(2) ar ceal, déanfaidh an Ballstát calafoirt cóip den Fhoirm Réamhiarrata ar Rialú arna dhéanamh ag an Stát Calafoirt a cuireadh ar ceal a sheoladh chuig Rúnaí Feidhmiúchán NAFO agus cuirfear an Coimisiún agus EFCA i gcóip.”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 17:

    “17.   Déanfaidh an Ballstát calafoirt cóip de gach tuarascáil cigireachta i leith rialú arna dhéanamh ag Stát calafoirt a sheoladh gan mhoill chuig Rúnaí Feidhmiúchán NAFO agus cuirfear an Coimisiún agus EFCA i gcóip.”;

    (20)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45:

    “Airteagal 45

    Amharc a fháil ar shoithí Pháirtí Neamhchonarthaigh agus cigireacht a dhéanamh orthu sa Limistéar Rialála

    Déanfaidh gach Ballstát nó, i gcás inarb iomchuí, EFCA, a dhéanann cigireacht agus/nó faireachas sa Limistéar Rialála atá údaraithe faoin Scéim Cigireachta agus Faireachais Chomhpháirteach agus a bhfaightear amharc le linn na cigireachta sin ar shoitheach Pháirtí Neamhchonarthaigh a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta sa Limistéar Rialála, nó a ndéantar é a aithint lena linn, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

    (a)

    tarchuirfidh sé an fhaisnéis láithreach chuig an gCoimisiún agus úsáid á baint as an tuarascáil faireachais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.A a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 38 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (b)

    déanfaidh sé iarracht a chur in iúl do mháistir an tsoithigh go dtoimhdítear go bhfuil iascaireacht NNN á déanamh ag an soitheach agus go ndéanfar an fhaisnéis sin a dháileadh ar gach Páirtí Conarthach, ar ERBInna ábhartha agus ar Stát brataí an tsoithigh;

    (c)

    más iomchuí, iarrfaidh sé cead ó mháistir an tsoithigh dul ar bord an tsoithigh chun cigireacht a dhéanamh air; agus

    (d)

    i gcás ina n-aontóidh máistir an tsoithigh le cigireacht:

    (i)

    déanfaidh sé torthaí an chigire a tharchur chuig an gCoimisiún gan mhoill, agus úsáid á baint as an bhfoirm maidir le tuarascáil cigireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.B a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 41 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo; agus

    (ii)

    tabharfaidh sé cóip den tuarascáil cigireachta do mháistir an tsoithigh.”;

    (21)

    in Airteagal 50(2), cuirtear na pointí seo a leanas leis:

    “(i)

    mogallmhéideanna arna leagadh amach in Airteagal 13(2);

    (j)

    sonraíochtaí teicniúla maidir le greillí sórtála, grátaí sórtála agus slabhraí scoránaithe in iascaireacht ar an séacla Artach a leagtar amach in Airteagal 14(2) mar aon le sonraí teicniúla maidir leis na greillí sórtála nó na socrúcháin a leagtar amach in Airteagal 14(3) nó (3a);

    (k)

    srianta limistéir nó tréimhse maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill a leagtar amach in Airteagal 18.”;

    (22)

    leasaítear an Iarscríbhinn mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (44):

    “(44)

    Iarscríbhinn IV.H a ghabhann le CEM maidir le cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 39(11);”;

    (b)

    cuirtear an pointe seo a leanas leis:

    “(45)

    Iarscríbhinn II.H de CEM maidir leis an nós imeachta chun rochtain a thabhairt do dhaoine aonair de chuid Páirtithe Conarthacha ar shuíomh gréasáin MCS.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2021.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    D. M. SASSOLI

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. LOGAR


    (1)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 279.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 13 Iúil 2021.

    (3)  Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2115/2005 agus (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle (IO L 141, 28.5.2019, lch. 1).

    (4)  Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (IO L 83, 25.3.2019, lch. 18).

    (5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


    Top